Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1978

    Cinneadh (CBES) 2024/1978 ón gComhairle an 15 Iúil 2024 lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1236 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire

    ST/10496/2024/INIT

    IO L, 2024/1978, 16.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1978/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 15/07/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1978/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1978

    16.7.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/1978 ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Iúil 2024

    lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1236 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 18 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1236 (1) lenar bunaíodh beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire.

    (2)

    An 26 Iúil 2023, de bhun Airteagal 64(1), pointe (b), de Chinneadh (CBES) 2021/509 (2) ón gComhairle, chuir Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an beart cúnaimh chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire ar fionraí go sealadach toisc, tar éis an coup sa Nígir, nárbh fhéidir an beart cúnaimh a chur chun feidhme a thuilleadh agus ráthaíochtaí leordhóthanacha á n-áirithiú ag an am céanna.

    (3)

    An 23 Aibreán 2024, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála, de bhun Airteagal 64(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, don Chomhairle an beart cúnaimh arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2022/1236 a fhoirceannadh.

    (4)

    Ba cheart an beart cúnaimh chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire a fhoirceannadh agus ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/1236 a aisghairm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Leis seo, foirceanntar an beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire, arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2022/1236.

    2.   Déantar Cinneadh (CBES) 2022/1236 a aisghairm.

    3.   Leanfaidh forálacha Chinneadh (CBES) 2022/1236 d’fheidhm a bheith acu maidir le cur chun feidhme an chaiteachais a gealladh suas le dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo agus maidir le cuntasaíocht, fardal, iniúchadh agus tíolacadh gaolmhar na gcuntas, agus dliteanas, go dtí go ndeonófar urscaoileadh don riarthóir um bearta cúnaimh don chaiteachas sin. Measfar na costais a bhaineann le foirceannadh an chonartha idir an riarthóir um bearta cúnaimh agus an gníomhaí cur chun feidhme a bheith incháilithe.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    NAGY I.


    (1)  Cinneadh (CBES) 2022/1236 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire (IO L 190, 19.7.2022, lch. 121).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1978/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top