Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1996

    Cinneadh (CBES) 2024/1996 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 16 Iúil 2024 maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/4/2024)

    ST/11814/2024/INIT

    IO L, 2024/1996, 19.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1996/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1996/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1996

    19.7.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/1996 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

    an 16 Iúil 2024

    maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/4/2024)

    TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, lenar bunaíodh agus lenar seoladh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) don tréimhse go dtí an 31 Márta 2021.

    (2)

    Foráiltear le hAirteagal 8(3) de Chinneadh (CBES) 2020/472 go bhfuil, d’ainneoin na tréimhse sin, údarú na hoibríochta le hathdhearbhú gach 4 mhí agus go bhfuil an oibríocht le fadú ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála mura bhfuil éifeacht tarraingthe ag imscaradh shócmhainní muirí na hoibríochta ar imirce ar bhonn fianaise chuí-réasúnaithe arna bailiú de réir na gcritéar a leagtar amach sa Phlean Oibríochta.

    (3)

    An 20 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/653 (2), lenar cuireadh síneadh le EUNAVFOR MED IRINI go dtí an 31 Márta 2025, faoi réir an nós imeachta athdhearbhúcháin chéanna. An 26 Márta 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/1013 (3), lenar athdhearbhaíodh síneadh a chur le EUNAVFOR MED IRINI don 13ú fothréimhse 4 mhí, ón 1 Aibreán 2024 go dtí an 31 Iúil 2024.

    (4)

    Sholáthair an Ceannasaí Oibríochta tuarascálacha míosúla maidir le tosca tarraingthe.

    (5)

    Ba cheart údarú EUNAVFOR MED IRINI a athdhearbhú don 14ú fothréimhse 4 mhí dá sainordú agus ba cheart an oibríocht a fhadú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Athdhearbhaítear leis seo údarú EUNAVFOR MED IRINI agus déantar an oibríocht a fhadú ón 1 Lúnasa 2024 go dtí an 30 Samhain 2024.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Iúil 2024.

    Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

    An tUachtarán

    D. PRONK


    (1)   IO L 101, 1.4.2020, lch. 4.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2023/653 ón gComhairle an 20 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/472 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (IO L 81, 21.3.2023, lch. 27).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2024/1013 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 26 Márta 2024 maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/2/2024) (IO L, 2024/1013, 2.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1013/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1996/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top