Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2123

    Cinneadh (AE) 2024/2123 ón gComhairle an 26 Iúil 2024 maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann san Ungáir

    ST/12167/2024/INIT

    IO L, 2024/2123, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2123/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2123/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2123

    1.8.2024

    CINNEADH (AE) 2024/2123 ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Iúil 2024

    maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann san Ungáir

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 126(6) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint do na barúlacha a thug an Ungáir,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le hAirteagal 126(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go bhfuil na Ballstáit le heasnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint.

    (2)

    Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta agus inbhuanaithe mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás cuimsitheach inbhuanaithe láidir a mbeidh cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca leis, rud a thacóidh le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú.

    (3)

    Leis an nós imeachta um easnamh iomarcach faoi Airteagal 126 CFAE, mar a soiléiríodh le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle (1), ar cuid den CCF é, déantar foráil maidir le cinneadh i ndáil le heasnamh iomarcach a bheith ann. I bPrótacal Uimh. 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, leagtar amach forálacha breise a bhaineann le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach. Le Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle (2), leagtar síos rialacha agus sainmhínithe mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin. Áirítear i gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais, a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024, Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle (3) lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. Ós rud é nár shocraigh an Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais don Ungáir go fóill, níl an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir fiachais i gcomhréir leis na rialacha nua. Dá bhrí sin, ní bhaineann an Cinneadh seo ach le barrachas an chóimheasa idir an t-easnamh rialtais agus an olltáirgeacht intíre (OTI) i ndáil le luach tagartha CFAE 3 % de OTI, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann cheana.

    (4)

    Foráiltear le hAirteagal 126(5) CFAE, má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach ann i mBallstát nó go bhféadfadh easnamh iomarcach a bheith ann i mBallstát, go bhfuil sé le tuairim a dhíriú chuig an mBallstát lena mbaineann agus an Chomhairle a chur ar an eolas dá réir sin. Tar éis dó a thuarascáil an 19 Meitheamh 2024 arna glacadh de bhun Airteagal 126(3) CFAE a chur san áireamh agus ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais arna glacadh de bhun Airteagal 126(4) CFAE, chinn an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach ann san Ungáir. Dá bhrí sin, an 8 Iúil 2024 chuir an Coimisiún an tuairim sin faoi bhráid na hUngáire agus chuir sé an Chomhairle ar an eolas dá réir sin.

    (5)

    Le hAirteagal 126(6) CFAE, foráiltear go bhfuil an Chomhairle le haon bharúlacha a bhreithniú, ar barúlacha iad is mian leis an mBallstát lena mbaineann a thabhairt, sula gcinnfidh sí, tar éis measúnú foriomlán a dhéanamh, an ann d’easnamh iomarcach. I gcás na hUngáire, is iad na conclúidí a leagtar amach thíos a eascraíonn as an measúnú foriomlán.

    (6)

    De réir na sonraí a bhailíochtaigh an Coimisiún (Eurostat) an 22 Aibreán 2024, bhain easnamh ginearálta an rialtais san Ungáir 6,7 % de OTI amach in 2023, agus ba é 73,5 % de OTI fiachas ginearálta an rialtais. Mheas an Coimisiún, i dtuarascáil uaidh faoi Airteagal 126(3) CFAE, nach eisceachtúil é farasbarr an easnaimh os cionn luach tagartha CFAE 3 % de OTI in 2023, toisc nach n eascraíonn sé as imeacht neamhghnách ná as mórshleabhcadh eacnamaíoch de réir bhrí an CCF. Níl an barrachas os cionn luach tagartha CFAE sealadach ach oiread, bunaithe ar réamhaisnéis earrach 2024 ón gCoimisiún, ina dtuartar go bhfanfaidh easnamh ginearálta an rialtais os cionn 3 % de OTI in 2024 agus 2025. Mar achoimre, bhí an t easnamh in 2023 os cionn agus gan a bheith gar do luach tagartha CFAE arbh é a bhí ann 3 % de OTI. Ní mheastar gur barrachas eisceachtúil é an barrachas mar a shainítear le CFAE agus le CCF, ná ní mheastar gur barrachas sealadach é. Dá bhrí sin, níor comhlíonadh prima facie an critéar easnaimh mar a shainítear é in CFAE agus i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

    (7)

    De réir Chlár um Chóineasú na hUngáire 2024, tá sé beartaithe go sroichfidh easnamh ginearálta an rialtais 4,5 % de OTI in 2024. Le réamhaisnéis an earraigh 2024 ón gCoimisiún, léirítear easnamh 5,4 % de OTI in 2024, easnamh atá os cionn luach tagartha CFAE arbh é atá ann 3 % de OTI, agus nach bhfuil gar dó. Eascraíonn an difríocht idir an dá shraith réamh-mheastachán go príomha as an bhfás bunlíne réamh-mheasta níos airde ar chaiteachas sa réamhaisnéis ón gCoimisiún, go háirithe maidir le pá poiblí, tomhaltas idirmheánach agus aistrithe reatha. Déanann an Coimisiún réamhaisnéis freisin go mbeidh ioncam beagán níos ísle ó ranníocaíochtaí sóisialta agus ó chánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí in 2024.

    (8)

    I gcomhréir le ceanglais Airteagal 126(3) CFAE, rinne an Coimisiún anailís freisin ar na tosca ábhartha uile ina thuarascáil faoin Airteagal sin. Mar a leagtar síos in Airteagal 2(4), an dara fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97, agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht ar bhonn an chritéir easnaimh, má sháraíonn an cóimheas idir an fiachas rialtais agus OTI an luach tagartha, níl na tosca ábhartha sin le cur san áireamh sna céimeanna a leanann an tuarascáil faoi Airteagal 126(3) CFAE agus as a dtiocfaidh an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann ach amháin más rud é – sula gcuirtear na tosca ábhartha sin san áireamh – go bhfanann an t-easnamh ginearálta rialtais gar don luach tagartha agus go bhfuil a fharasbarr thar an luach tagartha sealadach. I gcás na hUngáire, ní chomhlíontar an coinníoll dúbailte. Dá bhrí sin, ní chuirtear tosca ábhartha san áireamh sna céimeanna as a dtiocfaidh an Cinneadh seo.

    (9)

    I bhfianaise spriocdháta an 20 Meán Fómhair 2024 chun na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta a chur isteach, spriocdháta ar féidir síneadh a chur leis i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), go táscach go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2024, arb é an dáta é chun dréachtphleananna buiséadacha na mBallstát sa limistéar euro a chur isteach, tugann an Chomhairle dá haire go dtarlóidh an chéad chéim eile sa nós imeachta, is é sin an moladh ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú, i gcomhthráth leis na tuairimí ón gCoimisiún maidir le dréachtphleananna buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Leis an gcur chuige sin, is féidir comhsheasmhacht a áirithiú idir na ceanglais bhuiséadacha faoin nós imeachta um easnamh iomarcach agus conair an choigeartaithe a leagtar amach sna pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta. Chun an chomhsheasmhacht sin a chumasú, agus bearna faireachais a sheachaint faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, ní mór na pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta a chur isteach go tráthúil. Ba cheart a mheas gur amlíne eisceachtúil í an amlíne sin agus go bhfuil sí nasctha leis an aistriú chuig an gcreat nua, agus, dá bhrí sin, nach bhfuil fasach á leagan síos léi. Tugann an Chomhairle dá haire freisin, mura gcuirfear an plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta isteach go tráthúil, go mbreithneofar sa mholadh ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE an chonair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún chuig an mBallstát arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1263,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Fágann measúnú foriomlán go bhfuil easnamh iomarcach ann san Ungáir mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chritéir easnaimh.

    Airteagal 2

    Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar an fógra faoi.

    Airteagal 3

    Dírítear an Cinneadh seo chuig an Ungáir.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    BÓKA J.


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 145, 10.6.2009, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).

    (4)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lch. 11).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2123/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top