This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2014
Commission Implementing Decision (EU) 2024/2014 of 19 July 2024 concerning certain interim emergency measures relating to infection with peste des petits ruminants virus in Greece (notified under document C(2024) 5242)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2014 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2024 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Ghréig (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5242) (Is é an téacs Gréigise amháin atá barántúil)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2014 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2024 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Ghréig (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5242) (Is é an téacs Gréigise amháin atá barántúil)
C/2024/5242
IO L, 2024/2014, 22.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2014/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 30/07/2024; Arna aisghairm le 32024D2132
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2014 |
22.7.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2014 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Iúil 2024
maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Ghréig
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 5242)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(Is é an téacs Gréigise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
(2) |
I gcás ráige d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá riosca suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair. |
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráige de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
(4) |
Chuir an Ghréig an Coimisiún ar an eolas faoin staid reatha ina críoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, tar éis ráig den ghalar sin i measc ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach in aonad bardasach Kalambaka, bardas Meteora, in aonad réigiúnach Trikala, réigiún Thessaly, ráig a deimhníodh an 11 Iúil 2024 agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bhunaigh sí crios srianta, ina bhfuil criosanna cosanta agus faireachais, i gcás ina bhfuil na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 i bhfeidhm. Ina dhiaidh sin, chuir an Ghréig an Coimisiún ar an eolas maidir le dhá ráig bhreise d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, ráigeanna a deimhníodh an 16 Iúil 2024, taobh istigh den chrios cosanta a bhunaigh an Ballstát sin cheana timpeall ar an ráig roimhe sin. |
(5) |
Chun leathadh an ghalair a rialú, chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní gan údar ar thrádáil ag tríú tíortha a sheachaint, is gá an crios srianta i dtaca le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, ar crios é ina bhfuil na criosanna cosanta agus faireachais, mar aon le crios srianta breise, a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais sa Ghréig. |
(6) |
Ba cheart méid na gcriosanna agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm sa chrios cosanta, sa chrios faireachais agus sa chrios srianta a bheith bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sna limistéir a raibh difear déanta dóibh de bharr an ghalair sin agus staid eipidéimeolaíoch foriomlán an ionfhabhtaithe sin le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Bhallstát lena mbaineann mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair. Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta an Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe a chur san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. Sa staid atá ann faoi láthair, ní féidir ardriosca leata breise a chur as an áireamh, go háirithe ós rud é go raibh an galar i láthair sa limistéar ar feadh tréimhse ama sula ndearnadh é a dhiagnóisiú de réir na faisnéise a chuir an t-údarás inniúil ar fáil. |
(7) |
Dá réir sin, ba cheart na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise sa Ghréig a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnithe sin a shocrú. |
(8) |
De bharr dhéine agus phráinn na staide agus chun leathadh an ghalair a theorannú láithreach tar éis na chéad tarlú sin den ghalar sa Bhallstát sin, is gá a áirithiú nach dtarlóidh gluaiseachtaí ainmhithe ón gcrios cosanta, faireachais agus srianta breise go cinn scríbe lasmuigh d’imlíne seachtrach an chreasa shrianta bhreise, agus go ndéanfar maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann ón toirmeasc ainmhithe a bhogadh a eisiamh mar a fhoráiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar feadh tréimhse áirithe ama, chun leathadh fad-achair an ghalair sin a chosc. |
(9) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ó na bunaíochtaí a bhfuil difear déanta dóibh sa Ghréig go codanna eile den Bhallstáit sin agus go Ballstáit eile, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
(10) |
Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart na criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise sa Ghréig a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad an chriosúcháin sin a shocrú agus gluaiseachtaí ainmhithe a shrianú. |
(11) |
Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Áiritheoidh an Ghréig an méid seo a leanas:
(a) |
go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios srianta, ina mbeidh criosanna cosanta agus faireachais mar aon le crios srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin; |
(b) |
go gcuimseoidh na criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo; |
(c) |
maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise, cuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tá toirmeasc ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar ó chriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise go ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach an chreasa shrianta bhreise dá bhforáiltear i bPointe B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, go dtí na dátaí a liostaítear le haghaidh gach creasa san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Meán Fómhair 2024.
Airteagal 4
Is chuig an bPoblacht Heilléanach a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
IARSCRÍBHINN
A. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig dheimhnithe
Aonad réigiúnach agus uimhir thagartha an chórais faisnéise galar ainmhithe den ráig |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de chrios srianta sa Ghréig dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta bheidh sé infheidhme go dtí |
Aonad réigiúnach Trikala GR-PPR-2024-00001 |
Crios cosanta: Those parts of the regional unit of Trikala, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 39.7424, Long. 21.5816 (2024/1), Lat. 39.745817, Long. 21.583458 (2024/2), Lat. 39.738997, Long. 21.585651 (2024/3) |
7.8.2024 |
Crios faireachais: Those parts of the regional unit of Trikala, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 39.7424, Long. 21.5816 (2024/1), Lat. 39.745817, Long. 21.583458 (2024/2), Lat. 39.738997, Long. 21.585651 (2024/3), excluding the areas contained in the protection zone |
16.8.2024 |
|
Crios faireachais: Those parts of the regional unit of Trikala, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 39.7424, Long. 21.5816 (2024/1), Lat. 39.745817, Long. 21.583458 (2024/2), Lat. 39.738997, Long. 21.585651 (2024/3) |
8.8.2024 – 16.8.2024 |
B. Crios srianta breise
Aonad réigiúnach |
Areas included in the further restricted zone established in Greece as referred to in Article 1 |
Date until applicable |
||||
Aonad réigiúnach Trikala |
The following municipalities:
|
16.8.2024 |
||||
The following municipalities:
|
17.08.2024-15.9.2024 |
|||||
Aonad réigiúnach Grevena |
The municipality of Deskati. |
15.9.2024 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2014/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)