Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2565

Cinneadh (AE) 2024/2565 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach arna moladh ag an Rómáin, de Choiste na Réigiún

ST/12816/2024/INIT

IO L, 2024/2565, 27.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2565/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/01/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2565/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2565

27.9.2024

CINNEADH (AE) 2024/2565 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2024

lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach arna moladh ag an Rómáin, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Rómáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 11 Feabhra 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/172 (2), lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag an Rómáin, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Gheorghe DĂMIAN éirí as oifig.

(4)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Cosmina-Ramona PANDELE éirí as oifig.

(5)

Mhol Rialtas na Rómáine Cosmina-Ramona PANDELE, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, primarul comunei Berceni, județul Prahova (Méara Bhardas Berceni, Contae Prahova), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

(6)

Mhol Rialtas na Rómáine Gheorghe DĂMIAN, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, primarul comunei Ciugud, județul Alba (Méara Bhardas Ciugud, Contae Alba), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhalta:

Cosmina-Ramona PANDELE, primarul comunei Berceni, județul Prahova (Méara Bhardas Berceni, Contae Prahova),

agus

(b)

mar chomhalta malartach:

Gheorghe DĂMIAN, primarul comunei Ciugud, județul Alba (Méara Bhardas Ciugud, Contae Alba).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

FELDMAN Z.


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2021/172 ón gComhairle an 11 Feabhra 2021 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag an Rómáin, de Choiste na Réigiún (IO L 50, 15.2.2021, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/172/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2565/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top