This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2955
Council Decision (EU) 2024/2955 of 21 November 2024 on the position to be adopted on behalf of the European Union within the Stabilisation and Association Council established by the Stabilisation and Association Agreement between the European Communities and their Member States, of the one part, and Bosnia and Herzegovina, of the other part, with regard to a decision concerning the amendment of Protocol 2 to that Agreement as regards permeability between the Regional Convention on pan-Euro-Mediterranean preferential rules of origin and the Transitional rules of origin
Cinneadh (AE) 2024/2955 ón gComhairle an 21 Samhain 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhéid a bhaineann le tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh
Cinneadh (AE) 2024/2955 ón gComhairle an 21 Samhain 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhéid a bhaineann le tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh
ST/13280/2024/INIT
IO L, 2024/2955, 29.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2955/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2025
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2955 |
29.11.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2955 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Samhain 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhéid a bhaineann le tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), rinne an tAontas é a thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/998 ón gComhairle agus ón gCoimisiún (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2015. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 117 den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bunaíodh faoi Airteagal 115 den Chomhaontú (‘an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais’), cinntí a dhéanamh faoi raon feidhme an Chomhaontaithe. De bhun Airteagal 4 de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a chinneadh forálacha an Phrótacail sin a leasú. |
|
(3) |
Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici, tá an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais le cinneadh a dhéanamh maidir le leasú ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais. |
|
(5) |
Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích le Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Le Cinneadh (AE) 2019/2198 (3), thacaigh an Chomhairle leis an leasú ar an gCoinbhinsiún lena ndéantar foráil do thacar nua rialacha tionscnaimh nuachóirithe agus níos solúbtha (‘an leasú ar an gCoinbhinsiún’). Tiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025. |
|
(6) |
Ag an gcruinniú teicniúil a tionóladh sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020, chomhaontaigh tromlach na bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún tacar malartach rialacha tionscnaimh a chur chun feidhme, bunaithe ar an leasú ar an gCoinbhinsiún ar bhonn déthaobhach idirthréimhseach (‘na Rialacha idirthréimhseacha’). Tá feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha i gcomhthráth le rialacha an Choinbhinsiúin go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm. |
|
(7) |
Le cur i bhfeidhm na Rialacha idirthréimhseacha, áirithítear oiriúnú na sreafaí trádála agus na gcleachtas custaim go dtí go dtiocfaidh an leasú ar an gCoinbhinsiún i bhfeidhm. |
|
(8) |
Ó bhí an 1 Meán Fómhair 2021 ann, tá roinnt prótacal déthaobhach tagtha i bhfeidhm maidir le rialacha tionscnaimh idir roinnt Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún (4), rud a fhágann go bhfuil feidhm ag na Rialacha idirthréimhseacha. A mhéid a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, cuireadh Prótacal 2 nua in ionad Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú le Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (5). Leagtar amach na Rialacha idirthréimhseacha i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an bPrótacal 2 nua sin. |
|
(9) |
Is é is cuspóir do na Rialacha idirthréimhseacha foráil a dhéanamh do rialacha nach bhfuil chomh dian sin, chun é a dhéanamh níos éasca d’earraí cáiliú do stádas tionscnaimh fhabhraigh. Ós rud é nach bhfuil na Rialacha idirthréimhseacha chomh dian céanna i gcoitinne le rialacha an Choinbhinsiúin, d’fhéadfaí earraí lena gcomhlíontar na rialacha tionscnaimh a leagtar amach sa Choinbhinsiún a cháiliú mar earraí tionscnaimh faoi na Rialacha idirthréimhseacha freisin, cé is moite de roinnt táirgí talmhaíochta a aicmítear faoi Chaibidlí 2, 4 go 15 agus 16 (seachas táirgí iascaigh próiseáilte) agus faoi Chaibidlí 17 go 24 den Chóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí. Tá na Rialacha idirthréimhseacha infheidhme i gcomhthráth leis na rialacha tionscnaimh a leagtar amach sa Choinbhinsiún, rud a chruthaíonn dhá limistéar ar leith de charnadh tionscnaimh. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh earraí faoin dá thacar rialacha tionscnaimh ag an am céanna. De réir phrionsabal na tréscaoilteachta faoi Airteagal 21(1), pointe (d), d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú (‘tréscaoilteacht’), earraí a bhfuil stádas tionscnaimh faighte acu faoi thacar amháin rialacha tionscnaimh, is féidir a mheas freisin gur de thionscnamh na sraithe eile rialacha tionscnaimh iad. Chun cur i bhfeidhm na tréscaoilteachta idir an Coinbhinsiún agus na Rialacha idirthréimhseacha a éascú, ba cheart Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici, i ndáil le cinneadh a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú a mhéid a bhaineann le tréscaoilteacht idir an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara ar thaobh amháin, agus na Rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh a áirítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú ar an taobh eile, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
SZIJJÁRTÓ P.
(1) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/998 ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2015 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (IO L 164, 30.6.2015, lch. 548).
(2) Cinneadh 2013/94/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3).
(3) Cinneadh (AE) 2019/2198 ón gComhairle an 25 Samhain 2019 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara a mhéid a bhaineann le leasú ar an gCoinbhinsiún (IO L 339, 30.12.2019, lch. 1).
(4) An tAontas Eorpach, an Íoslainn, Cónaidhm na hEilvéise (lena n-áirítear Lichtinstéin), an Iorua, Oileáin Fharó, Stát Iosrael, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, an Phalaistín (ní dhéanfar an t-ainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus ní dochar é do sheasaimh éagsúla na mBallstát maidir leis an tsaincheist sin), Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive), Poblacht na Macadóine Thuaidh, Poblacht na Seirbia, Montainéagró, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin.
(5) Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an 11 Nollaig 2023 lena leasaítear an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, trí Phrótacal 2 a ghabhann leis a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin a ionadú [2024/245] (IO L, 2024/245, 18.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/245/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2955/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)