Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D3139

Cinneadh (CBES) 2024/3139 ón gComhairle an 16 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

ST/15884/2024/INIT

IO L, 2024/3139, 16.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3139/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3139/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3139

16.12.2024

CINNEADH (CBES) 2024/3139 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2319.

(2)

An 28 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1574 (2), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2022/2319, lena mbunaítear creat tiomnaithe le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí i mbaol agus a bhaineann an bonn den daonlathas nó den smacht reachta i Háítí, agus i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl gur cúis mhór imní di i gcónaí an staid i Háítí. D’iarr sí go n-imscarfaí go hiomlán an Misean Ilnáisiúnta Tacaíochta Slándála chun cabhrú le Póilíní Náisiúnta Háítí foréigean droinge a chomhrac agus an smacht reachta a athbhunú. D’iarr an Chomhairle Eorpach freisin go gcuirfí smachtbhannaí spriocdhírithe nua ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as an bhforéigean, chun rannchuidiú le hathbhunú na síochána, na slándála, na cobhsaíochta, an daonlathais agus an smachta reachta i Háítí.

(4)

I bhfianaise na staide polaitiúla, eacnamaíche, slándála agus daonnúla atá ag dul in olcas i Háítí, lena n-áirítear mar thoradh ar an bhforéigean droinge atá ag dul in olcas, ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh gan staonadh ag na dronga, agus ar an tsaoirse leanúnach ó phionós do dhéantóirí coire, ba cheart triúr a chur le liosta na ndaoine nádúrtha atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2319.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/2319 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2319 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L 307, 28.11.2022, lch. 135.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/1574 ón gComhairle an 28 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/2319 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (IO L 192, 31.7.2023, lch. 21).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2319, faoin gceannteideal ‘A. Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2a(1) agus in Airteagal 3a(1)’, cuirtear an tábla a leanas isteach:

 

‘Ainm

Faisnéis chéannachta

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta liostaithe

1.

Jonel CATEL

ar a dtugtar freisin

Johns CATHEL

Feidhmeanna: Ceannaire droinge Terre Noire (atá cleamhnaithe le comhghuaillíocht drong G9)

Náisiúntacht: Háítíoch

Inscne: fireann

Is é Jonel Catel ceannaire droinge Terre Noir, atá cleamhnaithe le comhghuaillíocht drong G9 i Háítí.

Faoina cheannas, tá drong Terre Noir ag gabháil d’fhoréigean agus do ghníomhaíochtaí coiriúla i Háítí, lena n-áirítear robáil, cur ar fuascailt, fuadach, sracadh, dúnmharuithe agus éigniú.

Dá bhrí sin, tá Jonel Catel freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil i Háítí i mbaol, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint ag grúpaí armtha agus líonraí coiriúla leo agus a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear fuadach, dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe.

16.12.2024

2.

Gabriel JEAN-PIERRE

ar a dtugtar freisin Ti-Gabriel; Ti Gabriel; Gabo

Feidhmeanna: Ceannaire chomhghuaillíocht drong GPep (cleamhnaithe le drong Brooklyn)

Dáta breithe: 31.3.1984

Náisiúntacht: Háítíoch

Inscne: fireann

Is é Gabriel Jean-Pierre ceannaire chomhghuaillíocht drong GPep i Háítí, atá cleamhnaithe le drong Brooklyn.

Faoina cheannas, tá GPep ag gabháil d’fhoréigean agus do ghníomhaíochtaí coiriúla i Háítí, lena n-áirítear sracadh, scriosadh maoine, fuadach, feallmharuithe agus éigniú.

Dá bhrí sin, tá Gabriel Jean-Pierre freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil i Háítí i mbaol, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint ag grúpaí armtha agus líonraí coiriúla leo agus a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear fuadach, dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe.

16.12.2024

3.

Ferdens TILUS

ar a dtugtar freisin General Meyer; Jeneral Meyer; Jeneral Meyè

Feidhmeanna: Ceannaire droinge Kokorat San Ras

Dáta breithe: 15.9.1995

Náisiúntacht: Háítíoch

Inscne: fireann

Is é Ferdens Tilus ceannaire droinge Kokorat San Ras i Háítí (limistéar Atribonite / an t-iarthuaisceart).

Faoina cheannas, tá drong Kokorat San Ras ag gabháil d’fhoréigean agus do ghníomhaíochtaí coiriúla i Háítí, lena n-áirítear dúnmharú, goid, éigniú, fuadach agus cuigleáil maoine.

Dá bhrí sin, tá Ferdens Tilus freagrach as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil i Háítí i mbaol, lena n-áirítear gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint ag grúpaí armtha agus líonraí coiriúla leo agus a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear fuadach, dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe.

16.12.2024’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3139/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top