Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2116

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2024/2116 ón gComhairle an 26 Iúil 2024 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

    ST/10957/2024/INIT

    IO L, 2024/2116, 5.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2116/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2116/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2116

    5.8.2024

    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2024/2116 ÓN gCOMHAIRLE

    an 26 Iúil 2024

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES.

    (2)

    An 25 Eanáir 2024, cháin an tAontas go neamhbhalbh an rabharta diansmachta i gcoinne iarphríosúnaigh pholaitiúla atá fós sa Bhealarúis, agus i gcoinne gaolta na bpríosúnach polaitiúil. Dhearbhaigh an tAontas go seasann sé i ndlúthpháirtíocht le muintir na Bealarúise agus go leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt dóibh agus iad ag iarraidh tír neamhspleách dhaonlathach a bheith acu.

    (3)

    An 26 Feabhra 2024, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) ráiteas tar éis na dtoghchán parlaiminteach agus áitiúil sa Bhealarúis. Cháin an tArdionadaí an leibhéal diansmachta nach bhfacthas roimhe seo, na sáruithe ar chearta an duine, na srianta ar rannpháirtíocht pholaitiúil agus ar rochtain ar na meáin neamhspleácha, agus chuir sé in iúl nach bhfuil dlisteanacht dhaonlathach ag na hoifigigh pharlaiminteacha agus áitiúla a toghadh sa Bhealarúis ós rud é nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le saorthoghcháin chóra.

    (4)

    I bhfianaise thromchúis na staide, ba cheart 28 dhuine aonair a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    BÓKA J.


    (1)   IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES, cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i roinn ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 3(1) agus 4(1)’:

     

    Ainmneacha (Traslitriú an litrithe Bealarúisise) (Traslitriú an litrithe Rúisise)

    Ainmneacha (litriú Bealarúisise) (litriú Rúisise)

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ‘234.

    Andrii Valeriovich ANANENKO

    Andrei Valerievich ANANENKO

    Андрій Валерійович АНАНЕНКО

    Андрей Валерьевич АНАНЕНКО

    Ceann an Main Department for Combating Organised Crime and Corruption (GUBOPiK) of the Ministry for Internal Affairs [an Phríomh-Roinn um Choireacht Eagraithe agus Éilliú in a Chomhrac na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha]

    Dáta breithe: 13.10.1977

    Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is é Andrii Ananenko ceann na Príomh-Roinne um Choireacht Eagraithe agus Éilliú in MVD a Chomhrac (GUBOPiK) na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha. Tá GUBOPiK ar cheann de na príomhchomhlachtaí atá freagrach as géarleanúint pholaitiúil sa Bhealarúis, lena n-áirítear gabhálacha treallacha agus neamhdhleathacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh gníomhaithe agus comhaltaí den tsochaí shibhialta.

    D’fhoilsigh GUBOPiK físeáin d’admhálacha a rinne gníomhaithe Bealarúiseacha agus gnáthshaoránaigh Bhealarúiseacha faoi iallach, á nochtadh do phobal na Bealarúise i gcoitinne agus á n-úsáid mar uirlis brú pholaitiúil.

    Sa cháil sin, tá Andrii Ananenko freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. Ina theannta sin, tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

    5.8.2024

    235.

    Mikhail Piatrovich BYADUNKEVICH

    Mikhail Petrovitch BEDUNKEVICH

    Міхаіл Пятровіч БЯДУНКЕВIЧ

    Михаил Петрович БЕДУНКЕВИЧ

    Leas-cheann na Príomh-Roinne um Choireacht Eagraithe agus Éilliú na hAireachta um Gnóthaí Inmheánachaa Chomhrac (GUBOPiK) agus ceann an tríú stiúrthóireacht de GUBOPiK, atá freagrach as an “antoisceachas” a chomhrac

    Dáta breithe: 8.10.1977

    Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is é Mikhail Byadunkevich leas-cheann na Príomh-Roinne um Choireacht Eagraithe agus Éilliú na hAireachta a Chomhrac (GUBOPiK) agus ceann an tríú roinn GUBOPiK, atá freagrach as an antoisceachas a chomhrac. Tá GUBOPiK ar cheann de na príomhchomhlachtaí atá freagrach as géarleanúint pholaitiúil sa Bhealarúis, lena n-áirítear gabhálacha treallacha agus neamhdhleathacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh gníomhaithe agus comhaltaí den tsochaí shibhialta.

    D’fhoilsigh GUBOPiK físeáin d’admhálacha a rinne gníomhaithe Bealarúiseacha agus gnáthshaoránaigh Bhealarúiseacha faoi iallach, á nochtadh do phobal na Bealarúise i gcoitinne agus á n-úsáid mar uirlis brú pholaitiúil.

    Sa cháil sin, tá Mikhail Byadunkevich freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. Ina theannta sin, tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

    5.8.2024

    236.

    Zmitser Aliaksandrovich KOVACH

    Dimitri Aleksandrovich KOVACH

    Змiцер Аляксандравiч КОВАЧ

    Дмитрий Александрович КОВАЧ

    Leas-cheann na Príomh-Roinne um Choireacht Eagraithe agus Éilliú a Chomhrac (GUBOPiK) na hAireactha um Gnóthaí Inmheánacha

    Dáta breithe: 14.1.1979

    Áit bhreithe: Elisovo (réigiún Mogilev)

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is é Zmitser Kovach leas-cheann na Príomh-Roinne um Choireacht Eagraithe agus Éilliú a Chomhrac (GUBOPiK) na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha. Tá GUBOPiK ar cheann de na príomhchomhlachtaí atá freagrach as géarleanúint pholaitiúil sa Bhealarúis, lena n-áirítear gabhálacha treallacha agus neamhdhleathacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh gníomhaithe agus comhaltaí den tsochaí shibhialta.

    D’fhoilsigh GUBOPiK físeáin d’admhálacha a rinne gníomhaithe Bealarúiseacha agus gnáthshaoránaigh Bhealarúiseacha faoi iallach, á nochtadh do phobal na Bealarúise i gcoitinne agus á n-úsáid mar uirlis brú pholaitiúil.

    Sa cháil sin, tá Zmitser Kovach freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. Ina theannta sin, tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

    5.8.2024

    237.

    Mikhail KAVALIOU

    Mikhail KOVALEV

    Міхаіл КАВАЛЁЎ

    Михаил КАВАЛЁВ

    Leas-cheann an Department of State Prosecution of the Office for Supervision of Compliance with the Law of Court Decisions in Criminal Cases [Roinn Ionchúisimh Stáit na hOifige um Maoirseacht ar Chomhlíonadh Dhlí na gCinntí Cúirte i gCásanna Coiriúla], Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Sa cháil sin, agus é ina leas-cheann Roinne Ionchúisimh Stáit san Oifig um Maoirseacht ar Chomhlíonadh Dhlí na gCinntí Cúirte i gCásanna Coiriúla, Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta, tá Mikhail Kavaliou freagrach as an iliomad cásanna coiriúla dar siocair an pholaitíocht i gcoinne fhreasúra polaitiúil na Bealarúise. Go háirithe, tá baint aige le hionchúiseamh Svetlana Tsikhanouskaya, Pavel Latushko, Olga Kovalkova, Maria Moroz agus Sergei Dilevsky ar chúiseanna polaitiúla, ar comhaltaí iad den Chomhairle Comhordúcháin, comhlacht freasúra Bealarúiseach, chomh maith leis an gcás “comhcheilg chun cumhacht a ghabháil” i gcoinne Yuri Ziankovich, Alexander Fyaduta, Ryhor Kastusyov, Olga Halubovych agus Dzianis Kravchuk.

    Tá Mikhail Kavaliou freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    238.

    Viktar Aliaksandravich DUBROUKA

    Viktor Alexandrovich DUBROVKA

    Віктар Аляксандравіч ДУБРОЎКА

    Виктор Александрович ДУБРОВКА

    Ceann na hinstitiúide ceartúcháin “Penal Colony No. 11” [Coilíneacht Phionósach Uimh. 11] coirnéal sa tseirbhís inmheánach

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Dáta breithe: 19.6.1978

    Áit bhreithe: Makhnachi, Ceantar Slonim, Réigiún Grodno

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3190678K013PB2

    Is é Viktar Dubrouka ceann na hinstitiúide ceartúcháin Coilíneacht Phionósach Uimh. 11 áit a bhfuil a phianbhreith 20 bliain agus 11 mhí á cur isteach ag Siarhei Ramanau agustá pianbhreith 11 bhliain á cur isteach ag Vadzim Bobyrau.Cuireadh Siarhei Ramanau agus Bobyrau sa chill phionóis arís agus arís eile.

    Tá Viktar Dubrouka freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    239.

    Pavel Ivanavich KAZAKOU

    Pavel Ivanovich KAZAKOV

    Павел Iванавіч КАЗАКОЎ

    Павел Иванович КАЗАКОВ

    Ceann na hinstitiúide ceartúcháin “Prison No. 1” [Príosún Uimh. 1], Grodno, coirnéal sa tseirbhís inmheánach

    Dáta breithe: 11.6.1977

    Áit bhreithe: Russ, Ceantar Volkavysk, Réigiún Grodno

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3110677K031PB5

    Is é Pavel Kazakou ceann na hinstitiúide ceartúcháin Príosún Uimh. 1, Grodno, áit a bhfuair an príosúnach polaitiúil Ales Pushkin agus an t-ealaíontóir Ruslan Karchauli bás toisc nach bhfuair siad cúram leighis cuí. Thug príosúnaigh eile a coinníodh san institiúid sin fianaise ar na dálaí mídhaonna.

    Tá Pavel Kazakou freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    240.

    Dzianis Anatolievich TAUSTSIANKOU

    Denis Anatolievich TOLSTENKOV

    Дзяніс Анатольевіч ТАЎСЦЯНКОЎ

    Денис Анатольевич ТОЛСТЕНКОВ

    Ceann na hinstitiúide ceartúcháin “Penal Colony No. 4” [Coilíneacht phionósach Uimhir 4]; leifteanantchoirnéal na seirbhísé inmheánaí

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Dáta breithe: 17.8.1977

    Áit bhreithe: Orsha, Réigiún Vitebsk

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3170877M000PB9

    Tá Dzianis Taustsiankou ina cheann na hinstitiúide ceartúcháin Coilíneacht phionósach Uimh. 4 áit a bhfuil Polina Sharendo-Panasyuk, gníomhaí sóisialta, i bpríosún. Labhair fear céile Sharendo, Andrei Sharendo, faoi na dálaí mídhaonna agus faoi chéasadh a mhná céile sa choilíneacht sin.

    Tá Dzianis Taustsiankou freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    241.

    Vasil Vasilevich KOLEDA

    Vasily Vasilyevich KOLEDA

    Васіль Васільевіч КОЛЕДА

    Василий Васильевич КОЛЕДА

    Leas-cheann “Priosún Uimh. 1” i Grodno; leifteanantchoirnéal seirbhíse inmheánaí

    Inscne: fireann

    Is é Vasil Koleda leas-cheann na roinne in “Príosún Uimh. 1” i Grodno, áit a bhfuair an príosúnach polaitiúil Ales Pushkin agus an t-ealaíontóir Ruslan Karchauli bás toisc nach bhfuair siad cúram leighis cuí. Thug príosúnaigh eile a coinníodh san institiúid sin fianaise ar na dálaí mídhaonna.

    Tá Vasil Koleda freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    242.

    Andrei Mikhailovich TSEDRYK

    Andrey Mikhailovich TSEDRIK

    Андрэй Міхайлавіч ЦЭДРЫК

    Андрей Михайлович ЦЕДРИК

    Ceann an Ionaid Coinneála Réamhthrialach Uimh. 1,; coirnéal na seirbhíse inmheánaí

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Dáta breithe: 20.4.1978

    Áit bhreithe: Mionsc

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3200478A058PB3

    Tá Andrei Tsedryk ina cheann ar Ionad Coinneála Réamhthrialach Uimh. 1 i Mionsc, ar a dtugtar “Voldarka” freisin. Chuaigh go leor príosúnaigh, lena n-áirítear Ales Pushkin, pholaitiúla tríd an ionad agus thug siad fianaise go bhfuil na dálaí san ionad mídhaonna. Is ann atá Ales Bialiatski faoi choinneáil. Níl ospidéal cuí san ionad ach an oiread.

    Tá Andrei Tsedryk freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    243.

    Iryna Barisauna AKULOVICH

    Irina Borisovna AKULOVICH

    Iрына Барысаўна АКУЛОВIЧ

    Ирина Борисовна АКУЛОВИЧ

    Ard-stiúrthóir ar an bhfiontar aonadach poblachtach “Belarusian Telegraph Agency” (BelTA)

    Dáta breithe: 24.10.1974

    Áit bhreithe: Mogilev, an Bhealarúis

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Tá Iryna Akulovich ag tacú le Aliaksandr Lukashenka le fada. In 2018 cheap Aliaksandr Lukashenka í mar Ard-stiúrthóir ar an ngníomhaireacht nuachta Stáit is mó Belarusian Telegraph Agency (BelTA) agus tá sí fós sa phost sin. Trína fhoilseacháin agus trína ghníomhaíochtaí, ar nós taispeántais grianghraf agus imeachtaí poiblí, cuireann BelTA Lukashenka agus a réimeas chun cinn go mór.

    Léiríonn Iryna Akulovich ina ráitis phoiblí agus ina gníomhaíochtaí go dtacaíonn sí le Lukashenka agus lena mbíonn le rá aige faoin bhfreasúra daonlathach. Mar cheann BelTA is í a leagann síos tuin agus treo na gníomhaireachta nuachta agus féachann sí ar na meáin mar uirlis chun réimeas reatha na tíre a chaomhnú. Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka.

    5.8.2024

    244.

    Mikita Sviatoslavovich RACHYLOUSKI

    Nikita Sviatoslavovich RACHILOVSKYI

    Мікіта Святаслававіч РАЧЫЛОЎСКI

    Никита Святославович РАЧИЛОВСКИЙ

    Óstach an chláir teilifíse “Senate” ar an gcainéal STV (СТВ), cathaoirleach Chomhairle na nÓg (Parlaimint na nÓg ag Tionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise), comhalta de choimisiún turasóireachta agus comhshaoil Chomhlachas na nÓg i dTionól Parlaiminteach Aontas Stáit na Bealarúise agus na Rúise, cathaoirleach chomhghuaillíocht shibhialta na n-óg “Moving forward”

    Dáta breithe: 28.7.1997

    Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Tá poist shinsearacha ag Mikita Rachylouski san institiúid rialtais Comhairle na nÓg, GONGO Moving Forward agus sna meáin (an clár teilifíse “Senate”). Tá na poist sin á n-úsáid ag Mykyta Rachylouski chun saoránaigh de chuid na Bealarúise a cháin an rialtas nó a ghlac páirt in agóidí siar in 2020 nó atá ar mhalairt tuairime leis an rialtas a mhaslú. Bhí sé in ard a ghutha agus é ag éileamh go gcuirfí pionós agus go ndéanfaí géarleanúint ar an mblagálaí cáiliúil Kokobay, chomh maith leis an mbanna ceoil “Drozdy” agus daoine eile. Lena chuid ráiteas tá géarleanúint á spreagadh aige agus tá fuath á chothú aige do lucht cáinte an réimis. Uair amháin as an iliomad uair a bhíonn sé ar an teilifís mhol sé go gcuirfí an ruaig ar an bhfoireann i ndámh na staire in ollscoileanna na Bealarúise.

    Tá sé curtha in iúl aige go mion minic freisin go dtacaíonn sé le rialtas na Bealarúise agus le Aliaksandr Lukashenka. Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka.

    5.8.2024

    245.

    Dzmitry Aliaksandrovich ZHUK

    Dmitrii Aleksandrovich ZHUK

    Дзмітрый Аляксандравіч ЖУК

    Дмитрий Александрович ЖУК

    Stiúrthóir agus príomheagarthóir an tí foilsitheoireachta “Belarus Today”

    Dáta breithe: 7.7.1970

    Áit bhreithe: Letkaushchyna, réigiún Mhionsc

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3070770A081PB7

    Tá Dzmitry Zhuk ag tacú le fada le Aliaksandr Lukashenka agus lena réimeas. Roimhe seo bhí sé ina cheann ar sheirbhís preasa Lukashenka agus ina dhiaidh sin chaith sé tréimhse fhada ina Ard-Stiúrthóir ar an ngníomhaireacht nuachta stáit is mó Belarusian Telegraph Agency (BelTA).

    Ó 2018 is é stiúrthóir agus príomheagarthóir an tí foilsitheoireachta “Belarus Today”. Sa phost sin, tá faisnéis bhréagach á cur os comhair phobal na Bealarúise d’aon ghnó ag Dzmitry Zhuk faoin gcos ar bolg atá á dhéanamh ag údaráis an stáit, tá an bhréagaisnéis ó údaráis na Bealarúise agus na Rúise araon á scaipeadh aige, agus tá sé i mbun fuath don fhreasúra daonlathach agus don tsochaí shibhialta a chur chun cinn. Tá sé freagrach go díreach as an gcaoi a gcuireann Belarus Today faisnéis ar fáil faoi staid na tíre, agus é ag tacú ar an gcaoi sin leis na húdaráis, lena n-áirítear Lukashenka. Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka.

    5.8.2024

    246.

    Viachaslau Ivanavich TULEYKA

    Vyacheslav Ivanovich TULEYKO

    Вячаслаў Iванавіч ТУЛЕЙКА

    Вячеслав Иванович ТУЛЕЙКО

    Breitheamh den Chúirt Réigiúnach Mhionsc

    Dáta breithe: 27.7.1977

    Inscne: fireann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Ina cháil mar bhreitheamh den Chúirt Réigiúnach Mhionsc, rinne Viachaslau Tuleyka ionadaíocht do réimeas Lukashenka in go leor trialacha a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla agus tá sé freagrach as na pianbhreitheanna fada a gearradh ar roinnt oibrithe sna meáin: lryna Leushyna (BelaPAN), Dzmitry Navazhylau (Bela PAN), Andrey Alyaksandrau (BelaPAN), lryna Zlobina (Bela PAN), Stepan Putilo (Nexta), Yan Rudik (Nexta) agus Roman Pratasevich (Nexta). Ghearr sé pianbhreith freisin ar shaoránach Bealarúiseach as tuairimí frithrialtais a fhoilsiú ar na meáin shóisialta. Tá na pianbhreitheanna sin mar chuid de dhiúltú córasach a bheith á dhéanamh ag údaráis na Bealarúise d’fheidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus de phionós a chur má fheidhmítear an tsaoirse sin.

    Tá Viachaslau Tuleyka freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    247.

    Alena Mikalayeuna ANANICH

    Elena Nikoayevna ANANICH

    Алена Мікалаеўна АНАНIЧ

    Елена Николаевна АНАНИЧ

    Breitheamh den Chúirt Chathrach Mhionsc

    Inscne: baineann

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Is breitheamh Bealarúiseach í Alena Ananich atá ag feidhmiú den Chúirt Chathrach Mhionsc ó 2015 i leith, arna ceapadh ag Aliaksandr Lukashenka. D’eisigh sí roinnt mhaith rialuithe ar chúiseanna polaitiúla ina gcoinne siúd a chuireann in aghaidh údaráis na Bealarúise, lena n-áirítear le téarmaí príosúnachta an-fhada: Yauhen Yushkevich – 11 bhliain, Vital Brahiniets (dlíodóir Alies Bialatski, buaiteoir Dhuais Síochána Nobel) – 8 mbliana; Viachaslau Kandyba – 7 mbliana; agus Siarhiei Nikitsin – 6 bliana. Ghearr sí, in absentia, téarma príosúnachta 18 mbliana freisin ar Stanislau Lupanosau, gníomhaí de chuid anfhreasúra atá ina chónaí thar lear, iar-oifigeach den Phríomh- Roinn um Chomhrac na Coireachta Eagraithe agus an Éillithe (GUBOPiK) na hAireactha um Gnóthaí Inmheánacha.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    248.

    Anatoliy Ryhoravich SOTNIKAU

    Anatoliy Grigorievich SOTNIKOV

    Анатолій Рыгоравіч СОТНIКАЎ

    Анатолий Григорьевич СОТНИКОВ

    Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Homel

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is breitheamh é Anatoliy Sotnikau atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Homel ó 2019 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh chogadh dearg foghach na Rúise faoin Úcráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    249.

    Andrey Viktaravich MLECHKA

    Andrei Viktorovich MLECHKO

    Андрэй Віктаравіч МЛЕЧКА

    Андрей Викторович МЛЕЧКО

    Breitheamh de Chúirt Dúiche Frunze Chathair Mhionsc

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is breitheamh é Andrey Mlechka atá ag feidhmiú i gCúirt Dúiche Frunze Chathair Mhionsc ó 2021 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh a chuir tuairimí cáinteacha in iúl i leith na n-údarás go síochánta ar na sráideanna agus ar an idirlíon.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    250.

    Ihar Aliaksandravich SHVEDAU

    Igor Alexandrovich SHVEDOV

    Iгар Аляксандравіч ШВЕДАЎ

    Игорь Александрович ШВЕДОВ

    Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Mahiliou

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is breitheamh é Ihar Shvedau atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Mahiliou ó 2020 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne lucht freasúra réimeas Lukashenka, lena n-áirítear i gcoinne Andrei Kuznechyk, iriseoir (6 bliana sa phríosún), Anton Shybut, príosúnach polaitiúil (5 bliana), agus daoine eile a cháin údaráis na Bealarúise.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    251.

    Iryna Vladimirovna PADKAVYRAVA

    Irina Vladimirovna PODKOVYROVA

    Iрына Уладзіміраўна ПАДКАВЫРАВА

    Ирина Владимировна ПОДКОВЫРОВА

    Ionchúisitheoir

    Dáta breithe: 22.9.1972

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Is ionchúisitheoir í Iryna Padkavyrava. Tá baint aici leis na húdaráis ionchúisimh ó 2009 ar a laghad, nuair a d’oibrigh sí mar ionchúisitheoir sinsearach i réigiún Gomel. In 2022, ghníomhaigh sí mar ionchúisitheoir i dtriail iriseora neamhspleách atá cleamhnaithe le TVP agus Belsat TV. Ag an am, d’iarr sí téarma príosúnachta 4 bliana don iriseoir. Ghlac sí páirt freisin i mbreithniú na n-achomharc i gcoinne pianbhreitheanna a forchuireadh as iontrálacha a phostáil ar mheáin shóisialta na Bealarúise inar cáineadh an rialtas agus a chuid oifigeach. Mar ionchúisitheoir, thacaigh sí leis na pionóis, agus mheas sí go raibh siad leordhóthanach agus cothrom.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    252.

    Tatsiana Viktarauna SHOTSIK

    Tatiana Viktorovna SHOTIK

    Таццяна Віктараўна ШОЦIК

    Татьяна Викторовна ШОТИК

    Breitheamh de chúirt dúiche Leninsky i Mionsc

    Dáta breithe: 21.1.1992

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: baineann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4210192A027PB8

    Is breitheamh í Tatsiana Shotsik atá ag feidhmiú i gcúirt dúiche Leninsky i Mionsc ó 2021 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka í. D’eisigh sí pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Fuair Igor Lednike, príosúnach polaitiúil ar ghearr Shotsik téarma príosúnachta 3 bliana air, bás an 20 Feabhra 2024.

    Tá Tatsiana Shotsik freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    253.

    Vasil Uladzimiravich SKOK

    Vasily Vladimirovich SKOK

    Васіль Уладзіміравіч СКОК

    Василий Владимирович СКОК

    Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Grodno

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Dáta breithe: 17.11.1959

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3171159K025PB0

    Is breitheamh é Vasil Skok atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Grodno ó 2003 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin, an réimis agus bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Ghearr sé pianbhreith 6 bliana i gcoilíneacht phionósach ardslándála ar Andrey Sachevko.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    254.

    Stanislau Uladzimiravich IVANIUTSENKA

    Stanislav Vladimirovich IVANYUTENKO

    Станіслаў Уладзіміравіч IВАНЮЦЕНКА

    Станислав Владимирович ИВАНЮТЕНКО

    Breitheamh de chúirt dúiche Rechitsa i réigiún Gomel

    Dáta breithe: 29.7.1982

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3290782H007PB3

    Is breitheamh é Stanislau Ivaniutsenka atá ag feidhmiú i gcúirt dúiche Rechitsa i réigiún Gomel ó 2019 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Is é a rialaigh cás Polina Sharendo, gníomhaí sóisialta ón mBealarúis, a coinníodh i mí Eanáir 2021.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    255.

    Aliaksey Anatolevich KHLYSZCZANKAU

    Alexey Anatolievich KHLYSHCHENKOV

    Аляксей Анатольевіч ХЛЫШЧАНКАЎ

    Алексей Анатольевич ХЛЫЩЕНКОВ

    Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Gomel

    Dáta breithe: 27.8.1982

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3270882H007PB4

    Is breitheamh é Aliaksey Klyshchankau atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Gomel ó 2019 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Ghearr sé pianbhreith 6,5 bliain i gcoilíneacht phionósach ardslándála ar Yuri Vlasov, rúnchara le Svetlana Tikhanovskaya, iarrthóir uachtaránachta.

    Tá Aliaksey Klyshchankau freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint go mór ón smacht reachta agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    256.

    Ihar Fiodaravich ZIAMTSAU

    Igor Fedorovich ZEMTSOV

    Iгар Фёдаравіч ЗЯМЦОЎ

    Игорь Федорович ЗЕМЦОВ

    Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Mogilev

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Dáta breithe: 20.3.1975

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3200375M061PB1

    Is breitheamh é Ihar Ziamtsau atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Mogilev ó 2017 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint go mór ón smacht reachta agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.

    5.8.2024

    257.

    Aliaksei Iurievich KRIAKVIN

    Alexey Yurevich KRIAKVIN

    Аляксей Юр’евіч КРАКВIН

    Алексей Юрьевич КРЯКВИН

    Bolscaire ar chainéal teilifíse All-National Television (ONT)

    Dáta breithe: 9.11.1984

    Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Is bolscaire é Aliaksei Kriakvin a oibríonn do ONT, cainéal teilifíse atá faoi úinéireacht an Stáit, agus tá sé rannpháirteach i dtáirgeadh ábhar bolscaireachta chun tacú le réimeas Lukashenka. Go háirithe, bhí baint dhíreach aige leis an obair ar “imscrúdú speisialta” ONT faoi chás coiriúil Viktor Babariko, inar nochtadh sonraí ón réamh-imscrúdú. Bíonn sé páirteach i gcláir theilifíse, ag cáineadhgníomhaíochtaí lucht freasúra réimeas Lukashenko go rialta agus ag labhairt faoi rannpháirtíocht an Iarthair i gcorraíl phobail na Bealarúise. Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka.

    5.8.2024

    258.

    Viktar Arkadzievich SHAUTSOU

    Viktor Arkadievich SHEVTSOV

    Вiктар Аркадзьевiч ШАЎЦОЎ

    Виктор Аркадьевич ШВЕЦОВ

    Fear gnó, infheisteoir

    Dáta breithe: 5.12.1963

    Áit bhreithe: Sráidbhaile Razumava, réigiún Vitebsk, an Bhealarúis

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Inscne: fireann

    Pas uimhir: MP4572331, arna eisiúint an 12 Feabhra 2021

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3051263A036PB7

    Is fear gnó é Viktar Shautsou a oibríonn sa Bhealarúis agus a bhfuil leasanna gnó aige sa holagrafaíocht. Is é an t-aon scairshealbhóir de chuid Tekhnokhimtrade é. Tá JSC Holography Industry faoi chomhúinéireacht Tekhnokhimtrade agus dhá eintiteas faoi úinéireacht Stáit, i measc eintitis eile.

    Is tairbhí é Viktar Shautsou de mhonaplacht a chruthaigh an Stát go saorga, ós rud é, ó mhí an Mhárta 2011, gurb é JSC Holography Industry an t-aon chuideachta de chuid na Bealarúise atá ceadúnaithe ag Aireacht Airgeadais na Bealarúise chun holagraim agus criostalghraim shlándála a tháirgeadh le haghaidh foirmeacha agus doiciméid slándála. D’eisigh Comhairle Airí na Bealarúise ceanglas greamáin holagraim a chur ar raon leathan earraí, scipéid airgid agus meaisíní sliotán Is é JSC Holography Industry amháin a tháirgeann na greamáin holagraim sin.

    Dá bhrí sin, tá Viktar Shautsou ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka.

    5.8.2024

    259.

    Volha Anatoleuna DUBOVIK

    Olga Anatolievna DUBOVIK

    Вольга Анатольеўна ДУБОВIК

    Ольга Анатольевна ДУБОВИК

    Breitheamh de chúirt dúiche Maladzechna i réigiún Minsk

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Dáta breithe: 26.8.1978

    Inscne: baineann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4260878B038PB7

    Is breitheamh Bealarúiseach í Volha Dubovik atá ar seirbhís i gcúirt cheantar Maladzechna i réigiún Mhionsc. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap í in 2020. D’eisigh sí pianbhreitheanna polaitiúla ar chúiseanna polaitiúla, lena n-áirítear i gcoinne shaoránaigh Bhealarúiseacha a rinne agóid i gcoinne thoghcháin chalaoiseacha uachtaránachta 2020. Chuir sí pianbhreith ar shaoránach chomh maith as bheith á chosaint féin i gcoinne bhrúidiúlacht fhorfheidhmiú an dlí.

    Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

    5.8.2024

    260.

    Anton Genadzevich DUDAL

    Anton Gennadievich DUDAL

    Антон Генадзевіч ДУДАЛЬ

    Антон Геннадьевич ДУДАЛЬ

    Breitheamh de chúirt réigiún Bobruisk agus cathair Bobruisk

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Dáta breithe: 11.8.1986

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3110886M079PB3

    Is breitheamh é Anton Dudal atá ar seirbhís i gcúirt dúiche Bobruisk agus i gcathair Bobruisk. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é in 2019. Ghearr sé pianbhreitheanna ar dhaoine ar chúiseanna polaitiúla, lena n-áirítear saoránaigh Bhealarúiseacha a nocht tuairimí in aghaidh an Uachtaráin. Chuir sé pianbhreith ar shaoránach as bheith á chosaint féin i gcoinne bhrúidiúlacht fhorfheidhmiú an dlí. D’aistrigh sé Andrey Sachevko go príosún in Mahiliou.

    Tá Anton Dudal freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

    5.8.2024

    261.

    Mikalai Vasilievich SIARHEEVICH

    Nikolai Vasilievich SERGEEVICH

    Мікалай Васільевіч СЯРГЕЕВIЧ

    Николай Васильевич СЕРГЕЕВИЧ

    Breitheamh de Chúirt Dúiche Zhlobinsky de Réigiún Gomel

    Náisiúntacht: Bealarúiseach

    Dáta breithe: 22.8.1983

    Inscne: fireann

    Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3220883H026PB7

    Is breitheamh Bealarúiseach é Mikalai Siarheevich atá ar seirbhís i gCúirt Dúiche Zhlobinsky de Réigiún Gomel. Aliaksandr Lukashenka a cheap é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a nocht a dtuairimí faoi na toghcháin chalaoiseacha uachtaránachta in 2020, lena n-áirítear daoine a ghlac páirt in agóidí Zhlobin.

    Tá Mikalai Siarheevich freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

    5.8.2024’


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2116/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top