Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1859

Cinneadh (AE) 2024/1859 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (Eurofound)Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

ST/10132/2024/INIT

IO L, 2024/1859, 4.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1859/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1859/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1859

4.7.2024

CINNEADH (AE) 2024/1859 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Meitheamh 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE i ndáil le leasú ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (Eurofound)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh inter alia Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, (‘Prótacal 31’) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.

(3)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chumhdach.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin agus ba cheart an comhar leathnaithe sin a bheith ann go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2024.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréacht-Chinneadh atá i gceangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle, (IO L 30, 31.1.2019, lch. 74).


DRÉACHT-

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE UIMH.

an …

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (1), a chumhdach.

(2)

Na módúlachtaí i leith rannpháirtíocht Stáit CSTE in Eurofound, leagtar amach iad sa ‘Chreat-Chomhaontú maidir le módúlachtaí don Fhoras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú/Comhar CSTE’, dar dáta an 12 Meán Fómhair 1994.

(3)

Le Rialachán (AE) 2019/127, aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann ón 1 Eanáir 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 10 d’Airteagal 5 de Phrótacal 31:

‘Féachfaidh na Stáit Chonarthacha leis an gcomhar a neartú faoi chuimsiú an ghnímh seo a leanas:

32019 R 0127: Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 74).’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rúnaithe

Chomhchoiste LEE


(1)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 74.

(*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1859/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top