Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1822

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1822 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2024 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP915635, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 4492)

C/2024/4492

IO L, 2024/1822, 4.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1822/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1822/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1822

4.7.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1822 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Iúil 2024

lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP915635, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 4492)

(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) agus Airteagal 19(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Nollaig 2020 rinne Pioneer Overseas Corporation, Inc., atá lonnaithe sa Bheilg, iarratas a chur isteach, thar ceann Pioneer Hi-Bred International, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, chuig údarás inniúil náisiúnta na hÍsiltíre maidir le bianna, comhábhair bhia agus beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP915635, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (‘an t-iarratas’). San iarratas cumhdaíodh freisin táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP915635 nó atá comhdhéanta de a chur ar an margadh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 5(5) agus Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, áiríodh san iarratas faisnéis agus conclúidí maidir leis an measúnú riosca a rinneadh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Áiríodh ann freisin an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin mar aon le plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Le litir dar dáta an 24 Eanáir 2022, d’iarr Pioneer Hi-Bred International, Inc. ar an gCoimisiún cearta agus oibleagáidí Pioneer Hi-Bred International, Inc. maidir leis na hiarratais uile atá ar feitheamh maidir le táirgí géinmhodhnaithe a aistriú chuig Corteva Agriscience LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Dheimhnigh Corteva Agriscience LLC go gcomhaontaíonn sé leis an athrú ar shealbhóir an údaraithe a mhol Pioneer Hi-Bred International, Inc., agus chuir sé in iúl don Choimisiún gurb é Corteva Agriscience Belgium B.V. ionadaí an tsealbhóra san Aontas.

(4)

An 17 Eanáir 2024 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach (3) i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe DP915635, mar a thuairiscítear san iarratas, go bhfuil sé chomh sábháilte céanna lena mhacasamhail thraidisiúnta agus leis na cineálacha tagartha arbhar Indiach neamh-ghéinmhodhnaithe a ndearnadh tástáil orthu, i ndáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach cúis imní cothaithe atá in arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP915635 a thomhailt.

(5)

Sa tuairim uaidh, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus cúis imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(6)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin i dtaca leis an bplean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil a chuir an t-iarratasóir isteach, arb é atá ann plean ginearálta faireachais, go bhfuil an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí.

(7)

Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir le táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe GA21 DP915635, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, ba cheart údarú a thabhairt na táirgí sin a chur ar an margadh le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear san iarratas.

(8)

Ba cheart aitheantóir uathúil a shannadh d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP915635 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (4).

(9)

I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Chun a áirithiú, áfach, go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí sin laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart léiriú soiléir a bheith ar lipéadú na dtáirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP915635, nó atá comhdhéanta de, cé is moite de bhianna agus comhábhair bhia, ar léiriú é a shoiléiríonn nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú.

(10)

Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (6).

(11)

Ní thugann an tuairim ón Údaráis údar le coinníollacha nó srianta sonracha eile a fhorchur maidir le cur ar an margadh, maidir le húsáid agus láimhseáil, nó maidir le héiceachórais/comhshaol agus/nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(12)

An fhaisnéis ábhartha uile maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

(13)

Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do Pháirtithe Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(14)

Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004, sanntar an t-aitheantóir uathúil DP-915635-4 d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.) DP915635, mar a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Údarú

Údaraítear na táirgí seo a leanas chun críocha Airteagal 4(2) agus Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:

(a)

bianna agus comhábhair bhia ar táirgí iad ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-915635-4, nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as;

(b)

beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-915635-4, nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as;

(c)

táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-915635-4, nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú.

Airteagal 3

Lipéadú

1.   Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ainm an orgánaigh.

2.   Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-915635-4, nó atá comhdhéanta de, dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).

Airteagal 4

Modh braite

Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-915635-4 a bhrath.

Airteagal 5

Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil

1.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.

2.   Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.

Airteagal 6

An clár Comhphobail

An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, iontrálfar í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Airteagal 7

Sealbhóir an údaraithe

Is é Corteva Agriscience LLC, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., a bheidh ina shealbhóir údaraithe.

Airteagal 8

Bailíocht

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra ina leith.

Airteagal 9

Seolaí

Dírítear an Cinneadh seo chuig Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana 46268-1054, Stáit Aontaithe Mheiriceá, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., Rue Montoyer 25, 1000 an Bhruiséil, an Bheilg.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj

(2)  Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI:http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).

(3)  EFSA GMO Panel (EFSA Panel on Genetically Modified Organisms) [Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe)], 2024. Scientific Opinion on assessment of genetically modified maize DP915635 for food and feed uses, under Regulation (EC) No 1829/2003 (application EFSA-GMO-NL-2020-172) [Tuairim Eolaíoch maidir le measúnú ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP915635 le haghaidh úsáidí bia agus beatha, faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas EFSA-GMO-NL-2020-172)]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2024; 22(1): 8490, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8490.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/65/oj).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1830/oj).

(6)  Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe chun na torthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, a chur i láthair, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9, ELI:http://data.europa.eu/eli/dec/2009/770/oj).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1946/oj).


IARSCRÍBHINN

(a)   An t-iarratasóir agus an sealbhóir údaraithe:

Ainm

:

Corteva Agriscience LLC

Seoladh

:

9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana 46268-1054, na Stáit Aontaithe

Arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium BV, Rue Montoyer 25, 1000 an Bhruiséil, an Bheilg.

(b)   Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:

(1)

bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e), nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as;

(2)

beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e), atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as;

(3)

táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e), nó atá comhdhéanta de; le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú.

Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-915635-4 an ghéin ipd079Ea, lena dtugtar cosaint in aghaidh lotnaidí fréamhphéisteanna arbhair, an ghéin mo-pat, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh na luibhicídí atá bunaithe ar amóiniam glúfosanáite, agus an ghéin pmi a úsáideadh mar mharcóir inroghnaithe sa phróiseas géinmhodhnaithe.

(c)   Lipéadú:

(1)

Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ‘ainm an orgánaigh’;

(2)

Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus i ndoiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e), nó atá comhdhéanta de, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1).

(d)   Modh braite:

(1)

Modh teagmhas-shonrach atá bunaithe ar ISP (imoibriú slabhrúil polaiméaráise) fíor-ama chun arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-915635-4 a chainníochtú.

(2)

Arna bhailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx.

(3)

Ábhar Tagartha: Tá ERM®-BF447b inrochtana trí Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/.

(e)   Aitheantóir uathúil:

DP-915635-4

(f)   Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch:

[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: rud a fhoilseofar sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a thabharfar fógra ina leith].

(g)   Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:

Ní gá.

(h)   Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil:

Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE.

[Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]

(i)   Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine:

Ní gá.

Tabhair:

faoi deara: d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú le himeacht ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1822/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top