Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2115

    Cinneadh (AE) 2024/2115 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2024 lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach comhairleach neamhspleách agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/1937

    C/2024/5324

    IO L, 2024/2115, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2115/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2115/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/2115

    1.8.2024

    CINNEADH (AE) 2024/2115 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Iúil 2024

    lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach comhairleach neamhspleách agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/1937

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Cinneadh (AE) 2015/1937 ón gCoimisiún (1), bunaíodh Bord Fioscach Eorpach comhairleach neamhspleách (‘an Bord’).

    (2)

    Tá cur chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ag brath ar ról comhairleach níos suntasaí a bheith ag an mBord i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais agus ar a neamhspleáchas agus ar a rochtain ar dhoiciméid.

    (3)

    Ba cheart don Bhord comhairle a chur ar fáil, arna iarraidh sin don Choimisiún nó don Chomhairle, maidir le cur chun feidhme an chreata iltaobhaigh um fhaireachas fioscach, lena n-áirítear maidir le síneadh a chur leis an gclásal éalaithe ginearálta, agus ról agus inniúlachtaí Conradhbhunaithe an Choimisiúin á n-urramú go hiomlán ag an am céanna.

    (4)

    Ba cheart don Bhord comhairle a chur ar fáil freisin maidir leis an staid fhioscach ionchasach is iomchuí don limistéar euro ina iomláine. Ba cheart dó freisin moltaí a dhéanamh maidir le forbairt an chreata fhioscaigh amach anseo.

    (5)

    Ba cheart don Bhord comhoibriú leis na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 8a de Threoir 2011/85/AE ón gComhairle (3), arna leasú le Treoir (AE) 2024/1265 (4) ón gComhairle, d’fhonn malartuithe dea-chleachtas a chur chun cinn.

    (6)

    Ba cheart don Choimisiún Cathaoirleach agus Comhaltaí an Bhoird a roghnú agus a cheapadh, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle. A mhéid is féidir, ba cheart cothromaíocht iomchuí gheografach agus inscne a áirithiú leis na ceapacháin.

    (7)

    Agus an gá atá le ról an Bhoird a neartú á chur san áireamh, ba cheart forálacha nua lena rialaítear an Bord a ghlacadh.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2015/1937 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad.

    TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

    Airteagal 1

    Bunú

    Bunaítear Bord Fioscach Eorpach neamhspleách (‘an Bord’).

    Airteagal 2

    Misean agus cúraimí

    1.   Cuirfidh an Bord comhairle ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún maidir le feidhmiú a gcuid feidhmeanna i ndáil leis an bhfaireachas fioscach iltaobhach a leagtar amach in Airteagail 121, 126 agus 136 CFAE.

    2.   Chun críocha alt 1, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas:

    (a)

    meastóireacht ex post thráthúil a sholáthar maidir le cur chun feidhme chreat rialachais fhioscaigh an Aontais;

    (b)

    comhairle a thabhairt maidir leis an seasamh fioscach ionchasach is iomchuí don limistéar euro trí chéile, agus maidir leis na seasaimh fhioscacha náisiúnta iomchuí atá i gcomhréir leis laistigh de rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis;

    (c)

    comhairle a thabhairt, arna iarraidh sin don Choimisiún nó don Chomhairle, maidir le cur chun feidhme an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, lena n-áirítear maidir le síneadh a chur leis an gclásal éalaithe ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/1263;

    (d)

    comhoibriú go dlúth le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 8a de Threoir 2011/85/AE;

    (e)

    moltaí a dhéanamh maidir le forbairt an chreata fhioscaigh amach anseo.

    3.   Cuirfidh Rúnaíocht an Bhoird an Chomhairle nó an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi na hiarrataí ar chomhairle a chuirfidh an institiúid eile chuig an mBord.

    Airteagal 3

    Comhdhéanamh agus ceapachán

    1.   Beidh an Bord Fioscach Eorpach comhdhéanta de Chathaoirleach agus ceathrar comhaltaí.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall cothromaíocht iomchuí gheografach agus inscne a áirithiú, a mhéid is féidir, i gcomhdhéanamh an Bhoird.

    3.   Roghnófar agus ceapfar Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird ó shaineolaithe a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu ar bhonn fiúntais, scileanna agus eolais a bheidh le measúnú de réir taithí agus inniúlachtaí anailíseacha cruthaithe i ndáil leis an anailís ar airgeadas poiblí agus i ndáil leis an mhaicreacnamaíocht.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na daoine a beartófar a cheapadh a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle le haghaidh comhairliúcháin, agus iarrfaidh sé a dtuairimí laistigh de mhí amháin ón tarchur.

    5.   Is é an Coimisiún a cheapfaidh Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird ar thogra ón Uachtarán, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir punainne agus leis an Leas-Uachtarán de réir mar is iomchuí.

    6.   Ceapfar Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird ar feadh tréimhse 3 bliana, agus féadfar an tréimhse sin a athnuachan uair amháin.

    7.   Ceapfar Cathaoirleach agus comhaltaí an Bhoird mar Chomhairleoirí Speisialta, a bhfuil a stádas agus a luach saothair leagtha amach in Airteagail 5, 123 agus 124 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile.

    Airteagal 4

    Neamhspleáchas

    1.   Agus a gcuid feidhmeanna á ndéanamh acu, gníomhóidh comhaltaí an Bhoird go neamhspleách agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoir ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó rialtas aon Bhallstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

    2.   Déanfaidh comhaltaí an Bhoird aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le measúnú nó tuairim ar leith a nochtadh don Chathaoirleach, agus déanfaidh an Cathaoirleach na bearta iomchuí, agus féadfaidh sé nó sí a chinneadh nach mbeidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach in ullmhú agus i nglacadh an mheasúnaithe nó na tuairime sin. Tabharfaidh an Bord aghaidh ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag an gCathaoirleach.

    3.   Tá an ceart chun tuairimí a nochtadh ag comhaltaí an Bhoird, i gcomhréir le hAirteagal 17a de na Rialacháin Foirne.

    Airteagal 5

    Feidhmiú

    1.   Beidh an Cathaoirleach freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na gcúraimí a chuirtear de chúram ar an mBord agus as feidhmiú cuí an Bhoird a áirithiú. Reáchtálfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird agus déanfaidh sé nó sí cathaoirleacht orthu.

    2.   Ní ghlacfaidh an Bord le comhairle ach amháin nuair a bheidh triúr comhaltaí ar a laghad, lena n-áirítear an Cathaoirleach, rannpháirteach sa chruinniú. Féachfaidh an Bord le comhairle a ghlacadh de chomhthoil. Mura mbeifear in ann teacht ar chomhthoil, déanfaidh sé cinneadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí atá i láthair ag an gcruinniú, lena n-áirítear an Cathaoirleach, agus ní chuirfear staonadh ó vótáil san áireamh. I gcás comhionannas vótaí, is ag an gCathaoirleach a bheidh an vóta réitigh.

    3.   Bunóidh an Bord a chuid Rialacha Nós Imeachta féin.

    4.   Oibreoidh an Bord i gcomhréir lena Rialacha Nós Imeachta. Ní bheidh cruinnithe an Bhoird oscailte don phobal. Féadfaidh na cruinnithe a bheith ina gcruinnithe fisiciúla, ina gcruinnithe ar líne nó ina gcruinnithe hibrideacha.

    5.   Meabhrán tuisceana lena leagfar síos módúlachtaí praiticiúla maidir le raon feidhme agus modhanna comhair, lena n-áirítear go háirithe rochtain ar fhaisnéis ábhartha, déanfar é a thabhairt i gcrích idir an Bord agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin. Cuirfidh an Bord socruithe oibre coibhéiseacha i gcrích leis an gComhairle.

    6.   D’fhéadfadh sé go n-iarrfar ar Chathaoirleach an Bhoird a chomhairle agus a thuairimí, chomh maith lena thuarascáil bhliantúil, a chur i láthair i gcruinnithe an Choimisiúin nó na Comhairle i gcás ina bpléifear iad sna cruinnithe sin.

    7.   Na speansais taistil agus chothaithe a thabhóidh an Cathaoirleach agus na comhaltaí, aisíocfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis na forálacha a bheidh i bhfeidhm laistigh den Choimisiún. Déanfar na speansais sin a aisíoc laistigh de theorainneacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh faoin nós imeachta bliantúil um chomhroinnt acmhainní.

    Airteagal 6

    Rúnaíocht

    1.   Gheobhaidh an Bord tacaíocht ó Rúnaíocht, déanta suas de Cheann na Rúnaíochta agus baill foirne tacaíochta thiomnaithe.

    2.   Ní fheidhmeoidh an Rúnaíocht ach amháin ar threoracha an Bhoird agus na cúraimí a shanntar don Bhord á gcomhlíonadh aici. Déanfaidh an Rúnaíocht na nithe seo a leanas:

    (a)

    cúnamh a thabhairt don Bhord a chruinnithe a ullmhú, athbhreithniú a dhéanamh ar na doiciméid a bheidh le plé agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na hoibre bunaithe ar na tosaíochtaí arna leagan amach ag an mBord;

    (b)

    tacaíocht ardchaighdeáin anailíse, staidrimh, riaracháin agus lóistíochta a sholáthar don Bhord faoi threoir an Chathaoirligh;

    (c)

    comhar leis na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha a áirithiú de réir mar is gá chun tacú le misean agus cúraimí an Bhoird;

    (d)

    an Coimisiún nó an Chomhairle a chur ar an eolas go tráthúil faoi na hiarrataí ar chomhairle a fuair an Bord ón institiúid eile.

    3.   Is é an Coimisiún a cheapfaidh Ceann na Rúnaíochta, tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach an Bhoird.

    4.   Mura bhfuil Cathaoirleach an Bhoird ceaptha fós nó má tá a théarma oifige imithe in éag, déanfaidh an Coimisiún an Ceann Rúnaíochta a cheapadh go díreach.

    5.   Oifigigh, gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh, nó saineolaithe náisiúnta ar iasacht, arna roghnú ag an gCeann Rúnaíochta i gcomhaontú leis an gCathaoirleach, a bheidh i gcomhaltaí eile na Rúnaíochta. Roghnófar comhaltaí uile na Rúnaíochta ar bhonn ardcháilíochta agus taithí i réimsí atá ábhartha do ghníomhaíocht an Bhoird.

    6.   Beidh an Rúnaíocht ceangailte, chun críocha riaracháin, le hArdrúnaíocht an Choimisiúin.

    Airteagal 7

    Trédhearcacht

    Uair sa bhliain, cuirfidh an Bord tuarascáil maidir lena ghníomhaíochtaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Cuirfear tuarascálacha agus comhairle uile an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh ar fáil don phobal.

    Airteagal 8

    Forálacha críochnaitheacha

    1.   Aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/1937.

    2.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Iúil 2024.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  Cinneadh (AE) 2015/1937 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach comhairleach neamhspleách (IO L 282, 28.10.2015, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1937/oj).

    (2)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

    (3)  Treoir 2011/85/AE ón gComhairle an 8 Samhain 2011 maidir le ceanglais le haghaidh creataí buiséadacha na mBallstát (IO L 306, 23.11.2011, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/85/oj).

    (4)  Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2115/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top