This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1795
Council Decision (CFSP) 2024/1795 of 24 June 2024 amending Decision 2011/235/CFSP concerning restrictive measures directed against certain persons and entities in view of the situation in Iran
Cinneadh (CBES) 2024/1795 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 lena leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
Cinneadh (CBES) 2024/1795 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 lena leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
ST/10427/2024/INIT
IO L, 2024/1795, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1795/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1795 |
25.6.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/1795 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2024
lena leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES (1). |
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an ‘Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais: dúshláin nua, na prionsabail chéanna’, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas aon tionchar diúltach neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag bearta sriantacha an Aontais ar ghníomhaíocht dhaonnúil ar bhonn prionsabal a sheachaint agus, i gcás nach féidir iad a sheachaint, iad a mhaolú a mhéid is féidir. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go gcomhlíonann bearta sriantacha an Aontais na hoibleagáidí uile faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe. Chuir sí i dtreis a thábhachtaí atá sé cloí go hiomlán le prionsabail dhaonnúla agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta i mbeartas smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear trí eisceachtaí daonnúla a áireamh go comhsheasmhach i gcórais beart sriantach an Aontais i gcás inarb ábhartha, agus trína áirithiú go mbeidh creat éifeachtach i bhfeidhm le haghaidh na húsáide a bhaineann eagraíochtaí daonnúla as na heisceachtaí sin. |
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/235/CBES, agus chun gníomhaíocht dhaonnúil ar bhonn prionsabal ó ghníomhaithe daonnúla neamhchlaonta san Iaráin a éascú, measann an Chomhairle gur cheart eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí áirithe atá ag gníomhú mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais a dhíolmhú ón toirmeasc ar chistí nó ar acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine, d’eintitis agus do chomhlachtaí ainmnithe, go heisiach chun críoch daonnúil san Iaráin. Ina theannta sin, measann an Chomhairle gur cheart sásra maolúcháin a thabhairt isteach do na heagraíochtaí agus na gníomhaithe sin atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí daonnúla nach féidir leo leas a bhaint as an díolúine dhaonnúil sin. Thairis sin, measann an Chomhairle freisin gur cheart clásal athbhreithniúcháin a bhaineann leis na heisceachtaí sin a thabhairt isteach. |
(4) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2011/235/CBES mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘7. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 2 maidir le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais, ar comhaontú é ar ar a mbonn a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 2 go heisiach chun críoch daonnúil san Iaráin. 8. I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 7, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leo, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú chun go scaoilfear cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe nó chun go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil, ar choinníoll go mbeidh gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin go heiseach chun críoch daonnúil san Iaráin. 9. Mura ndéanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 8, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin. 10. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoi mhíreanna 8 nó 9 laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.’. |
(2) |
in Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(1) agus (2) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 12 mhí, nó ar iarraidh phráinneach ó aon Bhallstát, ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Meitheamh 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO L 100, 14.4.2011, lch. 51).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1795/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)