Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2582

    Cinneadh (CBES) 2024/2582 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/963 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Réigiún na Murascaille

    ST/13208/2024/INIT

    IO L, 2024/2582, 30.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2582/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2582/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2582

    30.9.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/2582 ÓN gCOMHAIRLE

    an 27 Meán Fómhair 2024

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/963 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Réigiún na Murascaille

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Bealtaine 2023, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta de chuid an Aontais Eorpaigh (ISAE) a cheapadh do réigiún na Murascaille agus ghlac sí Cinneadh (CBES) 2023/963 (1) lena gceaptar Luigi DI MAIO mar an ISAE sin ón 1 Meitheamh 2023 go dtí an 28 Feabhra 2025.

    (2)

    Ba cheart an méid tagartha airgeadais don tréimhse sin a thabhairt cothrom le dáta.

    (3)

    Ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/963 a leasú dá réir sin.

    (4)

    Tá an sainordú le cur chun feidhme ag ISAE i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2023/963 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1):

    ‘1.   Is é EUR 1 980 000,00 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meitheamh 2023 go dtí an 28 Feabhra 2025 a chumhdach.’

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    BÓKA J.


    (1)  Cinneadh (CBES) 2023/963 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Réigiún na Murascaille (IO L 129, 16.5.2023, lch. 12).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2582/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top