This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2172
Commission Implementing Decision (EU) 2024/2172 of 20 August 2024 amending the Annex to Implementing Decision (EU) 2023/2447 concerning emergency measures in relation to outbreaks of highly pathogenic avian influenza in certain Member States (notified under document C(2024) 5951)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2172 ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5951)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2172 ón gCoimisiún an 20 Lúnasa 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5951)
C/2024/5951
IO L, 2024/2172, 26.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2172/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2172 |
26.8.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2172 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Lúnasa 2024
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5951)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach in éin é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagann HPAI faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 (3) ón gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna HPAI. |
|
(4) |
Go háirithe, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise arna mbunú ag na Ballstáit tar éis ráigeanna HPAI, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh siad ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 le déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1948 ón gCoimisiún (4) tar éis ráig HPAI in éanlaith chlóis sa Ghearmáin, ráig ar ghá é a léiriú san Iarscríbhinn sin. |
|
(6) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1948 ann, thug an Fhrainc fógra don Choimisiún faoi ráig HPAI, fochineál H5N1, i mbunaíocht inar coimeádadh éanlaith chlóis, ar bunaíocht í atá lonnaithe i roinn Ille-et-Vilaine. |
|
(7) |
Ina theannta sin, thug an Ghearmáin fógra don Choimisiún faoi ráig HPAI i mbunaíocht inar coimeádadh éanlaith chlóis, ar bunaíocht í atá lonnaithe i stát Mecklenburg-Vorpommern. |
|
(8) |
Thairis sin, thug an Phortaingéil fógra don Choimisiún faoi ráig HPAI i mbunaíocht inar coimeádadh éanlaith chlóis, ar bunaíocht í atá lonnaithe i gceantar Viana do Castelo. |
|
(9) |
Rinne údarás inniúil na Fraince, na Gearmáine agus na Portaingéile na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna sin. |
|
(10) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Fhraince, an Ghearmáin agus an Phortaingéil i gcomhar leis na Ballstáit sin, agus tá sé sásta maidir le teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag údaráis inniúla na Fraince, na Gearmáine agus na Portaingéile, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh na ráigeanna HPAI. |
|
(11) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, níl aon limistéir liostaithe faoi láthair mar chriosanna cosanta agus faireachais le haghaidh na Fraince agus na Portaingéile. |
|
(12) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá tuairisc a thabhairt go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an bhFrainc, leis an nGearmáin agus leis an bPortaingéil, ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag na Ballstáit sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais le haghaidh na Gearmáine san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, ba cheart iad a leasú. |
|
(14) |
Chomh maith leis sin, ba cheart criosanna cosanta agus faireachais a liostú le haghaidh na Fraince agus na Portaingéile san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447. |
|
(15) |
Dá réir sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú chun an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais chun aird a thabhairt ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag an bhFraince, ag an nGearmáin agus ag an bPortaingéil i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus fad na mbeart is infheidhme sna criosanna sin. |
|
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú dá réir. |
|
(17) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(18) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Lúnasa 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L, 2023/2447, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1948 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L, 2024/1948, 11.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1948/oj).
IARSCRÍBHINN
Cuid A
Criosanna cosanta sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:
An Ballstát: an Fhrainc
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||||
|
Roinn: Ille-et-Vilaine |
||||||||||
|
3.9.2024 |
|||||||||
An Ballstát: an Ghearmáin
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||
|
Mecklenburg-Vorpommern |
||||||||
|
DE-HPAI(P)-2024-00012 |
Landkreis Rostock Amt Tessin:
|
5.9.2024 |
||||||
An Ballstát: an Phortaingéil
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
Viana do Castelo |
||
|
PT-HPAI(NON-P)-2024-00008 |
The parts from the county of Viana do Castelo, from the district of Viana do Castelo, that are contained within circle of 3 kilometers radius, centered on GPS coordinates 41.637500N, -8.819083W |
6.9.2024 |
Cuid B
Criosanna faireachais sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:
An Ballstát: an Fhrainc
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Roinn: Ille-et-Vilaine |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.9.2024- 12.9.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
12.9.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An Ballstát: an Ghearmáin
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
Mecklenburg-Vorpommern |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
DE-HPAI(P)-2024-00012 |
Landkreis Rostock Amt Tessin:
|
6.9.2024-14.9.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||
|
DE-HPAI(P)-2024-00012 |
Landkreis Rostock Amt Tessin:
Amt Gnoien:
Landkreis Vorpommern-Rügen
|
14.9.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||
An Ballstát: an Phortaingéil
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
Viana do Castelo |
||
|
PT-HPAI(NON-P)-2024-00008 |
The parts from the county of Viana do Castelo, from the district of Viana do Castelo, that are contained within circle of 3 kilometers radius, centered on GPS coordinates 41.637500N, -8.819083W |
7.9.2024- 15.9.2024 |
|
The parts of from the county of Viana do Castelo, from the district of Viana do Castelo, and the parts of the counties of Barcelos and Esposende from the district of Braga, that are beyond the areas described in the protection zone, and are contained within circle of 10 kilometers radius, centered on GPS coordinates 41.637500N, -8.819083W |
15.9.2024 |
|
Cuid C
Criosanna srianta breise sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:
An Ballstát: Ceann ar bith
|
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh na bearta infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 3a |
||
|
|
|
||
|
|||
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2172/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)