Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2891

Cinneadh (AE) 2024/2891 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir Ceanada agus an tAontas Eorpach i ndáil le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú agus a phróiseáil

ST/8895/2024/INIT

IO L, 2024/2891, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2891/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2891/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2891

14.11.2024

CINNEADH (AE) 2024/2891 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir Ceanada agus an tAontas Eorpach i ndáil le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú agus a phróiseáil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2017, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Ceanada chun teacht ar Chomhaontú maidir le sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) a aistriú agus a phróiseáil chun an sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach thrasnáisiúnta eile a chosc agus a chomhrac.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht maidir le Comhaontú idir Ceanada agus an tAontas Eorpach maidir le sonraí Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú agus a phróiseáil (‘an Comhaontú’) chun críche go rathúil i mí Iúil 2023. Cuireadh inisealacha le téacs an Chomhaontaithe an 27 Samhain 2023.

(3)

Foráiltear leis an gComhaontú sonraí PNR a aistriú chuig Ceanada chun coireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

(4)

Áirithítear leis an gComhaontú go dtabharfar lánurraim do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar atá léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime mar a aithnítear in Airteagail 7, 8 agus 47, de, faoi seach. Go háirithe, áirítear sa Chomhaontú coimircí leordhóthanacha chun sonraí pearsanta arna n-aistriú faoi a chosaint.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn [, le litir an 25 Aibreán 2024, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

(6)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(7)

Thug an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a Thuairim 15/2024 an uaidh an 29 Aibreán 2024.

(8)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú.

(9)

I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go síneofar an Comhaontú, faoi réir a thabhairt i gcrích,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Comhaontaithe idir Ceanada agus an tAontas Eorpach i ndáil le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí a aistriú agus a phróiseáil, faoi réir an Comhaontú a thabhairt i gcrích (1).

Airteagal 2

Áiritheoidh an Coimisiún go síneofar an Comhaontú, faoi réir a thabhairt i gcrích.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. DE MOOR


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2891/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top