Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1954

    Cinneadh (AE) 2024/1954 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2024 lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor

    ST/8945/2024/INIT

    IO L, 2024/1954, 11.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1954/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1954/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1954

    11.7.2024

    CINNEADH (AE) 2024/1954 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Bealtaine 2024

    lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a mhéid a bhaineann le leasú ar Chinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint do Chonradh an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Thug an tAontas an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), i gcrích le Cinneadh (AE) 2020/135 (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

    (2)

    De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 164(1) de (‘an Comhchoiste’) ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis na cinntí sin a chur chun feidhme, agus tá na héifeachtaí dlíthiúla céanna ag na cinntí sin agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar.

    (3)

    Faoi Airteagal 182 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, is dlúthchuid den Chomhaontú sin Creat Windsor (3).

    (4)

    A mhéid a bhaineann le gluaiseacht earraí, le hAirteagal 5(2) de Chreat Windsor cumhachtaítear an Comhchoiste cinntí a ghlacadh lena mbunófar na coinníollacha faoina measfar nach próiseáil tráchtála í an phróiseáil agus na critéir lena measfar, i dtaca le hearra arna thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ó lasmuigh den Aontas, nach bhfuil riosca ann go n-aistreofar an t-earra sin isteach san Aontas ina dhiaidh sin.

    (5)

    Is inmhianaithe feabhas a chur ar oibriú na scéimeanna a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor (4) (‘Cinneadh Uimh. 1/2023’) i ndáil le taraif-chuótaí na Ríochta Aontaithe a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le hearraí a shonraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2023 atá beartaithe, le hallmhairiú na n-earraí sin isteach i dTuaisceart Éireann.

    (6)

    Ba cheart don Chomhchoiste, ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige, cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 164(4)(e) den Chomhaontú um Tharraingt Siar i gcomhar le hAirteagal 5(2) de Chreat Windsor chun leasú a dhéanamh ar Chinneadh Uimh. 1/2023 (‘an Cinneadh leasaitheach’).

    (7)

    Agus aird á tabhairt ar an úrnuacht i ndáil le cur i bhfeidhm chuótaí rátaí taraife na Ríochta Aontaithe a mhéid a bhaineann le hallmhairiú na n-earraí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh leasaitheach atá le glacadh isteach i dTuaisceart Éireann, agus chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir leis na hearraí sin a allmhairiú isteach i dTuaisceart Éireann, lena n-áirítear i bhfianaise na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláine an mhargaidh inmheánaigh, is iomchuí don Choimisiún an Chomhairle a chur ar an eolas faoi chur chun feidhme an Chinnidh leasaithigh.

    (8)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú a mhéid a bhaineann leis an gCinneadh leasaitheach,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 164(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhchoiste’) a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Chinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste an 24 Márta 2023 lena leagtar síos socruithe a bhaineann le Creat Windsor (‘Cinneadh Uimh. 1/2023’), is sa dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo (‘an Cinneadh leasaitheach’) a leagtar amach é.

    Airteagal 2

    1.   Cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi bhráid na Comhairle, de réir mar is iomchuí, uair amháin sa bhliain, ar a laghad, maidir le cur chun feidhme an Chinnidh leasaithigh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    a)

    faisnéis i bhfoirm chomhiomlán maidir le líon na n-údaruithe arna ndeonú de bhun Airteagail 9 go 11 de Chinneadh Uimh. 1/2023, arna leasú leis an gCinneadh leasaitheach, i ndáil le hallmhairiú earraí a liostaítear san Iarscríbhinn, a ghabhann leis an gCinneadh leasaitheach;

    b)

    faisnéis maidir leis an gcainníocht a úsáideadh le linn thréimhse an chuóta bhliantúil d’earraí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh leasaitheach.

    2.   An tráth céanna a chuirfidh an Coimisiún faisnéis isteach de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún measúnú faoi bhráid na Comhairle maidir le comhlíonadh foriomlán na gcoinníollacha maidir leis na hearraí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh leasaitheach a allmhairiú isteach i dTuaisceart Éireann, lena n-áirítear i bhfianaise bhainistiú na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláine an mhargaidh inmheánaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Bealtaine 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    B. DALLE


    (1)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

    (2)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ( IO L 29, 31.1.2020, lch. 1

    (3)  Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 ( IO L 102, 17.4.2023, lch. 87

    (4)   IO L 102, 17.4.2023, lch. 61.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1954/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top