This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D3223
Commission Decision (EU) 2024/3223 of 19 December 2024 designating the European Coordinator for the Baltic synchronisation project of common interest and laying down the detailed arrangements for the performance of their mission and tasks
Cinneadh (AE) 2024/3223 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 lena n-ainmnítear an Comhordaitheoir Eorpach um thionscadal leasa choitinn shioncronú na stát Baltach, agus lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe maidir le comhlíonadh a misin agus a gcúraimí
Cinneadh (AE) 2024/3223 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 lena n-ainmnítear an Comhordaitheoir Eorpach um thionscadal leasa choitinn shioncronú na stát Baltach, agus lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe maidir le comhlíonadh a misin agus a gcúraimí
C/2024/9170
IO L, 2024/3223, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3223/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 21/12/2025
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3223 |
20.12.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/3223 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Nollaig 2024
lena n-ainmnítear an Comhordaitheoir Eorpach um thionscadal leasa choitinn shioncronú na stát Baltach, agus lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe maidir le comhlíonadh a misin agus a gcúraimí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is iad an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin na Ballstáit dheireanacha a bhfuil líonraí acu atá sioncronaithe le líonraí tríú tíortha, i.e. an Rúis (lena gcuimsítear Kaliningrad) agus an Bhealarúis. Is é sioncronú na mBallstát sin le líonraí an Aontais Eorpaigh ceann de na tosaíochtaí is práinní atá ag an Aontas, go háirithe i gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu, agus tá tacaíocht pholaitiúil, theicniúil agus airgeadais á fáil ag an sioncronú sin cheana le 12 bhliain anuas. |
|
(2) |
Is tionscadal leasa choitinn é tionscadal shioncronú na stát Baltach atá ar liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail leasa fhrithpháirtigh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/869. Na hinfheistíochtaí a bhaineann leis an tionscadal. luaitear iad i mbraisle 3.3: ‘Córas leictreach na Stát Baltach a chomhtháthú agus a shioncronú le líonraí na hEorpa’. |
|
(3) |
Tá an spriocdháta chun sioncronú na stát Baltach a chur i gcrích (mí Feabhra 2025) ag druidim linn agus beidh na míonna beaga amach romhainn ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an tionscadal agus le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais sna Stáit Bhaltacha. I ndáil leis sin, tá an tionscadal ag céim chriticiúil ina chur chun feidhme, mar braitheann sin ar an dlúth-ailíniú idir na ceithre Bhallstát agus an ceathrar oibreoirí córais tarchurtha. Thairis sin, beidh gá le dlúthchomhar agus stiúradh leanúnach tar éis mhí Feabhra 2025 freisin go mbeidh na hinfheistíochtaí riachtanacha uile sna Stáit Bhaltacha déanta. Ní dhéanfar sraith infheistíochtaí, a bhfuil gá leo chun oibríocht shlán chóras agus thrádáil na Stát Baltach sa réigiún a áirithiú, ach amháin sa tréimhse tar éis an tsioncronaithe suas le 2030 (is é sin, infheistíochtaí in Idirnascaire ‘Harmony Link’, i stáisiún ceallraí sa Laitvia, agus sna huasghráduithe ar na hidirnascairí idir an tSualainn agus an Fhionlainn). Tá moilleanna nach beag ar na tionscadail sin go dtí seo mar gheall ar bhoilsciú agus saincheisteanna a bhaineann leis an slabhra soláthair, agus is gá dlúthobair leantach a dhéanamh orthu agus iad a chomhordú, go háirithe sa chéim ullmhúcháin, roimh na hoibreacha foirgníochta, chun go gcuirfear a bhforbairt ar an mbealach ceart. Go sonrach, maidir leis an Idirnascaire ‘Harmony Link’ idir an Liotuáin agus an Pholainn, tá gá le dlúthchomhar chun a áirithiú go mbunaítear ródúchán leordhóthanach don tionscadal agus go bhfuil dul chun cinn maith déanta maidir leis an bpróiseas ceadaithe sa dá Bhallstát. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2022/869, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann, comhordaitheoirí Eorpacha a ainmniú le haghaidh tionscadail leasa choitinn ar feadh tréimhse suas le bliain amháin, tréimhse a fhéadfar a athnuachan faoi dhó, má cheanglaítear sin leis na tionscadail ábhartha. Chun a áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún an tacaíocht is gá a thabhairt do na Ballstáit agus do na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, is gá comhordaitheoir Eorpach tiomnaithe le haghaidh tionscadail shioncronú na stát Baltach a cheapadh, ar féidir leis dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an gcéim dheireanach den chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn na n-infheistíochtaí bonneagair eile, comhairle a chur ar fáil agus aon bheart is gá do na páirtithe leasmhara a dhéanamh a éascú, agus tuarascáil a thabhairt don Chomhairle faoin dul chun cinn ábhartha. |
|
(5) |
Ba cheart an Comhordaitheoir a cheapadh le haghaidh sainordú bliana amháin i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2022/869. Ba cheart cinneadh a dhéanamh faoi athnuachan an tsainordaithe i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann, i bhfianaise riachtanais an tionscadail an tráth sin. Ba cheart don Chomhordaitheoir comhordú an tionscadail a chur san áireamh tríd an bPlean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach (‘BEMIP’) agus i gcomhthéacs gach gníomhaíochta eile a ndéantar obair leantach uirthi in BEMIP. |
|
(6) |
D’fhonn a chuid cúraimí a fhorbairt, ba cheart liúntas míosúil ar ráta comhréidh a dheonú don Chomhordaitheoir Eorpach chun na costais rúnaíochta nach féidir le ranna an Choimisiúin a sholáthar go díreach a chumhdach agus ba cheart na costais mhisin a aisíoc leis i gcomhréir leis an Vademecum maidir le rialacha oibre sonracha le haghaidh an Chomhordaitheora Eorpaigh a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
|
(7) |
De bhonn Airteagal 6(3) de Rialachán (AE)2022/869, rinneadh an nós imeachta roghnúcháin le glao oscailte ar léiriú spéise ar feadh míosa, idir an 19 Lúnasa agus an 19 Meán Fómhair 2024. Ar bhonn na taithí atá aici maidir leis na cúraimí sonracha a sannadh don Chomhordaitheoir Eorpach um thionscadal leasa choitinn shioncronú na stát Baltach, is í Catharina Sikow-Magny an t-iarratasóir a roghnaíodh. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2022/869, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann sioncronú na stát Baltach, mar atá, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn, faoi thorthaí an nós imeachta roghnúcháin agus faoin sainordú le haghaidh an Chomhordaitheora Eorpaigh. Chuir na Ballstáit in iúl go n-aontaíonn siad le hainmniú an Chomhordaitheora Eorpaigh i mí Dheireadh Fómhair 2024. |
|
(9) |
Is práinneach an t-ainmniú sin i bhfianaise uainiú an tionscadail. Ar an gcúis sin, ba cheart don Chinneadh a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ainmnítear Catharina Sikow-Magny mar Chomhordaitheoir Eorpach um na tionscadail leasa choitinn a bhaineann le braisle 3.3 ar liosta an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail leasa fhrithpháirtigh, ‘Córas leictreach na Stát Baltach a chomhtháthú agus a shioncronú le líonraí na hEorpa’.
Airteagal 2
(1) Cuirfear tús le sainordú an Chomhordaitheora Eorpaigh ar dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus tiocfaidh deireadh leis bliain amháin tar éis an dáta sin.
(2) Féadfar sainordú an Chomhordaitheora Eorpaigh a athnuachan faoi dhó más gá. Féadfaidh an Comhordaitheoir Eorpach, tráth ar bith, iarraidh ar an gCoimisiún a sainordú a fhoirceannadh.
Airteagal 3
Leagtar síos in Iarscríbhinn I na socruithe mionsonraithe maidir le comhlíonadh mhisin agus chúraimí an Chomhordaitheora Eorpaigh.
Leagtar síos in Iarscríbhinn II an Vademecum maidir le socruithe oibre sonracha le haghaidh an Chomhordaitheora Eorpaigh agus is ann a thugtar tuairisc ar an gcur chuige atá le leanúint le haghaidh na misean uile a dhéantar i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí an Chomhordaitheora Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 152, 3.6.2022, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/869/oj.
IARSCRÍBHINN I
Téarmaí Tagartha
Rialachán TEN-E - Comhordaitheoir TEN-E um thionscadal shioncrónú na stát Baltach
Réamhrá
Ainmníonn an Coimisiún Eorpach an Comhordaitheoir Eorpach um thionscadal shioncrónú na stát Baltach (dá ngairtear ‘an Comhordaitheoir’ anseo feasta) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/869 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh (Rialachán TEN-E). Beidh an Comhordaitheoir freagrach as cur chun feidhme thionscadal shioncrónú na stát Baltach a éascú, ar tionscadal leasa choitinn é faoi Rialachán TEN-E, faoi choimirce an Ghrúpa Ardleibhéil um an bPlean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach (BEMIP) a bhfuil an Coimisiún ina chathaoirleach air.
Tréimhse an tSainordaithe
Ceapfar an Comhordaitheoir le haghaidh tréimhse tosaigh bliana, a fhéadfar a athnuachan faoi dhó, faoi réir feidhmíochta sásúla agus faoi réir riachtanais an tionscadail. Forchoimeádann an Coimisiún an ceart chun ceapachán an Chomhordaitheora roghnaithe a tharraingt siar, tráth ar bith, i gcás ina bhfuil sé neamhghníomhach nó ina bhfuil a rannchuidiú a thugann sé do thionscadal shioncrónú na stát Baltach ar chaighdeán íseal nó i gcás nach gcomhlíonann an Comhordaitheoir aon cheann de na ceanglais roghnúcháin a thuilleadh.
Cúraimí Sonracha agus na Spriocdhátaí a ghabhann leo
Tá misean an Chomhordaitheora nasctha le cur chun feidhme rathúil, tráthúil na gcúraimí, gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí uile a bhaineann le sioncrónú na stát Baltach mar thionscadal leasa choitinn faoi Rialachán TEN-E faoi choimirce BEMIP i gcomhréir leis na spriocdhátaí agus le plean chur chun feidhme an tionscadail. Soláthróidh an Comhordaitheoir an saineolas criticiúil riachtanach agus an dlúthobair leantach a bhfuil gá leo chun an tionscadal a chur i gcrích go tráthúil agus go hordúil agus chun na hinfheistíochtaí ábhartha eile a chur i gcrích freisin go mbeidh na bonneagair agus na trealaimh uile a bhaineann leis an tionscadal sioncrónaithe i bhfeidhm.
Ba cheart don Chomhordaitheoir dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an gcéim chur chun feidhme dheireanach agus ar fhorbairt na n-infheistíochtaí ábhartha eile freisin, comhairle a chur ar fáil agus aon bhearta is gá leis na páirtithe leasmhara a dhéanamh a éascú, agus tuarascáil a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit faoin bhforbairt ábhartha. Éascóidh sé comhar idir na Ballstáit lena mbaineann, na tionscnóirí tionscadail agus na páirtithe leasmhara ábhartha eile chun a áirithiú go gcuirtear an tionscadal chun feidhme go tráthúil agus go rathúil. Glacfaidh an Comhordaitheoir cur chuige réamhghníomhach agus rannchuideoidh sé go gníomhach, in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na Ballstáit lena mbaineann, le haon chúraimí agus dualgais is gá a dhéanamh le haghaidh an tionscadail, lena n-áirítear rannpháirtíocht i meithleacha, i gcruinnithe nó i gceardlanna. Gairfidh agus eagróidh an Comhordaitheoir na cruinnithe sin in éineacht leis an gCoimisiún má mheastar go bhfuil gá leo chun an sainordú a chur chun feidhme. Cuirfidh an Comhordaitheoir comhordú an tionscadail i gcomhthéacs BEMIP agus i gcomhthéacs gach gníomhaíochta eile a ndéantar obair leantach uirthi in BEMIP san áireamh. Oibreoidh sé go dlúth leis na Ballstáit ábhartha, leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile, go háirithe leis na tionscnóirí tionscadail agus le ranna an Choimisiúin. Is trí mheán an Bhéarla a dhéanfar obair an Chomhordaitheora Eorpaigh.
Go sonrach, áiritheoidh an Comhordaitheoir gur féidir leis an gCoimisiún an tacaíocht riachtanach a chur ar fáil do na Ballstáit agus do na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann trí chúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 6 mír 2 de Rialachán TEN-E a chur chun feidhme:
|
— |
cuirfidh sé tionscadal shioncrónú na stát Baltach agus an t-idirphlé trasteorann idir na tionscnóirí tionscadail agus na páirtithe leasmhara lena mbaineann chun cinn; |
|
— |
tabharfaidh sé cúnamh do na páirtithe uile de réir mar is gá agus mar a iarrann siad air trí dhul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, trí ródúchán malartach a phlé, i gcás inarb iomchuí, agus trí na ceadanna is gá a fháil do na tionscadail; |
|
— |
tabharfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, comhairle do na tionscnóirí tionscadail maidir le maoiniú an tionscadail; |
|
— |
áiritheoidh sé go gcuireann na Ballstáit lena mbaineann an tacaíocht agus an stiúradh straitéiseach iomchuí ar fáil le haghaidh ullmhú agus chur chun feidhme an tionscadail; agus éascóidh sé an comhthuiscint agus an malartú faisnéise go ngníomhóidh na heintitis ábhartha uile dóibh i gcomhaontú agus ar bhealach comhtháite comhleanúnach le haghaidh an tionscadail; |
|
— |
gach bliain, agus, i gcás inarb iomchuí, ar chríochnú a shainordaithe dó, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid grúpa leictreachais réigiúnaigh BEMIP maidir le dul chun cinn thionscadal shioncrónú na stát Baltach agus maidir le haon deacrachtaí agus bacainní ar dócha, dá mbarr, go gcuirfear moill shuntasach ar dháta coimisiúnaithe na n-infheistíochtaí ábhartha nó ar an dáta ar a ndéanfar gníomhaíochtaí ábhartha. Cuirfear an tuarascáil sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa. |
Beidh an Comhordaitheoir ag déanamh na misean riachtanach uile maidir leis na láithreáin ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme an tionscadail nó le láithreáin a dtionólfar cruinnithe a bhaineann leis an tionscadal.
Beidh an iarracht chomhordaithe comhréireach le castacht agus le costais mheasta na dtionscadal.
An Mhodheolaíocht atá le leanúint
Oibreoidh an Comhordaitheoir i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, go háirithe leis an Ard-Stiúrthóir um Fhuinneamh, leis na Ballstáit lena mbaineann, le tionscnóirí tionscadail, agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile. Cuirfidh an Comhordaitheoir comhordú an tionscadail san áireamh trí BEMIP agus trí chomhthéacs gach gníomhaíochta eile a ndéantar obair leantach uirthi in BEMIP.
Cúnamh rúnaíochta agus Aisíoc ar chostais mhisin
Deonófar liúntas míosúil ar ráta comhréidh 3 000 EUR don Chomhordaitheoir chun na costais a bhaineann le cúnamh rúnaíochta a chumhdach, i gcás nach soláthraíonn ranna an Choimisiúin é go díreach (costais a bhaineann le cumarsáid, troscán oifige éagsúil, spás oifige, rúnaíocht), agus chun na costais a bhaineann le hionadaíocht ar mhisin taistil a chumhdach freisin i gcomhréir le rialacha an Choimisiúin. €15,000 atá i mbuiséad bliantúil an mhisin. Déanfar tagairt do rialacha mionsonraithe maidir le haisíoc ar mhisin i ndoiciméad ar leithligh (‘Vademecum’).
Rúndacht agus Coinbhleacht Leasa
Ní úsáidfidh an Comhordaitheoir ná ní sceithfidh sé aon doiciméad ná faisnéis a gheobhaidh sé le linn a chuid dualgas a chomhlíonadh, mura bhfuil an fhaisnéis sin san fhearann poiblí cheana. Seachnóidh an Comhordaitheoir aon chás a mbeadh coinbhleacht leasa mar thoradh air maidir leis na réimsí ina n-iarrtar air idirghabháil a dhéanamh.
Glacadh na dTéarmaí Tagartha
Trí an sainordú sin a ghlacadh, aithníonn an Comhordaitheoir go bhfuil na téarmaí tagartha agus na coinníollacha a leagtar amach sa doiciméad sin léite aige, go dtuigeann sé iad agus go nglacann sé leo.
IARSCRÍBHINN II
Vademecum maidir le rialacha oibre sonracha le haghaidh an Chomhordaitheora Eorpaigh
Misin a eagrú
Sa doiciméad sin, tugtar tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint le haghaidh na misean uile a dhéantar i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí an Comhordaitheora Eorpaigh (dá ngairtear ‘Comhordaitheoir’ feasta).
Gníomhóidh Aonad C4 DG ENER (Bonneagar agus Comhar Réigiúnach) mar phointe teagmhála an Chomhordaitheora sa Choimisiún. Tabharfaidh foireann an aonaid cúnamh le misin a eagrú agus, nuair is gá, gabhfaidh siad leis an gComhordaitheoir.
Misean a ullmhú
Ordú misin
Ní mór misin an Chomhordaitheora a ionchódú in uirlis chorparáideach MIPS+ (Córas próiseála comhtháite na misean) agus ba cheart na rialacha ginearálta a leagtar síos in ‘Treoir maidir le misin agus le taisteal údaraithe’ a ghabhann le Cinneadh ón gCoimisiún maidir leis na forálacha ginearálta lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 11, 12 agus 13 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne Oifigigh (costais mhisin) agus maidir le taisteal údaraithe.
Ní mheastar gur bailí misin ach má fhormheasann Ard-Stiúrthóir DG ENER (oifigeach údarúcháin) iad. Ba cheart dáta agus uainiú an mhisin, an ceann scríbe agus an chuspóir a áireamh san iarratas ar mhisean.
Modhanna iompair a chur in áirithe
Ar bhonn an ordaithe mhisin údaraithe, is féidir modhanna iompair a chur in áirithe leis an ngníomhaireacht taistil oifigiúil le cúnamh ó Aonad C4 DG ENER nó ón gComhordaitheoir féin. I gcás ina dtugann an Comhordaitheoir féin cúnamh, roinnfidh sé na ticéid agus na hadmhálacha ar a léirítear an praghas go soiléir le hAonad C4 DG ENER. Déanfaidh Aonad C4 DG ENER na socruithe taistil a ionchódú in MIPS+.
Tá cead ag an gComhordaitheoir ticéid sholúbtha a iarraidh má tá riosca suntasach ann go gcuirfear an misean ar ceal nó go leasófar é.
Aisíoc ar speansais óstáin
Féadfar an Comhordaitheoir an lóistín a roghnú, ag cur uasteorainneacha an aisíoca maidir le costais lóistín san áireamh. Aisíocfar costais lóistín, ar an sonrasc a chur isteach, suas leis an uasteorann le haghaidh láithreán an mhisin, nó, má dheonaíonn an t-oifigeach údarúcháin údarú chun an uasteorainn a shárú, aisíocfar méid iomlán an tsonraisc.
Ní chumhdófar an costas a bhaineann le hoícheanta breise i gcás ina gcomhcheanglaítear taisteal le laethanta saoire.
Costais thacsaí
Féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin turais aistrithe i dtacsaí a cheadú mura rogha malartach iomchuí é iompar poiblí. Aisíocfar na costais nuair a chuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil.
Ba cheart turais i dtacsaí a ghlacadh laistigh den uainiú a léirítear in ordú an mhisin.
Coinbhleacht leasa
Seachnófar aon chás a mbeadh coinbhleacht leasa mar thoradh air maidir leis na réimsí ina n-iarrtar ar an gComhordaitheoir idirghabháil a dhéanamh. Cuirfidh an Comhordaitheoir an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon choinbhleacht leasa a thiocfaidh chun cinn le linn an téarma oifige.
Ina theannta sin, ní úsáidfidh an Comhordaitheoir ná ní sceithfidh sé aon doiciméad ná faisnéis a gheobhaidh sé le linn a chuid dualgas a chomhlíonadh, mura bhfuil an fhaisnéis sin san fhearann poiblí cheana. Beidh na torthaí uile a chuirfidh an Comhordaitheoir ar fáil faoi úinéireacht an Aontais, agus féadfaidh an tAontas iad a úsáid nó iad a fhoilsiú de réir mar is cuí leis.
Ní féidir le heagraithe imeachta íoc as misin. Tá feidhm aige sin maidir le misin a thairgeann na Ballstáit freisin. Cumhdóidh an Coimisiún Eorpach costas na socruithe taistil/misin.
D’fhonn an úsáid is fearr a bhaint as buiséad an mhisin, más féidir, ba cheart cruinnithe nó cuairteanna a ghrúpáil le chéile chun iad a laghdú, a dhíriú agus a bharrfheabhsú.
Ba cheart tús áite a thabhairt do mhodhanna iompar atá níos glaise le haghaidh na misean. Ba cheart aon tairiscint bhronntanas a bhaineann le comhlíonadh dualgas an Chomhordaitheora a dhiúltú ach i gcás nach bhfuil ach luach siombalach ag baint leis agus nach sáraíonn an luach sin EUR 50. Beidh an Comhordaitheoir faoi cheangal na treoir ón gCoimisiúin maidir le misin dá dtagraítear sa chinneadh ón gCoimisiún maidir lena cheapadh.
Tar éis an mhisin
Tuarascáil mhisin
Ní mór don Chomhordaitheoir tuarascáil mhisin a sholáthar. Má ghabhann ionadaí de chuid Aonad C4 DG ENER leis an gComhordaitheoir, tá cead ag an gComhordaitheoir leas a bhaint as an tacaíocht ón Ionadaí le haghaidh sholáthar na tuarascála. Tarchuirfear an tuarascáil chuig Ard-Stiúrthóir DG ENER C le haghaidh faisnéise agus é curtha i gceangal leis an iarratas ar aisíoc na gcostas. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa na doiciméid sin a iarraidh chun measúnú a dhéanamh ar an mbonn cirt leis na costais.
Dáta:
Ainm, sloinne:
Síniú:
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3223/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)