Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1811

Cinneadh (AE) 2024/1811 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na gComhaltaí de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC), a mhéid a bhaineann le dhá mhodh anailíse agus caighdeán trádála IOC le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige

ST/10541/2024/INIT

IO L, 2024/1811, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1811/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1811/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1811

27.6.2024

CINNEADH (AE) 2024/1811 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na gComhaltaí de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC), a mhéid a bhaineann le dhá mhodh anailíse agus caighdeán trádála IOC le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) de, an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (‘an Comhaontú’) i gcrích thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (1).

(2)

De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, tá Comhairle na gComhaltaí de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘Comhairle na gComhaltaí’) le cinntí a dhéanamh agus moltaí a ghlacadh chun forálacha an Chomhaontaithe a chur i bhfeidhm.

(3)

Ag an 119ú seisiún dá cuid, atá le reáchtáil idir an 18 agus an 25 Meitheamh 2024, tá Comhairle na gComhaltaí le cinneadh a ghlacadh lena leasófar an caighdeán trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige, cinneadh chun modhanna chun measúnú orgánaileipteach a dhéanamh ar olaí olóige íona a thabhairt cothrom le dáta agus cinneadh chun an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach a cheartú.

(4)

Saineolaithe eolaíocha agus teicniúla maidir le hola olóige, ar saineolaithe iad de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát, phléigh siad go mion na cinntí atá le glacadh ag an 119ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí. Leis na cinntí, rannchuideofar le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán le haghaidh olaí olóige agus bunófar creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil na hola olóige. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis na cinntí. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú le glacadh na gcinntí.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh na cinntí atá le glacadh ceangailteach ar an Aontas a mhéid a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta le comhaltaí eile de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) agus go bhféadfaidh tionchar cinntitheach a bheith ag na cinntí sin ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon caighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 75 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(6)

Má chuirtear glacadh na gcinntí ar atráth ag an 119ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí, mar thoradh ar chuid de na Comhaltaí gan bheith in ann a bhformheas a thabhairt, ba cheart an seasamh a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a ghlacadh thar ceann an Aontais faoi chuimsiú an nós imeachta um ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, de bhun Airteagal 10(6) den Chomhaontú, ar choinníoll go dtionscnófar an nós imeachta sin roimh an gcéad seisiún rialta eile de Chomhairle na gComhaltaí i mí na Samhna 2024.

(7)

Mar sin féin, ba cheart d’ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí den IOC a bheith in ann oiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó doiciméid eile de chuid IOC a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle, más toradh iad na hoiriúnuithe teicniúla sin ar leasuithe a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gcaighdeán trádála, ar an modh chun measúnú orgánaileipteach a dhéanamh ar olaí olóige íona nó ar an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach.

(8)

Chun leasanna an Aontais a chosaint, ba cheart cead a bheith ag ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a iarraidh glacadh na gcinntí a chur ar atráth go dtí seisiún níos déanaí de Chomhairle na gComhaltaí, dá mba dhócha go ndéanfadh faisnéis eolaíoch nó theicniúil nua a chuirfí i láthair roimh an 119ú seisiún nó ag an seisiún sin difear don seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC), ag an 119ú seisiún dá cuid atá le reáchtáil idir an 18 agus an 25 Meitheamh 2024, nó faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, ar nós imeachta é a thionscnófar roimh an gcéad seisiún rialta eile a bheidh aici i mí na Samhna 2024 maidir le cinntí lena leasaítear an Caighdeán Trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige agus chun modh chun measúnú orgánaileipteach a dhéanamh ar olaí olóige íona agus an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach, leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí den IOC (‘Comhairle na gComhaltaí’) oiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó doiciméid eile de chuid IOC a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle más toradh iad na hoiriúnuithe teicniúla sin ar leasuithe a bhaineann leis an athbhreithniú ar an Caighdeán Trádála le haghaidh olaí olóige agus olaí prabhaite olóige nó ar leasuithe a bhaineann leis an modh chun measúnú orgánaileipteach a dhéanamh ar olaí olóige íona agus an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach.

Airteagal 3

I gcás inar dócha go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 mar gheall ar fhaisnéis eolaíoch nó theicniúil arna cur i láthair roimh nó ag an 119ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí, iarrfaidh ionadaithe an Aontais glacadh na gcinntí a chur ar atráth, cinntí lena leasaítear an Caighdeán Trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige agus an modh chun cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach, go dtí go mbunófar seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 20 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M.-C. LEROY


(1)  Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


IARSCRÍBHINN

Tacóidh an tAontas Eorpach leis na leasuithe seo a leanas ar an gcaighdeán trádála agus modhanna anailíse de chuid IOC le linn an 119ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí den IOC atá le reáchtáil idir an 18 agus an 25 Meitheamh 2024 nó faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, ar nós imeachta é a thionscnófar roimh an gcéad seisiún rialta eile a bheidh aici i mí na Samhna 2024:

an t-athbhreithniú ar an gcaighdeán trádála is infheidhme maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige COI/T.15/NC No. 3/Rev. 19 chun an t-athbhreithniú nua ar an modh chun measúnú orgánaileipteach a dhéanamh ar olaí olóige a chur isteach;

an modh COI/T.20/Doc. No. 15/Rev. 10 (Anailís chéadfach ar ola olóige – Modh chun measúnú orgánaileipteach a dhéanamh ar olaí olóige íona) a athbhreithniú a mhéid a bhaineann le tuarascálacha ó phainéil bhlaiste;

an modh COI/T.20/Doc. No. 28/Rev. 3 (Cion céaracha agus eistear eitile aigéad sailleach a chinneadh trí bhíthin crómatagrafaíocht gháis le colún ribeach) a mhéid a bhaineann le sloinneadh na dtorthaí.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí den IOC oiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó doiciméid eile de chuid IOC a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle más toradh iad as leasuithe dá dtagraítear sa chéad mhír.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1811/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top