This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2200
Commission Implementing Decision (EU) 2024/2200 of 4 September 2024 amending Implementing Decision (EU) 2017/996 setting up ECCSEL ERIC (notified under document C(2024) 5833) (Only the Dutch, English, French and Italian texts are authentic)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2200 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/996 lena mbunaítear ECCSEL ERIC (tugadh fógra leis faoi doiciméad C(2024) 5833) (Is iad na téacsanna Ollainnise, Béarla, Fraincise agus Iodáilise amháin atá barántúil)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2200 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/996 lena mbunaítear ECCSEL ERIC (tugadh fógra leis faoi doiciméad C(2024) 5833) (Is iad na téacsanna Ollainnise, Béarla, Fraincise agus Iodáilise amháin atá barántúil)
C/2024/5833
IO L, 2024/2200, 6.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2200/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2200 |
6.9.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2200 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Meán Fómhair 2024
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/996 lena mbunaítear ECCSEL ERIC
(tugadh fógra leis faoi doiciméad C(2024) 5833)
(Is iad na téacsanna Ollainnise, Béarla, Fraincise agus Iodáilise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail maidir le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (1), agus go háirithe Airteagal 11(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a ionchorprú sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) le Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE (2). |
|
(2) |
Bunaíodh an tSaotharlann Eorpach um Ghabháil agus Stóráil Dé-ocsaíde Carbóin mar Chuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ECCSEL ERIC) le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/996 ón gCoimisiún (3). |
|
(3) |
An 30 Márta 2023 chuir ECCSEL ERIC togra faoi bhráid an Choimisiúin chun a Reachtanna a leasú i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009. |
|
(4) |
Roinnt leasuithe a bhaineann leis an mBeartas Sonraí, lena dtugtar ranníocaíocht agus dáileadh an bhuiséid cothrom le dáta, lena gcoigeartaítear an fhoclaíocht chun an leathnú arna iarradh ar an raon feidhme a chuimsiú, agus lena n-áirítear mioncheartúcháin ghramadaí, gan athruithe substainteacha, tháinig siad i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 11(4) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009. |
|
(5) |
Éilítear formheas an Choimisiúin a fháil maidir le roinnt leasuithe lena leathnaítear raon feidhme ECCSEL ERIC chun córais fuinnimh inbhuanaithe fodhromchla ailínithe le haghaidh sochaí carbóin ghlan-nialasach a chuimsiú, agus lena dtugtar isteach mionathruithe ar an mBeartas um Meastóireacht Eolaíoch, ar an mBeartas um Rochtain d’Úsáideoirí, ar an mBeartas um Scaipeadh agus ar an mBeartas um Chearta Maoine Intleachtúla. |
|
(6) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, agus tháinig sé ar an gconclúid go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Reachtanna ECCSEL ERIC atá i gceangal le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/996 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Ríocht na hÍsiltíre, Ríocht na hIorua agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Iliana IVANOVA
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 206, 8.8.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/723/oj.
(2) Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2015 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2016/755] (IO L 129, 19.5.2016, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2005/72(2)/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/996 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2017 lena mbunaítear an tSaotharlann Eorpach um Ghabháil agus Stóráil Dé-ocsaíde Carbóin – Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ECCSEL ERIC) (IO L 149, 13.6.2017, lch. 91, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2017/996/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Reachtanna ECCSEL ERIC atá i gceangal le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/996 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
|
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(2): ‘2. Beidh conarthaí fostaíochta faoi réir dhlíthe agus rialacháin infheidhme na tíre ina bhfuil an ball foirne fostaithe nó faoi réir dhlíthe na tíre ina ndéantar gníomhaíochtaí ECCSEL ERIC. Foilseofar folúntais ECCSEL ERIC go hidirnáisiúnta ar bhealach iomchuí.’ |
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: ‘Airteagal 18 Beartas um Rochtain d’Úsáideoirí 1. Tairgfear don phobal taighde idirnáisiúnta cuid shuntasach den am taighde a bheidh ar fáil do gach saoráid náisiúnta atá rannpháirteach i mbonneagar ECCSEL. Forchoimeádfaidh an Comhthionól Ginearálta cion den aga rochtana a bheidh ar fáil do thaighdeoirí ó stáit nach Ballstáit ECCSEL ERIC iad. 2. Déanfaidh ECCSEL ERIC agus úinéirí na saoráidí taighde comhaontuithe aonair a bhaineann le cé chomh mór agus atá an cion den am taighde atá ar fáil a chuirfear ar fáil don chomhphobal taighde idirnáisiúnta agus na coinníollacha rochtana. 3. Beidh rochtain ar shaoráidí ECCSEL ERIC oscailte do thaighdeoirí, eolaithe agus mic léinn. Tá deonú rochtana a fhaigheann tacaíocht ó ECCSEL bunaithe ar iomaíocht agus ar athbhreithniú piaraí ar iarratais tar éis nós imeachta cothrom agus trédhearcach. Is iad na príomhchritéir a bheidh ann le haghaidh an chomórtais barr feabhais eolaíoch agus tábhacht i ndáil le straitéisí ECCSEL ERIC, arna gcinneadh ag an gComhthionól Ginearálta. 4. Féadfaidh ECCSEL ERIC córas um fíordheimhniú agus údarú a bhunú lena n-áiritheofar nach ligfear isteach ach na daoine atá i dteideal rochtain a fháil ar shaoráid agus nach gceadófar úsáid ach do na daoine sin. Féadfaidh ECCSEL ERIC a chinneadh nach mór do Bhallstáit agus do Bhreathnóirí cloí le córas den sórt sin má tá rochtain le tabhairt dá dtaighdeoirí. 5. Tá Beartas um Rochtain mionsonraithe is infheidhme maidir le húsáideoirí, arna fhormheas ag an gComhthionól Ginearálta, le cur ar fáil go poiblí.’ |
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
|
(7) |
Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
|
(8) |
Athuimhrítear Airteagail 21 go 26 mar Airteagail 22 go 27. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2200/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)