Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2089

Cinneadh (AE) 2024/2089 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas

C/2024/5389

IO L, 2024/2089, 2.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2089/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2089/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2089

2.8.2024

CINNEADH (AE) 2024/2089 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Iúil 2024

lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 de,

Ag féachaint don fhógra a thug Éire gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (1), agus gur mian léi a bheith faoi cheangal ag an Rialachán sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán (AE) 2024/1348 an 14 Bealtaine 2024 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Meitheamh 2024. Beidh feidhm ag a fhorálacha ón 12 Meitheamh 2026 ar aghaidh.

(2)

I litir dar dáta an 27 Meitheamh 2024, thug Éire fógra gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2024/1348 agus a bheith faoi cheangal aige.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1348 a dheimhniú.

(4)

Chun a áirithiú gur féidir rannpháirtíocht na hÉireann a chur san áireamh i ndáil le bearta cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1348, a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht leordhóthanach na mBallstát agus an líon uasta iarratas is gá do Bhallstát a scrúdú in aghaidh na bliana sa nós imeachta teorann a shuí, ar bearta cur chun feidhme iad atá le glacadh i gcomhréir leis na tréimhsí ama sonracha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1348, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(5)

Níl aon choinníoll sonrach i gceist le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1348 agus níl gá le haon bheart idirthréimhseach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2024/1348 deimhnithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2089/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top