This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2876
Council Decision (CFSP) 2024/2876 of 8 November 2024 amending Decision (CFSP) 2022/1968 on a European Union Military Assistance Mission in support of Ukraine (EUMAM Ukraine)
Cinneadh (CBES) 2024/2876 ón gComhairle an 8 Samhain 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/1968 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine)
Cinneadh (CBES) 2024/2876 ón gComhairle an 8 Samhain 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/1968 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine)
ST/14821/2024/INIT
IO L, 2024/2876, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2876/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2876 |
11.11.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2876 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Samhain 2024
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/1968 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, agus i gconclúidí uaithi ina dhiaidh sin, cháin an Chomhairle Eorpach go neamhbhalbh an fogha míleata gan chúis gan údar arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin agus d’athdhearbhaigh sí go bhfuil an tAontas at tacú go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta. |
|
(2) |
An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1968 (1), lena mbunaítear Misean Cúnaimh Mhíleata Eorpach mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine), a bhfuil sé mar chuspóir straitéiseach aige rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneacht mhíleata Fhórsaí Armtha na hÚcráine oibríochtaí a athghiniúint agus a sheoladh go héifeachtach, ionas go mbeidh an Úcráin in ann a hiomláine chríochach a chosaint laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, a ceannasacht a fheidhmiú go héifeachtach agus sibhialtaigh san Úcráin a chosaint. |
|
(3) |
An 14 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2243 (2) lenar seoladh EUMAM Ukraine. |
|
(4) |
An 21 Márta 2024, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach acmhainneacht mhéadaithe EUMAM Ukraine. |
|
(5) |
Meabhraíodh don Chomhairle Eorpach, sna conclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024, na conclúidí uaithi roimhe sin maidir le tacaíocht leanúnach a thabhairt do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus d’athdhearbhaigh sí tiomantas daingean an Aontais Eorpaigh tacaíocht leanúnach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir a fhad is gá agus leis an déine is gá. Ina theannta sin, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas réidh tuilleadh a chur le hacmhainneacht EUMAM Ukraine le gurbh fhearr a fhéadfar cabhrú le freastal ar riachtanais oiliúna arm na hÚcráine. |
|
(6) |
An 3 Meán Fómhair 2024, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh ar EUMAM Ukraine, gur cheart síneadh a chur le EUMAM Ukraine go dtí an 15 Samhain 2026. Ina theannta sin, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart an malartú faisnéise rúnaicmithe is gá a údarú idir EUMAM Ukraine agus Clár ECAT um Chúnamh Slándála agus Oiliúint don Úcráin ar bhealach cuimsitheach, cómhalartach agus neamh-idirdhealaitheach. |
|
(7) |
An 22 Deireadh Fómhair 2024, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart measúnú straitéiseach ar EUMAM Ukraine a thíolacadh tráth nach déanaí ná mí Eanáir 2025 d’fhonn cinneadh a dhéanamh cumais agus éifeachtacht EUMAM Ukraine a fheabhsú. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/1968 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/1968 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an mhír seo seo a leanas le hAirteagal 7: ‘4. Oibreoidh EUMAM Ukraine i gcomhar le ECAT, go háirithe Clár ECAT um Chúnamh Slándála agus Oiliúint don Úcráin (NSATU), agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na trédhearcachta, na cómhalartachta agus na cuimsitheachta, chomh maith le neamhspleáchas agus nósanna imeachta cinnteoireachta an dá eagraíocht.’ |
|
(2) |
in Airteagal 11, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘6. EUR 408 800 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chostais choiteanna EUMAM Ukraine ar feadh na tréimhse ón 14 Samhain 2024 go dtí an 15 Samhain 2026. Is é a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 0 % le haghaidh gealltanas agus 0 % le haghaidh íocaíochtaí.’ |
|
(3) |
in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an mhír 2: ‘2. Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí freisin, i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla EUMAM Ukraine, faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais suas go dtí leibhéal “RESTREINT UE/EU RESTRICTED”, arna giniúint chun críocha EUMAM Ukraine, a scaoileadh leis an Úcráin, le Stáit Aontaithe Mheiriceá, leis an Ríocht Aontaithe, le Ceanada, le NSATU, agus le hIonad Comhordúcháin na nDeontóirí Idirnáisiúnta (IDCC), i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE. Déanfar na socruithe is gá idir an tArdionadaí agus údaráis inniúla na hÚcráine, NSATU agus IDCC a tharraingt suas chun na críche sin.’ |
|
(4) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: ‘1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige go dtí an 15 Samhain 2026. 2. Déanfar measúnú straitéiseach ar EUMAM Ukraine a thíolacadh tráth nach déanaí ná mí Eanáir 2025. Déanfar athbhreithniú straitéiseach ar EUMAM Ukraine in am trátha sula rachaidh an Cinneadh seo in éag.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 16 Samhain 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) Cinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (IO L 270, 18.10.2022, lch. 85).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/2243 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 lena seoltar Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (IO L 294, 15.11.2022, lch. 21).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2876/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)