Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2402

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2402 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2024 gan athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2024/2520

IO L, 2024/2402, 13.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2402/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2402/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2402

13.9.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2402 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meán Fómhair 2024

gan athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(4), an chéad fhomhír, pointe (b), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Áiríodh fluairíd sulfairile in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh í a bheith formheasta go dtí an 31 Nollaig 2018 lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 agus go dtí an 30 Meitheamh 2021 lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoin Rialachán sin, faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An 28 Meitheamh 2017 cuireadh isteach iarratais i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun an formheas maidir le fluairíd sulfairile a athnuachan lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 (‘na hiarratais’). Is é údarás inniúil na Sualainne (‘an t-údarás inniúil meastóireachta’) a rinne meastóireacht ar na hiarratais.

(3)

An 14 Feabhra 2018, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar na hiarratais. I gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Rialachán sin, i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil meastóireachta go bhfuil gá le meastóireacht iomlán ar iarratas, déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 8(1), (2) agus (3), den Rialachán sin.

(4)

De bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1479 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2021 dáta éaga an fhormheasa maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 chun go mbeidh go leor ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/713 ón gCoimisiún (4) cuireadh ar atráth arís dáta éaga an fhormheasa maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 go dtí an 18 Nollaig 2023 agus an 31 Nollaig 2023 faoi seach. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2101 ón gCoimisiún (5), cuireadh an dul in éag sin ar atráth arís go dtí an 31 Nollaig 2024.

(5)

An 12 Nollaig 2022 chuir an t-údarás inniúil meastóireachta moltaí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) i ndáil leis an bhformheas maidir le fluairíd sulfairile a athnuachan.

(6)

An 13 Meán Fómhair 2023, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ghlac an Ghníomhaireacht na tuairimí (6) , (7) a rinne a Coiste um Tháirgí Bithicídeacha a fhoirmliú, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta.

(7)

Sna tuairimí uaithi, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid nár leor an fhaisnéis a soláthraíodh sna hiarratais chun a mheasúnú an gcomhlíonann fluairíd sulfairile na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, a mhéid a bhaineann le tocsaineacht maidir le síolrú, agus Airteagal 5(1), pointe (d), den Rialachán sin, a mhéid a bhaineann le hairíonna suaiteora inchríneach a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar dhaoine. Thairis sin, níor leor an fhaisnéis a soláthraíodh sna hiarratais chun a mheasúnú an gcomhlíonann fluairíd sulfairile an coinníoll lena meas mar shubstaint atá le hionadú, coinníoll a leagtar amach in Airteagal 10(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a mhéid a bhaineann le hairíonna suaiteora inchríneach a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar orgánaigh nach spriocorgánaigh iad.

(8)

De bhun Airteagal 8(2) agus Airteagal 6(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, d’iarr an t-údarás inniúil meastóireachta ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun gur féidir a chinneadh an gcomhlíonann fluairíd sulfairile na critéir dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointí (c) agus (d), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Níor chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis ná na sonraí is gá isteach, áfach, laistigh den tréimhse a leag an t-údarás inniúil meastóireachta síos. Dá bhrí sin, níor comhlíonadh Airteagal 6(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, rud a fhágann nach féidir a chinneadh an gcomhlíonann fluairíd sulfairile na critéir dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointí (c) agus (d), den Rialachán sin, agus anuas air sin, ní féidir a chinneadh an bhféadfadh fluairíd sulfairile na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán sin a chomhlíonadh.

(9)

Ós rud é nár chuir an t-iarratasóir isteach an fhaisnéis agus na sonraí is gá a d’iarr an t-údarás inniúil meastóireachta laistigh den tréimhse a leagadh síos de bhun Airteagal 5(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, a mhéid a bhaineann le hairíonna suaiteora inchríneach a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar dhaoine, ní dhearna an t-údarás inniúil meastóireachta iarraidh bhreise ar na sonraí is gá chun a mheasúnú an gcomhlíonann fluairíd sulfairile an coinníoll lena meas mar shubstaint atá le hionadú a leagtar amach in Airteagal 10(1), pointe (e), den Rialachán sin a mhéid a bhaineann le hairíonna suaiteora inchríneach a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha in orgánaigh nach spriocorgánaigh iad.

(10)

Thairis sin, mar gheall ar an bhfaisnéis atá in easnamh, ní féidir meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol araon i gcás na dtáirgí bithicídeacha ionadaíocha ina bhfuil fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 chun a chinneadh an gcomhlíonann fluairíd sulfairile fós na coinníollacha maidir le formheas a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Dá bhrí sin, níor léiríodh i ndeireadh na dála go bhféadfadh coinne a bheith leis nach mbeadh éifeachtaí do-ghlactha ag na táirgí bithicídeacha ionadaíocha ina bhfuil fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18, nó de thoradh a n-iarmhar, nach mbeadh éifeachtaí do-ghlactha acu ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol, agus dá bhrí sin go bhféadfadh coinne a bheith leis go gcomhlíonfadh siad na critéir a leagtar amach in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii) agus (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(11)

Dá réir sin, i bhfianaise na dtuairimí ón nGníomhaireacht, agus á chur san áireamh nár sholáthair an t-iarratasóir an fhaisnéis agus na sonraí is gá a leag an t-údarás inniúil meastóireachta síos chun a mheasúnú an gcomhlíonann fluairíd sulfairile na critéir dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointí (c) agus (d), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus ina dhiaidh sin chun a mheasúnú an bhféadfadh fluairíd sulfairile na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán sin a chomhlíonadh, agus ós rud é nár léiríodh go gcomhlíontar fós na critéir a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii) agus (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ní féidir a chinneadh an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán sin fós. Dá bhrí sin, níor comhlíonadh an coinníoll maidir le hathnuachan an fhormheasa i leith substaint ghníomhach a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(12)

Dá bhrí sin, is iomchuí gan athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní dhéantar an formheas maidir le fluairíd sulfairile mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 a athnuachan.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1479 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2018 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 249, 4.10.2018, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1479/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/713 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 (IO L 147, 30.4.2021, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/713/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2101 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 241, 29.9.2023, lch. 147, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2101/oj).

(6)   Biocidal Products Committee (BPC) opinion on the application for renewal of the approval of the active substance: sulfuryl fluoride, Product type: 8 [Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha (BPC) ar an iarratas maidir le formheas na substainte gníomhaí a athnuachan: fluairíd sulfairile, Cineál táirge: 8], ECHA/BPC/389/2023, a glacadh an 13 Meán Fómhair 2023.

(7)   Biocidal Products Committee (BPC) opinion on the application for renewal of the approval of the active substance: sulfuryl fluoride, Product type: 18 [Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha (BPC) ar an iarratas maidir le formheas na substainte gníomhaí a athnuachan: fluairíd sulfairile, Cineál táirge: 8], ECHA/BPC/390/2023, a glacadh an 13 Meán Fómhair 2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2402/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top