Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2855

Cinneadh (AE) 2024/2855 ón gComhairle an 5 Samhain 2024 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún

ST/14350/2024/INIT

IO L, 2024/2855, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2855/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/01/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2855/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2855

8.11.2024

CINNEADH (AE) 2024/2855 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Samhain 2024

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na hEastóine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 27 Samhain 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2023/2679 (2) lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh ar dhul in éag don sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Katrin KRAUSE a cheapadh.

(4)

Mhol Rialtas na hEastóine, ar bhonn sainordú náisiúnta éagsúil, Katrin KRAUSE, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Harku Vallavolikogu liige (Comhalta de Chomhairle Bardais Tuaithe Harku), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Katrin KRAUSE, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach, Harku Vallavolikogu liige (Comhalta de Chomhairle Bardais Tuaithe Harku) (athrú sainordaithe) mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2023/2679 ón gComhairle an 27 Samhain 2023 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún (IO L, 2023/2679, 29.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2679/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2855/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top