Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1813

    Cinneadh (CBES) 2024/1813 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2024 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

    ST/10347/2024/INIT

    IO L, 2024/1813, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1813/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1813/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1813

    26.6.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/1813 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Meitheamh 2024

    lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 3 Iúil 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/354/CBES (1), lenar leanadh ar aghaidh le EUPOL COPPS ón 1 Iúil 2013.

    (2)

    An 28 Feabhra 2023, i gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh chomhordaithe ar EUPOL COPPS agus ar EU BAM Rafah, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh a chur leis an dá mhisean go dtí an 30 Meitheamh 2025, i bhfoirm dhá shíneadh, bliain an ceann.

    (3)

    An 26 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1302 (2), lenar cuireadh síneadh le EUPOL COPPS go dtí an 30 Meitheamh 2024.

    (4)

    Sna conclúidí uaithi an 21-22 Márta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta i gcónaí do shíocháin bhuan mharthanach bunaithe ar réiteach an dá stát agus go bhfuil ceart comhionann ag na Palaistínigh agus ag na hIosraelaigh maireachtáil go sábháilte, le dínit agus faoi shíocháin. Mheabhraigh an Chomhairle Eorpach ina theannta sin go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) agus ag Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah), bunaithe ar an bprionsabal sin chun tacú le stát Palaistíneach amach anseo. Mheabhraigh an Chomhairle Eorpach na conclúidí sin sna conclúidí uaithi an 17 agus 18 Aibreán 2024.

    (5)

    Agus faisnéis arna soláthar ag Iosrael agus ag Údarás na Palaistíne á cur san áireamh, ba cheart síneadh bliana a chur le EUPOL COPPS ag an gcéim seo, go dtí an 30 Meitheamh 2025.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/354/CBES a leasú dá réir.

    (7)

    Cuirfear EUPOL COPPS i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 12(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

    ‘Is é EUR 13 246 928,92 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUPOL COPPS a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025.’

    ;

    (2)

    in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

    ‘Rachaidh sé in éag ar an 30 Meitheamh 2025.’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2024.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)  Cinneadh 2013/354/CBES ón gComhairle an 3 Iúil 2013 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na gCríoch Palaistíneach (EUPOL COPPS) (IO L 185, 4.7.2013, lch. 12).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2023/1302 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/354/CBES maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) (IO L 161, 27.6.2023, lch. 62).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1813/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top