Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2740

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2740 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena ndeonaítear maolú lena gceadaítear d’Éirinn modhanna eile seachas teicnící leictreonacha próiseála sonraí a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil chun earraí i gcoinsíneachtaí poist a tharbhaíonn den fhaoiseamh faoi Airteagail 25 go 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle a sheolann duine príobháideach sa Ríocht Aontaithe chuig duine príobháideach in Éirinn a scaoileadh i saorchúrsaíocht (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 7322)

C/2024/7322

IO L, 2024/2740, 28.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2740/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2740/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2740

28.10.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2740 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2024

lena ndeonaítear maolú lena gceadaítear d’Éirinn modhanna eile seachas teicnící leictreonacha próiseála sonraí a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil chun earraí i gcoinsíneachtaí poist a tharbhaíonn den fhaoiseamh faoi Airteagail 25 go 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle a sheolann duine príobháideach sa Ríocht Aontaithe chuig duine príobháideach in Éirinn a scaoileadh i saorchúrsaíocht

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 7322)

(Is iad na téacsanna Béarla agus Gaeilge amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 6(4) i gcomhar le hAirteagal 8(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCód Custaim,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ceanglaítear gur trí leas a bhaint as teicnící leictreonacha próiseála sonraí a dhéanfar na malartuithe go léir ar fhaisnéis idir údaráis chustaim agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus stóráil faisnéise den sórt sin, mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht chustaim.

(2)

Foráiltear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go bhféadfar cinntí a ghlacadh i gcásanna eisceachtúla chun a cheadú do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát maolú ar úsáid teicnící leictreonacha próiseála sonraí chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil, má tá bonn cirt leis an maolú sin de bharr staid shonrach an Bhallstáit iarrthaigh agus má dheonaítear é ar feadh tréimhse shonrach ama.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2879 ón gCoimisiún (2) bunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus cur chun feidhme na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (‘an clár oibre’). Liostaítear sa chlár oibre na córais leictreonacha atá le forbairt agus na dátaí óna meastar go mbeidh na córais sin oibríochtúil. Sonraítear ann freisin an cur chun feidhme agus na dátaí cur chun feidhme le haghaidh an Chórais Allmhairiúcháin Náisiúnta agus comhchuid 2 de na Nósanna Imeachta Speisialta lena gcumhdaítear na nósanna imeachta custaim le haghaidh earraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 158, 162, 163, 166, 167, 170 go 174, 201, 240, 250, 254 agus 256 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Sonraítear ann freisin cur chun feidhme agus dátaí cur chun feidhme na ‘gcéimeanna’ éagsúla d’Eisiúint 3 de Chóras Rialaithe Allmhairí 2 (‘ICS2’) i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus Airteagail 16, 46, 47 agus 127 go 132 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 143a agus 144 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (3), dearbhuithe allmhairiúcháin le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht de choinsíneachtaí ar luach íseal ó oibreoirí poist, ní mór na dearbhuithe sin a thaisceadh i gCórais Allmhairiúcháin Náisiúnta na mBallstát.

(5)

Thairis sin, sonraítear in Airteagal 278(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 an sprioc-am a bhféadfar, go dtí é, úsáid a bhaint, ar bhonn idirthréimhseach, as bealaí eile seachas teicnící leictreonacha próiseála sonraí chun na forálacha a bhaineann le dearbhuithe custaim i ndáil le teacht isteach earraí i gcríoch chustaim an Aontais a chur chun feidhme.

(6)

Cé gur chuir Éire na córais leictreonacha is gá i bhfeidhm in am, i gcomhréir leis na sprioc-amanna a shonraítear sa chlár oibre, níl an t-oibreoir poist in Éirinn fós in ann ceanglais Airteagail 143a agus 144 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 agus Airteagal 278(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a chomhlíonadh. Is é is cúis leis sin imthoisc eisceachtúil nach bhfuil oibreoir poist na Ríochta Aontaithe in ann sonraí leordhóthanacha a sholáthar d’oibreoir poist na hÉireann chun go bhféadfar dearbhú allmhairiúcháin leictreonach a chruthú, le haghaidh earraí áirithe i gcoinsíneachtaí poist, a thairbhíonn d’fhaoiseamh ó dhleacht chustaim agus ó chánacha custaim faoi Airteagail 25, 26 agus 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle (4) agus Airteagail 1 agus 2 de Threoir 2006/79/CE ón gComhairle (5) (‘faoiseamh maidir le bronntanais’). Baineann sé sin le hearraí den sórt sin nuair a sheolann daoine príobháideacha sa Ríocht Aontaithe iad chuig daoine príobháideacha in Éirinn.

(7)

Leis an gcaidreamh sonrach stairiúil agus geografach idir Éire agus an Ríocht Aontaithe agus an líon ard coinsíneachtaí a thairbhíonn den fhaoiseamh maidir le bronntanais a fhaigheann oibreoir poist na hÉireann ó dhaoine príobháideacha sa Ríocht Aontaithe ar bhonn laethúil, tugtar údar le maolú a dheonú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, arna iarraidh ag údarás custaim na hÉireann an 5 Márta 2024. Dá bhrí sin, leis an maolú sin, ba cheart a cheadú d’Éirinn modhanna eile seachas teicnící leictreonacha próiseála sonraí a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil chun earraí i gcoinsíneachtaí poist, a thairbhíonn den fhaoiseamh maidir le bronntanais agus a sheolann daoine príobháideacha sa Ríocht Aontaithe chuig daoine príobháideacha in Éirinn, a scaoileadh i saorchúrsaíocht.

(8)

Agus an Cinneadh seo á chur i bhfeidhm, ba cheart d’údarás custaim na hÉireann leanúint de bheith ag iarraidh coinsíneachtaí a chur faoi bhráid an údaráis custaim i gcás ina bhfuil na sonraí arna soláthar ag oibreoir poist na Ríochta Aontaithe neamhiomlán nó nach bhfuil siad de cháilíocht leordhóthanach chun dearbhú leictreonach a chur isteach agus ba cheart dóibh rialuithe fisiceacha a dhéanamh ar na coinsíneachtaí sin chun críoch measúnaithe riosca.

(9)

Ba cheart fad an mhaolaithe a bheith bunaithe ar an sprioc-am le haghaidh chur chun feidhme na n-oibleagáidí a bhaineann le heisiúint 3 de ICS2, sprioc-am a sonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gclár gurb é atá ann an 1 Meán Fómhair 2025, agus i gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Airteagal 183(1a), pointí (a) agus (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (6).

(10)

Ón dáta sin ar aghaidh, an oibleagáid dearbhú iontrála achomair a thaisceadh, rachaidh sí in ionad an cheanglais dearbhú allmhairiúcháin leictreonach a chruthú. Oibreoirí poist, agus oibreoir poist na Ríochta Aontaithe san áireamh, ní mór dóibh dearbhuithe iontrála achomair a thaisceadh ag baint úsáid as ICS2 trínar cheart sonraí leordhóthanacha a sholáthar d’oibreoir poist na hÉireann chun dearbhú allmhairiúcháin leictreonach a chruthú. I gcás nach leor na sonraí a fhaightear tar éis an dáta sin chun dearbhú allmhairiúcháin leictreonach a chruthú, bheifí ag súil leis go ngabhfadh Éire na sonraí de láimh ón bhfoirm CN22/CN23 arna cur ar fáil, nó go dtabharfadh sí na coinsíneachtaí ar ais.

(11)

I gcomhréir leis an iarraidh a chuir Éire isteach, agus i gcomhréir le teacht chun cinn réaltachtaí na staide sonraí atá os comhair na hÉireann, ar a bhfuil an Cinneadh seo bunaithe, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Aibreán 2024 go dtí an 1 Meán Fómhair 2025, ar a dhéanaí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, agus Airteagal 143a agus 144 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, i gcás nach bhfuil na sonraí leictreonacha arna soláthar ag oibreoir poist na Ríochta Aontaithe leordhóthanach chun dearbhú allmhairiúcháin leictreonach a chruthú, ceadóidh údarás custaim na hÉireann dá oibreoir poist earraí i gcoinsíneachtaí poist a scaoileadh i saorchúrsaíocht gan dearbhú allmhairiúcháin leictreonach a chur isteach ina Chóras Allmhairiúcháin Náisiúnta, ar choinníoll go dtairbhíonn na hearraí d’fhaoiseamh faoi Airteagail 25 go 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 1 agus 2 de Threoir 2006/79/CE agus go seolann duine príobháideach sa Ríocht Aontaithe iad chuig duine príobháideach in Éirinn.

Leanfar d’earraí den sórt sin a thíolacadh don údarás custaim agus féadfaidh siad a bheith faoi réir rialuithe fisiceacha chun críoch measúnaithe riosca.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Aibreán 2024 go dtí an 1 Meán Fómhair 2025, nó go dtí go mbeidh Éire in ann ceanglais Airteagail 143a agus 144 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a chomhlíonadh, cibé dáta is luaithe.

Airteagal 3

Is chuig Éirinn a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Paolo GENTILONI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2879 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus cur chun feidhme na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L, 2023/2879, 22.12.2023, http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2879/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear Córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim (IO L 324, 10.12.2009, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1186/oj).

(5)  Treoir 2006/79/CE ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2006 maidir leis an díolúine ó chánacha ar allmhairí coinsíneachtaí beaga d’earraí de chineál neamhthráchtála ó thríú tíortha (IO L 286, 17.10.2006, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/79/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2740/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top