This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2072
Commission Implementing Decision (EU) 2024/2072 of 31 July 2024 refusing the renewal of the authorisation of Scansmoke SEF 7525 (SF-004) as a smoke flavouring primary product (notified under document C(2024) 3704)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2072 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024)3704)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2072 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2024 lena ndiúltaítear d’údarú Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024)3704)
C/2024/3704
IO L, 2024/2072, 1.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2072/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2072 |
1.8.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2072 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Iúil 2024
lena ndiúltaítear d’údarú Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024)3704)
(Is é an téacs Danmhairgise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (1), agus go háirithe Airteagal 12(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 nach bhféadfar ach blastáin deataigh a áirítear i liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe (‘liosta an Aontais’) a chur ar an margadh laistigh den Aontas, agus iad sin amháin. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún (2) bunaíodh liosta an Aontais. Airíodh Scansmoke SEF 7525 (SF-004) sa liosta sin agus ba é an 1 Eanáir 2024 dáta éaga an údaraithe. |
(3) |
An 30 Meitheamh 2022, chuir an chuideachta Azelis Denmark A/S iarratas isteach chun údarú Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh. |
(4) |
An 28 Meán Fómhair 2023 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an tuairim eolaíoch uaidh maidir le sábháilteacht Scansmoke SEF 7525 (SF-004) (3). |
(5) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh gur chúis imní maidir le géineatocsaineacht stiréin agus beinseafúrán in Scansmoke SEF 7525 (SF-004). I gcomhréir leis an ráiteas ón Údarás maidir leis an measúnú géineatocsaineachta ar na meascáin cheimiceacha (4), ós rud é go bhfuil na meastacháin nochta ar stiréin agus beinseafúrán os cionn thairseach bhaol na tocsaineachta (TTC) de 0,0025 μg/kg bw in aghaidh an lae maidir le só-ghineacha ADN-imoibríocha agus/nó carcanaiginí agus ós rud é go bhfuil tuilleadh sonraí ag teastáil chun an ghéineatocsaineacht a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo a shoiléiriú, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach féidir an chúis imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le géineatocsaineacht Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a chur as an áireamh. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh gur chúis imní maidir le géineatocsaineacht an chuid neamhaitheanta de Scansmoke SEF 7525 (SF-004). |
(6) |
De bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ní fhéadfar ach blastáin deataigh nach mbaineann riosca sábháilteachta do shláinte an duine leo a údarú agus a chur ar an margadh. Dá bhrí sin, is iomchuí diúltú d’údarú Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh. |
(7) |
Mar sin féin, chun go bhféadfaidh oibreoirí gnó bia Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a úsáid mar tháirge príomhúil um blastán deataigh chun bianna a tháirgeadh atá le cur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029, mar a fhoráiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2067 (5) ón gCoimisiún, ba cheart a bheith in ann Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a chur ar an margadh go dtí an dáta sin. |
(8) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Diúltaítear d’údarú Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh.
Airteagal 2
Féadfar leanúint de Scansmoke SEF 7525 (SF-004) a chur ar an margadh go dtí an 1 Iúil 2029.
Airteagal 3
Dírítear an Cinneadh seo chuig Azelis Denmark A/S, Liskaer 5, 2730 Herley, an Danmhairg.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 309, 26.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/2065/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh lena n-úsáid sa riocht sin i mbianna agus nó ar bhianna chun blastáin deataigh dhíorthaithe a tháirgeadh (IO L 333, 12.12.2013, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1321/oj).
(3) EFSA 2023. Tuairim eolaíoch maidir le húdarú Scansmoke SEF7525 (SF-004) a athnuachan mar tháirge príomhúil um blastán deataigh. EFSA Journal [Iris EFSA], 21(11), https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8366
(4) EFSA (2019). EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(1):5519, 11 lch.https://doi.org/10.2903/j.efsa.2019.5519.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2067 ón gCoimisiún an 31 Iuil 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 a mhéid a bhaineann le scriosadh iontrálacha SF-001 go SF-010 ó liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh (JO L 2024/267, 1.8.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2067/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2072/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)