Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2940

Cinneadh (AE) 2024/2940 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2023/135 (BCE/2022/51), Cinneadh (AE) 2015/287 (BCE/2014/61), agus Cinntí BCE/2013/53, BCE/2010/34, BCE/2008/33, BCE/2007/22 agus BCE/2006/30 maidir le caipiteal a íoc, sócmhainní cúlchistí eachtracha a aistriú, agus ranníocaíochtaí le cúlchistí agus forálacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh ó Hrvatska Narodna Banka, Lietuvos Bankas, Latvijas Banka, Eesti Pank, Národná Banka Slovenska, Banc Ceannais na Cipire agus Bank Ċentrali ta’ Malta/Central Bank of Malta, agus Banka Slovenije (BCE/2024/35)

ECB/2024/35

IO L, 2024/2940, 11.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2940/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2940/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2940

11.12.2024

CINNEADH (AE) 2024/2940 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 14 Samhain 2024

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2023/135 (BCE/2022/51), Cinneadh (AE) 2015/287 (BCE/2014/61), agus Cinntí BCE/2013/53, BCE/2010/34, BCE/2008/33, BCE/2007/22 agus BCE/2006/30 maidir le caipiteal a íoc, sócmhainní cúlchistí eachtracha a aistriú, agus ranníocaíochtaí le cúlchistí agus forálacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh ó Hrvatska Narodna Banka, Lietuvos Bankas, Latvijas Banka, Eesti Pank, Národná Banka Slovenska, Banc Ceannais na Cipire agus Bank Ċentrali ta’ Malta/Central Bank of Malta, agus Banka Slovenije (BCE/2024/35)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 30.3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 30.3 de Reacht CEBC nach mór do BCE éileamh, atá coibhéiseach leis na cúlsócmhainní eachtracha atá aistrithe aige chuig Bhanc Ceannais Eorpach, a chur chun sochair do gach BCN de chuid Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra aige. Íoctar an t-éileamh sin ag an ráta tagartha a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2016/2248 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2016/36) (1), arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/2939 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/33) (2). Tá feidhm ag an luach saothair maidir leis na héilimh atá coibhéiseach leis na cúlsócmhainní eachtracha a aistrítear chuig BCE Hrvatska narodna banka, Lietuvos bankas, Latvijas Banka, Eesti Pank, Národná banka Slovenska, Banc Ceannais na Cipire agus Bank Ċentrali ta’ Malta/Central Bank of Malta, agus Banka Slovenije.

(2)

Chun luach saothair leordhóthanach a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2023/135 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/51) (3), Cinneadh (AE) 2015/287 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/61) (4), agus Cinntí BCE/2013/53 (5), BCE/2010/34 (6), BCE/2008/33 (7), BCE/2007/22 (8) agus BCE/2006/30 (9) ón mBanc Ceannais Eorpach a leasú dá réir,

TAR ÉÍS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Chinneadh (AE) 2023/135 (BCE/2022/51)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2) de Chinneadh (AE) 2020/135 (BCE/2022/51):

‘2.   Íocfar an t-éileamh arna gcreidiúnú ag BCE do Hrvatska narodna banka ón dáta socraíochta. Déanfar an t-ús a fhabhrófar a ríomh ar bhonn laethúil, agus úsáid á baint as an modh ríofa iarbhír os cionn-360 lá, ag ráta atá coibhéiseach le 85 % den ráta tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 1(j) de Chinneadh (AE) 2016/2248 (BCE/2016/36), arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/2939 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/33) (*1).

Airteagal 2

Leasú ar Chinneadh (AE) 2015/287 (BCE/2014/61)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2) de Chinneadh (AE) 2015/287 (BCE/2014/61):

‘2.   Íocfar an t-éileamh arna gcreidiúnú ag BCE do Lietuvos bankas ón dáta socraíochta. Déanfar an t-ús a fhabhrófar a ríomh ar bhonn laethúil, agus úsáid á baint as an modh ríofa iarbhír os cionn-360 lá, ag ráta atá coibhéiseach le 85 % den ráta tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 1(j) de Chinneadh (AE) 2016/2248 (BCE/2016/36), arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/2939 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/33) (*2).

Airteagal 3

Leasú ar Chinneadh BCE/2013/53

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2) de Chinneadh BCE/2013/53:

‘2.   Íocfar an t-éileamh arna gcreidiúnú ag BCE do Latvijas Banka ón dáta socraíochta. Déanfar an t-ús a fhabhrófar a ríomh ar bhonn laethúil, agus úsáid á baint as an modh ríofa iarbhír os cionn-360 lá, ag ráta atá coibhéiseach le 85 % den ráta tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 1(j) de Chinneadh (AE) 2016/2248 (BCE/2016/36), arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/2939 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/33) (*3).

Airteagal 4

Leasú ar Chinneadh BCE/2010/34

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2) de Chinneadh BCE/2010/34:

‘2.   Íocfar an t-éileamh arna gcreidiúnú ag BCE do Eesti Pank ón dáta socraíochta. Déanfar an t-ús a fhabhrófar a ríomh ar bhonn laethúil, agus úsáid á baint as an modh ríofa iarbhír os cionn-360 lá, ag ráta atá coibhéiseach le 85 % den ráta tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 1(j) de Chinneadh (AE) 2016/2248 (BCE/2016/36), arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/2939 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/33) (*4).

Airteagal 5

Leasú ar Chinneadh BCE/2008/33

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2) de Chinneadh BCE/2008/33:

‘2.   Íocfar an t-éileamh arna gcreidiúnú ag BCE do Národná banka Slovenska ón dáta socraíochta. Déanfar an t-ús a fhabhrófar a ríomh ar bhonn laethúil, agus úsáid á baint as an modh ríofa iarbhír os cionn-360 lá, ag ráta atá coibhéiseach le 85 % den ráta tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 1(j) de Chinneadh (AE) 2016/2248 (BCE/2016/36), arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/2939 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/33) (*5).

Airteagal 6

Leasú ar Chinneadh BCE/2007/22

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2) de Chinneadh BCE/2007/22:

‘2.   Íocfar na héilimh arna gcreidiúnú ag BCE do Bhanc Ceannais na Cipire agus do Bhanc Ceannais Mhálta ón dáta socraíochta. Déanfar an t-ús a fhabhrófar a ríomh ar bhonn laethúil, agus úsáid á baint as an modh ríofa iarbhír os cionn-360 lá, ag ráta atá coibhéiseach le 85 % den ráta tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 1(j) de Chinneadh (AE) 2016/2248 (BCE/2016/36), arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/2939 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/33) (*6).

Airteagal 7

Leasú ar Chinneadh BCE/2006/30

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4(2) de Chinneadh BCE/2006/30:

‘2.   Íocfar an t-éileamh arna gcreidiúnú ag BCE do Banka Slovenije ón dáta socraíochta. Déanfar an t-ús a fhabhrófar a ríomh ar bhonn laethúil, agus úsáid á baint as an modh ríofa iarbhír os cionn-360 lá, ag ráta atá coibhéiseach le 85 % den ráta tagartha mar a shainmhínítear in Airteagal 1(j) de Chinneadh (AE) 2016/2248 (BCE/2016/36), arna leasú le Cinneadh (AE) 2024/2939 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2024/33) (*7).

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2025.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 14 Samahin 2024.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  Cinneadh (AE) 2016/2248 ón mBanc Ceannais Eorpach an 3 Samhain 2016 maidir le cionroinnt ioncaim airgeadaíochta bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (BCE/2016/36) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 26.)

(2)  Cinneadh (AE) 2024/2939 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2016/2248 maidir le leithdháileadh ioncam airgeadaíochta bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (BCE/2016/36) (BCE/2024/33) (IO L, 2024/2939, 11.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2939/oj).

(3)  Cinneadh (AE) 2023/135 ón mBanc Ceannais Eorpach an 30 Nollaig 2022 maidir le caipiteal a íoc, cúlsócmhainní eachtracha a aistriú agus ranníocaíochtaí ó Hrvatska narodna banka le cúlchistí agus forálacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2022/51) (IO L 17, 19.01.2023, lch. 94).

(4)  Cinneadh (AE) 2023/287 ón mBanc Ceannais Eorpach an 31 Nollaig 2014 maidir le caipiteal a íoc, cúlsócmhainní eachtracha a aistriú agus ranníocaíochtaí ó Hrvatska narodna banka le cúlchistí agus forálacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2014/61) (IO L 50, 19.01.2023, lch. 44).

(5)  Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 31 Nollaig 2013 maidir le caipiteal a íoc, cúlsócmhainní eachtracha a aistriú agus ranníocaíochtaí ó Latvijas Banka le cúlchistí agus forálacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2013/53) (IO L 16, 21.1.2023, lch. 65).

(6)  Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 31 Nollaig 2010 maidir le caipiteal a íoc, cúlsócmhainní eachtracha a aistriú agus ranníocaíochtaí ó Eesti Pank le cúlchistí agus forálacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2010/34) (IO L 11, 15.1.2023, lch. 58).

(7)  Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 31 Nollaig 2008 maidir le híoc caipitil, aistriú cúlsócmhainní eachtracha agus ranníocaíochtaí ó Národná banka Slovenska chuig cúlchistí agus soláthairtí an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE/2008/33) (IO L 21, 24.1.2009, lch. 83)

(8)  Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 31 Nollaig 2007 maidir le caipiteal a íoc, cúlsócmhainní eachtracha a aistriú agus ranníocaíochtaí ó Bhanc Ceannais na Cipire agus ó Bhanc Ceannais Mhálta le cúlchistí agus forálacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2007/22) (IO L 28, 1.2.2023, lch. 36).

(9)  Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 30 Nollaig 2006 maidir le caipiteal a íoc, cúlsócmhainní eachtracha a aistriú agus ranníocaíochtaí ó Banka Slovenije le cúlchistí agus forálacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2006/30) (IO L 24, 31.1.2007, lch. 17).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2940/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top