Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2408

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2408 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le boird ardaithe, innealra crécharta, craenacha agus tacair doirse do choisithe a oibrítear le cumhacht

    C/2024/6400

    IO L, 2024/2408, 16.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2408/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2408/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2408

    16.9.2024

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2408 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Meán Fómhair 2024

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le boird ardaithe, innealra crécharta, craenacha agus tacair doirse do choisithe a oibrítear le cumhacht

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

    Ag féachaint do Threoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (2), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2006/42/CE, innealra a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil an t-innealra sin i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.

    (2)

    Le litir M/396 an 19 Nollaig 2006, chuir an Coimisiún iarraidh faoi bhráid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) agus Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) (‘an Iarraidh’) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2006/42/CE, agus go gcuirfí an obair ar na caighdeáin sin i gcrích, ionas go gcuirfí athruithe san áireamh a tugadh isteach leis an Treoir sin i gcomparáid le Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (3)

    Ar bhonn na hIarrata, rinne CEN athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, ar caighdeáin iad ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún (4): EN 1570-1:2011+A1:2014 agus EN 13557:2003+A2:2008. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe athbhreithnithe seo a leanas: EN 1570-1:2024 agus EN 13557:2024.

    (4)

    Thairis sin, ar bhonn na hIarrata, rinne CEN leasú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, ar caighdeáin iad ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún: EN ISO 3164:2013 agus EN 16005:2012 agus an ceartúchán a rinneadh air, EN 16005:2012/AC:2015. Dá thoradh sin, glacadh caighdeán comhchuibhithe leasaitheach EN ISO 3164:2013/A1:2024 agus caighdeán comhchuibhithe comhdhlúite EN 16005:2023+A1:2024.

    (5)

    Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe sin an Iarraidh.

    (6)

    Comhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas na ceanglais sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2006/42/CE: EN 1570-1:2024, EN ISO 3164:2013 agus an leasú a rinneadh air EN ISO 3164:2013/A1:2024, EN 13557:2024 agus EN 16005:2023+A1:2024. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt do na caighdeáin sin agus na leasuithe a rinneadh orthu a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (7)

    In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2006/42/CE. Maidir leis na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2006/42/CE, chun a áirithiú go ndéanfar iad uile a liostú in aon ghníomh amháin, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 1570-1:2024, EN ISO 3164:2013 agus an leasú a rinneadh air EN ISO 3164:2013/A1:2024, EN 13557:2024 agus EN 16005:2023+A1:2024 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

    (8)

    Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 1570-1:2011+A1:2014, EN ISO 3164:2013, EN 13557:2003+A2:2008 agus EN 16005:2012 agus an ceartúchán a rinneadh air EN 16005:2012/AC:2015, ós rud é gur athbhreithníodh nó gur leasaíodh iad, is gá iad a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586.

    (9)

    Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí oiriúnú a dhéanamh ar a n-innealra a chumhdaítear le caighdeán comhchuibhithe EN 1570-1:2011+A1:2014, EN ISO 3164:2013, EN 13557:2003+A2:2008 nó EN 16005:2012 agus an ceartúchán a rinneadh air, EN 16005:2012/AC:2015, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a chur siar.

    (10)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 a leasú dá réir sin.

    (11)

    Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tugtar le fios le comhlíonadh an chaighdeáin sin go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag pointe (1) den Iarscríbhinn ón 16 Márta 2026.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.

    (2)   IO L 157, 9.6.2006, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/42/oj.

    (3)  Treoir 98/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hinnealra (IO L 207, 23.7.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/37/oj).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hinnealra arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 194, 2.8.2023, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1586/oj).


    IARSCRÍBHINN

    I gCuid a Trí d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1586, leasaítear pointe 2 mar a leanas:

    (1)

    scriostar rónna 132, 182, 423 agus 514;

    (2)

    cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:

    ‘132a.

    EN 1570-1:2024

    Ceanglais sábháilteachta le haghaidh boird ardaithe - Cuid 1: Boird ardaithe a fhreastalaíonn ar dhá lamairne sheasta’;

    ‘182a.

    EN ISO 3164:2013

    Innealra crécharta - Measúnuithe saotharlainne ar struchtúir chosanta - Sonraíochtaí maidir le toirt lena gciorraítear sraonadh (ISO 3164:2013)

    EN ISO 3164:2013/A1:2024’;

    ‘423a.

    EN 13557:2024

    Craenacha - Feistí rialaithe agus stáisiúin rialaithe’;

    ‘514a.

    EN 16005:2023+A1:2024

    Tacair doirse do choisithe a oibrítear le cumhacht - Sábháilteacht le linn úsáide - Ceanglais agus modhanna tástála’.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2408/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top