|
|
Ainmneacha (Traslitriú an litrithe Bealarúisise) (Traslitriú an litrithe Rúisise)
|
Ainmneacha (litriú Bealarúisise) (litriú Rúisise)
|
Faisnéis Aitheantais
|
Cúiseanna lena liostú
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘262.
|
Vitali Viktaravich SINILA
Vitaliy Viktorovich SINILO
|
Віталій Віктаравіч СIНIЛА
Виталий Викторович СИНИЛО
|
Breitheamh agus cathaoirleach chúirt dúiche Mostovsky i réigiún Grodno
Dáta breithe: 15.5.1976
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3161180C038PB1
|
Is breitheamh Bealarúiseach é Vitaliy Sinila agus tá sé ina chathaoirleach ar chúirt dúiche Mostovsky i réigiún Grodno. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. Chuir sé pianbhreitheanna ar roinnt saoránach de chuid na Bealarúise a chuir tuairimí i gcoinne an Uachtaráin agus údaráis an réimis in iúl, e.g. Viktor Tsarikevich agus Sergei Burak mar gheall ar an easaontas a chuir siad in iúl ar na meáin shóisialta agus as líne.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.
|
16.12.2024
|
|
263.
|
Iryna Vasieuna PRADUN
Irina Vasilevna PRADUN
|
Iрына Васільеўна ПРАДУН
Ирина Васильевна ПРАДУН
|
Breitheamh agus cathaoirleach chúirt dúiche Rogachev i réigiún Gomel
Dáta breithe: 21.5.1974
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: baineann
Aitheantas pearsanta: 4210574H035PB4
|
Is breitheamh Bealarúiseach í Iryna Pradun agus tá sí ina cathaoirleach ar chúirt dúiche Rogachev i réigiún Gomel. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap í. Chuir sí pianbhreitheanna ar líon mór saoránach Bealarúiseach a chuir a dtuairimí in aghaidh an Uachtaráin in iúl. Chuir sí pianbhreitheanna freisin ar roinnt daoine aonair as a rannpháirtíocht líomhnaithe in agóidí agus as cur i gcoinne bhrúidiúlacht údaráis forfheidhmithe dlí na Bealarúise, e.g., sa chás i gcoinne Evgeny Kokhanovsky, ar cuireadh iallach air, de réir chosantóirí chearta an duine, pléadáil ciontach as páirt a ghlacadh in agóidí.
Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
264.
|
Vadzim Ivanavich MAZOL
Vadim Ivanovich MOZOL
|
Вадзім Iванавіч МАЗОЛЬ
Вадим Иванович МОЗОЛЬ
|
Breitheamh i gChúirt Dúiche Pruzhany de Réigiún Brest
Dáta breithe: 13.4.1974
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3130474C031PB6
|
Is breitheamh Bealarúiseach é Vadzim Mazol i gCúirt Dúiche Zhlobinsky i Réigiún Brest. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. Chuir sé pianbhreitheanna ar líon mór saoránach de chuid na Bealarúise a chuir a dtuairimí i gcoinne an Uachtaráin agus údaráis forfheidhmithe dlí an réimis in iúl, lena n-áirítear ar na meáin shóisialta.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
265.
|
Nina Uladzimirauna SHASTAK
Nina Vladimirovna SHESTAK
|
Ніна Уладзіміраўна ШАСТАК
Нина Владимировна ШЕСТАК
|
Breitheamh i gCúirt Réigiúnach Brest
Dáta breithe: 1.5.1958
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: baineann
Aitheantas pearsanta: 4010558C080PB9
|
Is breitheamh Bealarúiseach í Nina Szastak de chuid Chúirt Réigiúnach Brest. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap í. Chuir sí pianbhreitheanna ar roinnt saoránach de chuid na Bealarúise a chuir a dtuairimí i gcoinne údaráis réimeas na Bealarúise in iúl. Bhreithnigh sí achomhairc chomh maith in aghaidh pianbhreitheanna a cuireadh ar léirsitheoirí síochánta, agus sheas sí leis na bpianbhreitheanna sin.
Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
266.
|
Vera Viacheslavauna FILONIK
Vera Vyacheslavovna FILONIK
|
Вера Вячаславаўна ФIЛОНIК
Вера Вячеславовна ФИЛОНИК
|
Breitheamh i gCúirt Réigiúnach Brest
Dáta breithe: 8.3.1990
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: baineann
Aitheantas pearsanta: 4080390K014PB5
|
Is breitheamh Bealarúiseach í Vera Filonik i gCúirt Réigiúnach Brest. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap í. Chuir sí pianbhreitheanna ar líon mór saoránach de chuid na Bealarúise ar cuireadh ina leith gur ghlac siad páirt sna hagóidí i gcoinne réimeas na Bealarúise i mí Lúnasa 2020.
Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
267.
|
Iryna Leanidauna MAIKO
Irina Leonidovna MAIKO
|
Iрына Леанідаўна МАЙКО
Ирина Леонидовна МАЙКО
|
Breitheamh i gCúirt Réigiúnach Mhionsc
Dáta breithe: 25.11.1974
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: baineann
Aitheantas pearsanta: 4251174A007PB7
|
Is breitheamh Bealarúiseach i gCúirt Réigiúnach Mhionsc í Iryna Maiko. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap í. Chuir sí pianbhreitheanna ar shaoránaigh a chuir a dtuairimí i gcoinne an Uachtaráin agus údaráis an réimis in iúl, e.g., Roman Yankouski agus Mikhail Nemtsov as an easaontas a chuir siad in iúl ar na meáin shóisialta agus as líne.
Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
268.
|
Vasili Vasilievich BIAGUN
Vasily Vasilyevich BEGUN
|
Васілій Васільевіч БЯГУН
Василий Васильевич БЕГУН
|
Breitheamh i gCúirt Réigiúnach Gomel
Dáta breithe: 9.12.1960
Áit bhreithe: Kondopoga, Poblacht Karelia, an Rúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is breitheamh Bealarúiseach é Vasily Biagun atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Gomel ó 2003. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. Thug Biagun go leor breitheanna i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise, lena n-áirítear pianbhreitheanna ar dhaoine aonair mar gheall ar a ngníomhaíochtaí ar na meáin shóisialta. Chuir sé pianbhreitheanna príosúnachta ar chúiseanna polaitiúla chomh maith ar Nikita Slepenka (3 bliana) agus Pavel Bobchenko (2 bhliain).
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
269.
|
Yauheni Anatolevich BREGAN
Evgeni Anatolevich BREGAN
|
Яўгеній Анатольевіч БРЭГАН
Евгений Анатольевич БРЕГАН
|
Breitheamh i gCúirt Réigiúnach Brest
Dáta breithe: 26.3.1982
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3260382K020PB0
|
Is breitheamh Bealarúiseach i gCúirt Réigiúnach Brest é Yauheni Bregan. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. Bhí sé ina bhreitheamh roimhe sin i gCúirt Dúiche Moskovsky in Brest agus ina bhreitheamh i gcathair Baranovichi i réigiún Brest. Chuir sé pianbhreitheanna ar líon mór saoránach de chuid na Bealarúise ar cuireadh ina leith, i measc nithe eile, gur ghlac siad páirt sna hagóidí i gcoinne réimeas na Bealarúise i mí Lúnasa 2020.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
270.
|
Aliaksandr Mikalaevich MOKHORAU
Alexander Nikolaevich MOKHOREV
|
Аляксандр Мікалаевіч МОХОРАЎ
Александр Николаевич МОХОРЕВ
|
Breitheamh i gCúirt Dúiche Shóivéadach Chathair Gomel
Dáta breithe: 16.4.1986
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3160486H031PB9
|
Is breitheamh Bealarúiseach é Aliaksandr Mokhorau atá ag feidhmiú i gCúirt Dúiche Shóivéadach Chathair Gomel ó 2021. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. Chuir sé pianbhreitheanna ar shaoránaigh Bhealarúiseacha a chuir a dtuairimí in aghaidh an Uachtaráin, an réimis agus bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise in iúl.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
271.
|
Alesya Uladzimiravna OSIPAVA
Olesya Vladimirovna OSIPOVA
|
Алеся Уладзіміраўна ОСIПАВА
Олеся Владимировна ОСИПОВА
|
Breitheamh i gCúirt Dúiche Lárnach Chathair Gomel
Dáta breithe: 4.9.1979
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: baineann
Aitheantas pearsanta: 4040979H059PB4
|
Is breitheamh í Alesya Osipava atá ag feidhmiú i gCúirt Dúiche Lárnach Chathair Gomel ó 2019. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap í. Chuir sí pianbhreitheanna ar shaoránaigh Bhealarúiseacha a chuir a dtuairimí in aghaidh an Uachtaráin, an réimis agus bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise in iúl.
Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
272.
|
Viktar Viktaravich NOVIK
Viktor Viktorovich NOVIK
|
Віктар Віктаравіч НОВIК
Виктор Викторович НОВИК
|
Breitheamh, Uachtarán na Cúirte, Dúiche Zhabinka
Dáta breithe: 27.5.1963
Áit bhreithe: Beloye, Dúiche Mamlyutsky, réigiún na Casacstáine Thuaidh, an Chasacstáin
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3270563K025PB7
|
Is breitheamh Bealarúiseach é Viktar Novik atá ag feidhmiú i gCúirt Dúiche Zhabinka ó 2017. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é. Thug Novik go leor breitheanna i gcoinne lucht freasúra údaráis na Bealarúise. Chuir sé pianbhreitheanna príosúnachta ar chúiseanna polaitiúla ar Vitali Ivanyukovich (2 bhliain), Natalia Letsko (bliain amháin), Andrei Vlasov agus Yulia Suvalko (3 bliana) agus Valentin Shumik (2 bhliain).
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
273.
|
Vadzim Rastivlavovich MURASHKA
Vadim Rostslavovich MURASHKO
|
Вадзім Расціслававіч МУРАШКА
Вадим Ростиславович МУРАШКО
|
Ceann na hinstitiúide ceartúcháin darb ainm “Penal Colony No. 13” [Coilíneacht phionósach Uimhir 13];
Dáta breithe: 20.6.1979
Áit bhreithe: Bortniki, Dúiche Hlybokaye, Réigiún Vitebsk, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3200679E065PB6
|
Is náisiúnach de chuid na Bealarúise é Vadzim Murashka agus is é Ceann na hinstitiúide ceartúcháin darb ainm “Penal Colony No. 13”, príosún ardslándála ina gcoinnítear roinnt príosúnaigh pholaitiúla, lena n-áirítear Nikolai Statkevich, Vitaly Melnik agus Sergei Vereshkhagin. Bíonn príosúnaigh Choilíneacht Uimh. 13 thíos le dálaí mídhaonna agus déantar mí-úsáid orthu.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
274.
|
Siarhei Uladzimiravich BIAREISHYK
Sergey Vladimirovich BEREISHIK
|
Сяргей Уладзіміравіч БЯРЭЙШЫК
Сергей Владимирович БЕРЕЙШИК
|
Leas-cheann ar Ionad Coinneála Réamhthrialach Uimh. 1 “Voldarka”
Dáta breithe: 31.10.1976
Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3311076A076PB6
|
Is é Siarhei Biareishyk leas-cheann Ionad Coinneála Réamhthrialach Uimh. 1 “Voldarka”. Agus an cúram sin air, tá sé freagrach as caitheamh go mídhaonna leis na príosúnaigh, lena n-áirítear bascadh, plódú agus easpa cóireála leighis agus trealaimh sláintíochta iomchuí. Is príosúnaigh pholaitiúla iad formhór na bpríosúnach, mar shampla, gníomhaí ar son chearta an duine, bunaitheoir chomhlachas chearta an duine na Bealarúise Viasna agus Buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána in 2022 Ales Bialiatski, a coinníodh in “Voldarka” go dtí mí Dheireadh Fómhair 2024.
Tá Siarhei Biareishyk freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
275.
|
Mikalai Mikalaevich MUSHKAROU
Nikolai Nikolaevich MUSHKAROV
|
Мікалай Мікалаевіч МУШКАРОЎ
Николай Николаевич МУШКАРОВ
|
Leas-cheann na seirbhíse saothair in Ionad Coinneála Réamhthrialach Uimh. 1 “Voldarka”
Dáta breithe: 19.12.1980
Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3191280A031PB0
|
Is é Mikalai Mushkarou leas-cheann na seirbhíse saothair in Ionad Coinneála Réamhthrialach Uimh. 1 “Voldarka”. Agus an cúram sin air, tá sé freagrach as caitheamh go mídhaonna leis na príosúnaigh, ar príosúnaigh pholaitiúla iad ar an mórchuid, lena n-áirítear trí bhascadh, plódú agus easpa cóireáil leighis agus trealamh sláintíochta iomchuí. Is príosúnaigh pholaitiúla iad formhór na bpríosúnach, mar shampla, an gníomhaí ar son chearta an duine, bunaitheoir chomhlachas chearta an duine na Bealarúise Viasna agus Buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána in 2022, Ales Bialiatski, a coinníodh in “Voldarka” go dtí mí Dheireadh Fómhair 2024.
Tá Mikalai Mueshkarou freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
276.
|
Siarhei Mikalaevich PETRAKOVICH
Sergey Nikolaevich PETRAKOVICH
|
Сяргей Мікалаевіч ПЕТРАКОВIЧ
Сергей Николаевич ПЕТРАКОВИЧ
|
Ceann na hinstitiúide ceartúcháin “Penal Colony No. 9” [Coilíneacht phionósach Uimhir 9]
Dáta breithe: 26.10.1976
Áit bhreithe: Stan, Dúiche Gorki, Réigiún Mogilev, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3261076M062PB5
|
Is é Siarhei Petrakovich ceann “Penal Colony No. 9”. Agus an cúram sin air, tá sé freagrach as caitheamh go mídhaonna le príosúnaigh, lena n-áirítear iad a leithlisiú agus a léasadh. Is príosúnaigh pholaitiúla iad formhór na bpríosúnach, mar shampla, Mikola Dedok agus buaiteoir Dhuais Síochána Nobel in 2022, Ales Bialiatski.
Tá Siarhei Petrakovich freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
277.
|
Viktar Piatrovich LUTTSAU
Viktor Petrovich LUTSEV
|
Віктар Пятровіч ЛУТЦАЎ
Виктор Петрович ЛУТЦЕВ
|
Ceann an aonaid leighis, Príosún Uimh. 1 in Grodno
Dáta breithe: 24.12.1985
Áit bhreithe: Grodno, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3241285K026PB1
|
Is é Viktar Luttsau ceann an aonaid leighis i bPríosún Uimh. 1 in Grodno. Agus an cúram sin air, tá sé freagrach as caitheamh go mídhaonna leis na príosúnaigh, agus as easpa cúnamh leighis iomchuí tráthúil. Mar thoradh ar an easpa cóireáil leighis cuí, fuair an príosúnach polaitiúil Ales Pushkin bás, toisc nár soláthraíodh cúnamh leighis tráthúil dó.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.
|
16.12.2024
|
|
278.
|
Ihar Tsimafeevich SUBOTSIN
Igor Timofeyevich SUBBOTIN
|
Iгар Цімафеевіч СУБОЦIН
Игорь Тимофеевич СУББОТИН
|
Fear gnó
Dáta breithe: 15.10.1951
Áit bhreithe: An Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Aitheantas pearsanta: 3151051A006PB8
|
Is dlúth-chomhpháirtí fadtéarmach gnó de chuid Ihar Subotsin é Ihar Subotsin. Tá Igor Subbotin ag obair le Alexander Shakutin ó thús na 1990idí agus bhí sé ina chúntóir aige freisin nuair a bhí Alexander Shakutin ina chomhalta de Chomhairle Phoblacht Thionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise agus ina ionadaí aige le Cónaidhm Leadóige na Bealarúise.
Is scairshealbhóirí iad Alexander Shakutin agus Ihar Subotsin araon de chuid na gcuideachtaí seo a leanas: SIA Anulatrans (an Laitvia), SV Maschinen GmbH (an Ghearmáin), PMI Engineering LLC (an Bhealarúis), SALEO LLC (an Bhealarúis), UAB EM System (an Liotuáin).
Is comhbhunaitheoirí agus comhúinéirí Prommedinvest iad, cuideachta ar a dtugtar SALEO LLC (an Bhealarúis) anois. Tá an chuideachta sin faoi pháirtúinéireacht freisin ag EM System, PMI Engineering, agus SV Maschinen GmbH, ar scairshealbhóirí dá gcuid iad Shakutin agus Subotsin araon.
Dá bhrí sin, tá baint ag Ihar Subotsin le Alexander Shakutin.
|
16.12.2024
|
|
279.
|
Aliaksei Ivanovich SHVAKAU
Alexey Ivanovich SHVAKOV
|
Аляксей Iванавіч ШВАКОЎ
Алексей Иванович ШВАКОВ
|
Cathaoirleach ar Chomhlachas Bharra Poblachtach na Bealarúise (ón 14 Feabhra 2022); iarchathaoirleach ar Chomhlachas Bharra Cathrach Mhionsc (an 26 Aibreán 2012 – an 20 Feabhra 2022)
Dáta breithe: 5.10.1964
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 3051064A050PB
|
Agus é ina Chathaoirleach ar Chomhlachas Bharra Poblachtach na Bealarúise, tá stiúradh agus múnlú á dhéanamh ag Aliaksei Shvakau ar bheartas Chomhlachas Bharra Poblachtach na Bealarúise maidir le cos ar bolg sistéamach a imirt ar dhlíodóirí a dhéanann ionadaíocht ar chliaint i gcásanna a bhfuil údar polaitiúil leo, nó a labhraíonn amach i gcoinne mhí-úsáidí réimeas Lukashenko. Sa ról a bhí aige roimhe seo mar chathaoirleach ar Chomhlachas Bharra Cathrach Mhionsc, dhírigh sé freisin ar dhlíodóirí a dhéanann ionadaíocht ar chliaint i gcásanna a bhfuil údar polaitiúil leo.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den smacht reachta sa Bhealarúis.
|
16.12.2024
|
|
280.
|
Aleh Genadzevich ARLOU
Oleg Gennadievich ORLOV
|
Алег Генадзевіч АРЛОЎ
Олег Геннадьевич ОРЛОВ
|
Dáta breithe: 18.7.1969
Áit bhreithe: An Asarbaiseáin
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: MP3428828
|
Is pearsa gnó é Aleh Arlou atá ag feidhmiú sa Bhealarúis. Is é Ha úinéir Ruzekspeditsiya LLC ó bhí an 7 Lúnasa 2023 ann.
Ó 2019 i leith, tá cuideachta Aleh Arlou ag déanamh a gnó ó Chrios Eacnamaíoch Speisialta Bremino-Orsha, a bunaíodh le foraithne uachtaránachta Aliaksandr Lukashenka, atá á bhainistiú ag Bremino Group LLC. Baineann cuideachtaí atá bunaithe i gCrios Eacnamaíoch Speisialta Bremino-Orsha leas as buntáistí cánach agus buntáistí airgeadais eile. Tá sé chuideachta bunaithe i gCrios Eacnamaíoch Speisialta Bremino-Orsha agus dá bhrí sin ní thairbhíonn ach na sé chuideachta dó, lena n-áirítear Bremino Group LLC. Is é Bremino Group LLC amháin, ina cháil mar chuideachta bhainistíochta an Cheasa Eacnamaíoch Speisialta atá freagrach as an gcinneadh maidir le cé a cheadaítear leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le Crios Eacnamaíoch Speisialta Bremin-Orsha trí bheith ina chónaí ann.
De réir imscrúduithe iriseoirí, tá Ruzekspeditsiya páirteach i scéim imghabhála smachtbhannaí a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle.
Dá bhrí sin, tá baint ag Arlou le daoine agus eintitis eile a liostaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, amhail Ruzekspeditsiya LLC agus Bremino Group. Toisc gurb é úinéir na cuideachta, baineann sé tairbhe freisin as na buntáistí arna ndeonú ag an réimeas do Ruzekspeditsiya LLC. Glacann sé páirt freisin i scéim a ceapadh chun Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle a chur ó rath.
|
16.12.2024
|
|
281.
|
Andrei Aliakseevich RYBAKOU
Andrei Alekseevich RYBAKOV
|
Андрэй Аляксеевіч РЫБАКОЎ
Андрей Алексеевич РЫБАКОВ
|
Ard-Stiúrthóir OAO Belaruskali
Iar-Chathaoirleach ar Ghnóthas Stáit na Bealarúise maidir le hOla agus Ceimic (Belneftekhim)
Dáta breithe: 11.7.1976
Áit bhreithe: Mohiliow (Mogilev), an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: Fireann
|
Is é Andrei Rybakou Ard-Stiúrthóir OAO Belaruskali. Is é Aliaksandr Lukahsenka a cheap é an 4 Samhain 2024, i gcomharbas ar Ivan Golovaty. Chuir Lukashenka síos ar Belaruskali mar “fhiontar ríthábhachtach foirmithe stáit”.
Roimhe seo, bhí Rybakou ina Chathaoirleach ar Gnóthas Stáit na Bealarúise maidir le hOla agus Ceimic (Belneftekhim), atá faoi smachtbhannaí ag an Aontas ón 3 Lúnasa 2023. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as aschur scaglanna ola na Bealarúise, oibríocht ríthábhachtach do réimeas Lukashenka. Dúirt Dmitri Krutoi, Ceann Riarachán Uachtarán na Bealarúise, gur ceapadh Rybakou go sonrach dá “thaithí shonrach” agus é ag reáchtáil an eintitis “is mó a bhfuil smachtbhannaí air” – Belneftekhim. Dá bhrí sin, tá Andrei Rybakou ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis trí chuideachtaí faoi úinéireacht stáit a bhainistiú a bhfuil tábhacht mhór leo don réimeas. Tá sé comhlachaithe freisin le heintiteas ar forchuireadh smachtbhannaí air, i.e. OAO Belaruskali, mar Ard-Stiúrthóir air.
|
16.12.2024
|
|
282.
|
Aleh Fyedaravych BARABANAU
Oleg Fedorovich BARABANOV
|
Алег Федаровіч БАРАБАНАЎ
Олег Федорович БАРАБАНОВ
|
Dáta breithe: 29.8.1956
Áit bhreithe: Réigiún Grodno, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: KH2539329
Uimhir aitheantais náisiúnta: 3290856K010PB6
|
Is é Aleh Barabanau stiúrthóir agus páirtúinéir Vlate Logistik LLC, cuideachta iompair agus stórála a bhfuil stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe aige. Tríd an stádas seo, arna eisiúint ag údaráis stáit, tá buntáistí cánach suntasacha aige. Trí na pribhléidí a bronnadh ar an gcuideachta, baineann Barabanau tairbhe as réimeas Lukashenka
|
16.12.2024
|
|
283.
|
Aleh Ramualdavych HERASIM
Oleg Romualdovich GERASIM
|
Алег Рамуальдавіч ГЕРАСIМ
Олег Ромуальдович ГЕРАСИМ
|
Dáta breithe: 3.3.1962
Áit bhreithe: an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: MP3293367
Cárta aitheantais náisiúnta: 3030362A074PB6
|
Is páirtúinéir é Aleh Herasim ar Vlate Logistik LLC, cuideachta iompair agus stórála a bhfuil stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe aici. Tríd an stádas seo, arna eisiúint ag údaráis stáit, tá buntáistí cánach suntasacha aige. Trí na pribhléidí a bronnadh ar an gcuideachta, baineann Herasim tairbhe as réimeas Lukashenka
|
16.12.2024
|
|
284.
|
Aleh Uladzimiravych PIATROU
Oleg Vladimirovich PETROV
|
Алег Уладзіміравіч ПЯТРОЎ
Олег Владимирович ПЕТРОВ
|
Dáta breithe: 26.3.1962
Áit bhreithe: an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: OI110473
|
Is páirtúinéir é Aleh Piatrou ar Vlate Logistik LLC, cuideachta iompair agus stórála a bhfuil stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe aici. Tríd an stádas seo, arna eisiúint ag údaráis stáit, tá buntáistí cánach suntasacha aige. Trí na pribhléidí a bronnadh ar an gcuideachta, baineann Piatrou tairbhe as réimeas Lukashenka.
|
16.12.2024
|
|
285.
|
Andrei Ryhoravich SVIRYDAU
Andrei Grigoryevich SVIRIDOV
|
Андрэй Рыгоравiч СВIРЫДАЎ
Андрей Григорьевич СВИРИДОВ
|
Páirtúinéir Vlate LLC
Dáta breithe: 24.11.1983
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Pas Bealarúiseach uimh. BM2229283
Uimhir aitheantais na Bealarúise 3070574E057PB8
|
Is é Andrei Svirydau stiúrthóir airgeadais Dimicandum Invest Holding LTD, cuideachta atá bunaithe san Aontas. In 2022 agus 2023, chuir Dimicandum Invest Holding LTD seirbhísí iompair agus seolta ar fáil do OJSC Belaruskali - atá ainmnithe ag an Aontas ó 2022 - ar phraghas atá beagnach dhá oiread ráta an mhargaidh. Mar stiúrthóir airgeadais Dimicandum, shínigh Svirydau doiciméid lena ndeimhnítear an comhaontú sin, rud a d’éascaigh an bonn a bhaint de na forálacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle.
Dá bhrí sin, trí chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do OJSC Belaruskali nó chun tairbhe OJSC Belaruskali, chuir Andrei Svirydau bac suntasach ar an toirmeasc ar dhul timpeall ar Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle. Thairis sin, tá Andrei Svirydau ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis trí onnmhairiú leasachán potaise Belaruskali a éascú.
|
16.12.2024
|
|
286.
|
Dzmitry Mihaylavych ZAMULEVICH
Dmitriy Mikhailovich ZAMULEVICH
|
Дзмітрьій Міхайлавіч ЗАМУЛЕВIЧ
Дмитрий Михайлович ЗАМУЛЕВИЧ
|
Páirtúinéir Vlate Logistik LLC
Dáta breithe: 7.5.1974
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
Pas Bealarúiseach uimh. BM2229283
Uimhir aitheantais na Bealarúise: 070574E057PB8
|
Tá Dzmitry Zamulevich ina pháirtúinéir ar Vlate Logistik LLC, cuideachta iompair agus stórála a bhfuil stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe aici. Tríd an stádas seo, arna eisiúint ag údaráis stáit, tá buntáistí cánach suntasacha aici. Trí úinéireacht Vlate Logistik LLC, tá baint ag Arkadzyeu le heintiteas a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka.
|
16.12.2024
|
|
287.
|
Uladzimir Mihaylavych ARKADZYEU
Vladimir Mikhailovich ARKADIEV
|
Уладзімір Міхайлавіч АРКАДЗЬЕЎ
Владимир Михайлович АРКАДЬЕВ
|
Páirtúinéir Vlate Logistik LLC
Dáta breithe: 23.4.1965
Ait bhreithe: An Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach agus Bealarúiseach
Inscne: fireann
Pas Bealarúiseach uimh. KH2757270
Uimhir aitheantais na Bealarúise: 3230465K000PB5
Pas Rúiseach uimhir: KH1935655
|
Tá Uladzimir Arkadzyeu ina pháirtúinéir ar Vlate Logistik LLC, cuideachta iompair agus stórála a bhfuil stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe aici. Tríd an stádas seo, arna eisiúint ag údaráis stáit, tá buntáistí cánach suntasacha aici. Trí úinéireacht Vlate Logistik LLC, tá baint ag Arkadzyeu le heintiteas a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka.
|
16.12.2024’.
|