Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2546

    Cinneadh (AE) 2024/2546 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2023/2684 maidir le líon eisiúintí bonn atá le formheas in 2024 (BCE/2023/28) (BCE/2024/25)

    ECB/2024/25

    IO L, 2024/2546, 27.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2546/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2546/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2546

    27.9.2024

    CINNEADH (AE) 2024/2546 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

    an 19 Meán Fómhair 2024

    lena leasaítear Cinneadh (AE) 2023/2684 maidir le líon eisiúintí bonn atá le formheas in 2024 (BCE/2023/28) (BCE/2024/25)

    TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 128(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2015/2332 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Nollaig 2015 maidir leis an gcreat nós imeachta d’fhormheas líon eisiúintí bonn euro (BCE/2015/43) (1), agus go háirithe Airteagal 3(8) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá an ceart eisiach ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ón 1 Eanáir 1999 líon na mbonn a eisíonn na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu a fhormheas.

    (2)

    Bunaithe ar na meastacháin ar an éileamh ar bhoinn euro in 2023 a chuir na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu faoi bhráid BCE, d’fhormheas BCE an líon iomlán bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus monaí euro inbhailithe nach bhfuil ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht in 2023 i gCinneadh (AE) 2023/2684 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2023/28) (2).

    (3)

    De bhun Airteagail 3 de Chinneadh (AE) 2015/2332 (BCE/2015/43) ní mór do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu fógra a thabhairt do BCE más dócha go sáróidh an t-éileamh iarbhír ar mhonaí euro an líon formheasta d’eisiúint bonn i mbliain féilire amháin agus, i gcás ina leantar de na héilimh mhéadaithe ar mhonaí, ní mór dóibh formheas ad hoc a iarraidh le haghaidh líon breise d’eisiúint bonn sa bhliain féilire sin.

    (4)

    An 12 Iúil 2024, fuair BCE iarraidh ó Bhanc Ceannais Mhálta thar ceann Mhálta líon na mbonn euro inbhailithe a fhéadfaidh Málta a eisiúint in 2024 a mhéadú de mhéid breise EUR 9,0 milliún, ó EUR 0,5 milliún go EUR 9,5 milliún. Is é is cúis leis an iarraidh sin gur mó líon na mbonn euro inbhailithe, arna mbuaint agus arna ndíol araon trí chomhaontuithe comhair atá déanta ag Málta in 2024, ná líon eisiúintí na mbonn euro inbhailithe a d’fhormheas BCE do Mhálta in 2024. Ós rud é nach bhforáiltear d’eisiúint bhreise monaí euro ag BCE ach amháin sula n-eiseofar an líon breise monaí euro sin, chinn an Bord Feidhmiúcháin gur cheart an líon breise d’eisiúint monaí euro inbhailithe atá le formheas ag BCE a ríomh ón tráth a gheofar an iarraidh ar cheadú ad hoc.

    (5)

    De bhun Airteagal 3(8) de Chinneadh (AE) 2015/2332 (BCE/2015/43), i gcás ina gcinnfidh an Bord Feidhmiúcháin gur gá modhnú a dhéanamh ar an líon breise eisiúintí bonn atá á iarraidh ag Ballstát de chuid an limistéir euro, tá sé le togra réasúnaithe a chur faoi bhráid na Comhairle Rialaithe ina míneofar na modhnuithe is gá, arb í atá le cinneadh aonair a ghlacadh maidir leis an iarraidh ar fhormheas ad hoc.

    (6)

    Molann an Bord Feidhmiúcháin gur cheart líon na mbonn euro inbhailithe a fhéadfaidh Málta a eisiúint sa tréimhse ó mhí Lúnasa go mí na Nollag 2024 a mhéadú de mhéid breise EUR 3,75 milliún. Ós rud é gur eisíodh méid EUR 0,5 milliún cheana féin, d’ardódh an méid iomlán d’eisiúint bonn inbhailithe euro] do Mhálta in 2024 go EUR 4,25 milliún.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2023/2684 (BCE/2023/28) a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú

    Leasaítear Cinneadh (AE) 2023/2684 (BCE/2023/28) mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró maidir leis an Málta:

    ‘Málta

    6,70

    4,25

    10,95 ’;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró dar teideal ‘Iomlán’:

    ‘Iomlán

    1 876,02

    472,35

    2 348,37 ’.

    Airteagal 2

    Teacht in éifeacht

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a thabharfar fógra do na seolaithe.

    Airteagal 3

    Seolaithe

    Tá an Cinneadh seo dírithe ar na Ballstáit arb é an euro an t-airgeadra atá acu.

    Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 19 Meán Fómhair 2024.

    Uachtarán BCE

    Christine LAGARDE


    (1)   IO L 328, 12.12.2015, lch. 123.

    (2)  Cinneadh (AE) 2022/2684 ón mBanc Ceannais Eorpach an 21 Samhain 2023 maidir le líon eisiúintí bonn atá le formheas in 2024 (BCE/2022/28) (IO L, 2023/2684, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2684/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2546/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top