Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1818

Cinneadh (CBES) 2024/1818 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 26 Meitheamh 2024 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/1/2024)

ST/10992/2024/INIT

IO L, 2024/1818, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1818/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1818/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1818

27.6.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1818 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 26 Meitheamh 2024

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/1/2024)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES ón gComhairle an 25 Samhain 2005 maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (1), agus go háirithe Airteagal 10(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 10(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh maidir le Ceann Misin a cheapadh.

(2)

An 25 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/2443 (2), lena gceaptar Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EU BAM Rafah ón 1 Samhain 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(3)

An 25 Meitheamh 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1806 (3), lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES agus lena gcuirtear síneadh le sainordú EU BAM Rafah ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025.

(4)

An 11 Meitheamh 2024, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go ndéanfaí síneadh a chur le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin EU BAM Rafah ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Nataliya APOSTOLOVA mar Cheann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2024.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

An tUachtarán

D. PRONK


(1)   IO L 327, 14.12.2005, lch. 28.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/2443 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 25 Deireadh Fómhair 2023 maidir le Ceann Misin Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh a cheapadh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (EU BAM Rafah/2/2023) (IO L, 2023/2443, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2443/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/1806 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/889/CBES maidir le Misean Cúnaimh Teorann de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) (IO L, 2024/1806, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1806/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1818/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top