Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2077

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2077 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú Fumokomp (SF-009) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024)3708)

C/2024/3708

IO L, 2024/2077, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2077/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2077/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2077

1.8.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2077 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Iúil 2024

lena ndiúltaítear d’údarú Fumokomp (SF-009) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024)3708)

(Is é an téacs Ungáirise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (1), agus go háirithe Airteagal 12(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 nach bhféadfar ach blastáin deataigh a áirítear ar liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe (‘liosta an Aontais’) a chur ar an margadh laistigh den Aontas, agus iad sin amháin.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún (2), bunaíodh liosta an Aontais. Áiríodh Fumokomp (SF-009) ar an liosta sin agus ba é an 1 Eanáir 2024 dáta éaga an údaraithe.

(3)

An 27 Meitheamh 2022 chuir an chuideachta Kompozíció Kft iarratas isteach ar athnuachan údarú Fumokomp (SF-009) mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.

(4)

An 28 Meán Fómhair 2023 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an tuairim eolaíoch uaidh maidir le sábháilteacht Fumokomp (SF-009) (3).

(5)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire nár léiríodh neamhláithreacht na substainte géineatocsainí fúrán-2(5H)-ón ó Fumokomp (SF-009) go háititheach agus go bhfuarthas torthaí dearfacha sa tástáil ar an meascán iomlán i measúnacht liomfóma luiche in vitro a mbeadh gá le staidéar leantach leormhaith in vivo ina leith. Ina theannta sin, mheas an tÚdarás nach ndearnadh imscrúdú leordhóthanach ar fhéidearthacht Fumokomp (SF-009) maidir le haineoigineacht. Dá réir sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach féidir an chúis imní sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le géineatocsaineacht Fumokomp (SF-009) a chur as an áireamh.

(6)

De bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, ní fhéadfar ach blastáin deataigh nach mbaineann rioscaí do shláinte an duine leo a údarú agus a chur ar an margadh. Dá bhrí sin, is iomchuí diúltú d’údarú Fumokomp (SF-009) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.

(7)

Mar sin féin, chun go mbeidh oibreoirí gnólachtaí bia in ann Fumokomp (SF-009) a úsáid mar tháirge príomhúil um blastán deataigh chun bianna a tháirgeadh atá le cur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029, mar a fhoráiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme C(2024)2067 ón gCoimisiún (4), ba cheart Fumokomp (SF-009) a cheadú lena chur ar an margadh go dtí an dáta sin.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Diúltaítear d’údarú Fumokomp (SF-009) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.

Airteagal 2

Féadfar leanúint de Fumokomp (SF-009) a chur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig Kompozíció Kft, 2053 Herceghalom, an Ungáir.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 309, 26.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/2065/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh lena n-úsáid sa riocht sin i mbianna agus nó ar bhianna chun blastáin deataigh dhíorthaithe a tháirgeadh (IO L 333, 12.12.2013, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1321/oj).

(3)  EFSA (2023). Tuairim eolaíoch maidir le húdarú Fumokomp (SF-009) a athnuachan mar Tháirge Príomhúil um blastán deataigh. EFSA Journal [Iris EFSA], 21(11), https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8370

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2067 an 31 Iúil 2024 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 a mhéid a bhaineann le scriosadh iontrálacha SF-001 go SF-010 ó liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe (JO L 2024/2067, 1.8.2024. ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2067/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2077/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top