This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1900
Commission Implementing Decision (EU) 2024/1900 of 11 July 2024 terminating the anti-subsidy investigation concerning imports of certain alkyl phosphate esters originating in the People’s Republic of China
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1900 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2024 lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1900 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2024 lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
C/2024/4735
IO L, 2024/1900, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1900/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1900 |
12.7.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1900 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Iúil 2024
lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 14(1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
(1) |
Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) gearán de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/1037 (‘an bun-Rialachán’), ina líomhnaítear go bhfuil allmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, á bhfóirdheonú agus go bhfuil díobháil á déanamh do thionscal an Aontais dá bharr. |
(2) |
Rinne ICL Europe U.A., Lanxess Deutschland GmbH agus PCC Rokita S.A (‘na gearánaigh’) an gearán a thaisceadh an 8 Samhain 2023. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal eistir fosfáite ailcile áirithe an Aontais de réir bhrí Airteagal 10(6) den bhun-Rialachán. |
(3) |
Thionscain an Coimisiún imscrúdú faoi Airteagal 10 den bhun-Rialachán an 21 Nollaig 2023. |
(4) |
Ar an 11 Lúnasa 2023 thionscain an Coimisiún imscrúdú frithdhumpála ar allmhairí an táirge sin ó Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus forchuireadh bearta sealadacha ar na hallmhairí sin an 11 Aibreán 2024 (3). |
2. TARRAINGT SIAR NA hIARRATA
(5) |
I ríomhphost chuig an gCoimisiún an 15 Aibreán 2024, tharraing na gearánaigh siar a ngearán. |
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) den bhun-Rialachán, féadfar an t-imeacht a fhoirceannadh, ach amháin mura mbeadh foirceannadh den sórt sin chun leas an Aontais. |
(7) |
Níor tháinig aon chúinse chun cinn le linn an imscrúdaithe a léirigh nach mbeadh an foirceannadh chun leas an Aontais. |
3. CONCLÚID AGUS NOCHTADH
(8) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart an t-imeacht a fhoirceannadh gan cinneadh foirmiúil maidir le cleachtais fóirdheonaithe tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. |
(9) |
Cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas dá réir agus tugadh deis dóibh barúlacha a thabhairt. |
(10) |
Ní bhfuarthas aon bharúil. |
(11) |
Tá an Cinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 25(1) den bhun-Rialachán, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Foirceanntar leis seo an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a aicmítear faoi láthair faoi chód AC ex 2919 90 00 (cóid TARIC 2919900050 agus 2919900065) agus cód AC ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824999238).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.
(2) Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 282, 11.8.2023, lch. 4).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1064 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí eistear fosfáite ailcile áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2024/1064, 10.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1064/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1900/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)