This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2667
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2024/2667 of 8 October 2024 on the appointment of the EU Force Commander for the European Union military operation in Bosnia and Herzegovina and repealing Decision (CFSP) 2023/2130 (BiH/38/2024)
Cinneadh (CBES) 2024/2667 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 8 Deireadh Fómhair 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/2130 (BiH/38/2024)
Cinneadh (CBES) 2024/2667 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 8 Deireadh Fómhair 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/2130 (BiH/38/2024)
ST/13229/2024/INIT
IO L, 2024/2667, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2667/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 20/01/2026; Arna aisghairm le 32025D2304
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2667 |
10.10.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2667 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 8 Deireadh Fómhair 2024
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/2130 (BiH/38/2024)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/570/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Iúil 2004, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/570/CBES lenar bunaíodh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (Oibríocht ALTHEA). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/570/CBES, d’údaraigh an Chomhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh Oibríocht ALTHEA. |
|
(3) |
An 26 Meán Fómhair 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/2130 (2) lena gceaptar an Maor-Ghinearál László STICZ mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oibríocht ALTHEA ón 21 Eanáir 2024. |
|
(4) |
An 26 Iúil 2024, mhol údaráis mhíleata na Rómáine an Maor-Ghinearál Florin-Marian BARBU a cheapadh i gcomharbacht ar an Maor-Ghinearál László STICZ mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oibríocht ALTHEA (‘an ceapachán molta’). Thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh ar Oibríocht ALTHEA leis an gceapachán molta. |
|
(5) |
An 3 Meán Fómhair 2024, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta agus chomhaontaigh sé go gceapfaí Florin-Marian BARBU mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oibríocht ALTHEA. |
|
(6) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Maor-Ghinearál Florin-Marian BARBU a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oibríocht ALTHEA. |
|
(7) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/2130 a aisghairm. |
|
(8) |
An 12 agus an 13 Nollaig 2002, ghlac Comhairle Eorpach Chóbanhávan dearbhú lena luaitear nach mbeidh feidhm ag na socraíochtaí dá ngairtear ‘Beirlín Plus’ agus a gcur chun feidhme ach amháin maidir leis na Ballstáit sin den Aontas is comhaltaí freisin de ECAT nó is páirtithe i ‘gComhpháirtíocht na Síochána’, agus a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha slándála arna dtabhairt i gcrích acu le ECAT dá bhrí sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Maor-Ghinearál Florin-Marian BARBU mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (Oibríocht ALTHEA) ón 21 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2023/2130 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Eanáir 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An tUachtarán
D. PRONK
(1) IO L 252, 28.7.2004, lch. 10.
(2) Cinneadh (CBES) 2023/2130 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 26 Meán Fómhair 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/2539 (BiH/35/2023) (IO L, 2023/2130, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2130/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2667/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)