Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2983

Cinneadh (CBES) 2024/2983 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 28 Samhain 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/2676 (ATALANTA/4/2024)

ST/15567/2024/INIT

IO L, 2024/2983, 29.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2983/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 19/02/2025; Arna aisghairm le 32025D0365

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2983/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2983

29.11.2024

CINNEADH (CBES) 2024/2983 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 28 Samhain 2024

maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/2676 (ATALANTA/4/2024)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, lena ndéantar foráil maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA).

(2)

De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh EUNAVFOR ATLANTA (‘Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh’).

(3)

An 9 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/2676 (2), lena gceaptar an Ceannasóir Armando PEREIRA DA COSTA VALENTE TINOCO mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh.

(4)

An 31 Deireadh Fómhair 2024, mhol údaráis mhíleata na Portaingéile go gceapfaí an Ceannasóir Alexandre Joaquim GAMURÇA SERRANO i gcomharbas ar an gCeannasóir Armando PEREIRA DA COSTA VALENTE TINOCO mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh (‘an ceapachán molta’) ón 2 Nollaig 2024.

(5)

An 5 Samhain 2024, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais le haghaidh EUNAVFOR ATALANTA leis an gceapachán molta.

(6)

An 8 Samhain 2024, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta, agus mhol sé go gceapfaí an Ceannasóir Alexandre Joaquim GAMURÇA SERRANO mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ón 2 Nollaig 2024.

(7)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le leis an gCeannasóir Alexandre Joaquim GAMURÇA SERRANO a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2024/2676 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar an Ceannasóir Alexandre Joaquim GAMURÇA SERRANO mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) ón 2 Nollaig 2024.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2024/2676 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 2 Nollaig 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2024.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

An Cathaoirleach

D. PRONK


(1)   IO L 301, 12.11.2008, lch. 33.

(2)  Cinneadh (CBES) 2024/2676 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 9 Deireadh Fómhair 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/1691 (EUNAVFOR ATALANTA/3/2024) (IO L, 2024/2676, 11.10.2024, https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2024/2676/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2983/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top