This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024H0597
Commission Recommendation (EU) 2024/597 of 18 December 2023 on the draft updated integrated national energy and climate plan of Portugal covering the period 2021–2030 and on the consistency of Portugal’s measures with the Union’s climate-neutrality objective and with ensuring progress on adaptation
Moladh (AE) 2024/597 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Portaingéile lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030 agus maidir le comhsheasmhacht bhearta na Portaingéile le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú
Moladh (AE) 2024/597 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2023 maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Portaingéile lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030 agus maidir le comhsheasmhacht bhearta na Portaingéile le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú
C/2023/9612
IO L, 2024/597, 7.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/597/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/597 |
7.3.2024 |
MOLADH (AE) 2024/597 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2023
maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Portaingéile lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030 agus maidir le comhsheasmhacht bhearta na Portaingéile le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú
(Is é an téacs Portaingéilise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 9(2), agus Airteagal 14(6) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (2), agus go háirithe Airteagal 7(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
Moltaí maidir le dréachtphlean comhtháite nuashonraithe fuinnimh agus aeráide (PNFA) na Portaingéile lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030
(1) |
Chuir an Phortaingéil a dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe isteach an 30 Meitheamh 2023. |
(2) |
Leagtar síos le hAirteagal 3 agus le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 (‘an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide’) na heilimintí atá le háireamh sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe. I mí na Nollag 2022, ghlac an Coimisiún an Treoraíocht do na Ballstáit maidir leis an bpróiseas agus an raon feidhme a bhaineann leis an dréachtphlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe agus an plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheach a ullmhú (3). Sainaithníodh dea-chleachtais leis an Treoraíocht agus leagadh amach impleachtaí na bhforbairtí beartais, dlíthiúla agus geopholaitiúla a rinneadh le déanaí i mbeartais fuinnimh agus aeráide. |
(3) |
I ndáil le plean REPowerEU (4), agus mar chuid de thimthriallta 2022 agus 2023 an tSeimeastair Eorpaigh, dhírigh an Coimisiún go láidir ar riachtanais athchóirithe agus infheistíochta na mBallstát a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid chun slándáil agus inacmhainneacht fuinnimh a neartú trí dhlús a chur leis an aistriú glas agus cóir. Léirítear é sin i dTuarascálacha Tíre 2022 agus 2023 le haghaidh na Portaingéile (5) agus sna Moltaí ón gComhairle don Phortaingéil (6). Ba cheart do na Ballstáit na moltaí tírshonracha is déanaí ón gComhairle a chur san áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheacha. |
(4) |
Tá na moltaí ón gCoimisiún maidir le spriocanna náisiúnta a bhaint amach faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (7) (ESR) bunaithe ar an dóchúlacht go n-urramóidh na Ballstáit spriocanna 2030, agus na rialacha maidir le húsáid solúbthachtaí faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill á gcur san áireamh. |
(5) |
Is é is aidhm do na moltaí ón gCoimisiún maidir le Gabháil, Úsáid agus Stóráil Carbóin (GÚSC) forbhreathnú a fháil ar chur in úsáid na dteicneolaíochtaí sin atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na méideanna bliantúla CO2 a bhfuil sé beartaithe a ghabháil faoi 2030, agus iad roinnte de réir foinse CO2 a gabhadh agus a thagann ó shuiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó ó fhoinsí eile, amhail foinsí bithghineacha nó gabháil ón aer; maidir le bonneagar iompair CO2 pleanáilte; agus maidir leis an toilleadh stórála intíre féideartha de CO2 agus maidir le toirteanna insteallta de CO2 atá beartaithe a bheith ar fáil in 2030. |
(6) |
Leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an bhfeidhmíocht faoin Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (‘Rialachán LULUCF’) (9) tugtar aghaidh ar sheachadadh an Bhallstáit maidir leis an ngealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach ag an mBallstát don tréimhse 2021-2025 (Tréimhse 1) agus a sprioc náisiúnta don tréimhse 2026-2030 (Tréimhse 2), agus na rialacha lena rialaítear úsáid solúbthachtaí mar a leagtar amach sa Rialachán sin á gcur san áireamh. Cuirtear san áireamh sna moltaí ón gCoimisiún freisin go ndéanfar aon fhuílleach astaíochtaí faoi Rialachán LULUCF a aistriú go huathoibríoch chuig an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill i dTréimhse 1. |
(7) |
Chun go mbeifear in ann tacú go cuí le baint amach na gcuspóirí maolaithe ar fhuinneamh agus ar an athrú aeráide leis an oiriúnú don athrú aeráide, tá sé fíor-riachtanach na guaiseacha féideartha maidir leis an athrú aeráide a shainaithint agus anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí agus rioscaí aeráide a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do limistéir nó earnálacha ábhartha. Sna moltaí ón gCoimisiún maidir leis an oiriúnú, breithnítear a mhéid a chomhtháthaigh an Phortaingéil ina PNFA nuashonraithe spriocanna oiriúnúcháin lena gcuirtear rioscaí aeráide san áireamh, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh cosc a chur ar an bPortaingéil cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach. Gan beartais agus bearta oiriúnúcháin sonracha, iad pleanáilte agus curtha chun feidhme, tá baol ann nach mbainfear amach cuspóirí i ngnéithe an Aontais Fuinnimh. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú uisce i ndálaí athraitheacha aeráide i ngeall ar an mbaol go gcuirfí isteach ar leictreachas toisc go mbíonn tionchar ag tuilte, teas agus triomach ar tháirgeadh fuinnimh. |
(8) |
Na moltaí ón gCoimisiún i dtaca leis an uaillmhian maidir le fuinneamh in-athnuaite, tá siad bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus ar na príomhbheartais agus na príomhbhearta atá in easnamh ar PNFA na Portaingéile chun é a chur ar a cumas don Phortaingéil a rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite de 42,5 % ar a laghad in 2030 a bhaint amach go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach, agus comhiarracht á déanamh chun é a mhéadú go 45 % de bhun Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413. Tá na moltaí ón gCoimisiún bunaithe freisin ar rannchuidiú na Portaingéile le spriocanna sonracha Airteagal 15a, Airteagal 22a agus Airteagail 23, 24 agus 25 den Treoir sin agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun í a thrasuí go tapa agus chun í a chur chun feidhme. Léirítear leis na moltaí a thábhachtaí atá sé pleanáil chuimsitheach fhadtéarmach a fhorbairt chun fuinneamh in-athnuaite, agus go háirithe an ghaoth a chur in úsáid, chun infheictheacht a mhéadú don tionscal monaraíochta Eorpach agus d’oibreoirí eangaí i gcomhréir leis an bPacáiste Eorpach um Chumhacht Ghaoithe (11). |
(9) |
Na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an rannchuidiú náisiúnta le héifeachtúlacht fuinnimh, tá siad bunaithe ar Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa (12) maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus ar an bhfoirmle in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun í a chur chun feidhme. |
(10) |
Sna moltaí ón gCoimisiún, tugtar aird ar leith ar na cuspóirí, spriocanna, agus na rannchuidithe agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun plean REPowerEU a bhaint amach chun deireadh tapa a chur leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise. Cuirtear san áireamh iontu na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an Phacáiste ‘Coigil Gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’ (13). Is léiriú iad na moltaí sin ar an ngá atá leis an gcóras fuinnimh a dhéanamh níos athléimní i bhfianaise na n-oibleagáidí a eascraíonn as Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais agus as Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais (15) i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le stóráil fuinnimh (16). |
(11) |
Cuirtear san áireamh sna moltaí ón gCoimisiún an gá atá le dlús a chur le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh chun ról na solúbthachta a neartú agus chun tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint. Leis na moltaí ón gCoimisiún, breithnítear freisin a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar an líon teaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh i gcomhréir le ceanglais Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus le Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún (17). |
(12) |
Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí leordhóthanacha a áirithiú i dtaighde agus nuálaíocht fuinnimh ghlain chun borradh a chur faoina n-acmhainneachtaí forbartha agus monaraíochta, lena n-áirítear beartais agus bearta iomchuí do thionscail atá dian ar fhuinneamh agus do ghnólachtaí eile, agus an gá atá le lucht saothair a uas-sciliú le haghaidh tionscal glan-nialasach chun geilleagar láidir, iomaíoch agus glan a chomhdhlúthú laistigh den Aontas. |
(13) |
Cuireann na moltaí ón gCoimisiún leis na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras chun úsáid breoslaí iontaise a laghdú de réir a chéile, agus leis an tábhacht a bhaineann le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise. |
(14) |
Leanann na moltaí ón gCoimisiún maidir le riachtanais infheistíochta a mheasúnú i dtaobh cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear forbhreathnú ginearálta leis an dréachtphlean nuashonraithe ar na riachtanais infheistíochta chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a bhaint amach le haghaidh gach gné den Aontas Fuinnimh; léirítear ann na foinsí maoiniúcháin, agus idirdhealú á dhéanamh idir foinsí príobháideacha agus poiblí; leagtar amach ann infheistíochtaí atá comhsheasmhach le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta na Portaingéile, Plean Críochach um Aistriú Cóir na Portaingéile agus moltaí tírshonracha 2022-2023 arna n-eisiúint faoin Seimeastar Eorpach; agus áirítear leis measúnú maicreacnamaíoch láidir ar bheartais agus ar bhearta atá beartaithe. Leis an PNFA ba cheart trédhearcacht agus intuarthacht beartas agus beart náisiúnta a áirithiú chun tacú le deimhneacht infheistíochta. |
(15) |
Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún an ríthábhacht a bhaineann le comhairliúchán réigiúnach leathan, agus le comhairliúchán luath agus cuimsitheach maidir leis an bplean a áirithiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht éifeachtach an phobail le faisnéis agus tráthchlár leordhóthanach, i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus (18). |
(16) |
Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an aistriú cóir an measúnú ar cé acu a shainaithnítear nó nach sainaithnítear go domhain i bplean na Portaingéile tionchair ábhartha shóisialta, fostaíochta agus scileanna an aistrithe aeráide agus fuinnimh agus cé acu a leagtar amach nó nach leagtar amach ann beartais agus bearta leordhóthanacha a ghabhann leis chun aistriú cóir a chur chun cinn, agus rannchuidítear an tráth céanna le cearta an duine agus comhionannas inscne araon a chur chun cinn. |
(17) |
Tá an measúnú ar dhréacht-PNFA comhtháite nuashonraithe na Portaingéile ina bhonn taca leis na moltaí ón gCoimisiún di (19), a fhoilsítear in éineacht leis an Moladh seo. |
(18) |
Ba cheart don Phortaingéil aird chuí a thabhairt ar na moltaí seo agus a PNFA comhtháite nuashonraithe críochnaitheach á fhorbairt aici lena chur isteach faoin 30 Meitheamh 2024. |
Moltaí maidir le comhsheasmhacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus maidir le dul chun cinn i dtaca leis an oiriúnú a áirithiú
(19) |
De bhun Rialachán (AE) 2021/1119 (an Dlí Aeráide Eorpach), ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na mbeart náisiúnta le cuspóir na haeráidneodrachta agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú. Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht bhearta na Portaingéile leis na cuspóirí sin (20). Tá na moltaí thíos bunaithe ar an measúnú sin. Ba cheart don Phortaingéil aird chuí a thabhairt ar na moltaí seo agus obair leantach a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach. |
(20) |
Is iad na pobail is leochailí na pobail sin ar mó an dóchúlacht go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide orthu. De bharr nochtadh éagothrom agus leochaileacht na réigiún agus na ngrúpaí socheacnamaíocha éagsúla ar thionchair aeráide, is measa a bhíonn na neamhionannais agus na leochaileachtaí atá ann cheana. Le hathléimneacht chóir, ba cheart ualach éagothrom an riosca aeráide a laghdú agus cothromas a áirithiú le linn tairbhí an oiriúnaithe a dháileadh. Tá inniúlachtaí ag an leibhéal áitiúil ar féidir leo tionchar níos leithne a imirt ar athléimneacht aeráide. Tá tábhacht nach beag ag baint le beartais fhonáisiúnta um oiriúnú a ullmhú agus a chur chun feidhme. |
AG MOLADH LEIS SEO GO nDÉANFAIDH AN PHORTAINGÉIL GNÍOMHAÍOCHT CHUN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
MAIDIR LEIS AN DRÉACHTPHLEAN NÁISIÚNTA FUINNIMH AGUS AERÁIDE NUASHONRAITHE FAOI RIALACHÁN (AE) 2018/1999
1. |
Réamh-mheastacháin a sholáthar chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a ndéanfaidh na beartais agus na bearta atá ann cheana agus atá beartaithe an sprioc náisiúnta gás ceaptha teasa de -42 % a bhaint amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005 faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Más gá, sonraigh beartais agus bearta breise, lena n-áirítear le haghaidh meatáin, N2O agus gáis ceaptha teasa fhluairínithe ó phróisis thionsclaíocha agus úsáid táirgí, talmhaíocht agus bainistiú dramhaíola, nó an chaoi a n-úsáidfear na solúbthachtaí atá ar fáil faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill chun comhlíontacht a áirithiú. An fhaisnéis faoi na beartais agus na bearta a chomhlánú, lena mínítear go soiléir a raon feidhme, a n-amlíne agus, i gcás inar féidir, a dtionchar laghdaithe gás ceaptha teasa a bhfuil coinne leis, lena n-áirítear le haghaidh bearta i gcláir chistiúcháin an Aontais amhail an comhbheartas talmhaíochta. |
2. |
Méid na n-astaíochtaí CO2 a shainaithint a d’fhéadfaí a ghabháil gach bliain faoi 2030, lena n-áirítear an fhoinse. Sonraí a sholáthar ar conas a iomprófar an CO2 arna ghabháil. An toilleadh stórála CO2 foriomlán agus na toirteanna insteallta a bheidh ar fáil faoi 2030 a shainaithint. |
3. |
Réamh-mheastacháin LULUCF a nuashonrú chun an t-athbhreithniú modheolaíoch a rinneadh sna fardail náisiúnta a léiriú agus na tionchair a mheastar a bheidh ag na beartais agus na bearta a luadh a chainníochtú chun a áirithiú go mbeidh aistrithe gás ceaptha teasa san earnáil sin ailínithe go héifeachtach le riail 2025 maidir le ‘gealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach’, le sprioc ghlanaistrithe 2030 an Aontais de -310 MtCO2eq agus leis an nglansprioc aistrithe thírshonrach de -968 ktCO2eq mar a shainítear i Rialachán (AE) 2018/841. Faisnéis shoiléir a sholáthar ar conas a úsáidtear cistí poiblí (idir chistí an Aontais, lena n-áirítear an comhbheartas talmhaíochta, agus Státchabhair) agus maoiniú príobháideach trí scéimeanna feirmeoireachta carbóin go comhsheasmhach agus go héifeachtach chun an sprioc ghlanaistrithe náisiúnta a bhaint amach. Faisnéis a sholáthar maidir leis an stádas agus an dul chun cinn atá le déanamh chun feabhsuithe ar leibhéil níos airde/tacair sonraí atá follasach ó thaobh na geografaíochta de a áirithiú le haghaidh faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, i gcomhréir le Cuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999. |
4. |
Anailís bhreise a sholáthar ar na leochaileachtaí agus na rioscaí ábhartha aeráide maidir leis na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe náisiúnta a bhaint amach agus maidir leis na beartais agus na bearta i ngnéithe éagsúla an Aontais Fuinnimh. An nasc le cuspóirí agus beartais shonracha an Aontais Fuinnimh a leagan amach agus a chainníochtú ar bhealach níos fearr, ar cuspóirí agus beartais iad ar cheart tacú leo le beartais agus bearta oiriúnúcháin. Aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú uisce i ndálaí athraitheacha aeráide i ngeall ar an mbaol go gcuirfí isteach ar leictreachas toisc go mbíonn tionchar ag tuilte, teas agus triomach ar tháirgeadh fuinnimh. |
5. |
An uaillmhian a bhaineann le sciar 51 % ar a laghad a bhaint amach d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a ardú mar rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413, i gcomhréir leis an bhfoirmle in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999. Conair tháscach a áireamh a shroichfidh na pointí tagartha le haghaidh 2025 agus 2027 de bhun Airteagal 4(a)(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. |
6. |
Conairí measta agus plean fadtéarmach a sholáthar chun teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid sna 10 mbliana amach romhainn, agus tuar ann go 2040. Sprioc tháscach le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite a áireamh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Spriocanna sonracha a áireamh chun rannchuidiú leis na fospriocanna táscacha i bhfoirgnimh agus sa tionsclaíocht do 2030, agus leis an bhfosprioc cheangailteach do bhreoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch sa tionsclaíocht do 2030, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Na spriocanna ceangailteacha maidir le téamh agus fuarú a áireamh le haghaidh na dtréimhsí 2021-2025 agus 2026-2030 araon agus sprioc tháscach a áireamh chun breisithe Iarscríbhinn IA a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 a bhaint amach. Sprioc tháscach maidir le téamh agus fuarú ceantair le haghaidh 2021-2030 a chur san áireamh. A shonrú cén sprioc atá ar intinn ag an bPortaingéil a bhaint amach san earnáil iompair tríd an oibleagáid ar sholáthróirí, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí fhosprioc maidir le bithbhreoslaí forbartha agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch (RFNBOnna), agus é á áirithiú an tráth céanna go gcloífear leis an íosleibhéal RFNBOnna in 2030. |
7. |
Beartais agus bearta mionsonraithe agus cainníochtaithe a fhorbairt a thuilleadh ar bhealach a chuirfidh ar a cumas di a rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite de 42,5 % ar a laghad in 2030 a bhaint amach go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach, agus comhiarracht á déanamh chun é a mhéadú go 45 %. Tuairisc a thabhairt go háirithe ar gcaoi a bhfuil sé d’aidhm aici dlús a chur le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta in-athnuaite a ghlacadh agus foilsiú sceideal fadtéarmach a áireamh lena réamh-mheastar leithdháileadh na tacaíochta a bhfuil coinne léi, lena gcumhdaítear na chéad 5 bliana eile ar a laghad. |
8. |
Réamh-mheastacháin maidir le soláthar bithmhaise de réir bunábhair agus tionscnaimh an bhunábhair a áireamh, agus idirdhealú á dhéanamh idir táirgeadh intíre agus allmhairiú. Measúnú ar sholáthar intíre bithmhaise foraoise a áireamh chun críoch fuinnimh in 2021-2030 i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta neartaithe Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Measúnú ar a chomhoiriúnaí atá úsáid réamh-mheasta na bithmhaise foraoise do tháirgeadh fuinnimh leis na hoibleagáidí atá ar an bPortaingéil faoi Rialachán LULUCF athbhreithnithe, go háirithe le haghaidh 2026-2030, mar aon leis na bearta agus beartais náisiúnta is gá chun an chomhoiriúnacht sin a áirithiú. Bearta breise a áireamh chun táirgeadh inbhuanaithe bithmheatáin a chur chun cinn, i bhfianaise acmhainneacht bhithgháis/bhithmheatáin inbhuanaithe na Portaingéile, a próifíle maidir le hídiú gáis nádúrtha agus an bhonneagair atá ann cheana, agus i bhfianaise a húsáide díleáiteáin agus a feidhmeanna bithghineacha CO2. |
9. |
Amlíne ionchais a sholáthar a mhéid is féidir maidir leis na céimeanna as a dtiocfaidh glacadh beartas agus beart reachtach agus neamhreachtach arb é is aidhm dóibh forálacha Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú a thrasuí agus a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis na bearta a luaitear sna pointí roimhe seo. |
10. |
Rannchuidiú náisiúnta um éifeachtúlacht fuinneamh i ndáil le hídiú críochnaitheach fuinnimh a chur san áireamh, rannchuidiú a dhéanfar le sprioc chríochnaitheach cheangailteach 2030 an Aontais maidir le hídiú críochnaitheach fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791 agus Iarscríbhinn I a ghabhann léi, nó a bheidh cothrom leis an rannchuidiú táscach náisiúnta ceartaithe a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid gach Ballstáit faoin 1 Márta 2024 de bhun Airteagal 4(5) den Treoir sin. Rannchuidiú éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta maidir le hídiú fuinnimh phríomhúil a áireamh i sprioc tháscach ídithe fuinnimh phríomhúil an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791. Méid an laghdaithe ar an ídiú fuinnimh atá le baint amach ag gach comhlacht poiblí arna ndí-chomhiomlánú de réir earnála agus achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí atá le hathchóiriú ar bhonn bliantúil nó coigilteas fuinnimh bliantúil comhfhreagrach atá le baint amach a shonrú. |
11. |
Beartais agus bearta iomlána a leagan amach chun an rannchuidiú náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, go háirithe an chaoi a gcuirfear bunphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh chun feidhme. Cláir mhaoinithe agus scéimeanna tacaíochta láidre don éifeachtúlacht fuinnimh a shonrú, ar cláir iad lena bhféadfar leas a bhaint as infheistíochtaí príobháideacha agus as cómhaoiniú breise. Faisnéis a sholáthar maidir leis na bearta coigiltis fuinnimh chun a áirithiú go mbainfear amach an méid coigiltis fuinnimh charnaigh críochúsáide is gá faoi 2030, chomh maith leis na bearta chun iniúchtaí fuinnimh agus córais bhainistíochta fuinnimh a chur chun cinn. |
12. |
Uaillmhian nuashonraithe a chur san áireamh maidir le stoc náisiúnta foirgneamh atá an-fhuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe a áirithiú agus maidir le foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050. Garspriocanna idirmheánacha le haghaidh 2030 agus 2040 a áireamh, agus comparáid idir na garspriocanna sin agus an straitéis athchóirithe fhadtéarmach is déanaí. Tuilleadh faisnéise a chur san áireamh maidir le bearta gaolmhara le haghaidh foirgneamh, agus an tionchar a mheastar a bheidh acu ar choigilteas fuinnimh a sholáthar. |
13. |
Athléimneacht an chórais fuinnimh a neartú trí chuspóirí agus bearta soiléire a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar sholáthar srianta nó briste agus trí bheartais agus bearta a chur chun cinn chun riachtanas an oiriúnaithe aeráide a chomhtháthú sa chóras fuinnimh. Measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanaí atá an bonneagar ola (lena n-áirítear scaglann, stoic ola) leis an laghdú lena bhfuil coinne ar an éileamh ar ola agus leis an aistriú chuig roghanna malartacha ísealcharbóin. |
14. |
Cuspóirí agus spriocanna soiléire a chur chun cinn maidir leis an bhfreagairt ar éileamh chun solúbthacht an chórais fuinnimh a fheabhsú i bhfianaise measúnú ar na riachtanais solúbthachta agus conas comhtháthú an chórais fuinnimh a éascú i dtaca le hAirteagal 20a de Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Na bearta a leagan amach chun margaí miondíola níos iomaíche a chur chun cinn agus an leibhéal cumhachtaithe tomhaltóirí sa mhargadh miondíola a fheabhsú. |
15. |
Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcur chuige i leith aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh trí mheasúnú ar staid na dteaghlach atá buailte faoi láthair a áireamh agus trí sprioc shonrach intomhaiste a léiriú maidir le laghdú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1999, agus Moladh (AE) 2023/2407 á chur san áireamh. Tuilleadh sonraí a sholáthar maidir le bearta atá ann cheana agus bearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, agus maidir leis na hacmhainní airgeadais tiomnaithe ó thaobh an bheartais shóisialta (inacmhainneacht) agus bearta struchtúracha fuinnimh araon, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar éifeachtúlacht fuinnimh, athchóiriú foirgneamh agus fuinneamh in-athnuaite. Míniú a thabhairt ar an gcaoi a meastar go n-úsáidfear bearta um éifeachtúlacht fuinnimh faoin Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1999. |
16. |
Cuspóirí náisiúnta maidir le taighde, nuálaíocht agus iomaíochas a shoiléiriú a thuilleadh chun teicneolaíochtaí glana a chur in úsáid, bealach a bhunú do 2030 agus 2050 d’fhonn tacú le dícharbónú na tionsclaíochta agus aistriú gnólachtaí i dtreo geilleagar glan-nialasach ciorclach a chur chun cinn. Beartais agus bearta a chur chun cinn chun forbairt tionscadal glan-nialasach a chur chun cinn, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha do na tionscail atá dian ar fhuinneamh. Tuairisc a thabhairt ar chreat rialála intuartha agus simplithe le haghaidh nósanna imeachta ceadaithe agus ar an gcaoi a ndéanfar rochtain ar chistiú náisiúnta a shimpliú i gcás inar gá. Beartais agus bearta mionsonraithe a sholáthar maidir le digitiú an chórais fuinnimh, forbairt scileanna a bhaineann le fuinneamh glan, agus trádáil oscailte a éascú le haghaidh slabhraí soláthair athléimneacha agus inbhuanaithe de phríomh-chomhpháirteanna agus de threalamh glan-nialasacha. |
17. |
Na hathchóirithe agus na bearta a shonrú chun na hinfheistíochtaí príobháideacha is gá ar mhaithe le baint amach na spriocanna fuinnimh agus aeráide a shlógadh. An anailís ar na riachtanais infheistíochta a fheabhsú agus a leathnú chun forbhreathnú cuimsitheach agus comhsheasmhach a sholáthar ar na riachtanais infheistíochta poiblí agus príobháidí go comhiomlán agus de réir earnála. Cur chuige uile-gheilleagair ó bharr anuas a chomhlánú le measúnú ó bhun aníos a bhaineann go sonrach le tionscadal. Miondealú ar na riachtanais infheistíochta iomlána a áireamh maille le faisnéis bhreise maidir leis na foinsí cistiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus Aontais chomh maith leis na foinsí airgeadais príobháideacha atá le slógadh. Tuairisc ghearr a chur isteach ar an gcineál scéime tacaíochta airgeadais a roghnaíodh chun na beartais agus na bearta a chur chun feidhme, a mhaoinítear tríd an mbuiséad poiblí, cláir chistiúcháin an Aontais, agus úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais cumaiscthe a bhaineann úsáid as deontais, iasachtaí, cúnamh teicniúil agus ráthaíochtaí poiblí, lena n-áirítear ról na mbanc náisiúnta le haghaidh spreagadh sna scéimeanna faoi seach agus/nó conas a shlógtar maoiniú príobháideach. Giniúint chostéifeachtach na n-aistrithe chuig Ballstáit eile faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a mheas mar fhoinse chistiúcháin. Measúnú láidir a sholáthar ar thionchar maicreacnamaíoch na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe. |
18. |
An chaoi a leagan amach a bhfuil na beartais agus na bearta a áirítear sa phlean nuashonraithe comhsheasmhach le Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na Portaingéile agus leis an gcaibidil REPowerEU. |
19. |
Míniú mionsonraithe a thabhairt ar conas agus cathain atá sé beartaithe ag an bPortaingéil deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise. |
20. |
Faisnéis níos mionsonraithe a sholáthar maidir le hiarmhairtí sóisialta, fostaíochta agus scileanna, nó aon tionchar dáileacháin eile, a bhaineann leis an aistriú aeráide agus fuinnimh, agus maidir leis na cuspóirí, na beartais agus na bearta atá beartaithe chun tacú le haistriú cóir. An cineál tacaíochta, tionchar na dtionscnamh, na spriocghrúpaí agus na hacmhainní a tiomnaíodh a shonrú, ag cur san áireamh an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (21). Níos mó eilimintí a áireamh, a mhéid is féidir, chun bonn anailíseach leordhóthanach a sholáthar chun Plean Aeráide Sóisialta a bheidh ann amach anseo a ullmhú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), lena n-áirítear táscairí maidir le conas measúnú a dhéanamh ar na dúshláin agus ar na tionchair shóisialta ar na daoine is leochailí sa chóras trádála astaíochtaí le haghaidh dóchán breosla in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise, agus chun tairbhithe féideartha agus creat beartais ábhartha a shainaithint. Míniú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuideoidh an creat beartais a shainaithnítear in PNFA le Plean Aeráide Sóisialta na Portaingéile a ullmhú agus ar an gcaoi a n-áiritheofar an chomhsheasmhacht idir an dá phlean. |
21. |
Forléargas soiléir mionsonraithe a thabhairt ar an gcaoi ar cumasaíodh leis an bpróiseas comhairliúcháin rannpháirtíocht phoiblí ó na húdaráis ábhartha uile, ó na saoránaigh agus ó na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus an dréachtphlean agus an plean nuashonraithe críochnaitheach araon á n-ullmhú. Achoimre a thabhairt ar na tuairimí a léirigh gníomhaithe éagsúla, agus achoimre ar an gcaoi a gcomhtháthaíonn an plean na tuairimí a cuireadh in iúl le linn na gcomhairliúchán. |
22. |
An comhar réigiúnach atá go maith cheana le tíortha comharsanacha a leathnú, go háirithe trí thuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an bPortaingéil creat comhair a bhunú le Ballstáit eile faoi 2025 i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Glacadh comhaontaithe dlúthpháirtíochta chomhpháirtigh a éascú maidir le slándáil an tsoláthair gáis lena comharsana (an Spáinn). |
Maidir le comhsheasmhacht na mbeart náisiúnta le cuspóir a haeráidneodrachta agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú faoi Rialachán (AE) 2021/1119
1. |
Rannpháirt a thabhairt do pháirtithe leasmhara atá an-leochaileach do thionchair an athraithe aeráide i ndearadh agus i gcur chun feidhme bheartas oiriúnúcháin na Portaingéile. Próiseas agus toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú. Sásraí a bhunú nó a fheabhsú chun a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú agus nuashonrú rialta ar bheartais fhonáisiúnta. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 328, 21.12.2018, lch. 1
(2) IO L 243, 9.7.2021, lch. 1
(3) Fógra ón gCoimisiún maidir le Treoir do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a nuashonrú (IO C 495, 29.12.2022, lch. 24)
(4) COM(2022) 230 final
(5) SWD (2022) 623 final, SWD(2023) 622 final
(6) (2022/C 334/22); Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle (2023/C 312/22), Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle
(7) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018, IO L 156, 19.6.2018, lch. 26. arna leasú le Rialachán (AE) 2023/857 an 19 Aibreán 2023, IO L 111, 26.4.2023, lch. 1
(8) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32)
(9) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE, IO L 156, 19.6.2018, lch. 1, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023, IO L 107, 21.4.2023, lch. 1
(10) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82), arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023, OJ L, 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj
(11) Teachtaireacht maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe COM (2023) 669 final, 24.10.2023 agus Teachtaireacht maidir le huaillmhian an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, COM (2023) 668 final
(12) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).
(13) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ‘Coigil Gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’, COM/2022/360 final
(14) Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).
(15) Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).
(16) Moladh ón gCoimisiún an 14 Márta 2023 maidir le Stóráil Fuinnimh – Bonn a chur faoi chóras Fuinnimh an Aontais atá dícharbónaithe agus slán; (IO C 103, 20.3.2023, lch. 1).
(17) Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh, C:2023/4080, (IO L, 2023/2407, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2407/oj)
(18) Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (‘Coinbhinsiún Aarhus’)
(19) SWD(2023) 922
(20) Tuarascáil AE 2023 ar Dhul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, COM(2023) 653 final, agus Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Measúnú ar dhul chun cinn maidir le hoiriúnú don athrú aeráide sna Ballstáit aonair i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, SWD(2023) 932.
(21) Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, (IO C 243, 27.6.2022 lch. 35).-51
(22) Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1)
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/597/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)