Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D3031

Cinneadh (AE) 2024/3031 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2024 maidir le Státchabhair réigiúnach SA.63470 (2022/C) (ex 2021/N) a bhfuil sé beartaithe ag an Ungáir í a chur chun feidhme le haghaidh GKN Automotive Hungary Kft. (Rubin NewCo 2021 Kft. roimhe seo) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3925)

C/2024/3925

IO L, 2024/3031, 11.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3031/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3031/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3031

11.12.2024

CINNEADH (AE) 2024/3031 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2024

maidir le Státchabhair réigiúnach SA.63470 (2022/C) (ex 2021/N) a bhfuil sé beartaithe ag an Ungáir í a chur chun feidhme le haghaidh GKN Automotive Hungary Kft. (Rubin NewCo 2021 Kft. roimhe seo)

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 3925)

(Is é an leagan EN amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’), agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 108(2) de,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1), pointe (a), de,

Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na bhforálacha sin (1), agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

An 11 Meitheamh 2021, thug an Ungáir réamhfhógra don Choimisiún go raibh sé ar intinn aici cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach (an ‘beart’) a dheonú i bhfabhar Rubin NewCo 2021 Kft. (‘Rubin’) (2) chun bunaíocht nua a chur ar bun chun comhpháirteanna feithiclí a tháirgeadh in Miskolc na hUngáire (‘an Tionscadal Infheistíochta’).

(2)

An 30 Meitheamh 2021, tionóladh cruinniú fíorúil idir seirbhísí an Choimisiúin, údaráis na hUngáire agus ionadaithe ó GKN Automotive Limited (‘GKN Automotive’, aithris (15)).

(3)

An 23 Iúil 2021, d’iarr an Coimisiún faisnéis fhorlíontach, rud a chuir an Ungáir isteach an 27 Lúnasa 2021.

(4)

An 21 Meán Fómhair 2021, tionóladh an dara cruinniú fíorúil idir seirbhísí an Choimisiúin, údaráis na hUngáire agus ionadaithe ó GKN Automotive.

(5)

An 30 Meán Fómhair 2021, d’iarr an Coimisiún faisnéis fhorlíontach, rud a chuir an Ungáir isteach an 2 Nollaig 2021, in éineacht lena fógra foirmiúil faoin mbeart.

(6)

An 1 Feabhra 2022, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise, rud a sholáthair an Ungáir an 29 Márta, an 11 Aibreán agus an 4 Bealtaine 2022. D’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise an 13 Bealtaine agus an 15 Iúil 2022 agus d’fhreagair an Ungáir, faoi seach, an 17 Bealtaine agus an 23 Lúnasa 2022.

(7)

Le litir an 23 Lúnasa 2022, chomhaontaigh an Ungáir go heisceachtúil tarscaoileadh a dhéanamh ar a ceart a dhíorthaíonn ó Airteagal 342 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 3 de Rialachán 1/1958 (3), agus chomhaontaigh sí gur i mBéarla a ghlacfar an Cinneadh seo agus a thabharfar fógra faoi.

(8)

Le litir dar dáta an 27 Deireadh Fómhair 2022, chuir an Coimisiún an Ungáir ar an eolas gur chinn sé an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) CFAE a thionscnamh i leith an bhirt (an ‘Cinneadh Tosaigh’). An 14 Feabhra 2023, sheol an Ungáir a barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh chuig an gCoimisiún.

(9)

Foilsíodh an Cinneadh Tosaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 22 Meán Fómhair 2023 (4). D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach laistigh d’aon mhí amháin.

(10)

An 3 agus an 16 Deireadh Fómhair 2023, fuair an Coimisiún barúlacha ó Melrose Industries PLC (‘Melrose’) agus ó GKN Automotive faoi seach. An 24 Samhain 2023, chuir an Coimisiún na barúlacha sin faoi bhráid na hUngáire, a d’fhreagair le litir dar dáta an 21 Nollaig 2023.

(11)

An 8 Márta 2024, chuir an Ungáir tábla forbhreathnaithe isteach ina liostaítear na cúiseanna amhrais a ardaíodh sa Chinneadh Tosaigh agus an fhianaise chomhfhreagrach a mheas an Ungáir a sholáthair sí chun deireadh a chur le cúiseanna amhrais den sórt sin.

(12)

An 16 Aibreán 2024, tionóladh cruinniú idir seirbhísí an Choimisiúin, an Ungáir agus GKN Automotive. An lá céanna agus i bhfianaise an chruinnithe le seirbhísí an Choimisiúin, rinne an Ungáir a barúlacha ón 14 Feabhra 2023 a fhorlíonadh le doiciméid nua. An 17 Aibreán 2024, chuir an Ungáir na doiciméid sin isteach an athuair mar aon le roinnt doiciméid bhreise agus meabhrán ina ndearnadh achoimre ar an bplé a rinneadh le seirbhísí an Choimisiúin an 16 Aibreán 2024 agus inar soláthraíodh tuilleadh barúlacha ar na saincheisteanna a pléadh agus ar an bhfianaise nua a cuireadh isteach.

(13)

An 25 Aibreán 2024, mar obair leantach bhreise i dtaobh chruinniú an 16 Aibreán 2024, chuir an Ungáir isteach meabhrán eile inar tugadh barúlacha breise faoi chuid de chúiseanna amhrais an Choimisiúin.

2.   TUAIRISC MHIONSONRAITHE AR AN mBEART

2.1.   Cuspóir an bhirt

(14)

Tríd an mbeart, beartaíonn údaráis na hUngáire forbairt réigiúnach a chur chun cinn trí chabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach a sholáthar chun bunaíocht nua a bhunú chun comhpháirteanna feithiclí a tháirgeadh (taobhsheaftaí, seaftaí tiomána agus fo-chomhpháirteanna amhail ailt). Tá an Tionscadal Infheistíochta lonnaithe i gcrios tionsclaíochta Felsőzsolca in Miskolc, Contae Borsod-Abaúj-Zemplén (cód NUTS 3 HU311), i réigiún Thuaisceart na hUngáire (cód NUTS 2 HU31), limistéar atá incháilithe do chabhair réigiúnach faoi Airteagal 107(3), pointe (a), CFAE bunaithe ar na mapaí de chabhair réigiúnach na hUngáire don tréimhse ón 1 Iúil 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021 (‘mapa den chabhair réigiúnach 2014’) (5) agus don tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2027 (‘mapa den chabhair réigiúnach 2022’) (6)araon.

2.2.   An tairbhí

(15)

Is é faighteoir na cabhrach Rubin, eintiteas dlítheanach a bhí, tráth a bhunaithe (Eanáir 2021), faoi lánúinéireacht ag Eachairn Aerospace Holdings Limited, comhalta de ghrúpa Melrose, atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe (7). An 31 Lúnasa 2022, aistríodh 100 % d’úinéireacht Rubin, laistigh de ghrúpa Melrose, chuig GKN Industries Limited (8). Rialaíonn GKN Industries Limited GKN Automotive, an t-eintiteas a bhfuil infheistíochtaí aige in eintitis GKN Automotive, comhlíonann sé roinnt feidhmeanna ceannoifige agus fostaíonn sé cuid d’fhoireann ardbhainistíochta agus ceannaireachta feidhme GKN Automotive (9). An 20 Aibreán 2023, rinne Melrose díchumasc ar an ghnólacht GKN Automotive (10), lena n-áirítear GKN Industries Limited, GKN Automotive agus Rubin, chun bheith ina chuid de ghrúpa neamhspleách nua cuideachtaí, arb í an mháthairchuideachta deiridh acu Dowlais Group plc., atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe. Ní chomhlíonann tairbhí na cabhrach na critéir chun cáiliú mar fhiontar beag nó meánmhéide (11) agus mar sin ba cheart a mheas gur fiontar mór é.

(16)

Dheimhnigh údaráis na hUngáire nach gnóthas i gcruachás é Rubin ná Grúpa Melrose mar a shainmhínítear sna Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (12). Níor chuir údaráis na hUngáire an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú ina leith sin a bheadh ina dtoradh ar an athrú ar úinéireacht Rubin.

2.3.   An Tionscadal Infheistíochta

2.3.1.   Tuairisc ghinearálta

(17)

De réir údaráis na hUngáire, is cuid é an Tionscadal Infheistíochta de phlean athstruchtúrúcháin fadtéarmach GKN Automotive a sainíodh in 2019 (an ‘Straitéis’). Is é is aidhm don Straitéis iomaíochas GKN Automotive a chosaint i dtimpeallacht mhargaidh atá ag éirí níos iomaíche trí chomhdhlúthú a dhéanamh ar a láithreacht san Eoraip, atá neamhéifeachtúil, scaipthe, agus a acmhainneacht táirgeachta a aistriú chuig suíomhanna níos costéifeachtaí. Tá oibríochtaí monaraíochta GKN Automotive san Eoraip scaipthe ar fud níos mó ná deich láithreán, a bhfuil a bhformhór in Iarthar na hEorpa, in áiteanna a bhfuil ardchostais táirgthe iontu. Ina theannta sin, tá na láithreáin sin ilroinnte den chuid is mó agus soláthraíonn siad táirgí idirmheánacha dá chéile, rud a fhágann go mbíonn neamhéifeachtúlacht ann de thoradh costais mhéadaithe i leith iompair agus coinneáil stoic.

(18)

Leagtar amach an Straitéis ina céimeanna éagsúla (‘Babhtaí a haon go dtí a sé’). Is iad an chéad agus an tríú babhta – lena mbaineann [aistriú gnó] (*1) láithreán áirithe – agus iadsan amháin, na babhtaí atá á gcur chun feidhme. Mar a mhínítear in aithrisí 40 go 42 den Chinneadh Tosaigh, bhain Babhta a dó le saoráid táirgthe nua a bhunú le haghaidh táirgí nach ionann iad agus na táirgí a chuimsítear faoin Tionscadal Infheistíochta agus cuireadh ar fionraí a cur chun feidhme, agus ní dheachaigh Babhtaí a ceathair, a cúig ná sé níos faide chun cinn ná céim choincheapúil na Straitéise agus níor tógadh aon chéimeanna breise i dtreo an chur chun feidhme.

(19)

Is éard a bhí i gceist le Babhta a haon, faoinar féachadh le hacmhainneacht GKN Automotive a chothromú leis an éileamh a raibh coinne leis, láithreáin áirithe a dhúnadh agus a n-oibríochtaí monaraíochta a aistriú chuig láithreáin Eorpacha a bhí ann cheana agus a raibh acmhainneacht bhreise acu.

(20)

I mBabhta a trí, mar a beartaíodh ar dtús sa Straitéis (Samhain 2019), rinneadh foráil maidir le [haistriú gnó] dhá láithreán Eorpacha agus maidir lena n-acmhainneacht a aistriú chuig dhá láithreán chomhtháite a bhí le bunú in dhá thír a bhí níos costéifeachtaí. Chumhdófaí sna láithreáin táirgthe nua sin freisin acmhainneacht táirgeachta ó láithreáin táirgthe eile a bhí ann cheana agus a bhí [le haistriú] faoi na babhtaí a thiocfadh ina dhiaidh. Leasaíodh an babhta sin i mí Iúil 2020 (‘Babhta nua a trí’). Faoi Bhabhta nua a trí, ní dhéanfaí an táirgeadh ábhartha a chomhtháthú ach in aon láithreán chomhtháite amháin.

(21)

Mhínigh údaráis na hUngáire nár cheart a mheas go ndearnadh an cinneadh babhta áirithe a shaothrú faoin Straitéis (mar shampla, cinneadh maidir leis [an aistriú] agus/nó aistrithe acmhainneachta táirgeachta agus maidir le láithreáin nua a chur ar bun, i gcás inar gá) go dtí go gcuirtear tionscadal faoi réir anailís féidearthachta níos mionsonraithe (ón mbun aníos) agus go n-ullmhaítear cás gnó maidir le formheas na heisiúna ábhartha cistiúcháin.

(22)

Baineann an Tionscadal Infheistíochta, lena gcuirtear Babhta nua a trí chun feidhme, le saoráid táirgthe a bhunú le haghaidh comhpháirteanna feithiclí, lena gcomhtháthófar an acmhainneacht atá ag dhá shaoráid táirgthe atá ag GKN Automotive cheana san Eoraip i monarcha chomhtháite nua san Ungáir, gan cur leis an acmhainneacht sin. Mhínigh an Ungáir nach mbeartaítear faoin Tionscadal Infheistíochta freastal ar aistrithe breise faoi raon feidhme bhabhtaí a dó agus a ceathair go dtí a sé den Straitéis (aithrisí 41 agus 42 den Chinneadh Tosaigh).

(23)

Acmhainneacht táirgeachta thart ar [5,5 – 7,5] milliún aonad de thaobhsheaftaí agus [0,5 – 2,5] milliún aonad de sheaftaí tiomána a bheidh ag an Tionscadal Infheistíochta. Ina theannta sin, táirgfear ailt agus comhpháirteanna eile (acmhainneacht [17,5 – 21] mhilliún aonad) atá le cóimeáil ar an láithreán ina dtaobhsheaftaí agus ina seaftaí tiomána, agus soláthrófar comhpháirteanna do láithreáin chóimeála eile de chuid GKN Automotive freisin.

(24)

Meastar go bhfágfaidh an Tionscadal Infheistíochta go gcruthófar thart ar 1 500 post díreach nua san Ungáir.

(25)

De réir údaráis na hUngáire, chuir an tairbhí a iarratais ar chabhair isteach an 8 Aibreán 2021 (le haghaidh an deontais airgid) agus an 31 Márta 2021 (le haghaidh an tsochair cánach). Formheasadh na hiarratais sin (go coinníollach) an 22 Nollaig 2021 i gcás an deontais airgid (aithris (29)), agus an 12 Nollaig 2021 i gcás an tsochair cánach (aithris (31)). Cuireadh tús leis na hoibreacha ar an Tionscadal Infheistíochta ansin, de réir bhrí mhír (20)(v) de na Treoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach 2014-2020 (13) (‘TCR 2014’) (14) agus mhír 19(29) de na Treoirlínte maidir le Cabhair Réigiúnach is infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2022 (15) (‘TCR 2022’) an 28 Aibreán 2022. Ar deireadh, cuireadh tús le táirgeadh sa tsaoráid sa ráithe dheireanach de 2023, agus beartaítear acmhainneacht táirgeachta iomlán a bhaint amach in 2026.

2.3.2.   Costais infheistíochta incháilithe

(26)

Is ionann na costais infheistíochta incháilithe agus HUF 51 919,55 milliún (EUR (16) 142,74 milliún) i luach ainmniúil agus HUF 50 112,01 milliún (EUR 137,77 milliún) i luach lascainithe (17).

(27)

Dheimhnigh an Ungáir gur sócmhainní nua iad na sócmhainní atá le fáil faoin Tionscadal Infheistíochta. Costais na sócmhainní doláimhsithe a áirítear faoi na costais infheistíochta incháilithe, dheimhnigh an Ungáir freisin go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 100 go 102 de TCR 2014, agus a léirítear go hiomlán in Airteagal 18(5) d’Fhoraithne Rialtais Uimh. 210/2014 (VIII.27.) ‘maidir leis an scéim arna cur in áirithe chun infheistíocht a chur chun cinn’ (aithris (29)), lena bhforáiltear, ionas go mbeidh siad incháilithe i leith ríomh na gcostas infheistíochta, go mbeidh an méid seo a leanas amhlaidh maidir le sócmhainní doláimhsithe: (a) ní mór gurb é an t-infheisteoir sa bhunaíocht a fhaigheann an chabhair, agus eisean amháin, a úsáidfidh iad; (b) ní mór dímheas a dhéanamh orthu; (c) ní mór iad a cheannach faoi choinníollacha margaidh ó thríú páirtithe nach bhfuil bainteach leis an gceannaitheoir; (d) ní mór iad a áireamh i sócmhainní an ghnóthais a fhaigheann an chabhair agus ní mór iad a bheith comhcheangailte leis an tionscadal dá ndeonaítear an chabhair ar feadh 5 bliana ar a laghad (3 bliana i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide); thairis sin (e) i gcás fiontair mhóra, níl costais sócmhainní doláimhsithe incháilithe ach suas le teorainn 50 % de chostais incháilithe iomlána an tionscadail. Áirítear forálacha comhchosúla sa chomhaontú dreasachta um dheontas airgid freisin.

2.4.   Foirm na cabhrach, an t-údarás deonaithe agus na bunúis dlí náisiúnta

(28)

Áirítear dhá ionstraim chabhrach éagsúla leis an mbeart: deontas airgid agus sochar cánach, arna maoiniú ag an mbuiséad ginearálta Stáit.

2.4.1.   An deontas airgid

(29)

Soláthraítear an deontas airgid ar bhonn Fhoraithne Rialtais Uimh. 210/2014 (VIII.27.) ‘ar an scéim arna cur in áirithe chun infheistíocht a chur chun cinn’, scéim cabhrach réigiúnaí (18) arna cur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (an Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine) (19), lena gceadaítear cabhair le haghaidh infheistíochtaí tosaigh in earnálacha eacnamaíocha éagsúla. Is cás é an deontas airgid atá infhógartha ann féin i leith chur i bhfeidhm na scéime cabhrach sin, ós rud é gur mó é ná an tairseach fógartha a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a), den Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine(aithris (110)). Síníodh an comhaontú dreasachta um dheontas airgid (‘an Comhaontú Dreasachta’) an 22 Nollaig 2021 idir an Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Trádála (deontóir cabhrach) agus Rubin agus is coinníoll leis an gcomhaontú é go bhformheasfaidh an Coimisiún an chabhair.

2.4.2.   An sochar cánach

(30)

Tá an sochar cánach ón Aireacht Airgeadais (deontóir cabhrach) bunaithe ar Acht LXXXI 1996 ‘maidir le Cáin Chorparáide agus Cáin Díbhinne’ (20) agus ar Fhoraithne Rialtais Uimh. 165/2014 ‘maidir le Dreasacht Cánach Forbartha (VII.17.)’ (21), scéim cabhrach (22) arna cur chun feidhme faoin Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine, lena gceadaítear cabhair i bhfoirm sochair chánach i gcás infheistíochtaí áirithe. Is cás infhógartha ann féin i leith chur i bhfeidhm na scéime cabhrach sin é an sochar cánach ós rud é gur mó an méid iomlán cabhrach (deontas airgid agus sochar cánach) ná an tairseach fógartha a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a), den Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine (aithris (110)). Ní fhéadfaidh méid bliantúil an tsochair cánach atá le húsáid a bheith níos mó ná 80 % de cháin chorparáide bhliantúil iníoctha an tairbhí. Féadfar an sochar cánach atá ar fáil a úsáid in 13 bliana fhioscacha as a chéile ar a mhéad, ach tráth nach déanaí ná an 16ú bliain fhioscach (bliain chánach) tar éis na bliana fioscaí ina gcuirtear an t-iarratas isteach.

(31)

Measann an Ungáir gur dhámh sí an sochar cánach an 12 Nollaig 2021, arb é an dáta a ghlac an Rialtas cinneadh (23) ar dá réir a ‘ligeann sé don Chuideachta tairbhiú den bhuntáiste cánach forbartha dá hinfheistíocht…’. Tagraítear sa chinneadh sin do ghníomh ina dhiaidh sin lena leagtar síos coinníollacha sonracha maidir leis an deonú: ‘Deonófar an sochar cánach forbartha i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh ón Rialtas atá le foilsiú ar bhonn an chinnidh ón gCoimisiún Eorpach’.

2.5.   An méid cabhrach, an déine cabhrach agus carnadh le cabhair infheistíochta eile

(32)

Is ionann an chabhair iomlán ar tugadh fógra ina leith agus HUF 15 917,4 milliún (EUR 43,76 milliún) i luach lascainithe. Tá luach ainmniúil foriomlán HUF 16 280,56 milliún (EUR 44,76 milliún) agus luach lascainithe HUF 15 644,30 milliún (EUR 43,01 milliún) ag an deontas airgid. Is é méid réamh-mheasta an tsochair cánach HUF 273,10 milliún (EUR 0,75 milliún) i luach lascainithe.

(33)

Ríomh údaráis na hUngáire an t-uasmhéid cabhrach agus an uasdéine cabhrach le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta tríd an sásra um laghdú (24) a chur i bhfeidhm maidir leis na costais infheistíochta incháilithe iomlána i luach lascainithe agus tríd an uasteorainn cabhrach réigiúnaí 50 % arna socrú le mapa de chabhair réigiúnach 2014 a chur san áireamh, mapa a mheas sé a bheith ar an aon mhapa amháin den chabhair réigiúnach is infheidhme maidir leis an dá chomhpháirt den chabhair (aithris (91)) (25). Bunaithe ar an ríomh sin, ní fhéadfadh an t-uasmhéid cabhrach a bheith níos mó ná HUF 15 976 mhilliún (EUR 43,9 milliún) i luach lascainithe, i.e. measadh gurb é 31,88 % an uasdéine cabhrach a cheadaítear le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta. An méid cabhrach ar tugadh fógra ina leith, mar a léirítear in aithris (32), tá sé faoi bhun an uasmhéid sin, agus comhfhreagraíonn sé do dhéine cabhrach 31,76 %.

(34)

I bhfianaise fhorálacha an Chomhaontaithe Dreasachta, ní shárófaí an t-uasmhéid cabhrach (aithris (33)), ná an uasdéine cabhrach (aithris (33)) dá mba rud é, mar shampla, go n-imeodh an méid caiteachais incháilithe ón méid measta. Is amhlaidh atá toisc, de réir an Chomhaontaithe Dreasachta, (i) fiú má thagann méadú ar chostais infheistíochta iarbhír na hinfheistíochta i gcomparáid leis na costais incháilithe a leagtar amach sa Chomhaontú Dreasachta, ní bheidh an tairbhí i dteideal ach uasmhéid cabhrach an deontais airgid a shonraítear sa chomhaontú; (ii) is ar bhonn chinneadh an Choimisiúin a chinntear déine cabhrach na Státchabhrach iomláine is féidir a dheonú don infheistíocht (lena n-áirítear an sochar cánach); agus (iii) ní féidir aon leasú a dhéanamh ar ceann é a dhéanann difear d’inneachar bunúsach an chinnidh ón gCoimisiún faoin gComhaontú Dreasachta gan fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún.

(35)

Dheimhnigh údaráis na hUngáire nach féidir an beart a charnadh le Státchabhair eile ná le cabhair de minimis lena gcumhdaítear na costais incháilithe chéanna.

2.6.   Dúnadh monarchana eile in LEE agus athlonnú féideartha a dhéanamh ar mhonarchana eile

(36)

Mhínigh údaráis na hUngáire go raibh roinnt láithreán dúnta cheana ag GKN Automotive faoi na babhtaí atá á gcur chun feidhme, a luaitear in aithris (18), agus go raibh pleananna coincréiteacha aige i dtaobh gnó dhá láithreán eile in […] na hEorpa [a aistriú], tar éis acmhainneacht táirgeachta na láithreán sin a aistriú chuig an monarcha nua san Ungáir.

2.7.   An ghníomhaíocht chuidithe a choinneáil ar bun

(37)

Foráiltear le Roinn 14(1)(d) d’Fhoraithne Rialtais Uimh. 210/2014 agus le Roinn 4(3) d’Fhoraithne Rialtais Uimh. 165/2014 nach féidir an deontas airgid agus an sochar cánach a chur i bhfeidhm ná a choinneáil ar bun ach amháin má choinnítear an infheistíocht ar bun sa limistéar lena mbaineann ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis a cur i gcrích. Áirítear sa Chomhaontú Dreasachta freisin oibleagáid choibhéiseach ar an tairbhí go dtí deireadh na tréimhse faireacháin, arna socrú ag 5 bliana airgeadais tar éis an 31 Nollaig 2026, an sprioc-am i dtaobh an infheistíocht a thabhairt i gcrích (26).

2.8.   Ranníocaíocht dhílis

(38)

Dheimhnigh an Ungáir go soláthródh an tairbhí ranníocaíocht airgeadais dar luach 25 % ar a laghad de na costais incháilithe, trína hacmhainní dílse nó trí mhaoiniú seachtrach, i bhfoirm nach bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí i gceist léi. Eascraíonn sé sin as reachtaíocht na hUngáire is infheidhme maidir leis an mbeart, eadhon Roinn 4(7) d’Fhoraithne Rialtais Uimh. 165/2014 (VII. 17.) agus Roinn 14(1)(e) d’Fhoraithne Rialtais Uimh. 210/2014, agus ón gComhaontú Dreasachta.

2.9.   Na forais chun an nós imeachta a thionscnamh, a leagtar síos in Airteagal 108(2) CFAE

(39)

Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht na cabhrach le hAirteagal 107(3), pointe (a), CFAE, arna léirmhíniú le TCR 2014 agus TCR 2022. Baineann cur i bhfeidhm an dá TCR le dátaí deonaithe éagsúla an deontais airgid agus an tsochair cánach. Deonaíodh an deontas airgid roimh an 31 Nollaig 2021, agus dá bhrí sin tagann sé faoi raon feidhme TCR 2014. Maidir leis an sochar cánach, mheas an Coimisiún roimh ré, in aithris 111 den Chinneadh Tosaigh, gur ghá measúnú a dhéanamh air ar bhonn TCR 2022. Bhí sé sin amhlaidh toisc nach bhféadfadh cinneadh Rialtais an 12 Nollaig 2021, a chuir an Ungáir i láthair mar an gníomh deonaithe sochair cánach, a bheith cáilithe amhlaidh toisc nach sainaithnítear ann an chabhair ábhartha agus go dtagraítear ann do chinneadh deonaithe eile atá le heisiúint tar éis chinneadh an Choimisiúin maidir leis an gcabhair. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún ina réamhscrúdú go ndeonófaí an chabhair tar éis an 31 Nollaig 2021.

(40)

De réir roinn 3.5 de TCR 2014 agus roinn 5.2 de TCR 2022, ní féidir a chinneadh go bhfuil cabhair réigiúnach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach amháin má bhíonn éifeacht dreasachta aici. Bíonn éifeacht dreasachta i gceist nuair a athraíonn an chabhair iompar gnóthais ionas go ndéanann sé gníomhaíocht bhreise a chuireann le forbairt limistéir, ar gníomhaíocht í nach ndéanfadh sé, nó nach ndéanfadh sé ach ar bhealach teoranta nó difriúil (i.e., cás 1, cinneadh infheistíochta) nó i suíomh eile (i.e., cás 2, cinneadh maidir le suíomh), mura ndeonófaí an chabhair (Cinneadh Tosaigh, aithris 119).

(41)

Lena léiriú gurb ann d’éifeacht shubstainteach dreasachta, agraíonn údaráis na hUngáire cás 2 (cinneadh maidir le suíomh) (Cinneadh Tosaigh, aithris 32) agus maíonn siad gurb amhlaidh, murach an chabhair, gur sa Tuirc (Eskişehir) a dhéanfaí an infheistíocht toisc go mbeadh sé níos brabúsaí infheistíocht a dhéanamh sa suíomh sin i gcomparáid le suíomh na hUngáire.

2.9.1.   Amhras faoi éifeacht dreasachta

(42)

Chuir an Coimisiún in iúl an réamhthuairim gurb amhlaidh, tar éis mheasúnú tíre tosaigh GKN Automotive i mí na Samhna 2019, inar sainaithníodh seacht dtír inspéise (27) agus ina ndearnadh comparáid eatarthu, agus an Pholainn, an Ungáir agus an tSlóvaic ar bharr an liosta (aithris 43 den Chinneadh Tosaigh) agus tar éis anailís 1 bhliana amháin ar roghnú láithreáin sna trí thír sin a bhí ar an ngearrliosta (Roinn 2.13.2.2. den Chinneadh Tosaigh), gur chinn Melrose infheistíocht a dhéanamh san Ungáir an 9 Nollaig 2020 tríd an iarraidh ar chaiteachas caipitiúil (‘ICC’) le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta a fhormheas. Is é a shonraítear san ICC: ‘is é sprioc an tionscadail seo luach a ghiniúint tríd an láithreacht atá in … faoi láthair a chomhdhlúthú i láithreán nua san Ungáir.’ San achoimre airgeadais ar an doiciméad céanna sin, cinneadh tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana a leagan síos gan aon chabhair a chur san áireamh.

(43)

De réir na hUngáire, níor ghlac GKN Automotive an cinneadh maidir le suíomh na hinfheistíochta go dtí an 9 Nollaig 2021 agus bhíothas ag brath ar Státchabhair ón Ungáir chun an Tionscadal Infheistíochta a lonnú sa Bhallstát sin seachas i suíomh malartach sa Tuirc. Go sonrach, de réir na hUngáire, ní raibh i bhformheas Melrose ar an ICC an 9 Nollaig 2020 ach réamhdhaingniú ar chistiú an tionscadail, agus é ina hipitéis oibre gur san Ungáir a lonnófaí an infheistíocht sin, agus níorbh ionann é agus cinneadh maidir le suíomh na hinfheistíochta ná níor cuireadh as an áireamh leis go bhféadfadh Foireann Feidhmiúcháin GKN Automotive (‘FF GKN Automotive’), an t-aon chomhlacht cinnteoireachta don sreabhadh oibre maidir le roghnú láithreáin, cinneadh eile a dhéanamh maidir le roghnú láithreáin. Bhí sé áitithe ag an Ungáir freisin, roimh fhormheas an ICC, go ndearnadh an t-athbhreithniú ar an gcás gnó le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta mar chuid den chruinniú bliantúil athbhreithnithe buiséid idir GKN Automotive agus Melrose an 12 Samhain 2020. Ag an gcruinniú sin, d’iarr Melrose go bhfeabhsófaí na toimhdí airgeadais le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta san Ungáir chun tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana an tionscadail a laghdú go dtí tréimhse aisíoca faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain, rud ar áitigh an Ungáir gur tairseach chinntitheach é do bheartas infheistíochta Melrose. Ar an mbonn sin, amhail ó mhí na Nollag 2020, rinne GKN Automotive fiosrú ar an bhféidearthacht an infheistíocht a dhéanamh sa Tuirc. I mí Eanáir 2021, rinne GKN Automotive réamhchinneadh maidir le suíomh, i bhfabhar na hUngáire, ar choinníoll go bhfaighfí méid iomlán na ndreasachtaí san Ungáir, agus i mí na Nollag 2021 ghlac sé cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh i bhfabhar na hUngáire, inar chinn sé gur measadh fós gurb í an Ungáir ‘an rogha thosaíochta i dtaobh táscairí neamhairgeadais de, go háirithe i bhfianaise na luaineachta polaitiúla agus eacnamaíche atá ann faoi láthair sa Tuirc’ agus gur dócha go ndéanfadh na dreasachtaí ón Ungáir a measadh ‘gur dócha go ndéanfaí iad a fhormheas’ buntáiste airgeadais na Tuirce […] i gcomparáid leis an Ungáir ‘a fhritháireamh den chuid is mó’,agus go bhfágfaidh siad ‘go mbeifear in ann an spriocthréimhse aisíoca [4,4 – 5,3] bliain ([5,5 – 7,1] bliain gan dreasachtaí) a chomhlíonadh’. Tar éis chinneadh críochnaitheach an 9 Nollaig 2021, chuir GKN Automotive deireadh leis na gníomhaíochtaí ullmhúcháin sa Tuirc agus cheannaigh sé ceap talún san Ungáir chun críocha an Tionscadail Infheistíochta (aithrisí 76 agus 80 den Chinneadh Tosaigh).

(44)

Cheistigh an Coimisiún an raibh an sainordú agus an tsaoirse ag GKN Automotive chun an suíomh a athrú, mar a chuirtear i láthair san ICC (aithris 133 den Chinneadh Tosaigh) agus é ag déanamh iarracht an sprioc airgeadais arna forchur ag Melrose (más ann di) a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, thug an Coimisiún dá aire freisin, in aithris 134 den Chinneadh Tosaigh,gur chosúil gur léirigh friotal na nótaí cruinnithe agus an doiciméid ullmhúcháin ó chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020, lena sainaithnítear gurb é formheas Melrose ar an roghnú talún ceann de na chéad chéimeanna eile (aithris 50 den Chinneadh Tosaigh), gurb é Melrose an comhlacht cinnteoireachta maidir le roghnú láithreáin le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta. Ba chosúil freisin go raibh gá le formheas Melrose le haghaidh na ndoiciméad iarratais ar chabhair (aithris 68 den Chinneadh Tosaigh). Sna cuir i láthair don chruinniú ‘Athbhreithniú ar Roghnú Talún’ an 20 Eanáir 2021 agus don chruinniú ‘Cinneadh maidir le Roghnú Talún’ an 29 Eanáir 2021 (aithrisí 67 agus 68 den Chinneadh Tosaigh), rinneadh tagairt freisin d’ailíniú an chinnidh chríochnaithigh le Melrose agus mhínigh an Ungáir gurb amhlaidh, a luaithe a ghlac FF GKN Automotive an cinneadh maidir le suíomh i mí na Nollag 2021, gur chuir sé in iúl do cheannaireacht Melrose é agus nach ndearna ceannaireacht Melrose ‘agóidí’ (aithris 79 den Chinneadh Tosaigh).

(45)

Ba é réamhthuairim an Choimisiúin é gurb amhlaidh, dá mbeadh ar GKN Automotive feidhmiú faoi raon feidhme na tuairisce tionscadail formheasta, go bhféadfadh sé nár suíodh an Tuirc mar shuíomh frithfhíorasach le haghaidh na hinfheistíochta ach chun críocha a chur ar a chumas do GKN Automotive an éifeacht dreasachta ba ghá a léiriú agus, dá bhrí sin, cabhair réigiúnach a fháil don infheistíocht, agus nár suíodh í mar shuíomh fíor-fhrithfhíorasach ina dtarlódh an Tionscadal Infheistíochta in éagmais chabhrach. Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh an tairbhí go hiomlán ar an eolas, i gcomhthéacs an athlonnaithe, gur ghá dó, chun bheith incháilithe le haghaidh cabhair réigiúnach, cás frithfhíorasach 2 a chur i láthair le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta, toisc go raibh sé i dteagmháil le húdaráis na hUngáire atá freagrach as cúrsaí Státchabhrach (aithris 133 den Chinneadh Tosaigh). Go deimhin, tar éis roinnt babhtaí réamhphlé idir GKN Automotive agus údaráis na hUngáire maidir leis na dreasachtaí a bhí ar fáil le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta (aithris 51 den Chinneadh Tosaigh), an 26 Lúnasa 2020, thug Gníomhaireacht Cur Chun Cinn na hUngáire (‘HIPA’) rabhadh do GKN Automotive, ar an ríomhphost, gurb amhlaidh, chun formheas an Choimisiúin a fháil maidir leis an Státchabhair ábhartha, ‘go mbeadh orainn a chruthú nach bhfuil aon choibhneas ócáideach (28) idir an státchabhair fhéideartha agus dúnadh gníomhaíochta i dtír LEE. I bhfianaise gach a bhfuil thuas, bunaithe ar ár gcomhairliúchán le hOifig na hUngáire um Fhaireachán ar Státchabhair, ní dóigh linn go bhféadfaí bonn taca a chur faoin ráiteas sin sa chás seo’ (aithris 52 den Chinneadh Tosaigh). An 5 Samhain 2020, bhí tairiscint dreasachta tháscach soláthartha ag HIPA le haghaidh deontas airgid EUR [9 – 13] mhilliún agus sochar cánach EUR [18 – 25] mhilliún (a chomhfhreagair, ar an iomlán, don uasteorainn cabhrach réigiúnaí is infheidhme), inar tagraíodh dó gur sainaithníodh an Pholainn agus an tSlóvaic mar shuíomhanna malartacha faoin Tionscadal Infheistíochta. Sa ríomhphost céanna ó HIPA inar tarchuireadh an tairiscint tháscach sin, tá an méid seo a leanas freisin: ‘Táimid toilteanach cruinniú comhpháirteach leis an Oifig um Fhaireachán ar Státchabhair a éascú freisin, chun breathnú níos géire ar na hábhair a bhaineann le hathlonnú, rud a d’fhéadfadh a bheith ina threoir mhaith le linn an nós imeachta um fhógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach’ (aithris 53 den Chinneadh Tosaigh).

(46)

Bhí amhras tromchúiseach ar an gCoimisiún gur thoisc chinntitheach a bhí i dtréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain, a bhí forleathan tráth an chinnidh infheistíochta agus an chinnidh maidir le suíomh, i leith an Tionscadail Infheistíochta. Níor sholáthair údaráis na hUngáire aon fhianaise, i gcomhthráth leis na himeachtaí atá i gceist, lenar deimhníodh an tréimhse aisíoca ábhartha, ná aon ábhar chun bunús a thabhairt leis an argóint gur iarr Melrose go bhfeabhsófaí an tréimhse aisíoca don infheistíocht san Ungáir chun an sprioc [4,5 – 5,4] bliain a bhaint amach. Thug an Coimisiún dá aire freisin go mbeadh coinne aige le tagairt éigin don cheanglas [4,5 – 5,4] bliain sin nó do na hiarrachtaí é a bhaint amach san ICC le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta nó sa tuairisc níos mionsonraithe atá i gceangal leis (i.e. an cur i láthair a úsáideadh ag an gcruinniú le Melrose an 12 Samhain 2020) (aithris 135 den Chinneadh Tosaigh). Bhí sé sin bunaithe freisin ar an bhfíoras gur aimsigh an Coimisiún, san iarraidh ar chaiteachas caipitiúil a chuir an Ungáir isteach le haghaidh tionscadal eile ar chostas i bhfad níos ísle, tagairt shoiléir d’iarrachtaí a bhí ag teastáil chun an tréimhse aisíoca a laghdú, tréimhse a bhí faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain cheana sa chás sin. Tagraítear sa Chinneadh Tosaigh freisin don fhíoras nár tagraíodh san ICC dó ach mar ‘hipitéis oibre’ gurb í an Ungáir suíomh na hinfheistíochta agus don fhíoras go léirítear le foclaíocht (29) chur i láthair an 12 Samhain, atá i gceangal leis an ICC, go raibh cinneadh maidir le suíomh le déanamh ag Melrose (aithris 57 den Chinneadh Tosaigh). Áirítear sa chur i láthair sin freisin iarraidh shoiléir ar ‘fhormheas a dhéanamh ar chás gnó [an Tionscadail Infheistíochta] (30) lena mbaineann tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana (31), coigilteas airgid athfhillteach GBP [50 – 65]m agus costais aonuaire iomlána GBP [220 – 400]m’ (ar íocaíochtaí téarfa […] % de) (aithris 54 den Chinneadh Tosaigh).

(47)

Cheistigh an Coimisiún dianbheartas infheistíochta a bheith ann lenar ceanglaíodh tréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain a bheadh infheidhme maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta ábhartha freisin ar bhonn na bpíosaí fianaise a liostaítear in aithris 136 den Chinneadh Tosaigh (aithris(138)).

(48)

Maidir leis an gcás frithfhíorasach faoina ndéanfaí an infheistíocht sa Tuirc, d’aithin an Coimisiún an fhianaise dhoiciméadach bhreise amhail ó mhí na Nollag 2020 (aithris 131 den Chinneadh Tosaigh) óna ndealraíonn sé gur cuireadh suíomh sa Tuirc, mar shuíomh infheistíochta, i gcomparáid leis an réigiún roghnaithe san Ungáir, i gcomhthéacs an réamhchinnidh maidir le suíomh i mí Eanáir 2021 agus an chinnidh chríochnaithigh maidir le suíomh i mí na Nollag 2021. Ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris (50), áfach, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a shuí gur shuíomh fíor-fhrithfhíorasach í an Tuirc ina dtarlódh an Tionscadal Infheistíochta in éagmais na cabhrach ón Ungáir.

(49)

Thug an Coimisiún dá aire nár léir cén bunús a bhí le teacht chun cinn na Tuirce i mí na Samhna/mí na Nollag 2020 mar an t-aon suíomh frithfhíorasach le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta a bhí le fiosrú a thuilleadh. Bhí an Tuirc curtha as an áireamh ag GKN Automotive mar shuíomh féideartha chun monarchana nua a bhunú (32) sa mheasúnú tíre tosaigh i mí na Samhna 2019 toisc gur mheas sé go raibh rioscaí polaitiúla ag baint léi. I gcur i láthair dar dáta an 13 Samhain 2019 léirítear go ndearnadh meastóireacht ar an láithreán a bhí ag GKN Automotive cheana in Eskişehir (an Tuirc) ag céim thosaigh den mheasúnú, agus gur measadh go bhféadfadh leathnú mór ‘a bheith tarraingteach mar gheall ar [an] stádas sár-ísealchostais’. An tráth céanna, measadh ‘go bhfuil riosca nach beag ag baint le cobhsaíocht pholaitiúil [na] tíre’, agus ‘go bhfuil athmhachnamh á dhéanamh ar chinntí infheistíochta OEManna sa Tuirc nó go bhfuil siad á gcur ar ceal mar gheall ar riosca tíre’. Ba é ‘Gan athrú’ an cur chuige a moladh i leith Eskişehir don todhchaí. Mar thoradh air sin, níor measadh a thuilleadh go raibh an Tuirc i measc na dtíortha inspéise a raibh scóráil le déanamh orthu agus comparáid le déanamh eatarthu (aithris (42)). Aon bhliain amháin ina dhiaidh sin, bhí an Tuirc le sonrú sa phróiseas arís in éineacht leis an bPolainn, an tSlóvaic, Maracó agus an tSeirbia agus tháinig sí chun cinn go han-tapa mar an t-aon rogha mhalartach seachas an Ungáir a fiosraíodh, gan aon fhianaise a bheith ann ar obair leantach i leith aon cheann de na suíomhanna eile. Bhí sé mínithe ag an Ungáir gurb amhlaidh, mar gheall ar chostas an Tionscadail Infheistíochta san Ungáir i gcomparáid le ceachtar den Pholainn nó den tSlóvaic, nach raibh coinne le tairbhí móra airgeadais de bharr an suíomh a athrú go dtí ceachtar den dá thír sin. Mhínigh sí freisin nár breithníodh Maracó ná an tSeirbia mar gheall ar na buntáistí a bhain le láithreacht a bheith sa Tuirc cheana. Ós rud é go bhfuil na hoibríochtaí atá sa Tuirc cheana teoranta ó thaobh méide de i gcomparáid le láithreáin eile uile GKN Automotive, d’ardaigh an Coimisiún amhras tromchúiseach maidir lena bhféadfadh na hoibríochtaí sin atá ann cheana a bheith ina dtoisc chinntitheach i dtaobh an Tuirc a roghnú mar an t-aon suíomh malartach amháin in ionad na hUngáire, gan aon ghá le haon chomparáid a dhéanamh leis na suíomhanna eile a d’fhéadfadh a bheith ar na cinn ab fhearr ó thaobh costais de. Thug an Coimisiún dá aire sa chomhthéacs sin gur sainaithníodh an Rómáin agus an Bhulgáir freisin i measc na dtíortha inspéise sa mheasúnú tíre tosaigh (aithris (42)) mar shuíomhanna an-tarraingteach i dtéarmaí costas. Cé nár cuireadh an dá thír sin ar an ngearrliosta sa deireadh, níor léir cén fáth nach ndearnadh athmhachnamh orthu mar shuíomhanna sár-ísealchostais.

(50)

Fiú dá mba rud é go ndearnadh anailís ar an Tuirc mar fhíor-rogha mhalartach idir mí na Nollag 2020 agus mí na Nollag 2021, níor léir an suíomh frithfhíorasach a bheadh i gceist leis an Tuirc i ndáiríre, a roghnódh GKN Automotive agus/nó Melrose é, i mí na Nollag 2021, in éagmais Státchabhair san Ungáir. Mheas an Coimisiún nár thug an Ungáir bunús leordhóthanach leis an gcaoi a raibh athrú tagtha i mí na Nollag 2020, nuair a cuireadh an Tuirc i láthair an athuair mar shuíomh malartach, ar na rioscaí polaitiúla, ar rioscaí iad a sainaithníodh mar thoisc dhíspreagthach ar bhonn meastóireacht a rinneadh in 2019 (aithris (49)). Níor sholáthair an Ungáir anailís riosca mhionsonraithe, tuarascáil ná doiciméad eile maidir leis na measúnuithe a rinneadh in 2019, 2020 agus Eanáir 2021 ar na rioscaí polaitiúla agus oibriúcháin sa Tuirc, ná níor sholáthair an Ungáir mínithe leordhóthanacha maidir leis an bhfáth ar mheas Melrose agus/nó GKN Automotive nach raibh an staid pholaitiúil chomh luaineach i mí na Nollag 2020 ná in Eanáir 2021 agus a bhí in 2019 (aithrisí 143 agus 144 den Chinneadh Tosaigh). I bhfianaise thuairim GKN Automotive maidir leis an luaineacht pholaitiúil agus eacnamaíoch sa Tuirc ag deireadh 2021 agus na rioscaí méadaithe a braitheadh a bhí i gceist (33), d’ardaigh an Coimisiún amhras gur rogha réalaíoch infheistíochta a bhí sa Tuirc agus réamh-mheas sé go mbeadh infheistíocht déanta ag GKN Automotive san Ungáir in aon chás (aithrisí 78 agus 144 den Chinneadh Tosaigh). Cheistigh an Coimisiún freisin an bhunréasúnaíocht a bhí leis an mbreithniú i mí na Nollag 2021 gurbh í an Ungáir an rogha thosaíochta toisc go ndéanfadh dreasachtaí na hUngáire ‘buntáiste airgeadais rogha na Tuirce a fhritháireamh den chuid is mó’, ós rud é nach ndearnadh buntáiste airgeadais an tsuímh sa Tuirc (i dtéarmaí glanluach láithreach) a fhritháireamh ach go páirteach (níos lú ná 50 %) leis an gcabhair a chuir údaráis na hUngáire ar fáil (aithris 145 den Chinneadh Tosaigh).

2.9.2.   Amhras faoi chomhréireacht

(51)

Chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le comhréireacht mhéid na cabhrach i bhfianaise a amhrais maidir le héifeacht dreasachta, ach freisin i bhfianaise na héiginnteachta a bhain le méid na hinfheistíochta.

(52)

I bhfianaise mhéid na hinfheistíochta, thug an Coimisiún dá aire gur cosúil gur tháinig athrú mór ar mhéid táirgeachta réamh-mheasta an láithreáin atá le bunú faoin tríú babhta idir an chéad Bhabhta a trí agus Babhta nua a trí, ach nár leasaíodh na riachtanais i dtaobh talún agus foirgneamh, arb iad is bonn leis an gcaiteachas caipitiúil a breithníodh sa ghlanluach láithreach. Thug an Coimisiún dá aire freisin go bhfuil neamhréireachtaí i gceist idir an tréimhse ama arna breithniú i leith ríomh an ghlanluacha láithrigh agus an t-uainiú a léirítear i ndáil le tús a chur leis an táirgeadh agus acmhainneacht táirgeachta iomlán a bhaint amach, arna chur i láthair ag údaráis na hUngáire. Ina theannta sin, ós rud é (i) gur chosúil go raibh táirgeacht iarbhír an dá láithreán atá ann cheana a bhí le hathlonnú mar thoradh ar an Tionscadal Infheistíochta faoi bhun na hacmhainneachta a bhí i gceist leis an Tionscadal Infheistíochta agus (ii) gur chosúil go raibh cainníochtaí díolachán réamh-mheasta an Tionscadail Infheistíochta sna blianta táirgeachta iomláine, mar a léirítear san anailís ar ghlanluach láithreach, faoi bhun na hacmhainneachta a bhí i gceist leis an Tionscadal Infheistíochta, ní fhéadfadh an Coimisiún a dheimhniú gur caiteachas réalaíoch a bhí sa chaiteachas caipitiúil chun an Tionscadal Infheistíochta a chur ar bun. Sa chomhthéacs sin, ní fhéadfadh an Coimisiún a chur as an áireamh gur beartaíodh an Tionscadal Infheistíochta chun freastal ar aistrithe breise faoi raon feidhme Bhabhtaí a ceathair go dtí a sé den Straitéis. Mhínigh údaráis na hUngáire, áfach, nach bhfuil aon phlean coincréiteach ann i dtaobh na babhtaí sin a chur chun feidhme. Thug an Coimisiún dá aire freisin gur ghá costas níos ísle a chur san áireamh agus an glanluach láithreach á ríomh i gcás saoráid táirgthe ag a bhfuil acmhainneacht níos ísle arna coigeartú do na riachtanais díolacháin, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don bhearna glanluacha láithrigh idir an dá shuíomh agus a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an measúnú comhréireachta (aithris 165 den Chinneadh Tosaigh).

2.9.3.   Amhras i dtaobh éifeachtaí diúltacha míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil

(53)

I bhfianaise an amhrais a bhí air maidir le héifeacht dreasachta na cabhrach agus inchreidteacht an cháis fhrithfhíorasaigh, ní raibh an Coimisiún in ann teacht ar chonclúid maidir leis an easpa éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcabhair (Roinn 3.3.6. den Chinneadh Tosaigh), go háirithe maidir lena bhféadfadh an chabhair a bheith ina cúis leis an athlonnú (Roinn 3.3.6.4. den Chinneadh Tosaigh) agus maidir lena gcuideodh an chabhair le cothú ró-acmhainneachta, nó cothú ró-acmhainneachta a threisiú, i margadh a raibh dearbhmheath ag teacht air, agus éifeacht dhiúltach fhollasach a bheith aici ar an iomaíocht ina leith sin (Roinn 3.3.6.2. den Chinneadh Tosaigh).

3.   BARÚLACHA ÓN UNGÁIR MAIDIR LEIS AN gCINNEADH TOSAIGH

3.1.   Éifeacht dreasachta

(54)

Chuir an Ungáir isteach ráiteas i scríbhinn arna shíniú an 11 Aibreán 2024 ag an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin (‘POF’) atá ag GKN Automotive faoi láthair, a bhí ina Uachtarán ar Aonad Gnó na nGléasraí Cumhachta agus ina chomhalta de FF GKN Automotive tráth na cinnteoireachta i leith an Tionscadail Infheistíochta. Áitíonn an Ungáir gurb amhlaidh, mar gheall gur seach-chuideachta de chuid Melrose Group é GKN Automotive anois, nach bhfuil rochtain ag GKN Automotive a thuilleadh ar dhoiciméid a iar-mháthairchuideachta lena bhféadfaí bunús breise a thabhairt leis na ráitis a rinneadh le linn an réamh-imscrúdaithe agus an imscrúdaithe fhoirmiúil, agus dá bhrí sin d’iarr sí ar an gCoimisiún an ráiteas sínithe sin a chur san áireamh. Áitíonn an Ungáir gurb amhlaidh, leis an ráiteas sínithe sin, go soláthraíonn iarUachtarán Aonad Gnó na nGléasraí Cumhachta in GKN Automotive agus an comhalta de FF GKN Automotive cuimhne ar an bpróiseas cinnteoireachta maidir le suíomh an Tionscadail Infheistíochta, lena dtacaítear leis na hargóintí a chuir an Ungáir isteach cheana le linn an réamh-imscrúdaithe agus an imscrúdaithe fhoirmiúil. Go sonrach, tagraíonn an Ungáir do na heilimintí seo a leanas sa ráiteas: (i) ‘Níor ghlac Melrose, ná GKN Automotive, an cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh sa chruinniú’ an 12 Samhain 2020 agus ba é ‘an tuiscint shoiléir a bhí aige go raibh an tsaoirse ag GKN Automotive, ina iarracht an sprioc airgeadais arna forchur ag Melrose a bhaint amach, chun an suíomh a athrú mar a cuireadh i láthair san Iarraidh ar Chaiteachas Caipitiúil’; (ii) bheadh GKN Automotive ‘tar éis an Tuirc a roghnú, fiú i bhfianaise na rioscaí polaitiúla agus oibríochtúla a bhí sainaitheanta ag FF GKN Automotive i leith na Tuirce’‘i gcás ina measfadh FF GKN Automotive go bhfuil riosca ábhartha ann i leith fhormheas na cabhrach’.

3.1.1.   Raon feidhme shainordú GKN Automotive

(55)

Áitíonn an Ungáir gur infheisteoir airgeadais é Melrose agus, dá bhrí sin, gur mó an bhéim a chuireann sé ar thionchar airgeadais agus, go ginearálta, go mbreithníonn sé ‘tréimhsí ama i bhfad níos giorra i ndáil le tréimhsí aisíoca’ i dtaobh cistí a scaoileadh i gcomparáid le gnáthchuideachtaí monaraíochta a bhreithníonn, mar shampla, straitéisí fadtéarmacha agus cinntí infheistíochta á ndéanamh acu agus, dá bhrí sin, a bhíonn toilteanach glacadh le tréimhsí aisíoca níos faide. Measann an Ungáir nach féidir próisis chinnteoireachta gnáthchuideachtaí monaraíochta, mar is gnách leis an gCoimisiún a mheasúnú ina anailís chomhoiriúnachta ar chásanna eile ar tugadh fógra ina leith, a chur i gcomparáid le próisis chinnteoireachta infheisteoirí airgeadais.

(56)

Athdhearbhaíonn an Ungáir nach raibh Melrose freagrach as an gcinneadh maidir le suíomh ós rud é nach mbíonn sé rannpháirteach go díreach i gcinnteoireacht oibríochtúil a chuideachtaí punainne. Tá ról Melrose sa phróiseas cinnteoireachta teoranta d’fhormheas a thabhairt maidir le saincheisteanna a bhfuil ‘ardtábhacht ag baint leo i dtaobh na gné airgeadais de’. Dar leis an Ungáir, cumhachtaíonn Melrose foirne bainistíochta na gcuideachtaí punainne trí leas a bhaint as Beartas maidir le hÚdarás a Tharmligean, chun cinntí gnó a dhéanamh, mar shampla. Sa chomhthéacs sin, chuir an Ungáir isteach Beartas GKN maidir le hÚdarás a Tharmligean, doiciméad ina leagtar amach na teorainneacha formheasa le haghaidh ábhair a bhfuil údarú ag teastáil ina leith ar gach leibhéal bainistíochta, suas go dtí Melrose agus Melrose san áireamh agus, dar leis an Ungáir, (i) ina léirítear go bhfuil cumhachtaí Melrose dírithe den chuid is mó ar shaincheisteanna airgeadais, amhail caiteachas caipitiúil os cionn luach áirithe, cistiú agus slándáil, agus go ndéantar ábhair amhail acmhainní daonna, conarthaí dlí, conarthaí ceannaigh agus conarthaí le soláthróirí, comhairleoirí, sainchomhairleoirí agus gníomhairí díolacháin, praghsáil do chustaiméir agus conarthaí le custaiméirí a chinneadh go príomha in GKN Automotive, agus gan rannpháirtíocht Melrose ag teastáil ach amháin i gcás ina bhfuil ardtábhacht ag baint leis an ábhar ó thaobh na gné airgeadais de; agus (ii) nach mbaineann le cinntí oibríochtúla amhail dul i bhfód ar an margadh nó sonraíochtaí na n-athruithe ar an láithreacht mhonaraíochta (lena n-áirítear cinntí maidir le [haistriú gnó] agus bunú láithreán nua).

(57)

Áitíonn an Ungáir go ndéanann Melrose athbhreithniú ar mhórchinntí infheistíochta lena áirithiú go bhfuil siad leordhóthanach agus go gcomhlíonann siad táscairí feidhmíochta airgeadais a bhfuil coinne leo, amhail tréimhsí aisíoca. Níl aon riail fhoirmiúil ann lena leagtar síos tairseacha i dtéarmaí tréimhse aisíoca; ina ionad sin, bíonn tairseacha den sórt sin bunaithe ar an ngnáthchleachtas. Measann Melrose, ina ról mar infheisteoir airgeadais, gurb é an príomhchuspóir atá aige luach do scairshealbhóirí a uasmhéadú trí leithdháileadh caipitiúil a bhainistiú go docht, agus dearcadh daingean á ghlacadh aige maidir le brabúsacht airgeadais i gcás deiseanna atá le tapú nó le diúltú. Is gnách go ndéantar deiseanna a rangú bunaithe ar fhad a dtréimhse aisíoca. Chun doiciméadú a dhéanamh ar chleachtas inmheánach Melrose maidir le tréimhse aisíoca inghlactha tionscadal, tagraíonn an Ungáir do ríomhphost ó Melrose an 6 Lúnasa 2021, a cuireadh isteach i gcomhthéacs réamhscrúdú an Choimisiúin ar an gcabhair mar chuid de fhreagra ar iarraidh ar fhaisnéis ón gCoimisiún (aithris (3)), lena léirítear ‘… i gcás gnáth-threalamh caipitiúil, is gnách linn breathnú ar infheistíochtaí a bhfuil tréimhse aisíoca faoi bhun [2,1 – 2,9] bliain acu. I gcás ceannacháin níos mó, d’fhéadfaimis rud éigin beagán níos faide a bhreithniú ach ní bhreithneoimis aon rud ag a bhfuil tréimhse aisíoca os cionn [4,5 – 5,4] bliain – is teorainn dhocht é sin dúinn agus ní bheadh sé tarraingteach i bhfianaise na srianta ar […]. Cé nach bhfuil aon rud doiciméadaithe, tá cuntas teiste láidir againn maidir leis an mbeartas ginearálta sin a chomhlíonadh agus is cinnte nach bhfuilim in ann cuimhneamh ar aon chásanna inar formheasadh tréimhse aisíoca níos faide ná [4,5 – 5,4] bliain’.

(58)

Is iad comhlachtaí cinnteoireachta Melrose Bord Stiúrthóirí Melrose, an comhlacht cinnteoireachta dlíthiúla is airde, atá freagrach as bainistíocht straitéiseach Melrose agus a fhochuideachtaí uile, agus Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus Lucht Bainistíochta Melrose, an comhlacht atá freagrach as bainistíocht laethúil Melrose agus as formhaoirseacht airgeadais a dhéanamh ar a fhochuideachtaí, amhail straitéis, buiséid, pleananna gnó, infheistíochtaí móra agus cinntí ábhartha eile a fhormheas. Sa chomhthéacs sin, soiléiríonn an Ungáir gurbh iad Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus Lucht Bainistíochta Melrose an t-eintiteas in Melrose a raibh sé d’inniúlacht aige buiséad an Tionscadail Infheistíochta a fhormheas.

(59)

Áitíonn an Ungáir gur úsáideadh lonnú an Tionscadail Infheistíochta san Ungáir mar hipitéis oibre sa chás gnó a cuireadh faoi bhráid Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus Lucht Bainistíochta Melrose an 12 Samhain 2020, mar gheall ar rátáil fhabhrach na tíre sa scórchárta roghnúcháin suímh ar an leibhéal tíre (beagán taobh thiar den Pholainn) agus ar an leibhéal réigiúnach (níos fearr ná aon réigiún Eorpach eile, lena n-áirítear réigiúin sa Pholainn). D’aithin Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus Lucht Bainistíochta Melrose an gá straitéiseach go ndéanfadh GKN Automotive comhdhlúthú ar a láithreacht san Eoraip chun an t-iomaíochas fadtéarmach a dhaingniú, agus d’aithin siad an gá a bhí ann le formheas tosaigh ar na cistí ionas go mbeadh FF GKN Automotive in ann dul ar aghaidh leis an tionscadal. Dá bhrí sin, thug an t-eintiteas sin a fhormheas tosaigh i leith an chistiúcháin. Mar a áitíonn an Ungáir, an tráth céanna, cheistigh Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus Lucht Bainistíochta Melrose an tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana ar faide í ná an tairseach [4,5 – 5,4] bliain agus d’iarr siad ar FF GKN Automotive an ghné airgeadais den chás gnó a dhéanamh níos tarraingtí chun an tairseach sin a chomhlíonadh. Sa chomhthéacs sin, mar a áitíonn an Ungáir, bhí ar GKN Automotive athmhachnamh a dhéanamh ar raon feidhme an tionscadail, agus, dá bhrí sin, ar an suíomh, mar bhealach chun aghaidh a thabhairt ar an iarraidh ó Melrose. Ar an mbonn sin, chuir FF GKN Automotive de chúram ar fhoireann an tionscadail um roghnú láithreáin (34) féachaint ar mhionsonraí an cháis ina dtabharfaí faoin Tionscadal Infheistíochta sa Tuirc.

(60)

Míníonn an Ungáir nach bhfuil aon mhiontuairiscí cruinnithe ann ó chruinniú an 12 Samhain 2020. Cuireann an Ungáir isteach ráiteas i scríbhinn maidir leis an gcruinniú sin, a ullmhaíodh i mí Eanáir 2023, agus ar shínigh rannpháirtithe Melrose agus GKN Automotive sa chruinniú sin é an 10 Feabhra 2023, chun soiléiriú a dhéanamh ar chineál an phlé agus na gcinntí a rinneadh le linn na coda den chruinniú a bhain leis an Athbhreithniú ar Chás Gnó [an Tionscadail Infheistíochta] (‘miontuairiscí cúlghabhálacha chruinniú an 12 Samhain 2020’). De réir an ráitis sin, le linn an chruinnithe sin, ‘ardaíonn [comhalta de Melrose] ábhair imní maidir le hinmharthanacht airgeadais an cháis gnó ar an mbonn gur faide an tréimhse aisíoca ná [4,5 – 5,4] bliain. Mhínigh sé go bhfágfadh tréimhse fhada aisíoca go bhféadfadh sé nach bhfaigheadh Melrose Industries toradh iomlán ar a n-infheistíocht airgid ar an tionscadal le linn a dtréimhse úinéireachta. Mar sin féin, d’aontaigh rannpháirtithe uile an chruinnithe go raibh an tionscadal riachtanach ar an leibhéal straitéiseach chun gnó GKN Driveline a choinneáil slán i bhfad na haimsire, d’ainneoin nach raibh an tréimhse aisíoca chomh tarraingteach agus a mheasfaí de ghnáth a bheith inghlactha. Tar éis plé a dhéanamh, chuir ionadaithe Melrose Industries in iúl gur fhormheas siad cás gnó an tionscadail, rud a d’fhág go bhféadfaí dul ar aghaidh leis an tionscadal ar bhonn an bhuiséid tionscadail. Chuir siad de chúram ar fhoireann GKN Automotive, áfach, féachaint arís ar thoimhdí an tionscadail chun bealaí a shainaithint chun tréimhse aisíoca an tionscadail a laghdú faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain trí luach a mhéadú agus/nó trí chostas a laghdú’.

(61)

Chuir an Ungáir isteach ríomhphost an 9 Nollaig 2020 ó Melrose chuig GKN Automotive a raibh an ICC sínithe i gceangal leis, ina bhfuil an méid seo a leanas: ‘tabhair do d’aire na barúlacha seo a leanas: Mar a phléitear san athbhreithniú ar an mbuiséad, aontaímid leis an gcoincheap/leis an mórphictiúr. Dá bhrí sin, tá an fhoirm sínithe againn. Ní formheas iomlán é sin, áfach, chun GBP [220 – 400]m a chaitheamh. Tá coinne againn leis go gcoimeádfar ar an eolas muid de réir mar a théann gach eilimint chun cinn agus de réir mar a éiríonn an cás gnó níos soiléire, mar shampla is beag nach cinnte nach é GBP […]m le haghaidh […] an uimhir dheiridh etc.Mar sin coimeád ar an eolas muid maidir le gach eilimint, agus déan miondealú de réir mar is cuí – b’fhéidir ar leithligh le haghaidh gach céime a shainaithin sibh’. Áitíonn an Ungáir gur sonraíodh go soiléir sa ríomhphost sin coinníollacha maidir le formheas ó Melrose ar an gcás gnó. Níor sholáthair Melrose ‘formheas iomlán chun GBP [220 – 400]m a chaitheamh’ agus d’fhormheas Melrose an iarraidh toisc gur aontaigh sé ‘leis an gcoincheap/an mórphictiúr’ ach bhí coinne aige leis go gcoimeádfaí ar an eolas é ‘de réir mar a théann gach eilimint chun cinn agus de réir mar a éiríonn an cás gnó níos soiléire’.

(62)

Aontaíonn an Ungáir leis an mbarúil ón gCoimisiún in aithris 128 den Chinneadh Tosaigh go bhféadfaí a thuiscint ó fhriotal na nótaí cruinnithe agus dhoiciméad ullmhúcháin chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020 gurbh é Melrose an comhlacht cinnteoireachta i ndáil le láithreán a roghnú le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta. I gcomhthéacs na mínithe a soláthraíodh maidir le rannpháirtíocht Melrose i gcinnteoireacht a chuideachtaí punainne (aithris (56)), áfach, áitíonn an Ungáir nár cheart na tagairtí uile d’fhormheas Melrose maidir le roghnú talún i nótaí cruinnithe agus doiciméad ullmhúcháin chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020 a mheas ach amháin i gcomhthéacs níos leithne an athbhreithnithe fhoriomláin ar an gcás gnó agus gur cheart iad a léamh mar ‘dhoiciméad le haghaidh fhormheas Melrose ar an gcás gnó inarb é an hipitéis oibre gurb í an Ungáir suíomh na hinfheistíochta’. Ní léirítear sna doiciméid sin ach an plé laistigh de FF GKN Automotive. Ba é FF GKN Automotive a mhol an rogha an Tionscadal Infheistíochta a shaothrú san Ungáir mar chuid den chás gnó foriomlán a cuireadh faoi bhráid Melrose an 12 Samhain 2020. Déantar doiciméadú sa chur i láthair don chruinniú sin ar an bhfaisnéis a cuireadh faoi bhráid Melrose ar an dáta sin, ina léirítear gur iarr FF GKN Automotive ar a scairshealbhóir cinneadh a dhéanamh ‘Cás gnó [an Tionscadail Infheistíochta] le tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana a fhormheas…’. Míníonn an Ungáir nár iarr FF GKN Automotive go ndéanfaí an Ungáir a fhormheas mar shuíomh infheistíochta.

(63)

Míníonn an Ungáir go ndearna GKN Automotive teagmháil le gnólacht comhairliúcháin chun tacaíocht sheachtrach a lorg maidir le suíomh agus seirbhísí a bhaineann le dreasachtaí. Chuir údaráis na hUngáire isteach iarraidh ar sheirbhís a seoladh chuig an ngnólacht comhairliúcháin an 27 Samhain 2020, ina léirítear o soiléir, dar leo, gurb é an tuiscint a bhí ag an bhfoireann um Roghnú Láithreáin an tráth sin ‘nach ndearnadh aon chinneadh cinnte maidir leis an tionscadal ná maidir le láithreán’. Áitíonn an Ungáir go léirítear freisin leis an iarraidh sin ar sheirbhísí nach ndearnadh aon chinneadh maidir le suíomh, rud a threisítear le cruinniú a cuireadh ar bun an 16 Samhain 2020 – 2 lá oibre tar éis do Melrose an cás gnó le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta a cheistiú – ag ar phléigh foireann an tionscadail um roghnú láithreáin conas inmharthanacht airgeadais an tionscadail a fheabhsú, lena n-áirítear imscrúdú ar shuíomhanna malartacha féideartha (aithris 59 den Chinneadh Tosaigh).

(64)

Rinne an Ungáir trácht freisin ar bharúil an Choimisiúin, in aithris 134 den Chinneadh Tosaigh, go ndealraíonn sé go raibh na doiciméid iarratais ar chabhair a cuireadh faoi bhráid údaráis na hUngáire faoi réir fhormheas Melrose freisin. Áitíonn an Ungáir gurb amhlaidh go deimhin go bhfuil tagairt den sórt sin sa chur i láthair le haghaidh an chruinnithe maidir le Cinneadh um Roghnú Talún an 29 Eanáir 2021. Bhain an tagairt sin, áfach, le togra ó fhoireann an tionscadail um roghnú láithreáin chuig FF GKN Automotive, lena raibh foireann an tionscadail um roghnú láithreáin ‘ag iarraidh íogaireacht Melrose a thástáil maidir le rannpháirtíocht aon gheallsealbhóra pholaitiúil’. Bhí foireann an tionscadail um roghnú láithreáin ag lorg treorach ó FF GKN Automotive maidir leis na doiciméid iarratais ar chabhair a roinnt le Melrose. Áitíonn an Ungáir nár eascair cúram as an togra sin, mar a cuireadh i láthair sna miontuairiscí cruinnithe, áit nár luadh an t-athbhreithniú a rinne Melrose ar dhoiciméid maidir le hiarratais ar chabhair.

(65)

Áitíonn an Ungáir freisin go léirítear leibhéal rannpháirtíochta Melrose sa tionscadal leis na foirmlithe ó chuir i láthair agus ó mhiontuairiscí cruinnithe a bhaineann le cruinnithe de chuid FF GKN Automotive, agus athdhearbhaíonn sí a seasamh nach ndearna Melrose cinneadh maidir leis an suíomh. Mar shampla, sa chruinniú an 29 Eanáir 2021, tá sé beartaithe ag FF GKN Automotive ‘an cinneadh críochnaitheach agus an toradh a bhí ar cheistiú an cháis gnó a ailíniú le Melrose’. Fágann sé sin gur cheart an cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh arna dhéanamh ag FF GKN Automotive a chur in iúl do Melrose mar chuid den athbhreithniú ar an gcás gnó. Sna miontuairiscí cruinnithe, ina bhfuil conclúidí a baineadh as an gcruinniú, ní luaitear Melrose in aon ghníomhphointe ar chor ar bith. Sna miontuairiscí ón gcruinniú an 9 Nollaig 2021, ina ndearnadh an cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh, dar leis an Ungáir, luadh nach mór do FF GKN Automotive ‘Melrose a chur ar an eolas faoin gconclúid i dtaobh cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh’. Áitíonn an Ungáir gur léir go bhfágann sé sin gurb é FF GKN Automotive amháin a rinneadh an cinneadh, gan aon fhormheas ó Melrose.

(66)

Ar deireadh, áitíonn an Ungáir gurb amhlaidh, dá mba rud é gurbh é Melrose an cinnteoir deiridh, go stopfadh sé GKN Automotive ó imscrúdú a dhéanamh ar shuíomh malartach féideartha le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta sa Tuirc, ionas nach gcuirfí acmhainní amú. Go deimhin, in ainneoin gur choinnigh POF GKN Automotive agus FF GKN Automotive ar an eolas é, níor chuir Melrose lámh sa chás chun stop a chur leis an imscrúdú ar an suíomh malartach. Tugtar le fios leis sin gurb amhlaidh, dá mba rud é gur tháinig FF GKN Automotive ar an gconclúid gurbh í an Tuirc an rogha thosaíochta, go mbeadh Melrose toilteanach féachaint arís ar an gcinneadh.

3.1.2.   An tréimhse aisíoca a raibh coinne ag Melrose léi

(67)

Áitíonn an Ungáir gur fianaise chomhaimseartha iad miontuairiscí cúlghabhálacha chruinniú an 12 Samhain 2020 agus ríomhphost ó Melrose an 6 Lúnasa 2021 ar an sprioc airgeadais i dtaobh tréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain a bhí le comhlíonadh ag an Tionscadal Infheistíochta tráth an chinnidh infheistíochta agus an chinnidh maidir le suíomh.

(68)

Maidir le réamhthuairim an Choimisiúin ‘nach é an tréimhse aisíoca an t-aon ábhar breithnithe amháin i leith cinnteoireachta agus nár ghá meastóireacht a dhéanamh uirthi ar leibhéal na mbabhtaí aonair’ in aithris 136, pointe (a) den Chinneadh Tosaigh, áitíonn an Ungáir go ndearnadh meastóireacht ina n-aonar ar na tionscadail uile a eascraíonn as an Straitéis. Cé go bhfuil gné éigin de shochar airgeadais iomlán na Straitéise nach mbainfí tairbhe aisti ach amháin dá gcuirfí an Straitéis iomlán – nó an chuid is mó di ar a laghad – chun feidhme (e.g. sochar iomlán caipitil oibre), d’fhéadfaí na babhtaí a mheas ar leithligh i dtaca lena gcur chun feidhme agus sin é a rinneadh. Le sé bhabhta na Straitéise, soláthraítear an bonn le haghaidh measúnú indéantachta níos mionsonraithe agus, le himeacht ama, le haghaidh bunú agus formheas tionscadal ar leithligh a bheidh le cur chun feidhme faoi chuimsiú na mbabhtaí. Mar shampla, thagair an Ungáir don tionscadal ‘[tionscadal infheistíochta A]’, a formheasadh cheana i mí Aibreáin 2019 le ríomh i dtaobh tréimhse aisíoca a bhaineann go sonrach leis an tionscadal sin. Dá réir sin, rinneadh meastóireacht ina n-aonar ar gach tionscadal eile a d’eascair as an Straitéis. Áitíonn an Ungáir freisin go raibh an tréimhse aisíoca in aghaidh an tionscadail cinntitheach i leith gach tionscadail a cuimsíodh sna babhtaí. Sa chomhthéacs sin, sholáthair an Ungáir tábla achoimre (35) ina liostaítear ceithre thionscadal, a raibh trí cinn acu i mBabhta a haon den Straitéis agus a raibh baint ag ceann eile acu le tionscadal eile (36). Tréimhsí aisíoca [3,1 – 4,2], [3,5 – 4,4], [2,2 – 2,9] agus [2,5 – 3,1] bliain faoi seach atá ag na tionscadail sin, rud a léiríonn, de réir na hUngáire, gur measa í tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana an Tionscadail Infheistíochta ‘ná aon tionscadal Eorpach eile i bpunann tionscadal na cuideachta le déanaí’.

(69)

Rinne an Ungáir trácht freisin ar na ráitis ón gCoimisiún in aithris 136, pointe (b) den Chinneadh Tosaigh inar sonraíodh, i gcás na nuashonruithe éagsúla ar an gcás gnó le haghaidh Bhabhta nua a trí, gurb amhlaidh i gcónaí gurbh fhaide an tréimhse aisíoca ná [4,5 – 5,4] bliain agus, sa doiciméad ullmhúcháin do chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020, go raibh tagairt do spriocthréimhse uasta aisíoca [5,6 – 7,2] bliain. Áitíonn an Ungáir gur tháinig athrú ar an gcur chuige (Babhta nua a trí) mar gheall ar an ngá a bhí ann feabhas a chur ar thréimhse aisíoca Bhabhta a trí (le tréimhse aisíoca [7,5 – 11] bhliain sa chás gnó tosaigh ón mbun aníos). Tar éis an cur chuige a athrú, lena n-áirítear an líon láithreán nua a theorannú go láithreán amháin, laghdaíodh tréimhse aisíoca an tionscadail go hinmheánach go [raon idir 5 – 7] mbliana, rud ‘nárbh ionann é ach raon dóchúil thréimhse aisíoca an cháis gnó atá faoi réir roinnt príomhthoimhdí’. Míníonn an Ungáir, i ndáil leis an spriocthréimhse faoi bhun [5,6 – 7,2] bliain a luaitear sa doiciméad ullmhúcháin do chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020‘gurb é cúram inmheánach fhoireann tionscadail GKN é tionscadal a chur i gcrích le gnéithe airgeadais nach measa ná [5,6 – 7,2] bliain’ ach gurb é [4,5 – 5,4] bliain an ghnáth-thairseach airgeadais i gcás tionscadail a bhfuil raon feidhme comhchosúil acu a bhíonn le formheas ag Melrose. Cuireann an Ungáir leis sin agus í á rá freisin go raibh FF GKN Automotive ar an eolas faoin gceanglas sin agus formheas an ICC á iarraidh go foirmiúil aige, rud a d’fhág sa chás seo go raibh tuilleadh athbhreithnithe le déanamh ar an gcás gnó. Chun bunús a thabhairt le feasacht FF GKN Automotive, tagraíonn an Ungáir don tábla ina soláthraítear an tréimhse aisíoca i dtionscadail eile de chuid GKN Automotive a luaitear in aithris (68).

(70)

Maidir leis na ráitis ón gCoimisiún in aithris 136, pointe (c) den Chinneadh Tosaigh ina ndírítear aird air nach raibh aon fhreagairt ón bPríomhoifigeach Airgeadais (‘POA’) ar an dréachtchur i láthair le haghaidh an athbhreithnithe ar chás gnó Melrose an 10 Samhain 2020, inar tagraíodh go soiléir do thréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana, míníonn an Ungáir nach raibh coinne leis go ndéanfadh an POA trácht ar ábhar réamhléite den sórt sin, ós rud é go raibh sé páirteach – go dtí an nóiméad sin – i sraith pléití chun cruinniú sin an 12 Samhain 2020 a ullmhú, pléití a raibh athbhreithniú ar an tréimhse aisíoca i gceist leo. Tagraíonn an Ungáir don réamh-athbhreithniú is déanaí ar na gnéithe airgeadais roimh chruinniú an 12 Samhain 2020 a bhí ar siúl an 30 Deireadh Fómhair 2020, agus sholáthair sí cuireadh chuig cruinniú ar líne an 30 Deireadh Fómhair 2020 agus cur i láthair dar teideal ‘Athbhreithniú ar an gCás Gnó: [Tionscadal Infheistíochta]’. Dar leis an Ungáir, tar éis chruinniú an 12 Lúnasa 2020, ní raibh FF GKN Automotive in ann an tréimhse aisíoca a laghdú agus dá bhrí sin cuireadh i láthair í mar thréimhse [5,5 – 7,5] bliain ag cruinniú réamh-athbhreithnithe an 30 Deireadh Fómhair 2020. Míníonn an Ungáir go bhféadfaí an tréimhse aisíoca a laghdú tar éis plé leis an POA, a raibh coinne aige é a laghdú faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain. Bunaithe ar an bplé sin, d’oibrigh foireann an tionscadail um roghnú láithreáin chun roinnt feabhsuithe breise a dhéanamh ar na gnéithe airgeadais, rud a thug ar FF GKN Automotive an tréimhse aisíoca a laghdú go [5,4 – 7] mbliana, mar a cuireadh i láthair Melrose í an 12 Samhain 2020.

(71)

Meabhraíonn an Ungáir gurbh é cuspóir na Straitéise iomaíochas GKN Automotive a chosaint i dtimpeallacht mhargaidh atá ag éirí níos iomaíche trí chomhdhlúthú a dhéanamh ar a láithreacht táirgthe san Eoraip, láithreacht atá neamhéifeachtúil, scaipthe, agus trína acmhainneacht táirgeachta a aistriú chuig suíomhanna níos costéifeachtaí. Dá bhrí sin, ‘thuig GKN Automotive go raibh ar an gCuideachta dul ar aghaidh leis an Tionscadal Infheistíochta chun bheith iomaíoch ó thaobh praghais de, chun bheith in ann gnó nua a mhealladh ar thaobh amháin agus chun freastal ar ionchais airgeadais an scairshealbhóra ar an taobh eile’. Áitíonn an Ungáir freisin gurb amhlaidh, in ainneoin nach raibh an tréimhse aisíoca faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain, ‘go raibh imní ar FF GKN Automotive faoin tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag moill ar amlíne fhoriomlán an tionscadail – agus i bhfianaise chineál straitéiseach tábhachtach an tionscadail, chinn sé dul ar aghaidh agus an cás gnó a phlé le Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus Lucht Bainistíochta Melrose an 12 Samhain 2020 fiú i gcomhthéacs tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana.’. Maidir le cruinniú an 12 Samhain 2020 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás gnó, deir an Ungáir freisin gur ‘aontaigh rannpháirtithe uile an chruinnithe ar an ngá straitéiseach an tionscadal a chur chun feidhme chun todhchaí ghnó GKN Driveline a áirithiú, d’ainneoin nach raibh an tréimhse aisíoca chomh tarraingteach agus a mheasfaí de ghnáth a bheith inghlactha’. Cheistigh Melrose an cás gnó, áfach, agus thug sé treoir do GKN Automotive féachaint le tuilleadh feabhais a chur ar an ngné airgeadais. Ós rud é go ndearnadh athmhachnamh agus feabhsú ar na toimhdí airgeadais roinnt uaireanta cheana, ní raibh FF GKN Automotive in ann an tréimhse aisíoca a laghdú a thuilleadh gan athrú bunúsach a dhéanamh ar na príomhthoimhdí, i.e., gan suíomh féideartha eile a mheas. Áitíonn an Ungáir freisin gur chinn FF GKN Automotive, bunaithe ar phléití inmheánacha roimhe sin agus ar mhalartuithe rialta le Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus Lucht Bainistíochta Melrose, imscrúdú a dhéanamh ar shuíomh sár-ísealchostais chun féachaint an ann do chás gnó níos tarraingtí ó thaobh na gné airgeadais de. Mar thoradh air sin, d’fhorbair foireann an tionscadail um roghnú láithreáin an rogha faoina ndéanfaí infheistíocht sa Tuirc, an rogha mhalartach i dtaobh suíomh sár-ísealchostais, agus go háirithe leathnú a dhéanamh ar an oibríocht atá in Eskişehir cheana. De réir na hUngáire, choinnigh POF GKN Automotive Melrose cothrom le dáta maidir le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an rogha mhalartach sin.

(72)

Maidir leis an easpa fianaise ar ríomh nó breithniú i dtaobh tréimhse aisíoca i leith na suíomhanna malartacha (an Tuirc, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSeirbia nó Maracó), ar suíomhanna iad a ndearnadh iad a mheas, de réir na hUngáire, sular cinneadh an Tuirc a chur chun cinn mar an t-aon suíomh malartach amháin (aithris 136, pointe (d) den Chinneadh Tosaigh), áitíonn an Ungáir nach raibh coinne le tairbhí móra airgeadais mar thoradh ar fhéachaint ar na suíomhanna a cuireadh sa dara háit sa mheasúnú tosaigh ar thíortha (an Pholainn agus an tSlóvaic) toisc go raibh a gcostais inchomparáide le costais na hUngáire agus toisc gur measadh nach raibh suíomhanna eile sár-ísealchostais, nach raibh oibríochtaí ag GKN iontu cheana, chomh réadúil ná chomh hinmharthana ó thaobh cinnteoireacht thapa de.

(73)

Maidir leis an Tuirc a thabhairt isteach gan aon mheasúnú i dtéarmaí tréimhse aisíoca (aithris 136, pointe (e) den Chinneadh Tosaigh), cuireann an Ungáir i dtábhacht an difríocht idir an dá shruth oibre seo a leanas, a bhfuil a mhodheolaíocht mheastóireachta féin ag gach ceann acu: (i) ‘réamhcheadú ginearálta cistiúcháin’ (scaoileadh cistiúcháin) le haghaidh Bhabhta nua a trí den chlaochlú láithreachta i mí na Samhna 2020 agus (ii) ceistiú an cháis gnó, as ar eascair tuilleadh anailíse ar an suíomh. Bhí an chéad sruth oibre bunaithe ar mhodh na tréimhse aisíoca agus úsáideadh ‘suíomh arna thoimhdiú’ chun cistiú a scaoileadh. I gcás an dara sruth oibre, baineadh leas as modh an ghlanluacha láithrigh, a raibh an chuma air go raibh sé níos oiriúnaí don chinnteoireacht fhadtéarmach, toisc gur fhág an chomparáid idir glanluachanna láithreacha go bhféadfaí a theacht ar thuiscint níos caolchúisí ar thionchar na sreafaí airgid a raibh coinne leo sa dá shuíomh. Cuireadh an chuideachta ar an eolas freisin gurbh é comparáid idir glanluachanna láithreacha an cur chuige caighdeánach is gá chun ceanglas cistiúcháin a léiriú, atá ábhartha i leith cabhair réigiúnach.’. Mhínigh an Ungáir go bhfuil Melrose, ina ról mar infheisteoir airgeadais, ag iarraidh airgead a infheistiú, a aisghabháil agus a ath-infheistiú chomh tapa agus is féidir, agus dá bhrí sin gurb í an tréimhse aisíoca a úsáideann sé agus cinneadh á dhéanamh aige. Dá bhrí sin, bhí sé d’oibleagáid ar GKN Automotive an tréimhse aisíoca a ríomh chun an formheas a fháil i leith an mhaoinithe. An tráth céanna, tar éis do GKN Automotive an formheas a fháil, agus toisc gur gnáthchuideachta mhonaraíochta é a bhí ag lorg cur chuige níos fadtéarmaí i leith infheistíocht i dtionscadail agus a fhéachann le cothromaíocht níos fearr a bhaint amach i ndáil le tionscadail agus infheistíochtaí ionas go bhfreastalófar ar a riachtanais mheántéarmacha agus fhadtéarmacha, bhain sé leas i mí Eanáir 2021 as modheolaíocht an ghlanluacha láithrigh ‘chun toimhde i dtaobh suímh a dheimhniú le haghaidh an tionscadail, agus ní chun an cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh a dhéanamh’. Áitíonn an Ungáir freisin go ndearnadh ionadú ar an gcur i láthair do chruinniú an 29 Eanáir 2021 leis an gcur i láthair le haghaidh chruinniú an 9 Nollaig 2021, agus go raibh tuairisc níos cuimsithí sa dara cruinniú sin ina ndearnadh comparáid idir tréimhsí aisíoca agus glanluachanna láithreacha an dá shuíomh deiridh, rud ar ar bunaíodh an cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh a rinneadh an 9 Nollaig 2021, faoina nglacfadh an Ungáir leis go soláthrófaí an méid iomlán cabhrach lena bhféadfaí an tairseach aisíoca [4,5 – 5,4] bliain a chomhlíonadh, agus tosca airgeadais agus neamhairgeadais araon á gcur san áireamh. Is gnách le GKN Automotive leas a bhaint as an nglanluach láithreach i gcomhthéacsanna eile amhail gnó nua a fháil. I ndáil leis sin, cuireann an Ungáir in iúl don Choimisiún gurb amhlaidh, i gcás tionscadail mhóra infheistíochta eile, inar ghnáthchuideachtaí monaraíochta iad na tairbhithe, gur ar bhonn ríomhanna glanluacha láithrigh a rinneadh na cinntí, agus ní ar bhonn tréimhsí aisíoca.

(74)

Measann an Ungáir, dá bhrí sin, gur cosúil nach bhfuil modh na tréimhse aisíoca chomh hiomchuí céanna le haghaidh cinntí straitéiseacha fadtéarmacha agus creideann sí gur fearr a chuir an anailís ar ghlanluach láithreach ar a gcumas do lucht ceannaireachta GKN Automotive a theacht ar thuiscint ar chostais agus tairbhí a bhaineann go sonrach le suíomhanna chomh maith le nithe a spreagfadh feidhmíocht ar feadh shaolré iomlán an tionscadail. Dar leo, ní raibh sé riachtanach ná ceart leas a bhaint as modh na tréimhse aisíoca san anailís ar an suíomh a rinneadh tar éis do Melrose an cás gnó le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta a cheistiú.

(75)

Maidir le barúil an Choimisiúin nár cuireadh san áireamh sa tréimhse aisíoca a áirítear in ICC mhí na Samhna 2020 ioncam ó dhíol talún agus foirgneamh sa dá shaoráid táirgthe atá ann cheana agus a bhí le hathlonnú san Ungáir (aithris 136, pointe (f) den Chinneadh Tosaigh), áitíonn an Ungáir gur gnáthchleachtas in GKN Automotive é gan na heilimintí sin a mheas i gcásanna gnó tionscadail. Maidir le gan méid cabhrach na tairisceana cabhrach táscaí a bheith san áireamh san ICC, áitíonn an Ungáir gur ghníomhaigh GKN Automotive go stuama toisc nár measadh, tráth an athbhreithnithe ar an gcás gnó, gur rud cinnte a bhí sa chabhair. Ina theannta sin, mar a áitíonn an Ungáir, bhí GKN Automotive ar an eolas gurb amhlaidh, mar gheall ar a athlonnú beartaithe ó láithreáin Eorpacha eile, go mbeadh gá le formheas ón gCoimisiún i leith aon chabhrach.

(76)

Is é conclúid na hUngáire é gur chritéar cinntitheach í an tréimhse aisíoca [4,5 – 5,4] bliain maidir leis an mbeart ar tugadh fógra ina leith. Ba léir go raibh coinne ag Melrose le feabhas a chur ar an tréimhse aisíoca (i.e., fanacht faoin tairseach aisíoca [4,5 – 5,4] bliain). Rinne FF GKN Automotive an cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh i dtaobh infheistíocht a dhéanamh san Ungáir an 9 Nollaig 2021, níos mó ná bliain tar éis cheistiú an cháis gnó tosaigh an 12 Samhain 2020. An 9 Nollaig 2021, bhí coinne leis go mbeadh tréimhse aisíoca [4,4 – 5,3] bliain (faoi bhun na sprice [4,5 – 5,4] bliain) ina toradh ar an Tionscadal Infheistíochta san Ungáir agus na dreasachtaí san áireamh (agus tréimhse aisíoca [5,5 – 7,1] bliain gan dreasachtaí). Ós rud é gur éirigh le FF GKN Automotive fanacht faoi bhun na tairsí [4,5 – 5,4] bliain i dtaobh tréimhse aisíoca. lenar comhlíonadh, dá bhrí sin, iarraidh an scairshealbhóra ó cheistiú an cháis gnó an 12 Samhain 2020, ní raibh air formheas breise a iarraidh ar Melrose, agus ní dhearna sé ach Melrose a chur ar an eolas faoin suíomh críochnaitheach.

(77)

Ar deireadh, cuireann an Ungáir in iúl gur cúis imní di toimhdí an Choimisiúin gur ghá beartas infheistíochta foirmiúil a bheith i bhfeidhm chun go mbeadh Melrose in ann an cás gnó le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta a cheistiú. Fiú mura raibh aon bheartas infheistíochta foirmiúil ann lena n-éilíodh tréimhse aisíoca faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain, mar a thoimhdíonn an Coimisiún, d’fhéadfadh Melrose, i gcáil úinéara, fós a bheith in ann iarraidh ar GKN Automotive inmharthanacht airgeadais an Tionscadail Infheistíochta a fheabhsú.

3.1.3.   Tabhairt isteach na Tuirce mar an t-aon chás frithfhíorasach

(78)

Áitíonn an Ungáir gurb amhlaidh, d’fhonn an tréimhse aisíoca a laghdú a thuilleadh tar éis do Melrose an cás gnó a cheistiú, go raibh ar GKN Automotive na príomhthoimhdí a athrú ó bhonn agus, dá bhrí sin, suíomh féideartha eile a mheas trí imscrúdú a dhéanamh ar shuíomh sár-ísealchostais chun féachaint an raibh cás gnó níos tarraingtí ann. Sa chomhthéacs sin, rinneadh próiseas roghnúcháin ilchéime ina ndearnadh anailís ar chostais a bhain go sonrach le suíomh, inar cuireadh as a áireamh tíortha ísealchostais eile a breithníodh roimhe sin (toisc go raibh a gcostais inchomparáide le costais na hUngáire), inar breithníodh suíomhanna sár-ísealchostais agus inar roghnaíodh suíomh sár-ísealchostais ina bhféadfaí an Tionscadal Infheistíochta a chur chun feidhme go réalaíoch sa tréimhse ama ba ghá.

(79)

Áitíonn an Ungáir go raibh sé sainaitheanta, tráth a dréachtaíodh an Straitéis, gur ag an Tuirc a bhí an cóimheas costais/ioncaim ab ísle i measc na láithreán a bhí ag GKN Automotive cheana. I mí na Samhna 2020, nuair a d’iarr Melrose go gcuirfí feabhas ar an tréimhse aisíoca, measadh gur rogha thosaíochta í an Tuirc le fiosrú a dhéanamh uirthi. Níor measadh gur roghanna tosaíochta iad an Pholainn ná an tSlóvaic, tíortha a bhí ar an ngearrliosta roimhe sin, toisc go mbeadh costais inchomparáide i gceist leis na hinfheistíochtaí sna suíomhanna sin agus a bheadh le costais i gcás infheistíocht san Ungáir. Maidir le roghanna eile sár-ísealchostais amhail an tSeirbia, Maracó, an Rómáin agus an Bhulgáir, a ndearnadh iad uile a mheas go pointe áirithe, dar leis an Ungáir, ag céimeanna éagsúla den phróiseas um roghnú suímh, bheadh gá le hiarracht bhreise a d’fhágfadh go gcuirfí leis an tréimhse ama sula bhféadfaí cinntí a dhéanamh agus, sa deireadh, tús a chur leis an táirgeadh. Ag an gcéim sin den tionscadal, ní raibh indéanta ach infheistíocht sa Tuirc, sa réigiún ina raibh GKN Automotive ag feidhmiú cheana, i bhfianaise foireann áitiúil a bheith ann a d’fhéadfadh an amlíne a raibh coinne léi le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta a chomhlíonadh. Cé go raibh an oibríocht a bhí sa Tuirc cheana teoranta i dtéarmaí méideanna, bhí feidhmíocht oibríochtúil an-mhaith léirithe go leanúnach i leith an láithreáin agus bhí sé an-iomaíoch ó thaobh costais de i gcomparáid le láithreáin eile a bhí ag GKN Automotive cheana, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé a bheith ina lárphointe inmharthana chun an láithreacht san áit sin a leathnú a thuilleadh. Dá bhrí sin, tháinig an Tuirc chun cinn mar an rogha is indéanta chun tuilleadh machnaimh a dhéanamh ina leith ag an bpointe ama sin.

(80)

Sholáthair an Ungáir dhá chuireadh chuig cruinnithe ar líne an 19 Samhain 2020 agus an 4 Nollaig 2020, ar tagraíodh dóibh mar ‘ghlao chun eolas a chomhroinnt’ idir beirt as GKN Automotive a raibh baint acu leis an Tionscadal Infheistíochta agus cuireadh chuig an gcruinniú ar líne an 10 Nollaig 2020, cruinniú a mbeadh baill foirne GKN Automotive a bhfuil baint acu leis an Tionscadal Infheistíochta agus baill foirne áitiúla sa Tuirc páirteach ann le haghaidh ‘athbhreithniú tapa ar an [Tionscadal Infheistíochta] chun teacht ar chomhaontú maidir leis na chéad chéimeanna eile’. Áitíonn an Ungáir go soláthraítear leis na doiciméid sin tuilleadh fianaise ar chruinnithe i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2020 inar pléadh an Tionscadal Infheistíochta, lena n-áirítear na bealaí chun aghaidh a thabhairt ar cheistiú Melrose ar an gcás gnó le haghaidh an tionscadail. Áitíonn an Ungáir gurb amhlaidh, le linn na gcruinnithe sin, mar aon le cruinnithe ar soláthraíodh fianaise ina leith cheana le linn réamhscrúdú an Choimisiúin, gur tháinig GKN Automotive ar an gconclúid ‘(a) nach bhfágfadh ach suíomh malartach ar chostas níos ísle go bhféadfaí an leibhéal feabhsuithe a bhaint amach is gá chun an sprioc i leith na tréimhse aisíoca a chomhlíonadh, (b) nach bhfágfadh suíomhanna eile seachas an Tuirc go mbeadh athrú ábhartha ar an inmharthanacht airgeadais, e.g. an Pholainn, an tSlóvaic, agus/nó go mbeadh coinne leis go gcuirfidís moill nach beag ar an bpróiseas infheistíochta in éagmais oibríochtaí áitiúla a bheith iontu cheana, e.g. Maracó, an tSeirbia.’ Seachas na cuirí chuig cruinnithe, níor soláthraíodh aon fhianaise bhreise.

(81)

Sholáthair an Ungáir ríomhphost dar dáta an 8 Nollaig 2020, inarb amhlaidh, mar obair leantach i leith na ngníomhaíochtaí sa tréimhse ón 1 go dtí an 7 Nollaig 2020 a léirítear in aithris 60 den Chinneadh Tosaigh, gur chuir baill foirne áitiúla ó GKN sa Tuirc faisnéis i láthair maidir le stair infheistíochta GKN Automotive sa Tuirc (bunaíodh monarcha in 2009 agus rinneadh í a leathnú in 2013), maidir leis an láithreán atá ann faoi láthair agus maidir le hinfheistíochtaí a rinne cuideachtaí eile sa cheantar. Áitíonn an Ungáir gur fianaise bhreise é an ríomhphost sin ar an luathphlé inmheánach a rinneadh maidir leis an tionscadal a lonnú sa Tuirc.

3.1.4.   An Tuirc mar shuíomh fíor-fhrithfhíorasach

(82)

Maidir le hamlíne ghníomhaíochtaí ullmhúcháin GKN Automotive sa Tuirc agus na bpléití réamhfhógartha leis an gCoimisiún, áitíonn an Ungáir gur cuireadh tús leis an imscrúdú ar an suíomh frithfhíorasach sa Tuirc díreach tar éis na hiarrata i dtaobh suíomh sár-ísealchostais a fhiosrú. Thagair an Ungáir do thabhairt cothrom le dáta an scórchárta i mí na Nollag 2020 (a dtugtar tuairisc air in aithris 63 den Chinneadh Tosaigh), don anailís airgeadais ar an gcás malartach sin le linn mhí Eanáir 2021 agus don chaibidlíocht le húdaráis na Tuirce i mí Eanáir 2021. Ós rud é go raibh dámhachtain na cabhrach a chuir an Ungáir ar fáil faoi réir fhormheas an Choimisiúin, níorbh fhéidir le GKN Automotive talamh slán a dhéanamh di. Dá bhrí sin, thionscain an Ungáir próiseas réamhfhógra leis an gCoimisiún i mí an Mheithimh 2021 agus, i gcomhthráth leis sin, lean FF GKN Automotive ar aghaidh ag forbairt an cháis mhalartaigh i dtaobh infheistíocht sa Tuirc, chun teacht leis an leibhéal anailíse a rinneadh le haghaidh suíomhanna eile, lena n-áirítear tuilleadh cruinnithe le húdaráis na Tuirce agus cuairt ar an láithreán ó Leas-Uachtarán na nOibríochtaí san Eoraip i mí Iúil 2021 (thug an fhoireann áitiúil cuairt ar an láithreán ag céim i bhfad níos luaithe sa phróiseas) chomh maith le tuilleadh gníomhaíochtaí ullmhúcháin a bhain le ceannach talún, pleanáil tionscadail agus dearadh tógála. Áitíonn an Ungáir gurb amhlaidh, ós rud é go raibh saoráid ag GKN Automotive sa Tuirc cheana, gurb í an fhoireann áitiúil a rinne formhór na hoibre sin agus nach beart stuama a bhí ann a shocrú go dtabharfadh an lucht ardbhainistíochta cuairteanna ar an láithreán go dtí gur forbraíodh an cás ionas go raibh sé ar leibhéal iomchuí aibíochta, rud arbh é príomhchúram na foirne tionscadail um roghnú láithreáin é ó mhí na Nollag 2020 go mí Iúil 2021.

(83)

Maidir le huainiú an réamhfhógra chuig an gCoimisiún i leith an cháis, dá dtagraítear in aithris 140 den Chinneadh Tosaigh, áitíonn an Ungáir nach bhfágann an fíoras gur thug an tairbhí réamhfhógra faoin tionscadal san Ungáir cheana in earrach 2021 go raibh cinneadh déanta maidir le suíomh. Chuaigh an Ungáir agus an tairbhí i dteagmháil leis an gCoimisiún a luaithe a d’fhéadfaí é i bhfianaise chastacht an cháis, a bhfuil gné athlonnaithe san áireamh ann nach raibh aon chásdlí ann cheana ina leith. Mheas an tairbhí réamhfhógra tapa a thabhairt ionas gurbh fhearr an tuiscint a bheadh aige ar a dhealraithí a bhí sé go bhfaighfí an chabhair. Thagair an Ungáir do na miontuairiscí ón gcruinniú i dtaobh Cinneadh um Roghnú Talún an 29 Eanáir 2021 inar tugadh le fios gur deimhníodh gurb é Miskolc an rogha suíomh le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta ar bhonn na toimhdean go ndeonófaí méid iomlán na ndreasachtaí don tionscadal. Rinne an Ungáir tagairt freisin don chur i láthair a d’ullmhaigh foireann an tionscadail um roghnú láithreáin do chruinniú an 9 Nollaig 2021, ina ndearnadh an cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh. Sonraítear an méid seo a leanas sa chur i láthair sin: ‘Tar éis gabháil a thuilleadh do phróisis iarratais náisiúnta agus próisis formheasa AE i dtaobh pacáistí dreasachta a fháil, meastar anois gur dealraithí dreasachtaí san Ungáir ná mar a bhí amhlaidh i mí Eanáir. Déanfaidh dreasachtaí buntáiste airgeadais rogha na Tuirce i gcomparáid leis an Ungáir a fhritháireamh den chuid is mó agus fágfaidh siad go mbeifear in ann an spriocthréimhse aisíoca [4,4 – 5,3] bliain ([5,5 – 7,1] bliain gan dreasachtaí) a chomhlíonadh’.

(84)

Maidir leis na rioscaí polaitiúla agus oibríochtúla a mheastar a bheith i gceist i leith na Tuirce, áitíonn an Ungáir nár measadh riamh gur toisc dhíspreagthach iad na rioscaí polaitiúla sa Tuirc ós rud é go bhfuil oibríochtaí rathúla ag an tairbhí sa Tuirc cheana. I mí na Samhna 2019, rinneadh meastóireacht ar an láithreán a bhí ag GKN Automotive sa Tuirc cheana faoi chuimsiú na Straitéise, rud a léirigh torthaí eacnamaíocha an-chreidiúnach, ach ghlac GKN Automotive seasamh ‘fan go bhfeicfimid’ agus machnamh á dhéanamh aige i ndáil le leathnú féideartha ar an láithreán, mar gheall ar na rioscaí a measadh a bheith ann agus tosca oibríochtúla eile agus ar bhonn an fhíorais nárbh é an costas an toisc chinnteoireachta thábhachtach sular cheistigh Melrose an cás gnó i mí na Samhna 2020. Ní go dtí sin a tugadh tús áite don toisc chostais/tréimhse aisíoca thar aon bhreithnithe eile. Nuair a cuireadh an Tuirc leis an scórchárta measúnaithe i mí na Nollag 2020, ba í a fuair na scóir ab ísle maidir le gnéithe riosca pholaitiúil agus riosca eacnamaíoch, rud a d’fhág nár tháinig athrú ábhartha ar an dearcadh inmheánach a bhí ann i leith na Tuirce agus gur measadh go raibh na rioscaí fós ard i gcomparáid leis na suíomhanna eile a breithníodh. I bhfianaise na n-eispéireas dearfach a bhí ann i ndáil leis na hoibríochtaí atá sa Tuirc faoi láthair, áfach, agus i bhfianaise tosaíocht a bheith á tabhairt don tionchar airgeadais chun an sprioc aisíoca a bhaint amach, chinn an fhoireann tionscadail um roghnú láithreáin go raibh na leibhéil riosca a braitheadh a bhí ann inghlactha chun an cás a shaothrú maidir leis an infheistíocht a dhéanamh sa Tuirc, rud a bhí an-tarraingteach ó thaobh na gné airgeadais de. Áitíonn an Ungáir go ndearnadh an-bhreithniú ar phróifíl riosca mhéadaithe na Tuirce sa chinneadh críochnaitheach maidir le suíomh i mí na Nollag 2021 agus áitíonn sí gurb amhlaidh, ‘Agus an chabhair á cur san áireamh, [go raibh] an Ungáir ag comhlíonadh sprioc aisíoca Melrose, scairshealbhóir a dhíríonn ar an ngné airgeadais amháin, ach mheas lucht bainistíochta na cuideachta, a bhí dírithe ar straitéis, go raibh an Ungáir fabhrach i dtaobh critéir neamhairgeadais de – lena n-áirítear an phróifíl riosca – sa chaoi is gur measadh go ndéanfaí fritháireamh leo siúd ar an mbuntáiste airgeadais a bhí fágtha i dtaobh na Tuirce de’. Mura measfadh GKN Automotive gur shuíomh inmharthana í an Tuirc, ní bheadh láithreacht aige sa Tuirc sa chéad áit.

(85)

Ar deireadh, áitíonn an Ungáir gurb amhlaidh, in 2020 agus 2021, nuair a bhí an Tuirc á breithniú ag GKN Automotive mar shuíomh malartach, go raibh infheisteoirí eile (soláthróirí OEManna nó monaróirí feithiclí) ag smaoineamh ar an Tuirc mar shuíomh infheistíochta inchreidte, chun infheistíocht a dhéanamh nó chun leathnú a dhéanamh ar láithreáin a bhí acu ansin cheana, agus dá bhrí sin go ndeimhnítear i bprionsabal creidiúnacht na Tuirce mar shuíomh féideartha.

3.2.   Comhréireacht

3.2.1.   Cion na bearna glanluacha láithrigh a chumhdaítear leis an Státchabhair

(86)

In aithris 145 den Chinneadh Tosaigh, cheistigh an Coimisiún ráiteas an tairbhí ‘go ndéanfaidh dreasachtaí na hUngáire buntáiste airgeadais rogha na Tuirce a fhritháireamh den chuid is mó’. Ba amhlaidh a bhí toisc go gcumhdaíonn na dreasachtaí níos lú ná 50 % den bhearna glanluacha láithrigh. Measann an Ungáir go bhfuil an ghné sin ina cuid den anailís chomhréireachta agus áitíonn sí gur leordhóthanach buntáiste mór na hUngáire sna critéir cháilíochtúla (neamhairgeadais) sa tsamhail scórála, amhail scileanna agus infhaighteacht an lucht saothair, bonneagar, lóistíocht, gaireacht do chustaiméirí, rioscaí, in éineacht leis an tréimhse aisíoca [4,4 – 5,3] bliain le dreasachtaí (lena gcomhlíontar an iarraidh ón scairshealbhóir an tréimhse aisíoca a fheabhsú chun an sprioc [4,5 – 5,4] bliain a chomhlíonadh) chun go ndéanfadh FF GKN Automotive cinneadh i mí na Nollag 2021 an infheistíocht a lonnú san Ungáir. Tugann an Ungáir dá haire freisin, de réir na taithí atá aici, go bhfuil Státchabhair ar cheann de na tosca a chuireann na hinfheisteoirí san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu maidir leis an suíomh a ndéanfar infheistíocht ann, ach nach í an toisc chinntitheach i gcónaí í. Cuireann an Ungáir liosta isteach freisin de thrí chás Státchabhrach inar fhormheas an Coimisiún an chabhair cé nár cumhdaíodh léi ach cuid den bhearna glanluacha láithrigh.

3.2.2.   Méid an Tionscadail Infheistíochta

(87)

In aithris 165 den Chinneadh Tosaigh, d’ardaigh an Coimisiún ceisteanna maidir le cé acu a chomhfhreagraíonn nó nach gcomhfhreagraíonn an chabhair do na glanchostais bhreise a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sa limistéar lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais chabhrach. Áitíonn an Ungáir go bhfuil raon feidhme an Tionscadail Infheistíochta faoi Bhabhta a trí agus faoi Bhabhta nua a trí éagsúil ó thaobh na dtáirgí agus an leithdháilte méide de, ós rud é gur coincheapa a bhfuil difríocht bhunúsach eatarthu iad Babhta a trí agus Babhta nua a trí, as a n-eascraíonn spriocanna éagsúla láithreachta i dtéarmaí líon na láithreán nua, leithdháileadh táirgí agus méid/acmhainneacht in aghaidh an láithreáin. Dá bhrí sin, níl na riachtanais i dtaobh spáis de inchomparáide. Tugann an Ungáir dá haire go bhfuil i bhfad níos mó spáis riachtanach chun seaftaí tiomána a tháirgeadh ná mar atá chun taobhsheaftaí a tháirgeadh. Fad thart ar 0,5 méadar a bhíonn i dtaobhsheaftaí (lena gcumhdaítear an fad achair ón tras-seoladh i lár an chairr go dtí na rothaí), ach is féidir le fad suas le trí mheádar a bheith i seaftaí tiomána (lena gceanglaítear an t-acastóir tosaigh leis an acastóir cúil). Dá bhrí sin, i gcás na seaftaí tiomána, is mó na riachtanais a bhíonn ann i dtaobh trealaimh agus spáis urláir de chun an líon céanna taobhsheaftaí agus seaftaí tiomána a tháirgeadh.

(88)

Ina theannta sin, in aithris 165 den Chinneadh Tosaigh, cheistigh an Coimisiún an acmhainneacht a chruthaítear leis an Tionscadal Infheistíochta. Áitíonn an Ungáir go bhfuil roinnt cúiseanna ann go bhfuil na méideanna díolacháin agus táirgeachta níos ísle ná an acmhainneacht a chruthaítear. Léiríonn figiúirí acmhainneachta aschuir uasta theicniúla i ndálaí optamacha, ach bíonn méideanna táirgeachta iarbhír faoi bhun acmhainneachtaí teicniúla i gcónaí i ngeall ar thosca amhail cliseadh, athruithe, fáil neamh-leordhóthanach ar ionchuir nó ar lucht saothair. Ina theannta sin, ní mór acmhainneachtaí a bheith ar mhéid a fhreastalaíonn ar bhuaicéilimh shealadacha, seachas ar mheánéilimh bhliantúla, agus ní mór cúltaca acmhainneachta a choinneáil ar bun le haghaidh braislí iomadúla táirgí. Maidir leis na méideanna ó 2020 agus 2021 a cuireadh isteach le linn réamhscrúdú an Choimisiúin, áitíonn an Ungáir go raibh tionchar ag an laghdú ar éileamh tar éis ráig COVID-19 orthu sin agus go bhfuil coinne sna blianta amach romhainn le méideanna ar na leibhéil a bhíodh ann roimh COVID. Ar deireadh, áitíonn an Ungáir go bhfuil méid an spáis urláir le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta san Ungáir inchomparáide le méid an spáis urláir sna láithreáin athlonnaithe. Athdhearbhaíonn an Ungáir freisin go gcuimsítear sa Tionscadal Infheistíochta aistrithe ó láithreáin atá ann cheana go dtí an láithreán nua gan cur leis an acmhainneacht ar fud an líonra táirgthe san Eoraip agus gur dheimhnigh an tairbhí nach suiteálfar aon acmhainneacht táirgeachta bhreise sa mhonarcha nua san Ungáir mar chuid den tionscadal sin.

3.2.3.   An tréimhse ama a breithníodh i dtaobh an glanluach láithreach a ríomh

(89)

Maidir leis na neamhréireachtaí i dtaobh na tréimhse ama a úsáideadh i dtaobh an glanluach láithreach a ríomh (aithris 165 den Chinneadh Tosaigh), áitíonn an Ungáir go bhfuil an mhoill chéanna ar an uainiú sa dá chás. I gcás na hUngáire agus na Tuirce araon, cinneadh gurb é 2022 an chéad bhliain ina gcuirfí borradh faoin táirgeadh (ní thoimhdítear go bhfuil aon difríocht ann maidir le tús an táirgthe) agus beartaítear tús a chur leis an táirgeadh iomlán in 2026.

3.3.   Éifeachtaí diúltacha míchuí ar an iomaíocht agus ar an trádáil

(90)

Maidir le héifeacht dhiúltach fhollasach an athlonnaithe, áitíonn an Ungáir go bhfuil sí deimhin de gur cás frithfhíorasach inchreidte a bhí sa Tuirc agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir an chabhair agus an t-athlonnú.

3.4.   Eile

(91)

Ní chuireann an Ungáir i gcoinne thuairim an Choimisiúin, in aithris 111 den Chinneadh Tosaigh, go mbeidh feidhm ag TCR 2022 maidir leis an sochar cánach agus míníonn sí ‘nár cheart go n-athródh sé sin toradh mheasúnú an Choimisiúin’, ós rud é, ‘faoin mapa de chabhair réigiúnach na hUngáire arna fhormheas ag an gCoimisiún don tréimhse 2022-2027 (SA.63934), go bhfuil an uasteorainn cabhrach réigiúnaí chéanna 50 % ag Felsőzsolca agus a bhí faoin mapa roimhe seo den chabhair réigiúnach’ agus go gcomhlíontar na coinníollacha eile a leagtar síos le TCR 2022.

(92)

Maidir le ceist an Choimisiúin in aithris 133 den Chinneadh Tosaigh ina bhfiafraíonn sé cén bonn, i dtéarmaí éifeacht shubstainteach dreasachta a sholáthar, ar ar sholáthair an Ungáir tairiscint dreasachta tháscach an 5 Samhain 2020, áitíonn an Ungáir gur shroich an iarraidh oifigiúil ar dheontas airgid VIP an deontóir cabhrach an 8 Aibreán 2021, agus fianaise inti ar an bpróiseas cinnteoireachta inmheánach maidir le suíomh. Gach rud roimh an dáta sin, ba chuid neamhfhoirmiúil den nós imeachta a bhí ann chun cuidiú bonn eolais a chur faoin bpróiseas roghnúcháin. Rinne sí tagairt freisin don fhaisnéis theoranta a bhí ar fáil ag an am. Míníonn an Ungáir freisin gur léirigh an tairbhí roinnt uaireanta le linn na gcruinnithe le HIPA go raibh measúnú á dhéanamh ar shuíomhanna malartacha agus go raibh an Chuideachta fós ag gabháil don phróiseas chun láithreán a roghnú.

(93)

Áitíonn an Ungáir freisin go bhfuil pointí á n-ardú ag an gCoimisiún in aithris 133 den Chinneadh Tosaigh i dtaobh an Ungáir a bheith ag soláthar faisnéise don tairbhí maidir le gnéithe den athlonnú. Maidir leis sin, áitíonn an Ungáir go bhfuil sé d’oibleagáid ar HIPA, ina cháil mar údarás deonúcháin, an fhaisnéis uile a d’fhéadfadh a bheith infheidhme i gcás ar leith a sholáthar do thairbhithe féideartha. Is nós imeachta caighdeánach é sin a bhfuil feidhm aige maidir le gach iarratas ar Státchabhair. Measann an Ungáir gur ghníomhaigh an tairbhí mar a dhéanfadh aon infheisteoir dícheallach eile a dhéanann iarracht an fhaisnéis uile a bhailiú roimh chinneadh a dhéanamh. Dá mba í an fhaisnéis sin ó HIPA a spreag GKN Automotive chun measúnú a dhéanamh ar thír shár-ísealchostais mar shuíomh malartach, d’fhéadfadh GKN Automotive a bheith tar éis tosú cheana ag ullmhú an cháis mhalartaigh a bhaineann le suíomh sa Tuirc i mí Lúnasa 2020.

4.   BARÚLACHA Ó PHÁIRTITHE LEASMHARA EILE

4.1.   Barúlacha ó Melrose

(94)

Soiléiríonn Melrose go ndearnadh GKN Automotive agus Rubin a dhíchumasc ó Melrose an 20 Aibreán 2023 chun bheith ina gcuid de ghrúpa nua neamhspleách cuideachtaí, arb é Dowlais Group plc a mháthairchuideachta deiridh. Soiléiríonn Melrose freisin gur athraíodh ainm dlíthiúil Rubin go GKN Automotive Hungary Kft. i mí Feabhra 2023, agus gur tháinig GKN Automotive chun bheith ina scairshealbhóir aonair in ionad Eachairn Aerospace Holdings Limited.

(95)

Maidir leis an amhras a chuir an Coimisiún in iúl faoi ról Melrose sa phróiseas cinnteoireachta, go háirithe i dtaobh an chinnidh maidir le suíomh agus cheistiú an cháis gnó, áitíonn Melrose gur fheidhmigh sé samhail ghnó dhíláraithe faoinarb iad foirne feidhmiúcháin agus bainistíochta na cuideachta punainne a rinne formhór na gcinntí gnó agus straitéise agus faoinar choimeád Melrose chuige féin an ceart chun cinntí áirithe a fhormheas nó a chrosadh. Ní bhíonn de rannpháirtíocht ag Melrose lena chuideachtaí punainne ach athbhreithniú a dhéanamh ar mhórchinntí infheistíochta lena áirithiú go bhfuil siad iomchuí agus go gcomhlíonann siad na ceanglais airgeadais a bhfuil coinne leo. Tríd an ICC a chur i láthair le cas gnó agus achoimre a dhéanamh ar thoimhdí airgeadais i leith an Tionscadail Infheistíochta sa chruinniú le Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus Lucht Bainistíochta Melrose an 12 Samhain 2020, ghníomhaigh GKN Automotive i gcomhréir le ceanglais formheasa Melrose, mar a léirítear sa Bheartas maidir le hÚdarás a Tharmligean, a chuir an Ungáir isteach lena barúlacha (aithris (56)). Thuig Melrose an réasúnaíocht straitéiseach i leith an togra agus an gá a bhí le formheas tosaigh cistí ionas go mbeadh GKN Automotive in ann dul ar aghaidh leis an Tionscadal Infheistíochta agus, dá bhrí sin, d’fhormheas sé an cás gnó foriomlán agus thug sé sainordú do FF GKN Automotive bealaí a shainaithint chun feabhas a chur ar an tréimhse aisíoca ionas go mbeadh sí faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain. Ba hipitéis oibre iad tagairtí don Ungáir sa chás gnó agus san ICC. Bhí sé de shainordú ag FF GKN Automotive roghnú an tsuímh a stiúradh agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an suíomh deiridh, ar choinníoll go gcomhlíonfadh an cás gnó ba bhun leis agus an amlíne amúchta ionchais airgeadais agus buiséad formheasta Melrose.

(96)

Maidir leis an amhras a chuir an Coimisiún in iúl i dtaobh tréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain a bheith ina toisc chinntitheach, a bhí forleathan tráth an chinnidh infheistíochta agus an chinnidh maidir le suíomh, áitíonn Melrose go bhfuil cleachtas inmheánach seanbhunaithe ann lena n-éilítear tréimhse aisíoca suas le [4,5 – 5,4] bliain agus nach meastar de ghnáth go bhfuil tréimhsí aisíoca níos faide inghlactha, chun toradh inghlactha ar infheistíocht a áirithiú i gcás infheistíochtaí straitéiseacha móra amhail an Tionscadal Infheistíochta. Mar fhianaise thacaíochta ar chleachtas inmheánach den sórt sin a bheith ann, tagraíonn Melrose do ríomhphost Melrose an 6 Lúnasa 2021, a cuireadh isteach i gcomhthéacs an réamh-imscrúdaithe, dá dtagraíonn an Ungáir freisin (aithris (57)). Tagraíonn Melrose freisin do mhiontuairiscí cúlghabhálacha chruinniú an 12 Samhain 2020, arna gcur isteach ag an Ungáir in éineacht lena barúlacha (aithris (60)), mar fhianaise chomhaimseartha maidir leis an sprioc bheacht airgeadais ar ghá a bhaint amach i leith an Tionscadail Infheistíochta.

4.2.   Barúlacha ó GKN Automotive

(97)

Áitíonn GKN Automotive gurbh eisean an príomhchomhlacht cinnteoireachta maidir leis an Tionscadal Infheistíochta agus gur fochuideachta é Rubin nár bunaíodh go dtí go raibh an cinneadh an Ungáir a roghnú mar shuíomh le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta aibí go leordhóthanach. Soiléiríonn GKN Automotive gur athraíodh ainm dlíthiúil Rubin go GKN Automotive Hungary Kft. i mí Mheán Fómhair 2022.

(98)

Maidir le raon feidhme shainordú FF GKN Automotive agus maidir leis an amhras a d’ardaigh an Coimisiún in aithrisí 133 go 137 den Chinneadh Tosaigh, áitíonn GKN Automotive nach raibh Melrose, mar infheisteoir airgeadais, i gceannas ach ar fhormheas an chistithe le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta, agus nár chuir sé isteach ar na gnéithe oibríochtúla, a bhí go hiomlán faoi chúram FF GKN Automotive. Mar a léirítear sa Bheartas maidir le hÚdarás a Tharmligean, is le cúrsaí airgeadais den chuid is mó a bhaineann cumhachtaí Melrose. Sa chomhthéacs sin, d’fhorbair FF GKN Automotive an cás gnó agus a ghnéithe oibríochtúla uile agus chuir sé faoi bhráid Melrose é an 12 Samhain 2020 in éineacht leis an ICC. D’aithin Melrose an gá a bhí le formheas tosaigh i leith na gcistí ionas go bhféadfadh FF GKN Automotive dul ar aghaidh leis an Tionscadal Infheistíochta. An tráth céanna, cheistigh Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus Lucht Bainistíochta Melrose an tréimhse aisíoca agus d’iarr siad ar FF GKN Automotive an ghné airgeadais den Tionscadal Infheistíochta a dhéanamh níos tarraingtí, mar a léirítear le miontuairiscí cúlghabhálacha chruinniú an 12 Samhain 2020 (aithris (60)).

(99)

Maidir le coinne a bheith le tréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain faoi bheartas Melrose, tagraíonn GKN Automotive arís do mhiontuairiscí cúlghabhálacha chruinniú an 12 Samhain 2020 (aithris (60)) mar fhianaise air sin. Mar a rinne an Ungáir (aithris (68)), soláthraíonn GKN Automotive freisin an tréimhse aisíoca i leith cheithre thionscadal Eorpacha eile ina phunann le déanaí, ina léirítear tréimhse aisíoca faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain. Áitíonn GKN Automotive go léirítear leis an gcomparáid idir cur i láthair an réamh-athbhreithnithe ba dhéanaí an 30 Deireadh Fómhair 2020 (dá dtagraíonn an Ungáir freisin, aithris (70)), mar ullmhúchán don athbhreithniú a rinne Melrose ar an gcás gnó an 12 Samhain 2020, agus an cur i láthair deiridh le haghaidh chruinniú athbhreithnithe gnó an 12 Samhain 2020, teacht chun cinn na gcostas tionscadail, agus go léirítear léi freisin na breithnithe maidir leis an ngá an tréimhse aisíoca a laghdú, rud a léiríonn tuiscint shoiléir ar bheartas Melrose ina leith sin. Ar deireadh, tagraíonn GKN Automotive freisin do ríomhphost Melrose an 6 Lúnasa 2021, a cuireadh isteach i gcomhthéacs an réamh-imscrúdaithe (aithris (57)), mar fhianaise chomhaimseartha maidir le spriocanna airgeadais Melrose.

(100)

Maidir le tabhairt isteach na Tuirce mar an t-aon chás frithfhíorasach amháin agus maidir leis an amhras a d’ardaigh an Coimisiún in aithrisí 138 agus 139 den Chinneadh Tosaigh, áitíonn GKN Automotive, i dtaobh an chinnidh gan an Tuirc a áireamh i gcéimeanna breise den mheasúnú tosaigh ar shuíomh in 2019, go raibh sé bunaithe ar an bhfíoras gur thit an Tuirc taobh thiar de shuíomhanna eile bunaithe ar mheastóireacht níos cuimsithí (lenar áiríodh freisin tosca straitéiseacha agus tosca oibríochtúla) d’ainneoin measúnú fabhrach i dtéarmaí costas. Nuair a cheistigh Melrose inmharthanacht airgeadais an cháis gnó, leagadh tábhacht rímhór ar an toisc chostais i dtaobh roghnú láithreáin ina dhiaidh sin chun feabhas a chur ar an inmharthanacht airgeadais (tréimhse aisíoca) agus dá bhrí sin tháinig an Tuirc chun bheith ábhartha arís. Measadh go bhféadfadh moilleanna móra ar an Tionscadal Infheistíochta agus neamhchosaint níos mó ar rioscaí a bheith ina dtoradh ar shuíomhanna ísealchostais eile a thabhairt isteach in áiteanna nach raibh láithreacht ag GKN Automotive cheana. Tháinig an láithreacht áitiúil agus an eispéireas dearfach le hoibríochtaí a bhí ann cheana chun cinn mar thoisc chinntitheach i dtaobh an Tuirc a roghnú mar rogha shár-ísealchostais, i bhfianaise na srianta ama.

(101)

Maidir leis an Tuirc a bheith ina cás fíor-fhrithfhíorasach ina ndéanfadh GKN Automotive infheistíocht iarbhír agus maidir le hamlíne na ngníomhaíochtaí sa Tuirc agus leis an amhras a d’ardaigh an Coimisiún in aithrisí 140 go 145 den Chinneadh Tosaigh, áitíonn GKN Automotive go raibh an cás malartach, faoinarb amhlaidh gur sa Tuirc a dhéanfaí an infheistíocht, forbartha go mór cheana tráth a thug an Ungáir réamhfhógra faoin gcabhair. Díreach tar éis thabhairt isteach na rogha malartaí sin sa phróiseas um roghnú suímh, thosaigh foireann an tionscadail um roghnú láithreáin ag déanamh na nósanna imeachta faoi seach don suíomh chun teacht suas le leibhéal na hanailíse ar shuíomhanna eile agus d’fhág sé sin go raibh cásanna gnó ar an leibhéal céanna forbartha ag GKN Automotive i leith na hUngáire agus na Tuirce faoin tráth a rinneadh an cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh. Maidir le rioscaí, áitíonn GKN Automotive gur léirigh an dá shuíomh leibhéal nach beag riosca pholaitiúil ach ní a mhéid a bheadh ina bhagairt ar inmharthanacht an Tionscadail Infheistíochta. Sa Tuirc, ní raibh aon chur isteach ná éifeachtaí díobhálacha eile ar an táirgeadh i láithreán GKN Automotive. Sular cheistigh Melrose an cás gnó, bhí an Tuirc ina rogha chúltaca, agus bhí breithnithe riosca i measc na gcúiseanna a bhí leis sin. Tar éis cheistiú an cháis gnó, féachadh arís ar an rogha mhalartach sin ar an mbonn gurb é ceann de na suíomhanna ba mhó a raibh gealladh faoi agus b’éifeachtúla ó thaobh costais de, agus rinneadh laghdú beag ar an tábhacht a bhaineann le riosca.

(102)

Áitíonn GKN Automotive freisin go bhfágann infheistíochtaí a dhéanann soláthróirí OEManna agus monaróirí feithiclí sa Tuirc agus an timpeallacht dhearfach do chuideachtaí Briotánacha a dhéanann infheistíocht sa Tuirc go dtacaítear le hinchreidteacht na Tuirce mar shuíomh féideartha don infheistíocht.

(103)

Maidir leis an mbearna glanluacha láithrigh idir an dá shuíomh, áitíonn GKN Automotive gur leordhóthanach na tosca cáilíochtúla i bhfabhar an tsuímh san Ungáir chun an bhearna glanluach láithreach a bhí fágtha idir an Tuirc agus an Ungáir a mhaolú ar choinníoll go ndeonófaí na dreasachtaí le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta, rud a dhéanfadh cuid mhór den bhearna a fhritháireamh. Measann GKN Automotive freisin go léiríonn tuilleadh mionsaothruithe ar an tionscadal i gcásanna na hUngáire agus na Tuirce araon ar feadh na bliana 2021 gurb amhlaidh iarbhír go raibh GKN Automotive in ann inmharthanacht airgeadais an cháis a bhaineann leis an infheistíocht san Ungáir a fheabhsú agus an tréimhse aisíoca a raibh coinne léi a laghdú faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain agus dámhachtain na cabhrach á cur san áireamh tráth an chinnidh chríochnaithigh maidir le suíomh. Dá bhrí sin, d’ainneoin bearna glanluacha láithrigh a bheith fós ann i gcomparáid leis an Tuirc, bhíothas in ann beartas Melrose i dtaobh tréimhse aisíoca [4,5 – 5,4] bliain a chomhlíonadh i gcás an tsuímh san Ungáir.

(104)

Maidir le comhréireacht na cabhrach, le méid na hinfheistíochta, leis an acmhainneacht arna cruthú agus leis an amhras a d’ardaigh an Coimisiún in aithris 165 den Chinneadh Tosaigh, athdhearbhaíonn GKN Automotive na hargóintí a rinne an Ungáir cheana maidir leis na saincheisteanna céanna (aithrisí (87) agus (88)).

(105)

Is díol sásaimh do GKN Automotive réamhthuairim an Choimisiúin go rannchuidíonn an infheistíocht dá dtugtar cabhair leis an bhforbairt réigiúnach, go bhfuil an infheistíocht incháilithe do chabhair réigiúnach, go bhfuil gá le hidirghabháil Stáit agus go bhfuil an beart iomchuí. Maidir leis na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcabhair ar an iomaíocht agus ar an trádáil, is díol sásaimh do GKN Automotive réamhthuairim an Choimisiúin nach sáraítear an uasteorainn i dtaobh déine cabhrach de. Tugann GKN Automotive le fios freisin go dtuigeann sé go mbraitheann an chonclúid maidir le cothú ró-acmhainneachta ar inchreidteacht an cháis fhrithfhíorasaigh, rud a athdhearbhaíonn sé atá inchreidte, agus deimhníonn sé nach suiteálfar aon acmhainneacht táirgeachta bhreise sa mhonarcha nua san Ungáir mar chuid den tionscadal agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon riosca ann go gcothófar ró-acmhainneacht. Cuireann GKN Automotive in iúl freisin go dtuigeann sé go measann an Coimisiún ar réamhbhonn nach bhfuil aon éifeacht fhrith-chomhtháthaithe ag an gcabhair. Maidir le héifeacht dhiúltach fhollasach a d’fhéadfadh a bheith ag an athlonnú, is díol sásaimh do GKN Automotive tuairim an Choimisiúin gurb amhlaidh, ‘más rud é go meastar gur fíorchás é an cás frithfhíorasach a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa Tuirc, glacfaidh an Coimisiún leis nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir an chabhair atá ar fáil san Ungáir agus athlonnú na gníomhaíochta’.

4.3.   Barúlacha ón Ungáir maidir le barúlacha ó pháirtithe leasmhara eile

(106)

Tugann an Ungáir dá haire go bhfuil na barúlacha ó na páirtithe leasmhara eile ag teacht go hiomlán lena barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh.

5.   MEASÚNÚ AR AN mBEART

5.1.   Cabhair a bheith ann

(107)

Ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí 97 go 105 den Chinneadh Tosaigh, mheas an Coimisiún gur státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE é an beart cabhrach ar tugadh fógra ina leith, ós rud é go raibh sé inchurtha i leith an Stáit agus gur trí acmhainní Stáit a deonaíodh é, go raibh sé roghnaíoch, gur fhág sé go mbeadh buntáiste eacnamaíoch ag an tairbhí, gur dócha go ndéanfadh sé difear don trádáil idir na Ballstáit agus gur shaobh sé an iomaíocht nó go raibh an baol ann go saobhfadh sé an iomaíocht. Tá an measúnú sin fós bailí, agus dá bhrí sin is é conclúid an Choimisiúin é gur Státchabhair atá sa bheart.

5.2.   Dlíthiúlacht an bhirt

(108)

Más mó an méid cabhrach faoi choinne infheistíocht réigiúnach atá le deonú ná an tairseach fógartha a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a), den Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine, ní thagann an chabhair faoin díolúine dá bhforáiltear leis an Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine agus dá bhrí sin ní mór fógra ar leith a thabhairt don Choimisiún fúithi.

(109)

Dhá eilimint atá sa bheart: deontas airgid a deonaíodh roimh an 31 Nollaig 2021 (aithris (29)) agus sochar cánach, a mheasann an Ungáir a deonaíodh an 12 Nollaig 2021 (aithris (31)). In aithris 111 den Chinneadh Tosaigh, d’ardaigh an Coimisiún amhras maidir leis an dáta deonaithe sin agus mheas sé go mb’fhéidir nár deonaíodh an chabhair go fóill (aithris (115)).

(110)

I réigiún Thuaisceart na hUngáire, ba é 50 % an uasdéine cabhrach ab infheidhme an tráth a deonaíodh an deontas airgid. Dá bhrí sin, ba é EUR 37,50 milliún an tairseach fógartha infheidhme (a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a), den Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine ab infheidhme an tráth a deonaíodh an deontas airgid), arna ríomh i gcomhréir leis an sásra a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), den Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine ab infheidhme an tráth a deonaíodh an deontas airgid. Amhail ón 1 Eanáir 2022, is é 60 % an déine cabhrach do réigiún Thuaisceart na hUngáire. (37) Amhail ón 1 Iúil 2023, mhéadaigh an Coimisiún an tairseach fógartha i gcásanna lena mbaineann uasdéine cabhrach réigiúnaí 50 % go EUR 41,25 milliún, agus i gcásanna lena mbaineann uasdéine cabhrach réigiúnaí 60 % mhéadaigh sí an tairseach fógartha go EUR 49,5 milliún (38). Measann an Coimisiún gurbh amhlaidh cheana gur mhó an deontas airgid, dar luach ainmniúil EUR 44,76 milliún (luach lascainithe EUR 43,01 milliún) (aithris (32)), ná an tairseach fógartha le haghaidh réigiún 50 % (arbh é an déine cabhrach é a bhí i bhfeidhm an tráth a deonaíodh an deontas airgid) agus d’fhág sé sin nár thairbhigh an beart den díolúine ón oibleagáid fógra a thabhairt faoi Airteagal 108(3) CFAE, gan beann ar an sochar cánach.

(111)

Is é conclúid an Choimisiúin é gur chloígh údaráis na hUngáire lena n-oibleagáidí faoi Airteagal 108(3) CFAE agus Airteagal 4(1), pointe (a), den Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine trí fhormheas an Choimisiúin a bheith ina choinníoll le dámhachtain an deontais airgid, trí gan an gníomh deonúcháin a ghlacadh le haghaidh an tsochair cánach go dtí go dtugtar fógra faoi fhormheas an Choimisiúin, agus trí fhógra a thabhairt faoin mbeart.

5.3.   An bunús dlí leis an measúnú

(112)

De mhaolú ar an toirmeasc ginearálta ar státchabhair a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE, féadfar a dhearbhú go bhfuil cabhair comhoiriúnach más féidir léi tairbhiú de cheann de na maoluithe a áirítear in CFAE.

(113)

Sa chás seo, féachtar leis an mbeart le forbairt réigiúnach a chur chun cinn i limistéar arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 107(3), pointe (a), CFAE. Thug údaráis na hUngáire fógra faoin mbeart sin ar bhonn TCR 2014. Is éard atá sa deontas airgid cabhair aonair arna deonú ar bhonn Fhoraithne Rialtais Uimh. 210/2014 (VIII.27.) ‘maidir leis an scéim arna cur in áirithe chun infheistíocht a chur chun cinn’, scéim cabhrach réigiúnaí arna cur chun feidhme faoin Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine (aithris (29)). Is éard atá sa sochar cánach cabhair aonair arna deonú ar bhonn Acht LXXXI 1996 ‘maidir le Cáin Chorparáide agus Cáin Díbhinne’ agus ar bhonn Fhoraithne Rialtais Uimh. 165/2014 ‘maidir le Dreasacht Cánach Forbartha (VII.17.)’, ar scéim cabhrach réigiúnaí (39) í freisin arna cur chun feidhme faoin Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine (aithris (30)). Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún gurb é Airteagal 107(3), pointe (a), CFAE, arna léirmhíniú sna treoirlínte maidir le cabhair réigiúnach, an bunús dlí iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an bhirt.

(114)

Shuigh an Coimisiún roimh ré in aithris 110 den Chinneadh Tosaigh gurb é Airteagal 107(3), pointe (a) CFAE, arna léirmhíniú ag TCR 2014, an bunús dlí chun measúnú a dhéanamh ar an deontas airgid, i gcomhréir le mír 197 TCR 2022. Síníodh an Comhaontú Dreasachta le haghaidh an deontais airgid roimh an 31 Nollaig 2021, ag brath ar chinneadh an Choimisiúin lena bhformheastar an chabhair agus ar an gcinneadh sin amháin. Níor chuir an Ungáir ná aon pháirtí leasmhar eile in aghaidh na réamhthuairime sin tar éis ghlacadh an Chinnidh Tosaigh. Ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris 110 den Chinneadh Tosaigh, dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin é gur cheart measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an deontais airgid ar bhonn TCR 2014.

(115)

Cuireadh in iúl sa Chinneadh Tosaigh, in aithris 111, réamhthuairim an Choimisiúin gurb amhlaidh, maidir leis an sochar cánach, nárbh ionann cinneadh an Rialtais arna ghlacadh an 12 Nollaig 2021 agus gníomh deonúcháin agus nach bhféadfaí ceart dlíthiúil a dheonú ar an tairbhí an chabhair a fháil ach faoi chinneadh Rialtais amach anseo. Dá bhrí sin, is é Airteagal 107(3), pointe (a), CFAE, arna léirmhíniú ag TCR 2022, an bunús dlí iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar an sochar cánach. Níor chuir an Ungáir ná aon pháirtí leasmhar eile in aghaidh na réamhthuairime sin tar éis ghlacadh an Chinnidh Tosaigh. Ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris 111 den Chinneadh Tosaigh, dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin é gur cheart measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an tsochair cánach ar bhonn TCR 2022.

(116)

Tugann an Coimisiún dá aire, in imthosca sonracha an cháis seo, nach bhfuil aon rud ann a chuirfeadh cosc air measúnú a dhéanamh ar chuid den chabhair ar bhonn TCR 2014 agus ar chuid den chabhair ar bhonn TCR 2022 (dá ngairtear le chéile na ‘TCRanna’). In aon chás, tá forálacha na TCRanna atá ábhartha don mheasúnú thíos comhionann go hábhartha le chéile agus, thairis sin, mar a shoiléirítear in aithris (14), tá Miskolc incháilithe do chabhair réigiúnach ar bhonn mhapa don chabhair réigiúnach 2014 agus freisin ar bhonn mhapa don chabhair réigiúnach 2022. Thairis sin, maidir leis an méadú ar an uasdéine cabhrach i réigiún Thuaisceart na hUngáire, ó 50 % go 60 % (aithris (110)), ní dhéanann sé difear do thoradh an mheasúnaithe fhoriomláin comhoiriúnachta, mar a chuirtear i láthair i roinn 5.4.

5.4.   Comhoiriúnacht an bhirt

(117)

Sa Chinneadh Tosaigh, d’ardaigh an Coimisiún amhras tromchúiseach maidir le comhoiriúnacht an bhirt cabhrach ar bhonn na nithe seo a leanas: (i) creidiúnacht an cháis fhrithfhíorasaigh; (ii) an éifeacht dreasachta; agus (iii) comhréireacht na cabhrach. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire nach bhféadfaí a eisiamh go rannchuidíonn an beart le cothú ró-acmhainneachta, nó go ndéanann sé cothú ró-acmhainneachta a threisiú, i margadh a bhfuil dearbhmheath ag teacht air, agus gur cúis é an beart le hathlonnú gníomhaíochtaí ó Bhallstát eile, rudaí a bheadh ina n-éifeachtaí diúltacha follasacha ar an iomaíocht agus ar an trádáil (Roinn 2.9). Leagadh amach i mír 26 TCR 2014 agus i mír 39 TCR 2022 na critéir charnacha nach mór do bheart cabhrach a chomhlíonadh chun go measfaí go bhfuil sé comhoiriúnach le hAirteagal 107(3) CFAE. Dá bhrí sin, mura gcomhlíonann an beart ceann amháin nó níos mó de na critéir sin, ní féidir a mheas go bhfuil an beart comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Rinne an Coimisiún measúnú ar dtús ar an gcritéar maidir le héifeacht dreasachta.

5.4.1.   Éifeacht dreasachta

(118)

Ceanglaítear le roinn 3.5 TCR 2014 agus le roinn 5.2 TCR 2022 go bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair. Beidh éifeacht dreasachta i gceist nuair a athraíonn an chabhair iompar gnóthais ionas go ndéanann sé gníomhaíocht bhreise a chuireann le forbairt limistéir, ar gníomhaíocht í nach ndéanfadh sé, nó nach ndéanfadh sé ach ar bhealach teoranta nó difriúil nó i suíomh eile, mura ndeonófaí an chabhair. Ní mór nach bhfágann an chabhair go ndéantar fóirdheonú ar chostais ghníomhaíochta a dhéanfadh gnóthas in aon chás agus ní mór nach cúiteamh í ar ghnáthriosca gnó gníomhaíochta eacnamaíche.

Éifeacht fhoirmiúil dreasachta

(119)

De réir mhíreanna 64 agus 65 de TCR 2014 agus mhíreanna 62 agus 63 de TCR 2022, comhlíontar an ceanglas foirmiúil maidir le héifeacht dreasachta mura gcuirtear tús le hoibreacha ar infheistíocht aonair go dtí go gcuirfear isteach an t-iarratas ar chabhair. Mar a suíodh cheana in aithris 120 den Chinneadh Tosaigh, comhlíontar an coinníoll sin sa chás seo toisc go ndearna an tairbhí iarratas ar chabhair an 8 Aibreán 2021 (deontas airgid) agus an 31 Márta 2021 (sochar cánach), agus nár cuireadh tús le hoibreacha ar an Tionscadal Infheistíochta go dtí an 28 Aibreán 2022 (aithris (25)).

Éifeacht shubstainteach dreasachta

(120)

Ós rud é go bhféadfadh roinnt mhaith cúiseanna bailí a bheith ag cuideachta lena hinfheistíocht a lonnú i réigiún áirithe, fiú gan aon chabhair a bheith deonaithe, ceanglaítear leis an TCRanna ar an gCoimisiún a fhíorú go mionsonraithe go bhfuil gá leis an gcabhair chun éifeacht shubstainteach dreasachta a sholáthar i leith na hinfheistíochta. Is féidir é sin a chruthú ar dhá bhealach fhéideartha (féach mír 61 TCR 2014 agus mír 59 TCR 2022), is é sin le rá, maidir leis an gcabhair: gur dreasacht í chun infheistíocht a dhéanamh sa limistéar lena mbaineann toisc nach mbeadh an infheistíocht brabúsach go leordhóthanach do thairbhí na cabhrach (40) (cás 1, cinneadh infheistíochta), nó gur dreasacht í chun infheistíocht phleanáilte a lonnú sa limistéar lena mbaineann seachas in áiteanna eile toisc go bhfritháirítear léi na glan-mhíbhuntáistí agus na glanchostais a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i suíomh sa limistéar lena mbaineann (cás 2, cinneadh maidir le suíomh).

(121)

Mar a leagtar amach i roinn 3.5.2 TCR 2014 agus i roinn 5.2.1.2 TCR 2022, ní mór don Bhallstát fianaise shoiléir a sholáthar go bhfuil tionchar iarbhír ag an gcabhair ar an rogha i leith na hinfheistíochta nó ar an rogha i leith an tsuímh infheistíochta. Chuige sin, ní mór don Bhallstát tuairisc chuimsitheach a sholáthar ar an gcás frithfhíorasach faoinarb amhlaidh nach bhfaigheann an tairbhí aon chabhair. Ní mór don Choimisiún a fhíorú go bhfuil an cás malartach sin réalaíoch agus go bhfuil sé inchreidte. Cuirtear in iúl le mír 68 de TCR 2014 agus le mír 66 de TCR 2022 go bhfuil cás frithfhíorasach inchreidte más fíorchás é agus má bhaineann sé leis na tosca cinnteoireachta atá forleathan tráth a dhéanann an tairbhí cabhrach an cinneadh maidir leis an infheistíocht.

(122)

Léirítear le mír 71 TCR 2014 agus mír 69 TCR 2022 gurb amhlaidh maidir le cás 2 – a agraíonn údaráis na hUngáire sa chás seo (aithris (41)) – go bhféadfadh an Ballstát éifeacht dreasachta na cabhrach a chruthú trí dhoiciméid an ghnóthais a sholáthar lena léirítear go ndearnadh comparáid idir na costais agus na tairbhí a bhaineann leis an infheistíocht a lonnú sa réigiún lena mbaineann ar tugadh cabhair dó agus na costais agus na tairbhí a bhaineann leis an infheistíocht a lonnú i suíomh malartach nó i suíomhanna malartacha. Is léir ó mhír 70 TCR 2022 agus ó chleachtas cinnteoireachta an Choimisiúin bunaithe ar TCR 2014, (41)gur cheart doiciméid den sórt sin a bheith comhaimseartha leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an infheistíocht nó lena suíomh. Fíoraíonn an Coimisiún an bhfuil comparáidí den sórt sin réalaíoch. Chun na críche sin, iarrtar le mír 72 TCR 2014 agus mír 70 TCR 2022 ar an mBallstát brath ar dhoiciméid oifigiúla bhoird, measúnuithe riosca (lena n-áirítear an measúnú ar rioscaí a bhaineann go sonrach le suíomh), tuarascálacha airgeadais, pleananna gnó inmheánacha, tuairimí saineolaithe agus staidéir agus doiciméid eile ina dtugtar mionléiriú ar chásanna infheistíochta.

(123)

Chun inmharthanacht an tionscadail a fhíorú i gcomhthéacs chás 2, ní mór na costais agus na hioncaim ábhartha uile (42) a chur san áireamh, cé is moite d’fhóirdheontais a d’fhéadfadh a bheith ar fáil sa suíomh malartach, i gcás ina bhfuil an suíomh malartach sin in LEE.

(124)

Mar chuid de na malartuithe réamhfhógra agus mar a comhlánaíodh a thuilleadh ar feadh réamhscrúdú an Choimisiúin, chuir údaráis na hUngáire faisnéis isteach ina ndearnadh doiciméadú ar phróiseas cinnteoireachta GKN Automotive agus Melrose agus chuir siad i láthair cás frithfhíorasach a bhain le cur chun feidhme an tionscadail in Eskişehir, an Tuirc.

(125)

Ina barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, chloígh an Ungáir lena tuairim, mar a mhínítear in aithrisí 126 agus 127 den Chinneadh Tosaigh, nach ndearna FF GKN Automotive an cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh go dtí mí na Nollag 2021, agus nach raibh i gceist leis an bhformheas a rinne Melrose roimhe sin ar an ICC i mí na Nollag 2020 ach réamhdhaingniú ar chistiú an tionscadail agus nárbh ionann é agus cinneadh maidir leis an suíomh infheistíochta (Roinn 3.1.1).

(126)

Chun measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht an cháis fhrithfhíorasaigh a d’agair an Ungáir, scrúdaigh an Coimisiún an méid seo a leanas: (i) an bhféadfadh FF GKN Automotive cinneadh a dhéanamh ar deireadh maidir leis an suíomh nó an raibh an tsaoirse aige suíomh na hinfheistíochta a athrú, tar éis fhormheas an ICC, agus a mhéid a bhí tairseach aisíoca chinntitheach [4,5 – 5,4] bliain ann (Roinn 5.4.1.1); (ii) an fáth a ndearnadh imscrúdú breise ar an Tuirc mar an t-aon suíomh malartach, cé gur chosúil go raibh gealladh faoi shuíomhanna eile ó thaobh costais de (Roinn 5.4.1.2); agus (iii) an raibh an Tuirc ina suíomh fíor-fhrithfhíorasach ina ndéanfadh an tairbhí infheistíocht in éagmais cabhair san Ungáir nó an bhféadfadh na rioscaí a braitheadh a bheith ann maidir leis an infheistíocht a dhéanamh sa Tuirc a bheith ina dtoisc dhíspreagthach sa chaoi gur san Ungáir a tharlódh an infheistíocht fiú gan an chabhair (Roinn 5.4.1.3).

5.4.1.1.   Sainordú GKN Automotive

(127)

Le linn réamhscrúdú an Choimisiúin, sholáthair an Ungáir doiciméid inar léiríodh gurb é Melrose an t-eintiteas cinnteoireachta chun suíomh an Tionscadail Infheistíochta a roghnú (aithris (44)). Níor sholáthair an Ungáir aon fhianaise chomhaimseartha maidir le (i) sainordú agus cumhacht chinnteoireachta FF GKN Automotive chun tréimhse aisíoca an cháis gnó a fheabhsú tríd an suíomh a thuairiscítear san ICC a athrú nó trí chinneadh a dhéanamh maidir leis an suíomh, (ii) cineál sealadach an ICC, ná maidir le (iii) pléití maidir leis an tairseach chinntitheach nár comhlíonadh de thréimhse aisíoca [4,5 – 5,4] bliain (aithrisí (44) agus (46)).

(128)

Ina barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, measann an Ungáir gurb é is cúis le hamhras tromchúiseach an Choimisiúin maidir le hinchreidteacht an cháis fhrithfhíorasaigh toimhde earráideach gur cheart go leanfaí sna próisis chinnteoireachta atá i gceist (laistigh de ghrúpa airgeadais) na rialacha céanna agus/nó an réasúnaíocht chéanna a urramaíonn an Coimisiún agus é ag déileáil le ‘gnáthchuideachtaí monaraíochta’, a d’fhéadfadh glacadh le tréimhsí aisíoca níos faide chun cinneadh a dhéanamh maidir le hinfheistíochtaí.

(129)

Measann an Coimisiún nach mbaineann an argóint sin le hábhar, toisc nach ndearna sé measúnú ar phróisis chinnteoireachta Melrose ná GKN maidir leis an infheistíocht agus/nó an suíomh, bunaithe ar chomparáid le cuideachtaí eile. Is léir ó roinn 3.3.1.2. den Chinneadh Tosaigh gur eascair amhras den sórt sin as tuiscint an Choimisiúin ar phróiseas cinnteoireachta an tairbhí féin, bunaithe ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis a soláthraíodh i gcomhthéacs an réamhscrúdaithe. Thairis sin, maidir le barúil na hUngáire go mbreithneodh Melrose ‘tréimhsí ama i bhfad níos giorra i ndáil le tréimhsí aisíoca’, tugann an Coimisiún dá aire nach raibh an amhras a bhí air sa Chinneadh Tosaigh ina dtoradh ar mhíréasúntacht na tréimhse aisíoca ach, ina ionad sin, go raibh amhras air an amhlaidh go deimhin, sa chás atá idir lámha, go raibh diancheanglas ann i leith tréimhse aisíoca [4,5 – 5,4] bliain a d’fhág go raibh iallach ar GKN Automotive an próiseas um roghnú láithreáin a athoscailt agus cásanna a shainaithint ina bhféadfadh an infheistíocht an aisíocaíocht ba dhíth a ghiniúint laistigh den teorainn ama [4,5 – 5,4] bliain sin.

(130)

D’áitigh an Ungáir freisin ina barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh gur cinneadh oibríochtúil a bhí sa chinneadh maidir le suíomh nár tháinig faoi inniúlacht Melrose, toisc go raibh an inniúlacht sin teoranta d’ábhair a bhfuil ‘ardtábhacht ag baint leo ón ngné airgeadais de’ (aithris (56)). Mar dhoiciméad tacaíochta, chuir an Ungáir isteach an Beartas maidir le hÚdarás a Tharmligean a bhí ag GKN Automotive. Tugann an Coimisiún dá aire go liostaítear sa Bheartas maidir le hÚdarás a Tharmligean, i measc na n-ábhar a bhfuil formheas Melrose ag teastáil ina leith, cinntí maidir le cistiú agus slándáil chomh maith le caiteachas caipitiúil os cionn GBP […] (aithris (56)). Is léir gur chomhlíon an Tionscadal Infheistíochta an tairseach sin. Tugann an Coimisiún dá aire freisin gurb amhlaidh, de réir an Bheartais maidir le hÚdarás a Tharmligean, go bhfuil gá le formheas Melrose freisin maidir leis an méid seo a leanas: ‘idirbhearta maoine’ (cé is moite d’eisceachtaí an-teoranta). Mhínigh an Ungáir nach mbaineann an Beartas maidir le hÚdarás a Tharmligean le bainistíocht oibríochtúil ná forghníomhú na réimsí a chumhdaítear le Beartas maidir le hÚdarás a Tharmligean, lena n-áireofaí cinntí oibríochtúla maidir le hábhair amhail dul i bhfód ar an margadh, sonraíochtaí i dtaobh athruithe ar láithreacht mhonaraíochta (e.g., [aistriú gnó] nó bunú láithreán nua, nó athchóirithe ar línte táirgí, a bheadh le cinneadh ag foireann bainistíochta an ghnólachta). Measann an Coimisiún, cé go bhféadfadh sé a bheith inchreidte nach bhfuil baint ag Melrose le gach gné oibríochtúil de réimsí a ndearna sé cinneadh ina leith (amhail an Tionscadal Infheistíochta), gurb é an phríomhcheist an féidir an cinneadh an Tionscadal Infheistíochta a dhéanamh san Ungáir a laghdú go cinneadh oibríochtúil lena gcuirfí cinneadh infheistíochta Melrose chun feidhme. Ar na cúiseanna a leagtar amach san aithris seo a leanas, measann an Coimisiún nach bhfuil sé inchreidte gur féidir a mheas gur cinneadh oibríochtúil lena gcuirtear chun feidhme cinneadh infheistíochta Melrose é an cinneadh maidir le suíomh.

(131)

Ar an gcéad dul síos, tá foclaíocht shoiléir an ICC ag teacht salach ar an argóint gurbh é GKN Automotive an t-eintiteas a rinne cinneadh aontaobhach maidir leis an suíomh tar éis fhormheas an ICC i mí na Nollag 2020. Thagair an caiteachas caipitiúil ábhartha do thionscadal arb é atá ann ‘an láithreacht atá in … faoi láthair a chomhdhlúthú i láithreán nua san Ungáir’ (béim curtha leis). Dá bhrí sin, bhí formheas bhuiséad an ICC bunaithe go bunúsach ar an Tionscadal Infheistíochta a bheith lonnaithe san Ungáir, suíomh a roghnaíodh i bpróiseas ilchéime, ar ríomhadh na costais infheistíochta ina leith go sonrach san ICC. Ar an dara dul síos, níl amhras á chaitheamh ar an gconclúid sin ag argóint na hUngáire gur shínigh Melrose an ICC agus é ag aontú ‘leis an gcoincheap/an mórphictiúr’ – mar a luaitear i ríomhphost Melrose an 9 Nollaig 2020 (aithris (61)). Déantar achoimre san ICC ar ‘an láithreacht atá ann faoi láthair … a chomhdhlúthú i láithreán nua san Ungáir’ faoin tionscadal. Soláthraítear na sonraí breise uile san iarscríbhinn a ghabhann leis an ICC (43). Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart an comhaontú maidir leis ‘an gcoincheap/an mórphictiúr’ a léamh mar chomhaontú lena n-áirítear suíomh an Tionscadail Infheistíochta (i.e., an Ungáir). Bunaithe ar an bhfianaise sa cháschomhad, ní mheasann an Coimisiún gur ábhar tánaisteach, oibríochtúil a bhí sa rogha i dtaobh shuíomh an Tionscadail Infheistíochta, ná go bhféadfadh GKN Automotive an rogha a athrú go haontaobhach d’ainneoin í a bheith formheasta ag Melrose.

(132)

Ina barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, rinne an Ungáir trácht breise ar léirmhíniú an Choimisiúin ar nótaí cruinnithe agus ar dhoiciméad ullmhúcháin do chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020, inar chosúil gur tugadh le fios gurb é Melrose an comhlacht cinnteoireachta i dtaobh an láithreán a roghnú (aithris (44)). Measann an Ungáir gur cheart na doiciméid sin, ina luaitear formheas Melrose maidir le ‘Roghnú talún’, a léamh mar thagairtí don fhormheas sin i gcomhthéacs níos leithne an athbhreithnithe fhoriomláin ar an gcás gnó agus áitíonn sí go léirítear le cur i láthair an 12 Samhain 2020 nár iarradh ar Melrose ach an cás gnó a fhormheas, agus nár iarradh air suíomh na hinfheistíochta a fhormheas. Chun bheith níos cruinne, measann an Ungáir gur cheart an abairt ábhartha a léamh mar ‘doiciméad le haghaidh fhormheas Melrose ar an gcás gnó agus é ina hipitéis oibre gurb í an Ungáir suíomh na hinfheistíochta’ (44). Tugann an Coimisiún dá aire, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an léirmhíniú sin ag teacht salach ar théacs an doiciméid ullmhúcháin do chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020, ina luaitear, ar an sleamhnán céanna, mar na chéad chéimeanna eile, an ‘Nuashonrú ar an gCás Gnó’‘lena fhormheas ag Melrose’, agus an ‘Roghnú Talún’‘lena Fhormheas ag Melrose’, rud a léiríonn go n-iarrfaí ar Melrose an roghnú talún a fhormheas tar éis chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020. Cé go bhféadfadh an Coimisiún, agus cur i láthair an 12 Samhain 2020 á chur san áireamh, glacadh leis go bhféadfaí formheas an ‘Roghnaithe talún’ sa sleamhnán sin a léamh mar thagairt don fhormheas sin i gcomhthéacs níos leithne an athbhreithnithe fhoriomláin ar an gcás gnó, is amhlaidh fós nach bhfágann sé sin go raibh an suíomh fós le roghnú, tar éis do Melrose an Tionscadal Infheistíochta a fhormheas. Is soiléire fós an méid sin ar bhonn na réasúnaíochta a leagtar amach san aithris seo a leanas.

(133)

Tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon rud sa chur i láthair an 12 Samhain 2020 lena dtugtar le fios nach bhfuil ann ach hipitéis oibre gurb í an Ungáir suíomh na hinfheistíochta nó nach raibh an anailís ar an suíomh tugtha chun críche nuair a d’fhormheas Melrose an ICC. A mhalairt ar fad, cuireadh an suíomh i láthair mar phríomheilimint den Tionscadal Infheistíochta. I ndáil leis sin, is é an t-ábhar a luaitear leis an gcéad sleamhnán ‘Achoimre: Cuimsítear le [Tionscadal Infheistíochta] an 2ú Babhta de chomhdhlúthú ár láithreachta san Eoraip [gnó a aistriú] … agus láithreán nua a thógáil san Ungáir’ (45). Sonraítear sa dara sleamhnán gur ‘roghnaíodh Miskolc, HU mar shuíomh don láithreán nua chun leas a bhaint as costas fachtóra níos ísle in Oirthear na hEorpa agus chun an nochtadh i dtíortha an Aontais Eacnamaíoch Eoráisigh a chothromú’. Thairis sin, tá trí aguisín sa chur i láthair. Tá dhá cheann acu ábhartha sa chomhthéacs seo. Déantar achoimre sa chéad aguisín ar an obair ar an gcás gnó go dtí go ndearnadh iarraidh é a fhormheas, agus áirítear ann friotal/foclaíocht amhail ‘An cur chuige maidir le haistriú táirgthe ón mbun aníos bailíochtaithe agus beachtaithe’, lena n-áirítear ‘Láithreán nua amháin a thógáil san Ungáir (limistéar Miskolc), a oirfidh a mhéid do raon feidhme an bhabhta seo’. Thairis sin, mínítear san aguisín ‘[go ndéantar] na toimhdí lárnacha uile a bhailíochtú go forleathan, agus bunaithe ar fhíorais/tagairtí GKN, foinsí creidiúnacha 3ú páirtí (e.g. Eurostat) nó agallaimh le saineolaithe (e.g. maidir le margadh saothair na hUngáire)’. Tugtar forléargas sa tríú aguisín ar chéimeanna éagsúla a leanadh sa phróiseas um roghnú talún, ag tosú ó chéadroghnú na dtíortha faoi raon feidhme na hanailíse go dtí an ‘moladh deiridh i dtaobh an réigiúin agus an láithreáin a ndíreofar orthu’. Is mar ‘thogra cinnteoireachta’ a cuireadh Miskolc i láthair. Is léir, dá bhrí sin, gur cuireadh an Ungáir i láthair mar eilimint bhunúsach den chás gnó a bhí le formheas ag Melrose, mar is léir freisin ón ICC.

(134)

Níor sholáthair an Ungáir aon fhianaise chomhaimseartha eile lena bhféadfaí bunús a thabhairt lena hargóint nach mbeadh san Ungáir ach ‘suíomh toimhdithe’, nó ‘hipitéis oibre’ nó ‘cás hipitéiseach’ ag an gcéim ag ar formheasadh an ICC.

(135)

Ar bhonn an mhéid thuas, is é cinneadh an Coimisiún go raibh an suíomh ina dhlúthchuid den ICC a d’fhormheas Melrose i mí na Nollag 2020, agus nár léirigh an Ungáir, ar bhonn fianaise inchreidte, nach raibh ann ach hipitéis oibre gurb í an Ungáir suíomh an Tionscadail Infheistíochta agus go raibh GKN Automotive i dteideal cinneadh a dhéanamh maidir le suíomh difriúil in éagmais formheas breise ó Melrose.

(136)

Cé go measann an Coimisiún, ar bhonn na fianaise a ndearnadh measúnú uirthi in aithris (133), go raibh an suíomh ina dhlúthchuid d’fhormheas an ICC i mí na Nollag 2020, measann an Coimisiún mar sin féin (i gcomhréir le haighneachtaí na hUngáire (aithris 57 den Chinneadh Tosaigh)) gur fhág cineál achomair an fhormheasa ar an ICC go raibh raon feidhme leordhóthanach ag Melrose chun coinníollacha áirithe a chur ag gabháil lena fhormheas. I ndáil leis sin, agus i bhfianaise argóintí na hUngáire (aithris (43)), ní mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh féachaint an raibh formheas Melrose coinníollach, mar sin féin, ar sprioc aisíoca [4,5 – 5,4] bliain a chomhlíonadh. In aithrisí (137) go (160), déanann an Coimisiún measúnú, dá bhrí sin, féachaint an raibh an ceanglas aisíoca [4,5 – 5,4] bliain sin ina thoisc chinnteoireachta a bhí forleathan tráth an chinnidh infheistíochta agus an chinnidh maidir le suíomh.

(137)

Le linn réamhscrúdú an Choimisiúin, d’áitigh an Ungáir gurb amhlaidh, cé gur fhormheas Melrose an ICC, sa chruinniú roimhe sin an 12 Samhain 2020 gur cheistigh sé an cás gnó ós rud é nach raibh sé ag teacht le cleachtas ginearálta Melrose i dtaobh tréimhse aisíoca uasta [4,5 – 5,4] bliain a cheangal i gcás infheistíochtaí móra. Mar a tugadh ar aird in aithris 135 den Chinneadh Tosaigh, ní raibh an Coimisiún in ann a shuí gan amhras tromchúiseach go raibh tréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain ina heilimint chinntitheach i dtaobh infheistíocht a dhéanamh nó gan infheistíocht a dhéanamh, a bhí forleathan tráth an chinnidh infheistíochta agus an chinnidh maidir le suíomh.

(138)

Measann an Coimisiún go dtacaíonn an fhianaise dá dtagraítear in aithrisí 135 agus 136 den Chinneadh Tosaigh leis an gconclúid nach raibh tréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain ina heilimint chinntitheach i dtaobh infheistíocht a dhéanamh ar na cúiseanna seo a leanas: (1) síníodh an ICC agus tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana á haithint; (2) áirítear sa tuairisc níos mionsonraithe atá i gceangal leis an ICC tagairt shoiléir do thréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana gan aon tagairt do spriocthréimhse nach faide ná [4,5 – 5,4] bliain; (3) aithníodh sa Straitéis féin (46) gurb amhlaidh, fiú má tá cuma neamhtharraingteach ar roinnt babhtaí aonair ó thaobh aisíoca de, nach mbainfear amach tairbhí iomlána na Straitéise ar bhonn chur chuige ilroinnte i leith tionscadal, rud a thugann le fios nach raibh an tréimhse aisíoca, aisti féin, ina toisc chinntitheach sa phróiseas cinnteoireachta i leith babhtaí aonair agus nár ghá go raibh meastóireacht le déanamh ar thréimhsí aisíoca na mbabhtaí éagsúla astu féin; (4) luadh sa doiciméad ullmhúcháin do chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020 spriocthréimhse aisíoca is giorra ná [5,6 – 7,2] bliain do Bhabhta nua a trí, gan aon tagairt do bheartas [4,5 – 5,4] bliain; (5) an 10 Samhain 2020, sheol foireann an tionscadail um roghnú láithreáin an dréachtchur i láthair le haghaidh chruinniú athbhreithnithe Melrose chuig an POA, ag tagairt do thréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana, agus í ag iarraidh a bharúlacha roimh an gcruinniú le Melrose. Níl aon fhianaise curtha isteach ag an Ungáir ná ag aon cheann de na páirtithe leasmhara eile lena léirítear gur tháinig freagra ar an iarraidh sin ón bhfoireann tionscadail um roghnú láithreáin, ná gur sholáthair an POA aon bharúil ná togra le haghaidh leasuithe i ndáil leis an gcur i láthair sin, d’ainneoin go dtagraítear sa dréacht-chur i láthair do thréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana; (6) i mí na Samhna 2020, tar éis cheistiú líomhnaithe Melrose ar an gcás gnó ionas go gcomhlíonfaí an sprioc [4,5 – 5,4] bliain agus sna pléití a rinne an fhoireann tionscadail um roghnú láithreáin faoi shuíomhanna malartacha, níl aon fhianaise ann go ndearnadh ríomh/breithniú ar thréimhse aisíoca i leith na suíomhanna malartacha (an Tuirc, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSeirbia nó Maracó), a breithníodh, de réir na hUngáire, sular thángthas ar an gconclúid an Tuirc a chur chun cinn mar an suíomh malartach; (7) an chomparáid idir an Ungáir agus an Tuirc a rinne foireann an tionscadail um roghnú láithreáin an 17 Nollaig 2020 agus an réamhchinneadh líomhnaithe maidir le suíomh i mí Eanáir 2021, bhí siad bunaithe ar chomparáid idir glanluachanna láithreacha agus scóráil an dá shuíomh, gan an tréimhse aisíoca a ríomh ná a bhreithniú in aon chor. Ní théann an fhianaise is luaithe ar ríomh tréimhse aisíoca le haghaidh na hinfheistíochta malartaí sa Tuirc siar ach chomh fada le mí na Nollag 2021 – eadhon: aon bhliain amháin tar éis fhormheas an ICC agus an réamhchinnidh maidir le suíomh a rinneadh i mí Eanáir 2021.

(139)

Ina barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, áitíonn an Ungáir nach formheas cinnte a bhí i bhformheas Melrose ar an ICC, ach gur réamh-fhormheas ar an gcás gnó amháin a bhí ann ionas go bhféadfaí cistiú a scaoileadh chun leanúint ar aghaidh leis an Tionscadal Infheistíochta (aithris (73)). Áitíonn an Ungáir freisin gur cheistigh Melrose an tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana agus gur chuir sé de chúram ar FF GKN Automotive an ghné airgeadais den chás gnó a dhéanamh níos tarraingtí agus an tréimhse aisíoca a raibh coinne léi, [4,5 – 5,4] bliain ar a mhéad, a chomhlíonadh (aithris (59)). Tacaíonn GKN Automotive agus Melrose leis an seasamh sin, agus sholáthair siad dearbhuithe sínithe maidir leis an gcuid sin den phróiseas cinnteoireachta (aithrisí (54) agus (140)).

(140)

Is éard atá i miontuairiscí cúlghabhálacha chruinniú an 12 Samhain 2020, dar dáta an 10 Feabhra 2023 agus iad sínithe ag ionadaithe Melrose agus GKN Automotive, dearbhú ex post, mar dhoiciméad tagartha don Choimisiún i gcomhthéacs an imscrúdaithe fhoirmiúil, maidir leis an méid a pléadh le linn chruinniú an 12 Samhain 2020. Léirítear sna miontuairiscí cúlghabhálacha sin ‘go n-ardaíonn [comhalta de Melrose] ábhair imní maidir le hinmharthanacht airgeadais an cháis gnó ar an mbonn gurbh fhaide an tréimhse aisíoca ná [4,5 – 5,4] bliain. Mhínigh sé go bhfágfadh tréimhse fhada aisíoca go bhféadfadh sé nach bhfaigheadh Melrose Industries toradh iomlán ar a n-infheistíocht airgid ar an tionscadal le linn a dtréimhse úinéireachta. Mar sin féin, d’aontaigh rannpháirtithe uile an chruinnithe go raibh an tionscadal riachtanach ar an leibhéal straitéiseach chun gnó GKN Driveline a choinneáil slán i bhfad na haimsire, d’ainneoin nach raibh an tréimhse aisíoca chomh tarraingteach agus a mheasfaí de ghnáth a bheith inghlactha. Tar éis plé a dhéanamh, chuir ionadaithe Melrose Industries in iúl gur fhormheas siad cás gnó an tionscadail, rud a d’fhág go bhféadfaí dul ar aghaidh leis an tionscadal ar bhonn an bhuiséid tionscadail. Chuir siad de chúram ar fhoireann GKN Automotive, áfach, féachaint arís ar thoimhdí an tionscadail chun bealaí a shainaithint chun tréimhse aisíoca an tionscadail a laghdú faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain trí luach a mhéadú agus/nó trí chostas a laghdú’.

(141)

Measann an Coimisiún, ar an gcéad dul síos, go dtugtar le fios leis an bhfoclaíocht sin i miontuairiscí cúlghabhálacha chruinniú an 12 Samhain 2020, gur formheas foirmiúil ar an gcás gnó agus ar an Tionscadal Infheistíochta é an ICC, agus nach ‘formheas tosaigh’ ná ‘réamh-fhormheas’ amháin atá ann mar a áitíonn an Ungáir. In aon chás, níor soláthraíodh aon fhormheas críochnaitheach ná cinntitheach breise. Go deimhin, shonraigh an Ungáir nach raibh gá le haon fhormheas breise ó Melrose (aithris (76)). Ar an dara dul síos, tacaíonn na miontuairiscí cúlghabhálacha le tuairim an Choimisiúin gurb amhlaidh, toisc go bhfuil ‘riachtanas straitéiseach’ ag baint leis an Tionscadal Infheistíochta, gur ghlac Melrose le tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana, cé gur chuir sé in iúl gur mhian leis fós go gcuirfí feabhas ar an tréimhse aisíoca. Ar aon chuma, ós rud é gur dréachtaíodh an dearbhú sin chun críocha na n-imeachtaí seo agus ar dháta i bhfad ón am ábhartha, tá luach íseal cruthúnais ag baint leis an dearbhú sin agus, dá réir sin, ní féidir an fhianaise dhoiciméadach ar a bhfuiltear ag brath, atá comhaimseartha leis na himeachtaí atá i gceist, a cheistiú ar a bhonn. Ní chaitear amhras ar an gconclúid sin ar an mbonn gur duine a ghlac páirt sna himeachtaí ábhartha a rinne an dearbhú (47).

(142)

Measann an Coimisiún go bhfuil luach cruthúnais íseal freisin ag an ráiteas i scríbhinn ón duine atá ina POF ar GKN Automotive faoi láthair (aithris (54)), mar gheall gur ceann ex post é, ar na cúiseanna a luaitear cheana in aithris (141). Tugann an Coimisiún dá aire freisin go dtagraíonn GKN Automotive sa ráiteas sin d’easpa rochtana ar dhoiciméid a iar-mháthairchuideachta, Melrose. Is amhlaidh, áfach, nár sholáthair GKN Automotive aon fhaisnéis ach oiread maidir le haon tagairt do theagmhálacha le Melrose chun doiciméid ábhartha a fháil chun bunús breise a thabhairt leis na ráitis a rinneadh le linn an réamh-imscrúdaithe agus an imscrúdaithe fhoirmiúil. Ina chuid barúlacha, níor sholáthair Melrose aon doiciméad chomhaimseartha ach oiread chun tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta.

(143)

Maidir leis an bhfianaise chomhaimseartha dhoiciméadach, léirítear le ríomhphost Melrose an 9 Nollaig 2020 lenar tarchuireadh an ICC sínithe chuig GKN Automotive gur aontaigh Melrose le ‘coincheap/mórphictiúr’ an tionscadail, agus é á shoiléiriú an tráth céanna nach raibh sé ag tabhairt ‘formheas iomlán chun GBP [220 – 400]m a chaitheamh’ (i.e. costas iomlán an tionscadail) mar go raibh coinne aige go n-athródh na luachanna caiteachais deiridh i gcomparáid leis na luachanna san ICC ‘de réir mar a théann gach eilimint chun cinn agus de réir mar a éiríonn an cás gnó níos soiléire’ agus go raibh uaidh go gcoinneofaí cothrom le dáta é i ndáil le gach céim. Cé go soiléirítear sa doiciméad sin go rabhthas fós ag iarraidh táscairí feidhmíochta airgeadais na hinfheistíochta a fheabhsú, ní dhéantar tagairt d’aon sprioc chinntitheach i dtaobh tréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain ná ní dhéantar aon tagairt do chás inarb amhlaidh nach gcuirfí an Tionscadal Infheistíochta chun feidhme mura gcomhlíonfaí an ‘sprioc’. Dá mba rud é gur pléadh an sprioc aisíoca sin le linn an athbhreithnithe ar an gcás gnó an 12 Samhain 2020 mar choinníoll docht le haghaidh formheasa, bheadh coinne ag an gCoimisiún le teacht ar thagairt di, sa ríomhphost inar liostaigh Melrose a phríomhbharúlacha maidir leis an ICC formheasta, nó san ICC féin.

(144)

Ina barúlacha maidir leis an gCinneadh Tosaigh, cuireann an Ungáir i dtábhacht gur i mbrabúsacht airgeadais infheistíochtaí go príomha a bhíonn suim ag Melrose ina ról mar infheisteoir airgeadais. Dá bhrí sin, úsáidtear táscairí feidhmíochta airgeadais amhail an tairseach aisíoca [4,5 – 5,4] bliain sa phróiseas cinnteoireachta ‘bunaithe ar ghnáthchleachtas’; agus bíonn claonadh ag Melrose ‘féachaint ar infheistíochtaí ag a bhfuil tréimhse aisíoca faoi bhun [2,1 – 2,9] bliain’, agus, i gcás mórthionscadail/tionscadail straitéiseacha, ní dhéanfaí tréimhse aisíoca os cionn [4,5 – 5,4] bliain a mheas. Sa chomhthéacs sin, is amhlaidh nár chuir an Ungáir isteach aon fhianaise chomhaimseartha ach nach ndearna sí ach tagairt a dhéanamh do ríomhphost Melrose an 6 Lúnasa 2021 (aithris (57)), a tarraingíodh suas i gcomhthéacs freagra a ullmhú ar iarraidh an Choimisiúin ar fhaisnéis dá dtagraítear in aithris (3) agus, dá bhrí sin, ar ríomhphost é nár ullmhaíodh go dtí tar éis na tréimhse ina ndeirtear gur thoisc í an tréimhse aisíoca [4,5 – 5,4] bliain a bhí forleathan i bpróiseas den sórt sin (aithris (59)). Tugann an Coimisiún dá aire nach féidir leis na breithnithe sin ón Ungáir agus an dearbhú ó Melrose, fiú dá bhféadfaí a mheas go bhfuil siad iontaofa, ach ‘gnáthchleachtas’ a léiriú, agus nach soláthraítear leo aon fhianaise maidir leis na heilimintí cinntitheacha a bhaineann leis an Tionscadal Infheistíochta go sonrach, a bhfuil fianaise choincréiteach ar fáil ina leith lena léirítear oscailteacht Melrose agus GKN Automotive i dtaobh glacadh le tréimhse aisíoca níos faide (go sonrach, an ICC sínithe, an tuairisc níos mionsonraithe atá i gceangal leis an ICC, agus an doiciméad ullmhúcháin do chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020).

(145)

Ina barúlacha, tugann an Ungáir freagra freisin ar na heilimintí eile, ar ar a mbonn a cheistigh an Coimisiún cur i bhfeidhm dianbheartas infheistíochta maidir leis an Tionscadal Infheistíochta lena bhforáiltear do thréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain:

(146)

Freagraíonn an Ungáir (aithris (68)) argóint an Choimisiúin go bhféadfaí fiú tionscadal atá neamhtharraingteach ó thaobh na tréimhse aisíoca de a fhormheas i bhfianaise ‘bhuntáistí iomlána’ na Straitéise, mar a aithníodh sa Straitéis féin (pointe (3) d’aithris (137)). Tugann an Coimisiún dá aire go gcuireann an Ungáir eilimintí ar aghaidh a sholáthair sí cheana le linn an réamhscrúdaithe agus nach gcuireann sí aon fhianaise bhreise isteach ina leith sin. Glacann an Coimisiún leis an argóint gurb amhlaidh, chun críocha cur chun feidhme, gur féidir measúnú ar leithligh a dhéanamh ar gach tionscadal ar bhonn a thréimhse aisíoca féin. Ní gá, áfach, go bhfágfadh sé sin nach mór do gach tionscadal as féin sprioc cheangailteach aisíoca a chomhlíonadh. Is é sin le rá, d’fhéadfadh sprioc áirithe a bheith ag straitéis ghinearálta, bunaithe ar roinnt tionscadal, i dtéarmaí tréimhse aisíoca, cé go bhféadfadh spriocanna éagsúla a bheith ag na tionscadail bhunúsacha, a d’fhéadfadh a bheith níos faide nó níos giorra ná an sprioc ghinearálta. Aithnítear é sin sa Straitéis féin, inar leagadh béim ar an ngá atá le ‘cur chuige píosa ar phíosa i leith tionscadal’ a sheachaint (48).

(147)

Sholáthair an Ungáir agus GKN Automotive fianaise freisin maidir le tréimhse aisíoca tionscadal eile i bhfoirm tábla ina liostaítear ceithre thionscadal (aithris (68)). Níl sé cinntitheach, áfach, go raibh tréimhse aisíoca níos giorra ag na tionscadail sin agus níl sé ina fhianaise ar an tréimhse aisíoca a ceanglaíodh i leith an Tionscadail Infheistíochta. Tugann an Coimisiún dá aire, in aon chás, nach bhfuil na tionscadail a liostaítear sa tábla sin inchomparáide leis an Tionscadal Infheistíochta, ós rud é go bhfuil costas i bhfad níos ísle ag baint leo agus nach mbaineann siad ach le [haistriú gnó] láithreán áirithe agus le haistriú oibríochtaí chuig láithreáin atá ann cheana, in ionad le monarcha nua a bhunú. Tá sé réasúnta a mheas go bhféadfadh níos mó ama a bheith ag teastáil chun sprioc airgeadais a bhaint amach i gcás bunaíocht nua a thógáil ná mar a bheadh i gceist le [haistriú gnó] láithreáin, ionas gur cinnte go bhféadfadh sé teacht faoi chatagóir na gcásanna a bhfuil an chuma orthu, de réir na Straitéise, go bhfuil siad ‘neamhtharraingteach ó thaobh na tréimhse aisíoca de’ ach a raibh gá leo chun leas a bhaint as tairbhí iomlána na Straitéise.

(148)

Maidir le pointe (4) d’aithris (138), tugann an Ungáir dá haire (aithris (69)) nach raibh sa raon aisíoca [raon idir 5 – 7] mbliana a sainaithníodh ar dtús i leith Bhabhta nua a trí (ar feabhas é i gcomparáid le tréimhse aisíoca [7,5 – 11] bhliain Bhabhta a trí) ach ‘raon dóchúil… atá faoi réir roinnt príomhthoimhdí’. Níl aon chúis amhrais ag an gCoimisiún go raibh sé i gceist leis an athrú go Babhta a trí raon na tréimhse aisíoca a laghdú go dtí thart ar [raon idir 5 agus 7] mbliana. Ba é príomhargóint an Choimisiúin é, áfach, gur luadh go soiléir sa doiciméad ullmhúcháin do chruinniú FF GKN Automotive an 12 Lúnasa 2020 spriocthréimhse aisíoca ‘<[5,6 – 7,2] bliain’. Míníonn an Ungáir nach raibh ansin ach sprioc inmheánach d’fhoireann an tionscadail um roghnú láithreáin, rud nárbh ionann agus an sprioc [4,5 – 5,4] bliain a bhí ag teastáil chun formheas Melrose a fháil i leith an ICC, ar sprioc í ar mhaith ab eol do FF GKN Automotive. Mar sin féin, níor cuireadh aon fhianaise bhreise isteach maidir leis an bhfáth a n-oibreodh foireann an tionscadail um roghnú láithreáin i dtreo sprioc inmheánach nach ionann í agus an sprioc a líomhnaítear a bheith riachtanach chun formheas Melrose ar an tionscadal a áirithiú cúpla mí ina dhiaidh sin. Míníonn an Ungáir go raibh FF GKN Automotive ar an eolas faoin teorainn ama [4,5 – 5,4] bliain is infheidhme maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta atá i gceist.

(149)

Measann an Coimisiún nach bhfuil na haighneachtaí sin inchreidte. Ar an gcéad dul síos, ní chruthaítear le doiciméid chomhaimseartha gurb ann do theorainn ama [4,5 – 5,4] bliain den sórt sin ná go raibh FF GKN Automotive feasach ina leith, agus ní féidir an méid sin a bhaint de thátal as an bhfíoras, ann féin, gur ghlac an chuideachta le luachanna aisíoca i bhfad níos ísle ná [4,5 – 5,4] bliain roimhe sin, i gcás tionscadail nach ndealraíonn sé atá inchomparáide leis an Tionscadal Infheistíochta (féach freisin aithris (69)). Ar an dara dul síos, agus in aon chás, fiú dá nglacfaí leis go raibh ceanglas [4,5 – 5,4] bliain den sórt sin infheidhme go docht – d’ainneoin gur admhaíodh sa Straitéis go bhféadfadh tréimhsí aisíoca neamhtharraingteacha a bheith i gceist le céimeanna áirithe – agus go raibh FF GKN Automotive ar an eolas faoin gceanglas sin, is cúis amhras, ar an gcéad dul síos, an fáth a mholfadh an fhoireann um roghnú roghnúcháin láithreáin, i mí Lúnasa 2020, tionscadal ag a raibh tréimhse aisíoca níos giorra ná [5,6 – 7,2] bliain, agus ar an dara dul síos, an fáth a gcuirfeadh FF GKN Automotive an Tionscadal Infheistíochta isteach le haghaidh fhormheas Melrose i mí na Samhna 2020 le tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana.

(150)

Maidir le pointe (5) d’aithris (138), míníonn an Ungáir gurb amhlaidh, ó mhí Lúnasa 2020 ar aghaidh, gur thug GKN Automotive ról rannpháirtíochta dá POA agus é ag féachaint leis an sprioc aisíoca [4,5 – 5,4] bliain a bhaint amach. Chun bunús a thabhairt leis an eilimint sin, soláthraíonn an Ungáir doiciméad eatramhach an 30 Deireadh Fómhair 2020 ina dtagraítear do thréimhse aisíoca [5,5 – 7,5] bliain. Tugann an Coimisiún dá aire nach ndéantar tagairt sa doiciméad sin d’aon sprioc aisíoca ‘nár comhlíonadh’. Cé gurb amhlaidh fós gur feabhsaíodh an tréimhse aisíoca ó [5,5 – 7,5] bliain i mí Dheireadh Fómhair 2020 go [5,4 – 7] mbliana i mí na Samhna 2020, ní thugtar bunús dó leis sin go raibh spriocthréimhse uasta [4,5 – 5,4] bliain ann. Ní féidir leis ach léiriú a thabhairt go ndearna GKN Automotive iarracht an tréimhse aisíoca a laghdú. Thairis sin, le linn an phróisis cinnteoireachta ar fad, níl aon fhianaise ann go ndearnadh aon phlé leis an POA - ná go bhfuarthas aon treoir uaidh – a bhí dírithe ar an tréimhse aisíoca a laghdú go tréimhse uasta [4,5 – 5,4] bliain. A mhalairt ar fad, in ainneoin go líomhnaítear go raibh sé ar an eolas faoi theorainn dhocht [4,5 – 5,4] bliain, chuir FF GKN Automotive isteach an Tionscadal Infheistíochta lena fhormheas ag Melrose i mí na Samhna 2020 san ICC le tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana agus fuair sé an formheas sin i mí na Nollag 2020 gan aon tagairt do theorainn [4,5 – 5,4] bliain.

(151)

Maidir le pointe (6) d’aithris (138), níor sholáthair an Ungáir ná na páirtithe leasmhara eile tuilleadh argóintí ná fianaise. Dá bhrí sin, seasann an Coimisiún lena thuairim, maidir leis an easpa ríomha/breithnithe i dtaobh tréimhse aisíoca le haghaidh na suíomhanna malartacha (an Tuirc, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSeirbia nó Maracó) a líomhnaítear a breithníodh mar fhreagairt ar an gceistiú a rinne Melrose ar an gcás gnó le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta, go dtacaíonn an easpa sin leis an gconclúid nach raibh tréimhse aisíoca [4,5 – 5,4] bliain ar a mhéad ina gné chinntitheach sa mheasúnú ar infheistíocht a dhéanamh i suíomh sonrach.

(152)

Maidir le pointe (7) d’aithris (138), áitíonn an Ungáir gurb amhlaidh, tar éis formheas Melrose a fháil (a raibh ríomh na tréimhse aisíoca éigeantach ina leith), gur úsáid GKN Automotive modheolaíocht an ghlanluacha láithrigh chun suíomhanna a chur i gcomparáid le chéile. Áitíonn an Ungáir sa chomhthéacs sin gurb amhlaidh, i gcásanna mórinfheistíochta eile, inar ghnáthchuideachtaí monaraíochta iad na tairbhithe, gur ar bhonn ríomhanna glanluacha láithrigh a rinne an chuideachta cinntí, seachas ar bhonn tréimhsí aisíoca (aithris (73)).

(153)

Ní mheasann an Coimisiún go bhfuil an argóint sin áititheach. Ar an gcéad dul síos, dá mba rud é go raibh sprioc cheangailteach ag GKN Automotive i ndáil le tréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain, rud arbh é athrú suímh an réiteach air, níl sé inchreidte gur roghnaíodh an Tuirc i mí Eanáir 2021 mar shuíomh malartach in ionad na hUngáire gan aon fhíorú a dhéanamh ar acmhainneacht an tsuímh sin an sprioc sin a chomhlíonadh ná gan aon tagairt a dhéanamh dó sin. Ar an dara dul síos, fiú dá mba rud é gur thoimhdigh GKN Automotive ar dtús gur dócha go gcomhlíonfadh an Tuirc an ceanglas aisíoca, ós rud é gur tír shár-ísealchostais í, i gcás mar a thuairiscigh an Ungáir, áit a raibh ar GKN Automotive suíomh malartach a aimsiú chun an ceanglas aisíoca a chomhlíonadh faoi shrianta ama dochta (aithrisí (100) agus (167)), níl sé inchreidte gur lean an fhoireann ábhartha den chás malartach a fhorbairt, ar cás é a bhain le suíomh sa Tuirc, ar feadh thart ar aon bhliain amháin (go dtí mí na Nollag 2021) gan bheith cinnte go gcomhlíonfadh suíomh na Tuirce an sprioc aisíoca. Bheadh an baol ann go mbeadh cailliúint ama gan ghá i gceist leis an gcur chuige sin agus d’fhéadfadh sé a bheith ina thoradh air go mbeadh ar an bhfoireann an próiseas a atosú arís le tuilleadh moilleanna (rud a bheadh i gcoinne phráinn líomhnaithe an cháis). Sa chomhthéacs sin, meabhraíonn an Coimisiún nach ndearnadh an chéad fhíorú ar an tréimhse aisíoca a raibh coinne léi sa Tuirc go dtí mí na Nollag 2021 agus go léirítear leis tréimhsí aisíoca (le fóirdheontais agus gan fhóirdheontais) atá inchomparáide leis na tréimhsí aisíoca a raibh coinne leo san Ungáir, agus in aon chás nach raibh faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain (49).

(154)

Ar an dara dul síos, dá mba rud é go raibh sé fíor gur aistrigh GKN Automotive chuig modheolaíocht an ghlanluacha láithrigh ina chinnteoireacht, ní mhínítear cén fáth ar tugadh isteach coincheap na tréimhse aisíoca arís in ábhar an chur i láthair le haghaidh chruinniú an 9 Nollaig 2021 (i.e. an cinneadh críochnaitheach líomhnaithe maidir le suíomh), trína fhoráil ‘go bhfágfaí dreasachtaí (…) go mbeidh ar chumas an tionscadail an spriocthréimhse aisíoca [4,4 – 5,3] bliain ([5,5 – 7,1] bliain gan dreasachtaí) a chomhlíonadh’. Tugann an Coimisiún dá aire sa chomhthéacs sin gur fhiosraigh sé faoin sprioc [4,5 – 5,4] bliain ina iarraidh ar fhaisnéis an 30 Meán Fómhair 2021 (aithris (5)). Sa mheabhrán uaithi an 25 Aibreán 2024 (aithris (13)), d’áitigh an Ungáir go ndearnadh ionadú ar an gcur i láthair le haghaidh chruinniú an 29 Eanáir 2021 leis an gcur i láthair do chruinniú an 9 Nollaig 2021, agus go raibh ríomh tréimhse aisíoca san áireamh sa dara cruinniú sin. Ní mheasann an Coimisiún go bhfuil an argóint sin ábhartha ós rud é gur bhain amhras an Choimisiúin go sonrach leis an tréimhse idir mí na Nollag 2020 agus Eanáir 2021, ina líomhnaítear go ndearnadh athmhachnamh ar an Tuirc agus gur roghnaíodh í mar shuíomh malartach le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta.

(155)

Ina theannta sin, maidir le hargóint na hUngáire i dtaobh oiriúnacht mhodheolaíocht an ghlanluacha láithrigh i gcoitinne agus na comparáide le cinntí eile ón gCoimisiún, measann an Coimisiún nach mbaineann sé sin le hábhar ós rud é go gceanglaítear leis na TCRanna ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar phróiseas cinnteoireachta an tionscadail shonraigh a dtugtar fógra maidir leis an gcabhair réigiúnach ina leith.

(156)

Ar deireadh, d’áitigh an Ungáir gur cuireadh GKN Automotive ar an eolas gurbh é comparáid idir glanluachanna láithreacha ‘an cur chuige caighdeánach is gá chun ceanglas cistiúcháin a léiriú, atá ábhartha i leith cabhair réigiúnach’. Measann an Coimisiún, áfach, gurb amhlaidh, de réir sheasamh na hUngáire, le tacaíocht ó Melrose agus GKN Automotive, sa tréimhse idir mí na Nollag 2020 agus Eanáir 2021, gur fhéach GKN Automotive leis an tréimhse aisíoca a laghdú go dtí faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain. Sa chomhthéacs sin, bheadh comparáid idir tréimhsí aisíoca ábhartha, áit a dtugtar le fios le comparáid idir glanluachanna láithreacha gur tugadh isteach an Tuirc chun cás frithfhíorasach a bhunú a bhféadfaí cabhair réigiúnach a iarraidh san Ungáir ar a bhonn. Tacaítear leis an gconclúid sin, go deimhin, le haighneacht na hUngáire go ndearna GKN Automotive an ríomh glanluacha láithrigh toisc gurbh é ríomh glanluacha láithrigh ‘an cur chuige caighdeánach is gá chun ceanglas cistiúcháin a léiriú, atá ábhartha i leith cabhair réigiúnach’. Meabhraíonn an Coimisiún sa chomhthéacs sin gur tugadh an iarraidh a rinne GKN Automotive ar an Ungáir maidir le dreasachtaí cothrom le dáta sa tréimhse chéanna, ar an 18 Nollaig 2020 le bheith beacht faoi, le tabhairt isteach na Tuirce mar an suíomh frithfhíorasach le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta.

(157)

Tagraíonn an Ungáir freisin d’iarraidh ar sheirbhísí comhairliúcháin dar dáta an 27 Samhain 2020 (aithris (63)) trí fhrása amháin a lua ina sonraítear ‘nach ndearnadh aon chinneadh cinnte maidir leis an tionscadal ná maidir le láithreán’. Measann an Coimisiún, i bhfianaise na n-argóintí eile atá sa roinn seo freisin, nach féidir brath ar an abairt sin mar abairt a chruthaíonn nach raibh an Ungáir roghnaithe faoi mhí na Nollag 2020. Sonraítear an méid seo freisin san iarraidh ar sheirbhís: ‘Tá suíomhanna agus ceapa talún féideartha sainaitheanta againn cheana don láithreán nua; faoi láthair táimid i bhfabhar láithreán in Oirthuaisceart na hUngáire as measc na roghanna a breithníodh; ní dhearnadh aon chinntí cinnte maidir leis an tionscadal ná maidir le láithreán’ agus ansin sainaithnítear na ‘riachtanais tacaíochta’ tríd an méid seo a mhíniú: ‘Tá treoir á lorg againn maidir leis na ceisteanna seo a leanas: Bailíochtú na rogha tosaíochta faoi láthair i dtaobh láithreáin; Cé na cineálacha státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ar fáil dúinn?; Conas an iarraidh ar státchabhair a shonrú i gcomhthéacs ár gcáis (athlonnú féideartha, …)?; Cad iad na hábhair fhorlíontacha is gá a ullmhú agus cad iad na formáidí a bhfuil teist ann ina leith i ndáil le cinneadh ó údaráis náisiúnta agus ó údaráis an Aontais Eorpaigh?; Tacaíocht phraiticiúil i dtaobh ábhar an iarratais a ullmhú’. Tugann an Coimisiún dá aire ar an mbonn sin go léirítear san iarraidh ar sheirbhís, ina hiomláine, gurb amhlaidh, tar éis an athbhreithnithe ar chás gnó a rinneadh an 12 Samhain 2020, go ndeachaigh foireann an tionscadail um roghnú láithreáin i dteagmháil leis an ngnólacht comhairliúcháin chun tacaíocht a fháil i dtaobh cás áititheach a ullmhú maidir le Státchabhair.

(158)

Maidir le haithris 136, pointe (f) den Chinneadh Tosaigh, áitíonn an Ungáir (aithris (75)) gur gnáthchleachtas in GKN Automotive é gan fáltais díolacháin ó thalamh agus ó fhoirgnimh a chur san áireamh. Ós rud é go bhfuil bunús leis an argóint sin ar bhonn iarrataí ar chaiteachas caipitiúil ó thionscadail eile a cuireadh isteach cheana tráth an réamh-imscrúdaithe (50), glacann an Coimisiún leis an argóint sin ach measann sé nach bhfuil an eilimint sin cinntitheach maidir lena mheasúnú foriomlán toisc nach féidir leis an argóint sin, inti féin, deireadh a chur leis an amhras maidir le dianbheartas infheistíochta lena ndéantar foráil maidir le tréimhse uasta aisíoca [4,5 – 5,4] bliain a bheith á chur i bhfeidhm i leith an Tionscadail Infheistíochta. Áitíonn an Ungáir freisin nár chuir GKN Automotive an méid cabhrach sa tairiscint tháscach san áireamh sna ríomhanna toisc gur ghníomhaigh sé go stuama agus nach rud cinnte a bhí sa chabhair. Tugann an Coimisiún dá aire nach n-athraíonn an argóint sin an fíoras gurbh iad na ríomhanna sin an bunús a bhí le formheas Melrose ar an ICC, agus, dá bhrí sin, gur léir nár cuireadh aon chabhair san áireamh ann.

(159)

Ar deireadh, cuireann an Ungáir a himní in iúl maidir le toimhdí an Choimisiúin gur ghá beartas infheistíochta foirmiúil a bheith i bhfeidhm ionas go bhféadfadh Melrose an cás gnó le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta a cheistiú (aithris (77)). Soiléiríonn an Coimisiún nach bhfuil an Cinneadh Tosaigh bunaithe ar ghá a bheith ann go gcruthódh an Ungáir ceistiú an cháis gnó ar bhonn beartas infheistíochta ‘foirmiúil’ a bheith ann agus ar an mbonn sin amháin. Ina ionad sin, mhaígh an Ungáir go raibh ‘beartas dianinfheistíochta’ ann sa chás seo, agus go raibh sé infheidhme maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta. An t-amhras tromchúiseach a cuireadh in iúl sa Chinneadh Tosaigh, tá sé bunaithe ar an bhfíoras gur theip ar an Ungáir aon fhianaise dhoiciméadach a sholáthar lena dtugtar bunús le ‘dianbheartas infheistíochta’ den sórt sin a bheith ann. Cé go bhféadfadh beartas infheistíochta (foirmiúil nó neamhfhoirmiúil) lena bhforáiltear don sprioc [4,5 – 5,4] bliain agus is infheidhme maidir leis an Tionscadal Infheistíochta, ach a leithéid a bheith ann, a bheith ina chuidiú i dtaobh bunús a thabhairt le hinfheidhmeacht na gcritéar sin i leith an phróisis cinnteoireachta atá i gceist, níor chuir an Coimisiún ina choinne riamh go bhféadfadh Melrose a bheith tar éis a iarraidh go gcomhlíonfadh an Tionscadal Infheistíochta an sprioc sin in éagmais beartas infheistíochta den sórt sin. Níor soláthraíodh aon fhianaise, áfach, go ndearna Melrose iarraidh den sórt sin agus nach bhformheasfaí lonnú an Tionscadail Infheistíochta san Ungáir mura gcloífeadh sé le sprioc [4,5 – 5,4] bliain.

(160)

Is é conclúid an Choimisiúin é, dá bhrí sin, gur theip ar an Ungáir a léiriú gur áiríodh i mbeartas infheistíochta Melrose tairseach chinntitheach de thréimhse aisíoca [4,5 – 5,4] bliain agus nár thug sí fianaise áititheach ar aird in aghaidh thuiscint an Choimisiúin go raibh sé cinnte ag Melrose cheana, tríd an ICC a fhormheas i mí na Nollag 2020, infheistíocht a dhéanamh san Ungáir tar éis do GKN Automotive an Pholainn agus an tSlóvaic a fhiosrú mar roghanna malartacha, agus gan aon chabhair a bheith curtha san áireamh (aithris 129 agus 136 pointe (f) den Chinneadh Tosaigh).

(161)

Ar deireadh, freagraíonn an Ungáir don amhras tromchúiseach a chuir an Coimisiún in iúl in aithris 133 den Chinneadh Tosaigh go bhféadfadh sé nach ndearna GKN Automotive imscrúdú ar an Tuirc ach amháin chun bheith in ann suíomh malartach a chur i láthair mar chuid den athbhreithniú ar Státchabhair. Áitíonn an Ungáir gur sholáthair HIPA an fhaisnéis ábhartha uile don tairbhí, lena n-áirítear faisnéis maidir le hathlonnú, i mí Lúnasa 2020. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh GKN Automotive a bheith tar éis tosú cheana ag ullmhú an cháis mhalartaigh a bhain le suíomh sa Tuirc i mí Lúnasa 2020. Cé go bhféadfadh an hipitéis sin a bheith ceart, is léir ón bhfianaise a cuireadh isteach nár breithníodh an Tuirc roimh mhí na Samhna 2020. Tugann an Coimisiún dá aire freisin gur chuir GKN Automotive an acmhainneacht i dtaobh dreasachtaí in Miskolc i láthair Melrose sa chur i láthair le haghaidh chruinniú an 12 Samhain 2020 trí thagairt a dhéanamh do na luachanna cabhrach i dtairiscint neamhfhoirmiúil an 5 Samhain 2020 (aithris (45)) agus trí bhreithniú a dhéanamh ar phríomhchritéir incháilitheachta áirithe i dtaobh cabhair a fháil. Ar cheann de na critéir tá ‘Infheistíocht i sócmhainní nua i spriocréigiún cabhrach réigiúnaí (e.g. Miskolc) nach mbeadh inmharthana ó thaobh na gné airgeadais de gan deontas nó a ndéanfaí cinntí difriúla maidir le suíomh (níos forbartha/neamh-AE) ina leith in éagmais deontais’. Rinneadh tagairt freisin do ghné an athlonnaithe agus don ghá le formheas ón gCoimisiún. Is é sin le rá gur chosúil gur mhaith ab eol do GKN Automotive go mbeadh gá le cás frithfhíorasach ionas go mbeadh GKN Automotive in ann cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach a fháil le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta. An tráth céanna, ní raibh aon chás frithfhíorasach den sórt sin ann an tráth sin agus dá bhrí sin níor cuireadh aon chabhair san áireamh sa chás gnó a cuireadh faoi bhráid Melrose. I bhfianaise na mbarúlacha sin, mar aon le torthaí an Choimisiúin maidir le formheas an Tionscadail Infheistíochta ar bhonn an ICC, measann an Coimisiún go bhfuil sé inchreidte gur tugadh an Tuirc isteach mar chás frithfhíorasach go sonrach chun cur leis an seans a bhí ag GKN Automotive Státchabhair a fháil ón Ungáir.

(162)

In aon chás, leanann sé ón méid sin roimhe seo gur theip ar an Ungáir a chruthú, ar bhonn fianaise shoiléir – lena n-áirítear fíordhoiciméid oifigiúla chomhaimseartha a bhaineann le próiseas cinnteoireachta GKN Automotive agus Melrose – gur shuíomh malartach réalaíoch, inchreidte í an Tuirc le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta in éagmais chabhrach.

5.4.1.2.   An Tuirc mar an t-aon chás frithfhíorasach

(163)

In aithrisí 138 agus 139 den Chinneadh Tosaigh, d’ardaigh an Coimisiún amhras maidir leis an bhfáth ar measadh an Tuirc mar an t-aon chás frithfhíorasach le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta agus cheistigh sé an bhféadfadh sé a bheith amhlaidh, ina ionad sin, nach ndearnadh imscrúdú ar an Tuirc ach amháin chun críocha a bheith in ann suíomh malartach a chur i láthair mar chuid den athbhreithniú ar Státchabhair, agus ar an gcaoi sin cur leis an seans go ndeonódh an Ungáir cabhair ar bhonn cinneadh go raibh an Tionscadal Infheistíochta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Áitíonn an Ungáir agus GKN Automotive (aithrisí (79) agus (100)) gurb í an Tuirc, a bhfuil oibríochtaí inti cheana atá ag feidhmiú go han-mhaith ó thaobh na gné oibríochtúla de agus a bhfuil foireann áitiúil inti a oireann don amlíne, an t-aon rogha ísealchostais indéanta i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2020, nuair a rinneadh cleachtadh dírithe ar chostas amháin den roghnú suímh, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an Tionscadal Infheistíochta a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama ba ghá.. Áitíonn an Ungáir agus GKN Automotive freisin, in ainneoin mhéid theoranta na hoibríochta atá ag GKN Automotive sa Tuirc cheana, go raibh feidhmíocht oibríochtúil an-mhaith ag an láithreán sin ar bhonn leanúnach.

(164)

Ina dhearbhú sínithe an 11 Aibreán 2024 (aithris (54)), mhínigh POF GKN Automotive an méid a tharla sa tréimhse díreach roimh chruinniú an 12 Samhain 2020 agus ina dhiaidh. De réir an dearbhaithe sin, idir an 12 Samhain 2020 agus laethanta tosaigh mhí na Nollag 2020, bhí an iliomad plé ann idir foireann an tionscadail um roghnú láithreáin, an POF agus a chomhghleacaithe in FF GKN Automotive maidir le conas tréimhse aisíoca an tionscadail a fheabhsú. ‘Is éard a bhí sna pléití sin athbhreithnithe sonracha ar an tionscadal, cruinnithe foirne tráthrialta, cruinnithe chun eolas a chomhroinnt le daoine aonair agus plé neamhfhoirmiúil. Tionóladh cruinnithe sceidealta i láithreacha éagsúla de chuid na rannpháirtithe an 16, 18, 19, 26, 27 Samhain agus an 4, 10 Nollaig. Rinneadh tuilleadh pléití lasmuigh de na cruinnithe sceidealaithe le linn an ama sin ar an teileafón nó nuair a bhí daoine ag teacht le chéile in oifigí na cuideachta.’ Dhearbhaigh an POF an méid seo a leanas freisin: ‘le linn na bpléití inmheánacha sin, thángamar ar an gconclúid go mbeadh orainn suíomh ina bhfuil costais níos ísle fós a mheas chun tréimhse aisíoca an tionscadail a fheabhsú go dtí an leibhéal a bhfuil coinne leis. Mar shuíomhanna ‘sár-ísealchostais’, mheasamar ag céimeanna éagsúla gur roghanna iad an Bhulgáir, an Rómáin, an tSeirbia, Maracó agus an Tuirc. Measadh gur suíomhanna fíor-fhrithfhíorasacha iad na tíortha sin ina bhféadfaí an tionscadal infheistíochta a dhéanamh.’

(165)

Chun bunús a thabhairt leis na hargóintí sin, chuir an Ungáir isteach trí chuireadh chuig cruinnithe ar líne i mí na Samhna/mí na Nollag 2020. Maíonn an Ungáir gur tháinig GKN Automotive ar an gconclúid sna cruinnithe sin gurbh í an Tuirc an cás frithfhíorasach iomchuí le fiosrú a dhéanamh uirthi (aithris (80)). Baineann na cuirí chuig cruinnithe le cruinnithe an 19 Samhain agus an 4 Nollaig 2020 leis an líne ábhair ‘glao chun eolas a chomhroinnt’ idir beirt as GKN Automotive a bhí rannpháirteach sa Tionscadal Infheistíochta agus cruinniú an 10 Nollaig 2020, ina raibh baill foirne ó GKN Automotive a bhí rannpháirteach sa Tionscadal Infheistíochta agus baill foirne áitiúla sa Tuirc páirteach, le haghaidh ‘athbhreithniú tapa ar an [Tionscadal Infheistíochta] chun teacht ar chomhaontú maidir leis na chéad chéimeanna eile’. Ní áirítear sna doiciméid sin aon tagairt do shuíomhanna seachas an Tuirc nó an Ungáir. Thairis sin, níor sholáthair an Ungáir ná GKN Automotive aon doiciméadacht tacaíochta ná miontuairiscí cruinnithe a bhaineann leis na cruinnithe sin, ar cinn iad lena bhféadfaí fianaise a thabhairt ar an méid a pléadh le linn na gcruinnithe agus na nglaonna sin.

(166)

Is é cinneadh an Choimisiúin gurb amhlaidh, d’ainneoin na fianaise breise a dtugtar tuairisc uirthi in aithris (165), nach bhfuil aon rud ann a léiríonn obair leantach níos mionsonraithe maidir le suíomhanna malartacha, ná comparáid iarbhír idir suíomhanna malartacha agus an Tuirc. Tacaíonn sé sin le conclúid an Choimisiúin in aithris (135) go raibh an próiseas um roghnú suímh tugtha chun críche faoi mhí na Nollag 2020 agus nárbh amhlaidh nach raibh ann ach ‘hipitéis oibre’ gurb í an Ungáir suíomh na hinfheistíochta ná gur ‘suíomh arna thoimhdiú’ a bhí inti.

(167)

Maidir leis an argóint go raibh an toisc ama (i.e. práinn an Tionscadail Infheistíochta) ina heilimint a rinne difear don phróiseas cinnteoireachta, tugann an Coimisiún dá aire gurb amhlaidh, fiú dá mba bhreithniú é sin, nár chuir an Ungáir ná GKN Automotive aon doiciméad isteach chun bunús a thabhairt leis an bpráinn sin sa tréimhse Samhain/Nollaig 2020. Níor sholáthair siad aon fhianaise ach oiread chun bunús a thabhairt leis go raibh sé ina thoradh ar an bpráinn líomhnaithe sin gur fiosraíodh an Tuirc mar an t-aon suíomh malartach in ionad na hUngáire, gan obair leantach mhionsonraithe ar shuíomhanna malartacha, ná comparáid iarbhír idir suíomhanna malartacha agus an Tuirc. Thairis sin, is é cinneadh an Choimisiúin go bhfuil an argóint sin ag teacht salach ar argóint na hUngáire nach raibh ann ach ‘hipitéis oibre’, an 12 Samhain 2020, gurb í an Ungáir suíomh na hinfheistíochta. Dá mbeadh sé fíor nach raibh ann ach ‘hipitéis oibre’ gurb í an Ungáir suíomh na hinfheistíochta, ba cheart foráil a dhéanamh in amlíne an tionscadail, mar a leagtar amach sa chur i láthair le haghaidh chruinniú an 12 Samhain 2020, maidir le tréimhse ama tar éis an ICC chun suíomhanna malartacha a imscrúdú. Tagraítear in amlíne an tionscadail, áfach, mar a bhí sí an 12 Samhain 2020, do ‘Chinneadh’ agus ‘Ceannach talún, ceadanna, ullmhú le haghaidh tógála’ sa ráithe dheireanach de 2020, rud nach bhfágfadh dóthain ama le haghaidh imscrúduithe ar shuíomhanna malartacha.

(168)

Measann an Coimisiún freisin nár thoisc nua é ‘feidhmíocht oibríochtúil mhaith’ an láithreáin bhig sa Tuirc, ina bhfuil oibríochtaí ar bun ó bhí 2008 ann, i gcomparáid leis an staid in 2019, nuair a cuireadh i leataobh an rogha i dtaobh leathnú a dhéanamh ar an láithreán atá sa Tuirc cheana i gcomhthéacs na Straitéise. Dá bhrí sin, ní mheasann an Coimisiún gur eilimint é sin a d’fhéadfadh údar a thabhairt leis an gcúis ar measadh gurbh í an Tuirc an t-aon suíomh malartach in ionad na hUngáire a raibh fiosrú le déanamh air. In aon chás, níor chuir an Ungáir ná aon cheann de na páirtithe leasmhara eile aon fhianaise isteach maidir leis an eilimint sin.

(169)

Is é cinneadh an Choimisiúin, dá bhrí sin, nach dtugtar údar, sna barúlacha a sholáthair an Ungáir agus na páirtithe leasmhara eile, leis an bhfáth nár tugadh isteach ach an Tuirc mar shuíomh malartach agus iarracht á déanamh tréimhse aisíoca an tionscadail a fheabhsú ionas go mbeadh sí faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain.

(170)

Ina theannta sin, tugann an Coimisiún dá aire go sonraítear i miontuairiscí cúlghabhálacha chruinniú an 12 Samhain 2020‘gur chuir ionadaithe ó Melrose Industries de chúram ar fhoireann GKN Automotive féachaint arís ar thoimhdí an tionscadail chun bealaí a shainaithint chun tréimhse aisíoca an tionscadail a fheabhsú ionas go mbeadh sí faoi bhun [4,5 – 5,4] bliain trí luach a mhéadú agus/nó costais a laghdú’. Leis an ríomhphost dar dáta an 9 Nollaig 2020, d’iarr Melrose go gcoimeádfaí cothrom le dáta é. Tuigeann an Coimisiún gur leithne an coincheap é ‘bealaí chun feabhais a shainaithint’ ná díreach anailís ar shuíomh. Níor sholáthair an Ungáir ná na páirtithe leasmhara eile aon fhianaise maidir leis an tsainaithint sin ná aon fhianaise a léiríonn gur soláthraíodh aiseolas do Melrose ina leith. Freisin, dá mba rud é gurbh é athoscailt na hanailíse ar an suíomh an t-aon fhéidearthacht chun an ghné airgeadais den chás gnó a dhéanamh níos tarraingtí (rud nár sholáthair an Ungáir ná aon cheann de na páirtithe leasmhara eile aon fhianaise ina leith), bheadh coinne ag an gCoimisiún le fianaise ar obair leantach agus le comparáid idir suíomhanna malartacha éagsúla sular tháinig GKN Automotive ar an gconclúid gurb í an Tuirc an suíomh frithfhíorasach le haghaidh an Tionscadail Infheistíochta.

(171)

Bunaithe ar na breithnithe a thaifeadtar in aithrisí (127) go (161), is é cinneadh an Choimisiúin nach gcuireann an fhianaise sa cháschomhad deireadh leis an amhras tromchúiseach atá air i dtaobh an mhaímh nach raibh an cinneadh infheistíochta agus an cinneadh maidir le suíomh déanta cheana i mí na Nollag 2020 gan infhaighteacht Státchabhrach a bheith san áireamh ná gan é bheith san áireamh gur in áit eile seachas an Ungáir a dhéanfaí an infheistíocht. Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún a shuí ach oiread gur measadh an Tuirc a bheith ina suíomh frithfhíorasach iarbhír ina gcuirfeadh GKN Automotive an Tionscadal Infheistíochta chun feidhme in éagmais Státchabhair ón Ungáir (aithrisí (163) go (170)). Ina ionad sin, dealraíonn sé gur tugadh an Tuirc isteach chun cur leis an seans go gcinnfí go raibh an chabhair ón Ungáir comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

5.4.1.3.   An Tuirc mar shuíomh fíor-fhrithfhíorasach

(172)

In aithris 140 den Chinneadh Tosaigh, thug an Coimisiún dá aire go raibh an t-imscrúdú ar an Tuirc mar chás frithfhíorasach fós ar leibhéal réasúnta ard go dtí lár 2021. Níor eagraíodh cuairt ón lucht ardbhainistíochta ar an láithreán go dtí mí Iúil 2021. An tráth sin, bhí réamhfhógra tugtha cheana don Choimisiún maidir leis an státchabhair a bhí á cur ar fáil ag an Ungáir agus bhí na chéad bhabhtaí teagmhála le seirbhísí an Choimisiúin bunaithe. D’admhaigh an Coimisiún, áfach, gurb amhlaidh, fiú dá mba rud é nár tugadh an Tuirc isteach san anailís ar dtús ach amháin chun cur leis an seans go ndearbhófaí gur Státchabhair chomhoiriúnach í an Státchabhair a bheartaítear, go bhféadfadh sé a bheith amhlaidh gur tháinig déanamh na hinfheistíochta sa Tuirc chun cinn ina dhiaidh sin ionas gur fíorshuíomh malartach a bhí inti ina raibh GKN Automotive agus Melrose toilteanach infheistíocht a dhéanamh. Ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí 141 go 145 den Chinneadh Tosaigh, áfach, chuir an Coimisiún in iúl go raibh amhras tromchúiseach air gurbh amhlaidh a bhí.

(173)

Tugann an Coimisiún dá aire nach n-áitíonn an Ungáir, ná na páirtithe leasmhara, gur tháinig an suíomh sa Tuirc ‘chun cinn’ le bheith ina fhíor-rogha mhalartach tar éis gur tugadh isteach é chun críocha Státchabhrach. In éagmais argóintí agus fianaise thacaíochta den sórt sin, measann an Coimisiún, ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí 141 go 145 den Chinneadh Tosaigh, agus bunaithe ar an gconclúid in aithris (171), gur theip ar an Ungáir a léiriú, ar an gcaighdeán is gá, gurb ann d’éifeacht dreasachta faoi chás 2 mar a leagtar amach i mír 61 TCR 2014 agus i mír 59 TCR 2022.

(174)

Mar sin féin, agus ar mhaithe le hiomláine, in aithrisí (175) go (182), tugann an Coimisiún aghaidh ar argóintí na hUngáire agus na bpáirtithe leasmhara eile maidir leis ‘an Tuirc mar shuíomh fíor-fhrithfhíorasach’.

(175)

Áitíonn an Ungáir agus GKN Automotive gurb amhlaidh, díreach tar éis thabhairt isteach an tsuímh mhalartaigh sa Tuirc sa phróiseas um roghnú suímh, gur thosaigh GKN Automotive ag déanamh forbairt ghníomhach ar an rogha sin. Tugann an Ungáir dá haire freisin nár tugadh le tuiscint le hiarratais ar chabhair an 8 Aibreán 2021 le haghaidh an deontais airgid agus an 31 Márta 2021 le haghaidh an tsochair cánach san Ungáir go raibh cinneadh críochnaitheach maidir le suíomh déanta ag GKN Automotive. Bhí gá le réamhfhógra faoin gcás a thabhairt don Choimisiún an 11 Meitheamh 2021 chun go dtuigfeadh GKN Automotive an dealraitheacht a bhí ann go bhfaighfí dreasachtaí ach, i gcomhthráth, bhí GKN Automotive ag forbairt na rogha i dtaobh an infheistíocht a dhéanamh sa Tuirc, rogha a raibh forbairt nach beag déanta uirthi, de réir GKN Automotive, faoi mhí an Mheithimh 2021.

(176)

Ón ábhar a bhí ar fáil i gcomhthéacs an réamhscrúdaithe, ba amhlaidh cheana gur aithin an Coimisiún an fhianaise dhoiciméadach amhail ó mhí na Nollag 2020 ónar chosúil gur cuireadh Eskişehir na Tuirce, mar shuíomh infheistíochta, i gcomparáid leis an réigiún roghnaithe san Ungáir. Léiríodh leis an bhfianaise dhoiciméadach sin gur bhain na gníomhaíochtaí ullmhúcháin sa Tuirc go dtí mí an Mheithimh 2021 le teagmhálacha le baill foirne áitiúla ó GKN i mí na Nollag 2020 maidir le hinfhaighteacht talún (aithris 60 den Chinneadh Tosaigh), teagmhálacha le húdaráis náisiúnta i mí na Nollag 2020, i mí Eanáir 2021 agus i mí na Bealtaine 2021 maidir le hinfhaighteacht dreasachtaí (aithris 62 agus 65 den Chinneadh Tosaigh) agus comhairleoir áitiúil a fhostú chun déileáil sa tréimhse ó Fheabhra go Bealtaine 2021 le dearadh tógála agus pleanáil tionscadail agus le hullmhú a dhéanamh ar leagan amach ginearálta oibreacha a bhí le déanamh (aithris 72 den Chinneadh Tosaigh). Ar an mbonn sin, chuir an Coimisiún an réamhthuairim in iúl gur ar leibhéal réasúnta ard a bhí imscrúdú á dhéanamh ar an Tuirc mar shuíomh frithfhíorasach le haghaidh na hinfheistíochta go dtí lár 2021. Measann an Coimisiún go bhfuil an fhírinne sin ag teacht salach ar argóint na hUngáire maidir leis an mbrú ama a d’fhág nár measadh ach an Tuirc mar shuíomh malartach. Dá mba rud é go deimhin go raibh an toisc ama san áireamh, bheadh coinne ag an gCoimisiún leis go dtreiseofaí gníomhaíochtaí sa Tuirc díreach tar éis roghnú na Tuirce mar an t-aon suíomh frithfhíorasach le fiosrú a dhéanamh uirthi. Áitíonn an Ungáir gurb í an fhoireann áitiúil a thug faoi fhormhór na ngníomhaíochtaí sa Tuirc. Ní thugann an Ungáir ná GKN Automotive a thuilleadh fianaise ar ghníomhaíochtaí le linn na tréimhse sin,, seachas doiciméad amháin (aithris (81)).

(177)

Áitíonn an Ungáir freisin nárbh ar an mbonn gur measadh go raibh díspreagadh i gceist leis na rioscaí polaitiúla sa Tuirc nár áiríodh an Tuirc sa ghearrliosta tíortha a tarraingíodh suas ag deireadh 2019 i gcomhthéacs na Straitéise, ach ar an mbonn nárbh é an costas an toisc chinnteoireachta ba thábhachtaí do GKN Automotive an tráth sin. Áitíonn an Ungáir agus GKN Automotive freisin nach raibh athrú ábhartha tagtha ar na leibhéil riosca a braitheadh a bhí i gceist sa Tuirc i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2020 agus gur measadh go raibh siad fós ard i gcomparáid le suíomhanna eile. Mar sin féin, ós rud é gur ‘chleachtadh dírithe ar chostas amháin’ a rinneadh den roghnú suímh ag an am, chinn GKN Automotive go raibh na leibhéil riosca a braitheadh a bhí i gceist sa Tuirc inghlactha.

(178)

Is é cinneadh an Choimisiúin, ar an gcéad dul síos, nach dtacaíonn an réamhchinneadh líomhnaithe maidir le suíomh i mí Eanáir 2021 agus an cinneadh líomhnaithe críochnaitheach maidir le suíomh i mí na Nollag 2021 (aithris (43)) leis an argóint gur tháinig an roghnú láithreáin chun bheith dírithe ar chostas amhail ó mhí na Samhna 2020. Is amhlaidh atá toisc gur ar bhonn bhuntáistí neamhairgeadais an tsuímh san Ungáir a rinneadh an cinneadh i bhfabhar na hUngáire, d’ainneoin buntáiste mór airgeadais a bheith a bhaint leis an Tuirc (i dtéarmaí bearna glanluacha láithrigh) (aithris (179)). Ar an dara dul síos, ní thugtar bunús breise leis ach oiread gurb amhlaidh, amhail ó mhí na Nollag 2020, gur tháinig na leibhéil riosca a braitheadh a bhí i gceist leis an Tuirc chun bheith inghlactha, i dtaobh an tionscadal straitéiseach sin a lonnú sa Tuirc.

(179)

Ina theannta sin, maidir le freagairt na hUngáire agus GKN Automotive ar bharúil an Choimisiúin in aithris 145 den Chinneadh Tosaigh inar ceistíodh an fáth ar measadh, i gcás dreasacht airgeadais lena gcumhdaítear níos lú ná 50 % den bhearna glanluacha láithrigh, go ndéanfadh sí ‘buntáiste airgeadais rogha na Tuirce a fhritháireamh den chuid is mó’, measann an Ungáir gur eilimint é sin a bhaineann le comhréireacht na cabhrach. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, go bhfuil an eilimint sin ábhartha freisin i dtaobh measúnú a dhéanamh ar éifeacht dreasachta na cabhrach ós rud é gur cheart tionchar a bheith ag an gcabhair ar chinnteoireacht an tairbhí. Áitíonn an Ungáir agus GKN Automotive gur leordhóthanach na critéir cháilíochtúla i bhfabhar na hUngáire in éineacht le tréimhse aisíoca [4,4 – 5,3] bliain, le dreasachtaí, chun go gcinnfeadh FF GKN Automotive an infheistíocht a lonnú san Ungáir (aithrisí (86) agus (103)). Measann an Coimisiún go bhfuil an argóint sin ag teacht salach ar an argóint go raibh an roghnú suímh tagtha chun bheith ina chleachtadh a bhí dírithe ar chostas amháin. I gcleachtadh a bheadh dírithe ar chostas amháin, agus an glanluach láithreach ina mhodheolaíocht iomchuí tar éis cheistiú an cháis gnó i mí na Samhna 2020 mar a d’áitigh an Ungáir (aithrisí (73) agus (74)), ba cheart gurbh í an Tuirc a roghnófaí, ós rud é go raibh bearna glanluacha láithrigh nach beag ann fiú agus an chabhair á cur san áireamh.

(180)

Maidir le tagairt na hUngáire do chleachtas an Choimisiúin roimhe sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil measúnú le déanamh ar gach cás ar a fhiúntas féin agus, de réir mhír 68 TCR 2014 agus mhír 66 TCR 2022, go meastar go bhfuil cás frithfhíorasach inchreidte más fíorchás é agus má bhaineann sé leis na tosca cinnteoireachta atá forleathan an tráth a dhéanann tairbhí na cabhrach cinneadh maidir leis an infheistíocht. Cé go bhféadfaí a chinneadh, i gcásanna áirithe, gur dreasacht leordhóthanach, in éineacht le tosca cáilíochtúla eile, í Státchabhair nach ndéantar léi ach cumhdach páirteach ar an mbearna glanluacha láithrigh, tá cineál an phróisis roghnúcháin, a líomhnaítear a bheith dírithe ar chostas, ag teacht salach ar argóint na hUngáire ina leith sin.

(181)

Ar deireadh, áitíonn an Ungáir agus GKN Automotive go ndeimhnítear, i bprionsabal, inchreidteacht na Tuirce mar shuíomh féideartha toisc go ndearna roinnt infheisteoirí eile an Tuirc a mheas agus/nó a roghnú le haghaidh a n-infheistíochtaí. Measann an Coimisiún nach bhfuil dearcadh fiontar eile ábhartha sa chomhthéacs sin ós rud é go léirítear le mír 68 TCR 2014 agus mír 66 TCR 2022 go bhfuil cás frithfhíorasach inchreidte más fíorchás é agus má bhaineann sé leis na tosca cinnteoireachta atá forleathan an tráth a dhéanann tairbhí na cabhrach cinneadh maidir leis an infheistíocht.

(182)

Is é cinneadh an Choimisiúin nár mhaolaigh na barúlacha agus an fhianaise a sholáthair na páirtithe leasmhara amhras tromchúiseach an Choimisiúin maidir leis an Tuirc a bheith ina suíomh fíor-fhrithfhíorasach ina ndéanfadh an tairbhí infheistíocht in éagmais cabhair san Ungáir.

5.4.1.4.   Conclúid maidir leis an éifeacht shubstainteach dreasachta

(183)

Ar bhonn a chonclúide in aithris (171) agus a mheasúnaithe in aithrisí (172) go (182), is é cinneadh an Choimisiúin gur theip ar an Ungáir éifeacht shubstainteach dreasachta na cabhrach a léiriú i gcomhthéacs chás 2 mar a thug an Ungáir fógra ina leith. Ós rud é nár agair an Ungáir ná na páirtithe leasmhara eile cás 1 le linn an réamhscrúdaithe ná le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, ní faoin gCoimisiún a bhí sé measúnú a dhéanamh ar éifeacht dreasachta na cabhrach i gcomhthéacs chás 1 (51).

(184)

Ós rud é nach bhfágann an fhianaise a bailíodh le linn an réamhscrúdaithe agus an imscrúdaithe fhoirmiúil go maolaítear amhras tromchúiseach an Choimisiúin maidir le héifeacht shubstainteach dreasachta na cabhrach, ní féidir leis an gCoimisiún a theacht ar an gconclúid go mbeadh an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Ós rud é nár léiríodh go bhfuil éifeacht shubstainteach dreasachta ann agus gur leordhóthanach an toradh sin, as féin, chun an fhéidearthacht a eisiamh go gcinnfí go bhfuil an beart comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ní gá a chinneadh an gcomhlíonann an beart na critéir incháilitheachta agus chomhoiriúnachta eile a leagtar amach in TCR 2014 agus in TCR 2022.

6.   CONCLÚID

(185)

Is é conclúid an Choimisiúin é nár léiríodh éifeacht shubstainteach dreasachta an bhirt i bhfabhar GKN Automotive Hungary Kft. (Rubin NewCo 2021 Kft. roimhe seo) a leagtar amach in TCR 2014 agus in TCR 2022.

(186)

Dá bhrí sin, ní fhéadfar a mheas go bhfuil an beart sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (a), CFAE.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An státchabhair a bheartaíonn an Ungáir a chur chun feidhme i bhfabhar GKN Automotive Hungary Kft. (Rubin NewCo 2021 Kft. roimhe seo), arb ionann í agus HUF 15 917,4 milliún (EUR 43,76 milliún) i luach lascainithe, níl sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

2.   Dá réir sin, ní fhéadfar an chabhair a chur chun feidhme.

Airteagal 2

Laistigh de 2 mhí tar éis fógra a fháil faoin gCinneadh seo, cuirfidh an Ungáir an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta arna nglacadh chun an Cinneadh seo a chomhlíonadh.

Airteagal 3

Is chuig an Ungáir a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Margrethe VESTAGER

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)   IO C 336, 22.9.2023, lch. 11.

(2)  Ina dhiaidh sin, athraíodh ainm Rubin go GKN Automotive Hungary Kft.

(3)  Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58.

(4)  Féach fonóta 1.

(5)  Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 i gcás SA.37718 (2013/N), IO C 172, 6.6.2014, lch. 1, arna mhodhnú le cinneadh ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2016 i gcás SA.46346 (2016/N), IO C 4, 6.1.2017, lch. 1, agus arna fhadú (go dtí an 31 Nollaig 2021) le cinneadh ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 i gcás SA.58164 (2020/N) (IO C 430, 11.12.2020, lch. 1).

(6)  Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 i gcás SA.63934 (2021/N), IO C 410, 8.10.2021, lch. 2, arna mhodhnú le cinneadh ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2023 i gcás SA.107119 (2023/N) (IO C 195, 2.6.2023, lch. 8).

(7)  Tá Eachairn Aerospace Holdings Limited faoi lánúinéireacht indíreach ag cuideachta sealbhaíochta Melrose Group, Melrose Industries PLC.

(8)  Bhí GKN Industries Limited, amhail Eachairn Aerospace Holdings Limited, ón gcéad leath de 2018, faoi lánúinéireacht neamhdhíreach ag Melrose Industries PLC.

(9)  Tá an fhaisnéis bunaithe ar an Tuarascáil Bhliantúil deiridh atá ar fáil ó GKN Industries Limited agus GKN Automotive Limited (Tuarascáil Bhliantúil 2022), arna foilsiú i dTeach na gCuideachtaí sa Ríocht Aontaithe.

(10)  In éineacht leis na gnólachtaí miotalóireachta púdair agus hidrigine, mar a luaitear ar shuíomh gréasáin GKN Automotive ‘Dowlais Group plc (‘Dowlais’ nó an ‘Chuideachta’ anseo feasta) cuir i gcrích an díchumaisc agus ligean isteach scaireanna in Dowlais’ (https://www.gknautomotive.com/en/media-centre/news-releases/2023/dowlais-group-plc-dowlais-or-the-company--completion-of-demerger-and-admission-of-shares-in-dowlais/).

(11)  De réir bhrí an Mholta ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(12)   IO C 249, 31.7.2014, lch. 1.

(*1)   Faisnéis rúnda.

(13)  Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach le haghaidh 2014-2020 (IO C 209, 23.7.2013, lch. 1).

(14)  Cuireadh síneadh ama le TCR 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021.

(15)  Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach (IO C 153, 29.4.2021, lch. 1).

(16)  Comhshó táscach, slánaithe ó HUF go EUR atá i gceist, bunaithe ar ráta malairte EUR 1 = HUF 363,73 (ráta malairte oifigiúil Bhanc Náisiúnta na hUngáire an 31 Márta 2021, an lá deireanach den mhí roimh na hiarratais ar chabhair).

(17)  Ráta lascaine 1,80 %, dáta an lascainithe Aibreán 2021, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an modh chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú (IO C 14, 19.1.2008, lch. 6).

(18)  SA.61023 (2021/X) arna mhodhnú le SA.63819 (2021/X).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(20)   https://net.jogtar.hu/jogszabaly?docid=99600081.tv.

(21)   https://net.jogtar.hu/jogszabaly?docid=A1400165.KOR.

(22)  SA.61029 (2021/X), lena leasaítear SA.49983.

(23)  Sholáthair an Rialtas cinneadh gan dáta don Choimisiún, rud a dheimhnigh an Ungáir a glacadh an 12 Nollaig 2021.

(24)  Féach míreanna 86 agus 20(c) de TCR 2014 agus míreanna 90 agus 19(3) de TCR 2022.

(25)  Mar a mhínítear a thuilleadh in aithris (91), mheas an Ungáir go bhfuil feidhm ag an uasteorainn 50 % freisin i gcás ina gcuirfí i bhfeidhm an mapa den chabhair réigiúnach 2022.

(26)  Sainítear sa Chomhaontú Dreasachta gurb é dáta chur i gcrích na hinfheistíochta dáta caipitlithe na sócmhainne caipitlithe deiridh, dáta nach féidir a bheith níos déanaí ná an sprioc-am i dtaobh chur i gcrích na hinfheistíochta, eadhon an 31 Nollaig 2026.

(27)  An Bhulgáir, an tSeicia, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, agus an Ungáir.

(28)  Tugann an Coimisiún dá aire go bhféadfadh sé gur earráid chléireachais a bhí i gceist le ‘ócáideach’ agus gur cheart ‘cúisíoch’ a bheith ann.

(29)  Ina bhfuil scríofa: ‘tá an cinneadh i leith Miskolc, HU bunaithe ar an mian cothromaíocht a bhaint amach i dtaobh an nochta i dtíortha an Aontais Eacnamaíoch Eoráisigh agus gan logánú a dhéanamh ar láithreán eile sa Pholainn’.

(30)  Is ainm é ‘[Tionscadal Infheistíochta]’ a úsáidtear le haghaidh Bhabhta a trí agus Bhabhta Nua a trí araon.

(31)  [4,4 – 5,3] bliain sa chás is fearr agus [5,4 – 8] mbliana sa chás is measa. Ina theannta sin, bhí deis laghdaithe costais GBP 18,9 milliún ann nár cuireadh san áireamh sa tréimhse aisíoca [5,4 – 7] mbliana, le laghdú féideartha [0,2 – 0,4] bliain ar an tréimhse aisíoca, mar thoradh ar dhíol na talún agus an fhoirgnimh i gcás ceann de na láithreáin [aistrithe].

(32)  Mar a mhínítear in aithris (20), rinneadh foráil i mBabhta a trí an tráth sin maidir le dhá láithreán chomhtháite a thógáil, a bhí le bunú in dhá thír.

(33)  Mar a cuireadh in iúl sa chur i láthair le haghaidh an chinnidh chríochnaithigh maidir le suíomh i bhfabhar na hUngáire, ‘rinneadh dlúthfhaireachán ar an staid pholaitiúil agus eacnamaíoch sa Tuirc faoi láthair. Mura bhfillfear ar staid níos cobhsaí, meastar go bhfuil an leibhéal riosca don [tionscadal] méadaithe’ (aithris 78 den Chinneadh Tosaigh).

(34)  Mar a shainmhínítear in aithris 45 den Chinneadh Tosaigh, ní hionann í agus ‘an chroífhoireann tionscadail um straitéis’ dá dtagraítear in aithris 36 den Chinneadh Tosaigh, a raibh baint aici le hullmhú na Straitéise agus a rinne an measúnú tíre tosaigh chun na tíortha inspéise a shainaithint (aithrisí 37 go 44 den Chinneadh Tosaigh).

(35)  I gcomhthéacs an réamhscrúdaithe, bhí an tábla sin agus na ICCanna i leith na dtionscadal sin soláthartha ag an Ungáir cheana.

(36)  Tionscadal a bhaineann le hathstruchtúrú a dhéanamh ar láithreáin iarmhargaidh GKN Automotive (amhail trádstóráil agus dáileadh) arna chur chun feidhme i gcomhthráth leis an Straitéis.

(37)  Féach fonóta 6.

(38)  Le Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear an Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine (IO L 167, 30.6.2023, lch. 1).

(39)  Baineann an scéim sin freisin le cabhair infheistíochta do FBManna, rud nach bhfuil infheidhme maidir leis an mbeart.

(40)  Léirítear leis an bhfoclaíocht sin an téacs ábhartha in TCR 2014. Is é foclaíocht na forála in TCR 2022 ‘nach mbeadh an infheistíocht brabúsach go leordhóthanach do thairbhí na cabhrach aon áit in LEE’.

(41)  Cinneadh ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 i gcás SA.59516 (2021/N) – an Ungáir – LIP – cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach do Volta Energy Solutions Kft. (IO C 461, 2.12.2022, lch. 1); Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2021 i gcás SA.58633 (2020/N) – An Ungáir – LIP – cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach do SKBM, an Ungáir (IO C 90, 25.2.2022, lch. 1); Cinneadh ón gCoimisiún an 22 Márta 2022 i gcás SA.63328 (2021/N) – LIP – cabhair faoi choinne infheistíocht réigiúnach do SK On Hungary Kft. (IO C 195, 2.6.2023, lch. 11); Cinneadh ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2018 maidir leis an gcabhair shonraithe SA.45359 – 2017/C (ex 2016/N) a bheartaíonn an tSlóvaic í a chur chun feidhme le haghaidh Jaguar Land Rover Slovakia s.r.o. (IO L 177, 2.7.2019, lch. 82).

(42)  Mír 80 TCR 2014 agus mír 97 TCR 2022.

(43)  Is é ‘Tuairisc ar chaiteachas caipitiúil (Mionsonrú i gceangal)’ teideal na roinne den ICC ina bhfuil an tuairisc a luaitear ar an tionscadal agus tagraítear in iarscríbhinn a ghabhann léi don chur i láthair a úsáideadh ag an gcruinniú le Melrose an 12 Samhain 2020 (aithris 135 den Chinneadh Tosaigh).

(44)  De bhrí, de réir na habairte ábhartha i nótaí cruinnithe an 12 Lúnasa 2020, gur dheimhnigh FF GKN Automotive ‘gurb é an hipitéis oibre gurb é Miskolc na hUngáire suíomh an láithreáin nua, rud atá le cur faoi bhráid Melrose lena fhormheas’ agus go bhforáiltear inti go bhformheasfaidh Melrose an roghnú talún mar cheann de na chéad chéimeanna eile (aithris 50 den Chinneadh Tosaigh).

(45)  Sa chomhthéacs sin, ní chiallaíonn ‘2ú babhta’ ‘Babhta a dó’ den Straitéis (dá dtagraítear in aithris 40 den Chinneadh Tosaigh), ach an dara babhta den [aistriú gnó], faoi chuimsiú Bhabhta a trí den Straitéis, a leanann an chéad bhabhta den [aistriú gnó] faoi Bhabhta a haon den Straitéis.

(46)  Mar a rinneadh achoimre air sa chur i láthair deiridh an 29 Samhain 2019 (aithris 38 den Chinneadh Tosaigh).

(47)  Féach chuige sin, Cás T-106/17 JPMorgan Chase agus páirtithe eile v an Coimisiún Eorpach, ECLI:EU:T:2023:832, mír 60.

(48)  Aithris 38 den Chinneadh Tosaigh.

(49)  Aithris 78 den Chinneadh Tosaigh.

(50)  Féach fonóta 35.

(51)  In aithris 183 den Chinneadh Tosaigh, mheas an Coimisiún ina réamhscrúdú gurb amhlaidh, más rud é, tar éis an imscrúdaithe fhoirmiúil, gurb é conclúid an Choimisiúin é nach cás frithfhíorasach inchreidte a bhí i gceist leis an Tuirc, cé go dtarlaíonn sé go raibh gá fós leis an gcabhair ionas go mbeadh an infheistíocht san Ungáir brabúsach go leordhóthanach (cás 1), ansin go mbeadh nasc cúisíoch ann idir an chabhair agus an t-athlonnú, rud a bheadh ina éifeacht dhiúltach fhollasach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3031/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top