This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2092
Commission Decision (EU) 2024/2092 of 31 July 2024 confirming the participation of Ireland in Regulation (EU) 2024/1359 of the European Parliament and of the Council addressing situations of crisis and force majeure in the field of migration and asylum
Cinneadh (AE) 2024/2092 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn
Cinneadh (AE) 2024/2092 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn
C/2024/5395
IO L, 2024/2092, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2092/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2092 |
2.8.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2092 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Iúil 2024
lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 de,
Ag féachaint don fhógra a thug Éire gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 (1), agus gur mian léi a bheith faoi cheangal ag an Rialachán sin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Glacadh Rialachán (AE) 2024/1359 an 14 Bealtaine 2024 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2024. Beidh feidhm ag a fhorálacha ón 1 Iúil 2026 ar aghaidh. |
(2) |
I litir dar dáta an 27 Meitheamh 2024, thug Éire fógra gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2024/1359 agus a bheith faoi cheangal aige. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1359 a dheimhniú. |
(4) |
Níl aon choinníoll sonrach i gceist le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1359 agus níl gá le haon bheart idirthréimhseach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1359 deimhnithe.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1359, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1359/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2092/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)