Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2073

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2073 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú Smoke Concentrate 809045 (SF-003) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C (2024)3703)

C/2024/3703

IO L, 2024/2073, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2073/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2073/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2073

1.8.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2073 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Iúil 2024

lena ndiúltaítear d’údarú Smoke Concentrate 809045 (SF-003) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C (2024)3703)

(Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (1), agus go háirithe Airteagal 12(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 nach bhféadfar ach blastáin deataigh a áirítear i liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe (‘liosta an Aontais’) a chur ar an margadh laistigh den Aontas, agus iad sin amháin.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún (2) bunaíodh liosta an Aontais. Airíodh Smoke Concentrate 809045 (SF-003) sa liosta sin agus ba é an 1 Eanáir 2024 dáta éaga an údaraithe.

(3)

An 30 Meitheamh 2022, chuir an chuideachta ‘Symrise AG’ (‘an t-iarratasóir’) iarratas isteach chun údarú Smoke Concentrate 809045 (SF-003) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.

(4)

An 28 Meán Fómhair 2023 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an tuairim eolaíoch uaidh maidir le sábháilteacht Smoke Concentrate 809045 (SF-003) (3).

(5)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go bhfuil na substaintí fúrán-2(5H)-ón agus beinséin–1,2-dé-ól in Smoke Concentrate 809045 (SF-003) agus tháinig sé ar an gconclúid gur sainaithníodh cúis imní in vivo maidir le géineatocsaineacht na substaintí sin nuair a tugadh de bhéal iad. I gcomhréir le ráiteas an Údaráis maidir leis an measúnú géineatocsaineachta ar na meascáin cheimiceacha (4) agus ós rud é go bhfuil na meastacháin nochta ar an dá chomhpháirt sin os cionn thairseach bhaol na tocsaineachta (TTC) de 0,0025 μg/kg bw in aghaidh an lae le haghaidh só-ghineacha ADN-imoibríocha agus/nó carcanaiginí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cúis imní maidir le géineatocsaineacht Smoke Concentrate 809045 (SF-003). Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh sé gur chúis imní maidir le géineatocsaineacht 11 chomhpháirt eile de Smoke Concentrate 809045 (SF-003) agus an chuid neamhaitheanta.

(6)

De bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ní fhéadfar ach blastáin deataigh nach mbaineann riosca sábháilteachta do shláinte an duine leo a údarú agus a chur ar an margadh. Dá bhrí sin, is iomchuí diúltú d’údarú Zesti Smoke Code 809045 (SF-003) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.

(7)

Mar sin féin, chun go bhféadfaidh oibreoirí gnó bia Smoke Concentrate 809045 (SF-003) a úsáid mar tháirge príomhúil um blastán deataigh chun bianna a tháirgeadh atá le cur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029, mar a fhoráiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2067 (5) ón gCoimisiún, ba cheart a bheith in ann Zesti Smoke Code 809045 (SF-003) a chur ar an margadh go dtí an dáta sin.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Diúltaítear d’údarú Smoke Concentrate 809045 (SF-003) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.

Airteagal 2

Féadfar leanúint de Smoke Concentrate 809045 (SF-003) a chur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig Symrise AG, Muehlenfeldstrasse 1, 37603 Holzminden, an Ghearmáin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 309, 26.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/2065/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh lena n-úsáid sa riocht sin i mbianna agus nó ar bhianna chun blastáin deataigh dhíorthaithe a tháirgeadh (IO L 333, 12.12.2013, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1321/oj).

(3)  EFSA 2023. Tuairim eolaíoch maidir le húdarú Smoke Concentrate 809045 (SF-003) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh. EFSA Journal [Iris EFSA], 21(11), 1–79. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8365.

(4)  EFSA (2019). EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(1):5519, 11 lch.https://doi.org/10.2903/j.efsa.2019.5519.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2067 an 31 Iúil 2024 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 a mhéid a bhaineann le scriosadh iontrálacha SF-001 go SF-010 ó liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe (IO L 2024/2067, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2067/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2073/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top