Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1775

Cinneadh (AE) 2024/1775 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip i leith tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 13, 13-H, 22, 30, 41, 49, 51, 54, 63, 78, 79, 83, 85, 96, 100, 101, 108, 109, 117, 120, 129, 134, 138, 150 agus 155 ó na Náisiúin Aontaithe, maidir le togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feidhmíocht greama sneachta agus aicmiú boinn tarraingthe le haghaidh boinn atráchtaithe, maidir le tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin theicniúla dhomhanda Uimh. 9, 13, 21, 22 agus 24 ó na Náisiúin Aontaithe, agus maidir le togra le haghaidh leasú ar rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe

ST/10609/2024/INIT

IO L, 2024/1775, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1775/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1775/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1775

25.6.2024

CINNEADH (AE) 2024/1775 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meitheamh 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip i leith tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 13, 13-H, 22, 30, 41, 49, 51, 54, 63, 78, 79, 83, 85, 96, 100, 101, 108, 109, 117, 120, 129, 134, 138, 150 agus 155 ó na Náisiúin Aontaithe, maidir le togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feidhmíocht greama sneachta agus aicmiú boinn tarraingthe le haghaidh boinn atráchtaithe, maidir le tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin theicniúla dhomhanda Uimh. 9, 13, 21, 22 agus 24 ó na Náisiúin Aontaithe, agus maidir le togra le haghaidh leasú ar rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) a bhaineann le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus a bhaineann leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)

Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)

Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithiclí nua, córais nua, comhpháirteanna nua agus aonaid theicniúil ar leithligh nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar rialacháin theicniúla dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe), agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe, agus tograí a ghlacadh le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú feithiclí. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síneadh a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.

(5)

Ón 25 go dtí an 28 Meitheamh 2024, le linn an 193ú seisiún uaidh, féadfaidh WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 13, 13-H, 22, 30, 41, 49, 51, 54, 63, 78, 79, 83, 85, 96, 100, 101, 108, 109, 117, 120, 129, 134, 138, 150, agus 155 ó na Náisiúin Aontaithe; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feidhmíocht greama sneachta agus aicmiú boinn tarraingthe le haghaidh boinn atráchtaithe; tograí le haghaidh modhnuithe ar RTD Uimh. 9, 13, 21, 22 agus 24 ó na Náisiúin Aontaithe; agus togra le haghaidh leasú ar rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe.

(6)

Beidh na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas. In éineacht le rún frithpháirteach ó na Náisiúin Aontaithe agus le RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe, imreoidh siad tionchar cinntitheach ar ábhar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle. Dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 maidir le glacadh na dtograí sin, is iomchuí é a bhunú.

(7)

Chun taithí agus forbairtí teicniúla a léiriú, na ceanglais maidir le gnéithe áirithe a chumhdaítear le rialacháin Uimh. 13, 13-H, 22, 30, 41, 49, 51, 54, 63, 78, 79, 83, 85, 96, 100, 101, 108, 109, 117, 120, 129, 134, 138, 150 agus 155 ó na Náisiúin Aontaithe agus le rún frithpháirteach Uimh. 1 ó na Náisiúin Aontaithe agus RTDanna Uimh. 9, 13, 21, 22 agus 24, is gá iad a leasú nó a fhorlíonadh.

(8)

Chun dul chun cinn teicniúil a éascú agus chun sábháilteacht a fheabhsú agus lorg comhshaoil a laghdú, ní mór Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feidhmíocht greama sneachta agus aicmiú bonn tarraingthe le haghaidh boinn atráchtaithe a ghlacadh.

(9)

Tá na tograí sin i gcomhréir le beartas margaidh inmheánaigh an Aontais maidir leis an tionscal mótarfheithiclí maidir le sábháilteacht, uathoibriú agus astaíochtaí, chomh maith lena bheartais iompair, aeráide agus fuinnimh agus beidh tionchar an-dearfach acu ar iomaíochas earnáil mótarfheithiclí an Aontais agus ar thrádáil idirnáisiúnta.

(10)

I bhfianaise na dtairbhí sin, moltar vótáil i bhfabhar na dtograí sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 193ú seisiún a thionólfar idir an 25 agus an 28 Meitheamh 2024, is chun vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a bheidh sé.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 18 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. GILKINET


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a bhaineann le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (‘Comhaontú Leasaithe 1958’) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 a bhaineann le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Rialachán Uimh.

Teideal na míre ar chlár oibre

Ábhar an Togra

Cód tagartha an doiciméid

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 22 a ghabhann le sraith leasuithe 11 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, mír 33, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/8, arna leasú le GRVA-18-30)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe an rialachán a oiriúnú chun go mbeifear in ann feithiclí atá feistithe le córas tiomána uathoibrithe agus le modh tiomána de láimh araon a cheadú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/56

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhann le sraith leasuithe 12 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, mír 33, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/8, arna leasú le GRVA-18-30)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe an rialachán a oiriúnú chun go mbeifear in ann feithiclí atá feistithe le córas tiomána uathoibrithe agus le modh tiomána de láimh araon a cheadú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/57

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 13 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, mír 33, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/8, arna leasú le GRVA-18-30)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe an rialachán a oiriúnú chun go mbeifear in ann feithiclí atá feistithe le córas tiomána uathoibrithe agus le modh tiomána de láimh araon a cheadú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/58

13-H

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú gluaisteán paisinéirí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, mír 34, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/9, arna leasú le GRVA-18-31)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe an rialachán a oiriúnú chun ceadú feithiclí atá feistithe le córas tiomána uathoibrithe agus le modh tiomána de láimh araon a cheadú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/59

22

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 22 ó na Náisiúin Aontaithe (Clogaid sábháilte)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 50, bunaithe ar GRSP-74-04-Rev.1 mar a atáirgtear in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an tuarascáil)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe rogha mhalartach (i.e. ionsamhlóir docht) a thabhairt isteach ar an modh tástála reatha (i.e. ionsamhlóir indífhoirmithe), rud a éascóidh cruthú an ionsamhlóra, agus an fíorú a dhéanamh níos saoire i ndáil le costas foriomlán na dtástálacha.

ECE/TRANS/WP.29/2024/42

30

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 26 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 30 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn le haghaidh feithiclí paisinéirí agus a leantóirí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/77, mír 17, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2024/15))

Leis na leasuithe atá beartaithe ceadaítear réitigh thomhais theicniúla eile le haghaidh leithead foriomlán an bhoinn, rud a éascóidh nuálaíochtaí teicniúla.

ECE/TRANS/WP.29/2024/67

41

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 41 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí torainn gluaisrothar)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 3, bunaithe ar GRBP-79-13)

Leis na leasuithe atá beartaithe nuashonraítear tagairt an riain tástála ISO 10844 don úrscothacht is déanaí.

ECE/TRANS/WP.29/2024/68

41

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 41 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí torainn gluaisrothar)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 3, bunaithe ar GRBP-79-14)

Leis na leasuithe atá beartaithe nuashonraítear tagairt an riain tástála ISO 10844 don úrscothacht is déanaí.

ECE/TRANS/WP.29/2024/69

49

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 12 a ghabhann le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 49 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó innill adhainte comhbhrú agus ó innill adhainte deimhní (LPG agus CNG))

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/90, mír 39, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/13)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe úsáid hidrigine mar bhreosla a cheadú le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí feithiclí tromshaothair. Is é is aidhm don leasú sin innill hidrigine aonbhreosla amháin a chomhtháthú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/45

49

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 49 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó innill adhainte comhbhrú agus ó innill adhainte deimhní (LPG agus CNG))

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/90, mír 40, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/14)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe úsáid hidrigine mar bhreosla a cheadú le haghaidh cineálcheadú astaíochtaí feithiclí tromshaothair. Is é is aidhm don leasú sin innill hidrigine aonbhreosla amháin a chomhtháthú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/46

51

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhann le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 51 de chuid NA (Torann ó fheithiclí i gcatagóirí M agus N)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 7, bunaithe ar GRBP-79-33-Rev.1 agus mír 7 den tuarascáil)

Leis na leasuithe atá beartaithe tugtar isteach ceartúcháin agus soiléirithe maidir le sainmhíniú cumhachta, calabrú, ceartú teochta agus measúnú fuaime tagartha a cuireadh san áireamh bunaithe ar an taithí a fuarthas leis na hathruithe deireanacha ar an rialachán sin.

ECE/TRANS/WP.29/2024/70

54

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 27 a ghabhann le Rialachán Uimh. 54 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn le haghaidh feithiclí tráchtála agus a leantóirí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/77, mír 18, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/2 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/14)

Leis na leasuithe atá beartaithe sonraítear go bhfuil lamháltas 4 % ar áireamh in uasleithead foriomlán na mbonn a shainaithnítear le siombail ‘A’ – ‘cumraíocht cheart don fheistiú’. Thairis sin, déanann siad Iarscríbhinn 9 a ailíniú le hIarscríbhinn 1 lena gceadaítear do na húdaráis chineálcheadaithe an nasc a dhéanamh leis na tuarascálacha ábhartha.

ECE/TRANS/WP.29/2024/2/Rev.1

63

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 63 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí torainn móipéidí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 10, bunaithe ar GRBP-79-17)

Leis na leasuithe atá beartaithe nuashonraítear tagairt an riain tástála ISO 10844 don úrscothacht is déanaí.

ECE/TRANS/WP.29/2024/71

78

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 78 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú gluaisrothair)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, mír 123, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/6)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe mí-ailíniú neamhbheartaithe a cheartú idir na forálacha idirthréimhseacha le haghaidh shraith nua leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 78 ó na Náisiúin Aontaithe agus na Treoirlínte ginearálta d’fhorálacha idirthréimhseacha i Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe.

ECE/TRANS/WP.29/2024/60

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhann le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, míreanna 35 agus 85, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2023/21, arna leasú le GRVA-18-51 agus bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/10 arna leasú le GRVA-18-32)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe soiléiriú a dhéanamh ar na forálacha maidir leis an bhfeidhm stiúrtha uathrialaitheach i gcás páirceáil chianrialaithe chatagóir A le haghaidh cónaisc feithiclí. Socraítear leis an sainmhíniú atá ann faoi láthair uasteorainn d’fhad 6m chuig an mótarfheithicil, rud nach bhfuil leordhóthanach i gcásanna ina ndéanann an tiománaí atá suite taobh thiar den chónasc feithiclí maoirseacht ar an oibríocht. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag na leasuithe atá beartaithe an rialachán a oiriúnú chun go mbeifear in ann feithiclí atá feistithe le córas tiomána uathoibrithe agus le modh tiomána de láimh araon a cheadú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/61

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, míreanna 35 agus 85, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2023/21, arna leasú le GRVA-18-51 agus bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/10 arna leasú le GRVA-18-32)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe soiléiriú a dhéanamh ar na forálacha maidir leis an bhfeidhm stiúrtha uathrialaitheach i gcás páirceáil chianrialaithe chatagóir A le haghaidh cónaisc feithiclí. Socraítear leis an sainmhíniú atá ann faoi láthair uasteorainn d’fhad 6m chuig an mótarfheithicil, rud nach bhfuil leordhóthanach i gcásanna ina ndéanann an tiománaí atá suite taobh thiar den chónasc feithiclí maoirseacht ar an oibríocht. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm ag na leasuithe atá beartaithe an rialachán a oiriúnú chun go mbeifear in ann feithiclí atá feistithe le córas tiomána uathoibrithe agus le modh tiomána de láimh araon a cheadú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/62

83

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 18 a ghabhann le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1)

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 13, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2024/7 agus GRPE-90-09-Rev.1 arna leasú le hIarscríbhinn IV)

Leis na leasuithe atá beartaithe ceadaítear luachanna ualaigh friotaíochta bóthair a ríomh ó na luachanna sin a chinntear de réir RTD Uimh. 15 (WLTP) ó na Náisiúin Aontaithe agus roinnt forálacha a bhaineann le tástáil Chineál 4 i Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe a ailíniú le Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

ECE/TRANS/WP.29/2024/47

83

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 20 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1)

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 14, bunaithe ar GRPE-90-09-Rev.1 arna leasú le hIarscríbhinn V)

Leis na leasuithe atá beartaithe, déantar roinnt forálacha a bhaineann le tástáil Chineál 4 i Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe a ailíniú leis na forálacha i Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

ECE/TRANS/WP.29/2024/48

83

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 17 a ghabhann le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1)

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 15, bunaithe ar GRPE-90-09-Rev.1 arna leasú le hIarscríbhinn VI)

Leis na leasuithe atá beartaithe, déantar roinnt forálacha a bhaineann le tástáil Chineál 4 i Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe a ailíniú leis na forálacha i Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

ECE/TRANS/WP.29/2024/49

83

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1)

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 18, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2024/8, GRPE-90-08 agus le linn an tseisiúin arna leasú le hIarscríbhinn VII)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe ceartúcháin agus soiléirithe a thabhairt isteach ionas go gcomhlíonfadh feithiclí a thagann faoi réim ‘cineál feithicle maidir le hastaíochtaí’ i gcomhréir le Rialacháin Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe ceanglais an rialacháin seo fós. Thairis sin, soláthraítear leis an togra níos mó soiléireachta maidir leis na ceanglais a bhaineann leis na carachtair astaíochtaí éagsúla EA, EB agus CE.

ECE/TRANS/WP.29/2024/50

85

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 13 a ghabhann le Rialachán Uimh. 85 ó na Náisiúin Aontaithe (An ghlanchumhacht agus an chumhacht 30 nóiméad a thomhas)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/90, mír 47, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/15)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe na ceanglais maidir le feistí cúnta a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta agus glanchumhacht nó cumhacht 30 nóiméad traenacha tiomána leictreacha á dtástáil. Tá sé beartaithe deireadh a chur leis an gceanglas go mbeadh an caidéal agus an teirmeastat suite ar an mbinse tástála sa suíomh coibhneasta céanna agus atá ar an bhfeithicil.

ECE/TRANS/WP.29/2024/51

96

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 96 ó na Náisiúin Aontaithe (Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le formheas inneall atá le suiteáil i dtarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é maidir le hastaíochtaí truailleán ón inneall)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/90, mír 55, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/16)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe earráidí clóghrafacha a cheartú, chomh maith le húsáid hidrigine mar bhreosla a cheadú chun innill dócháin inmheánaigh atá a shuiteáil i dtarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a cheadú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/52

100

Togra le haghaidh sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach iontu)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2023/35 arna leasú le hiarscríbhinn V a ghabhann leis an tuarascáil)

Leis na leasuithe atá beartaithe tugtar isteach lipéadú, rud a chuideoidh le seirbhísí éigeandála an chaoi a chinneadh dul i dtreo busanna agus trucailí atá feistithe le gléasra cumhachta leictreach i gcás dóiteáin, go háirithe córas stórála fuinnimh leictrigh in-athluchtaithe na feithicle nó i gcás ina ndéantar damáiste do chóras stórála fuinnimh leictrigh in-athluchtaithe de dheasca timpiste.

ECE/TRANS/WP.29/2024/41

101

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 13 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 101 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí CO2/ídiú breosla)

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2024/9 agus GRPE-90-39 arna leasú le hIarscríbhinn VIII)

Leis na leasuithe atá beartaithe ceadaítear próiseas malartach chun ídiú fuinnimh leictrigh a fhíorú i gcomhréireacht táirgeachta, agus leasaítear ceanglas an luchtaire agus modh tomhais srutha chóras stórála fuinnimh leictrigh in-athluchtaithe, agus leasaítear ceanglas an luchtaire agus modh tomhais srutha chóras stórála fuinnimh leictrigh in-athluchtaithe le haghaidh gléasra cumhachta leictrí hibridí. Tá an dá athrú ag teacht le himeachtaí agus nósanna imeachta atá san áireamh cheana féin i sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe.

ECE/TRANS/WP.29/2024/53

108

Togra le haghaidh sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 108 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn atráchtaithe le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus a leantóirí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/13 arna leasú le GRBP-79-24 agus GRBP-79-25)

Leis an leasuithe atá beartaithe bogtar na feidhmíochtaí maidir le feidhmíocht greama sneachta bonn atráchtaithe ó Rialachán Uimh. 108 ó na Náisiúin Aontaithe go Rialachán tiomnaithe nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le cineálcheadú bonn atráchtaithe d’aicmí C1, C2 agus C3 i ndáil lena bhfeidhmíocht greama sneachta agus/nó lena n-aicmiú mar bhonn tarraingthe. Socraítear leis sin na deacrachtaí a bhí roimh na hatráchtóirí agus na húdaráis chineálcheadaithe sa chleachtas maidir le saoráidí atráchtaithe a cheadú lena dtáirgtear ‘boinn lena n-úsáid i ndálaí diana sneachta’ agus maidir le comhréireacht táirgeachta na mbonn atráchtaithe sin a fhíorú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/63

109

Togra le haghaidh sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 109 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn atráchtaithe le haghaidh feithiclí tráchtála agus a leantóirí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 20, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/3 arna leasú le GRBP-79-26 agus GRBP-79-27)

Leis na leasuithe atá beartaithe bogtar na feidhmíochtaí maidir le feidhmíocht greama sneachta agus a n-aicmiú mar bhoinn tarraingthe ó Rialachán Uimh. 109 chuig Rialachán tiomnaithe nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le cineálcheadú bonn atráchtaithe d’aicmí C1, C2 agus C3 i ndáil lena bhfeidhmíocht greama sneachta agus/nó a n-aicmiú mar bhonn tarraingthe. Socraítear leis sin na deacrachtaí a bhí roimh na hatráchtóirí agus na húdaráis chineálcheadaithe sa chleachtas maidir le saoráidí atráchtaithe a cheadú lena dtáirgtear ‘boinn lena n-úsáid i ndálaí diana sneachta’ agus maidir le comhréireacht táirgeachta na mbonn atráchtaithe sin a fhíorú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/64

117

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe (Friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/76, mír 23 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, míreanna 22 agus 29, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2023/19 arna leasú le GRBP-78-05, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/4 arna leasú le GRBP-79-50, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/6 arna leasú le GRBP-79-21 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/10 arna leasú le GRBP-79-12-Rev.2 agus mír 29 den tuarascáil)

Leis na leasuithe atá beartaithe cuirtear feabhas ar in-atáirgtheacht an mhodha tástála greama sneachta trí na boinn tagartha C3 SRTTanna 19.5 agus 22.5 siped a chur in ionad na mbonn tagartha reatha C3 SRTTanna 19.5 agus 22.5. Anuas ar líon athruithe eagarthóireachta, tugtar an tagairt do chaighdeáin ISO cothrom le dáta in go leor míreanna agus tugtar isteach foirmle nua ceartúcháin teochta le haghaidh astaíochtaí fuaime rollta bonn d’aicmí C1 agus C2. Leis an togra, tugadh isteach modheolaíocht nua freisin chun scríobchaitheamh bonn de bhoinn C1 a thomhas.

ECE/TRANS/WP.29/2024/65

117

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe (Friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 23, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/9 arna leasú le GRBP-79-22 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/12 arna leasú le GRBP-79-49)

Leis na leasuithe atá beartaithe cuirtear feabhas ar in-atáirgtheacht an mhodha tástála greama sneachta trí na boinn tagartha C3 SRTTanna 19.5 agus 22.5 siped a chur in ionad na mbonn tagartha reatha C3 SRTTanna 19.5 agus 22.5. Anuas ar líon athruithe eagarthóireachta, tugtar an tagairt do chaighdeáin ISO cothrom le dáta in go leor míreanna agus tugtar isteach foirmle nua ceartúcháin teochta le haghaidh astaíochtaí fuaime rollta bonn d’aicmí C1 agus C2.

ECE/TRANS/WP.29/2024/72

117

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 16 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe (Friotaíocht rollta bonn, torann rollta agus fliuchghreim)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/5 agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/7 arna leasú le GRBP-79-23)

Leis na leasuithe atá beartaithe cuirtear feabhas ar in-atáirgtheacht an mhodha tástála greama sneachta trí na boinn tagartha C3 SRTTanna 19.5 agus 22.5 siped a chur in ionad na mbonn tagartha reatha C3 SRTTanna 19.5 agus 22.5. Anuas ar líon athruithe eagarthóireachta, tugtar an tagairt do chaighdeáin ISO cothrom le dáta in go leor míreanna agus tugtar isteach foirmle nua ceartúcháin teochta le haghaidh astaíochtaí fuaime rollta bonn d’aicmí C1 agus C2.

ECE/TRANS/WP.29/2024/73

120

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 120 ó na Náisiúin Aontaithe (Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le formheas inneall dócháin inmheánaigh atá le suiteáil i dtarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é maidir le glanchumhacht, glan-chasmhóimint agus ídiú sonrach breosla a thomhas)

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 56, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2024/17, bunaithe ar GRPE-90-13 arna leasú le hIarscríbhinn XI)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe earráidí clóghrafacha a cheartú, chomh maith le húsáid hidrigine mar bhreosla a cheadú chun innill dócháin inmheánaigh atá le suiteáil i dtarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta agus in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é a cheadú, maidir le glanchumhacht, glan-chasmhóimint agus ídiú sonrach breosla a thomhas.

ECE/TRANS/WP.29/2024/54

129

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhann le sraith leasaithe 03 ar Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Fheabhsaithe um Shrianadh Linbh)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 28, bunaithe ar GRSP-74-29-Rev.1 mar a atáirgtear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an tuarascáil)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe feiste cosanta riochtáin ar an mbinse sa tástáil tosaigh dhinimiciúil le cúisín treisithe uilíoch a cheadú, gan dochar a dhéanamh do mhuineál an riochtáin.

ECE/TRANS/WP.29/2024/43/Rev.1

129

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasaithe 04 ar Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Fheabhsaithe um Shrianadh Linbh)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 28, bunaithe ar GRSP-74-29-Rev.1 mar a atáirgtear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an tuarascáil)

Is é is aidhm do na leasuithe atá beartaithe feiste cosanta riochtáin ar an mbinse sa tástáil tosaigh dhinimiciúil le cúisín treisithe uilíoch a cheadú, gan dochar a dhéanamh do mhuineál an riochtáin.

ECE/TRANS/WP.29/2024/44/Rev.1

134

Togra le haghaidh Cheartúchán 1 ar an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 134 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí faoi Thiomáint Hidrigine agus Feithiclí Breosla-cille)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 29, bunaithe ar GRSP-74-12 mar a atáirgtear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an tuarascáil)

Leis na leasuithe atá beartaithe ceartaítear tagairtí a cuireadh isteach le linn thrasuí GTR 13 céim 1 sa tsraith bhunaidh leasuithe ar Rialachán Uimh. 134 ó na Náisiúin Aontaithe agus a cóipeáladh i sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 134 ó na Náisiúin Aontaithe.

ECE/TRANS/WP.29/2024/74

138

Togra le haghaidh sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 138 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí ciúine iompair ar bhóthar)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 16, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/2 arna leasú le GRBP-79-34-Rev.2)

Leis na leasuithe atá beartaithe, laghdaítear éiginnteachtaí tomhais le linn leibhéal fuaime aon trian de bhanda ochtáibhe a thomhas agus laghdaítear limistéir liatha atá ann cheana i gcomhthéacs formheasanna a eisiúint. Thairis sin, tugtar aghaidh ar iompraíocht an chórais fuaimiúil foláirimh d’fheithicil os cionn luas feithicle 20 km/h agus nuair a dhéantar cúlú, rud a áirithíonn idirghníomhaíocht fheidhmiúil idir an Rialachán seo agus na ceanglais i Rialacháin eile i réimse an uasleibhéil fuaime is incheadaithe i raon luais chóras fuaimiúil foláirimh d’fheithicil agus na forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime nó forálacha breise maidir le hastaíocht fuaime fíorthiomána.

ECE/TRANS/WP.29/2024/66

150

Togra le haghaidh Cheartúchán 1 ar Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 150 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis ais-fhrithchaiteacha)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/89, mír 32, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2023/21)

Leis na leasuithe atá beartaithe déantar an nós imeachta atá le leanúint a ailíniú i gcás frithchaitheamh dromchla ar an ais-fhrithchaiteoir le haghaidh comhéifeacht tomhais déine lonrúil agus tomhais dathanna araon. Faoi láthair, tá an nós imeachta difriúil agus d’fhéadfadh comhordanáidí dathanna tomhaiste éagsúla a bheith mar thoradh air sin i saotharlanna éagsúla.

ECE/TRANS/WP.29/2024/27/Corr.1

155

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe (an Chibearshlándáil agus Córas Bainistíochta Cibearshlándála)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, mír 53, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/4)

Is é is aidhm don togra raon feidhme Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe a shíniú chun gach feithicil de chatagóir L a chur san áireamh.

ECE/TRANS/WP.29/2024/55

Rialachán nua

Togra le haghaidh Dréacht-Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe (Feidhmíocht greama sneachta agus aicmiú boinn tarraingthe le haghaidh boinn atráchtaithe)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/77, mír 19, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2024/11 arna leasú le GRBP-79-29-Rev.1)

Moltar an Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe seo chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhí roimh na hatráchtóirí agus na húdaráis chineálcheadaithe sa chleachtas leis na ceanglais atá ann faoi láthair maidir le saoráidí atráchtaithe a cheadú lena dtáirgtear ‘boinn lena n-úsáid i ndálaí diana sneachta’ agus maidir le comhréireacht táirgeachta na mbonn atráchtaithe sin a fhíorú. Téann an togra seo i gcomhthráth leis na tograí lena mbaintear na feidhmíochtaí maidir le feidhmíocht greama sneachta bonn atráchtaithe ó na Rialacháin Uimh. 108 agus 109 ó na Náisiúin Aontaithe.

ECE/TRANS/WP.29/2024/75


Uimh. RTD

Teideal na míre ar chlár oibre

Ábhar an Togra

Cód tagartha an doiciméid

9

Togra le haghaidh Leasú 3 ar Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 9 ó na Náisiún Aontaithe (Sábháilteacht coisithe)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 5, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2023/31 arna leasú le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil)

Togra le haghaidh Tuarascáil um an Stádas Críochnaitheach maidir le Forbairt Leasú 3 ar Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 9 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe) maidir le Córais Cosanta Coisithe in-Imscartha.

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 5, bunaithe ar GRSP-74-11-Rev.1 mar a atáirgtear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil)

Baineann na leasuithe atá beartaithe le forbairt forálacha tástála le haghaidh feithiclí atá feistithe le córais cosanta coisithe in-imscartha, lena n-áirítear réamhriachtanais, gan athrú a dhéanamh ar imbhuailteoirí chruth an chloiginn agus a bparaiméadair chomhfhreagracha le haghaidh tástálacha ar bharr an bhoinéid.

ECE/TRANS/WP.29/2024/77, ECE/TRANS/WP.29/2024/78

13

Togra le haghaidh Cheartúchán 1 ar Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí faoi Thiomáint Hidrigine agus Feithiclí Breosla-cille)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, míreanna 6–7, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2023/26 arna leasú le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil)

Leis na leasuithe atá beartaithe ceartaítear earráidí eagarthóireachta ar théacs leasú 1 ar RTD Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe.

ECE/TRANS/WP.29/2024/85

21

Togra le haghaidh Leasú 1 ar RTD Uimh. 21 ó na Náisiúin Aontaithe (Cumhacht Feithiclí Leictrithe a Chinneadh)

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 83, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2024/5 agus GRPE-90-16-Rev.1 arna leasú le hAguisín 3)

Togra le haghaidh tuarascáil um an stádas críochnaitheach maidir le forbairt Leasú 1 ar RTD Uimh. 21 ó na Náisiúin Aontaithe

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 84, bunaithe ar GRPE-90-17 arna leasú le hAguisín 4)

Leis na leasuithe atá beartaithe feabhsaítear sainmhínithe, sonraíochtaí agus tugtar isteach coincheap an fhine agus, chun freastal ar ghléasraí cumhachta ard-chomhtháite, soláthraítear nós imeachta tástála ISO breise (TP1), lena n-úsáidtear cóimheas dáilte cumhachta idir dhá bhrainse de ghléasra cumhachta mar a thuairiscítear le comhartha ar bord.

ECE/TRANS/WP.29/2024/79, ECE/TRANS/WP.29/2024/80

22

Togra le haghaidh Leasú 1 ar RTD Uimh. 22 ó na Náisiúin Aontaithe (Marthanacht Ceallra Infheithicle le haghaidh Feithiclí Saothair Éadroim Leictrithe)

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 86, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2024/6 agus GRPE-90-32 arna leasú le hAguisín 5)

Togra le haghaidh tuarascáil um an stádas críochnaitheach maidir le forbairt Leasú 1 ar RTD Uimh. 22 ó na Náisiúin Aontaithe

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 87., bunaithe ar GRPE-90-33 arna leasú le hAguisín 6)

Leis na leasuithe atá beartaithe, tugtar isteach ceanglais maidir leis an monaróir an t-achar fíorúil tuairiscithe a fhíorú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/81, ECE/TRANS/WP.29/2024/82

24

Togra le haghaidh Leasú 1 ar RTD Uimh. 24 ó na Náisiúin Aontaithe (Tomhas Saotharlainne ar Astaíochtaí Coscáin d’Fheithiclí Saothair Éadroim)

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 65, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2024/4 agus GRPE-90-25-Rev.1 arna leasú le hAguisín 1)

Togra le haghaidh tuarascáil um an stádas críochnaitheach maidir le forbairt Leasú 1 ar RTD Uimh. 24 ó na Náisiúin Aontaithe

(ECE/TRANS/WP.29/GRPE/90, mír 66., bunaithe ar GRPE-90-27 arna leasú le hAguisín 2)

Leis na leasuithe atá beartaithe tugtar isteach an nós imeachta chun comhéifeachtaí sciar coscánaithe frithchuimilte feithicil-sonrach a chinneadh lena n-úsáid leis an RTD maidir le hábhar cáithníneach caithimh coscáin agus astaíochtaí líon na gcáithníní ó choscáin a úsáidtear ar fheithiclí saothair éadroim a thomhas suas le 3,5 tona.

ECE/TRANS/WP.29/2024/83, ECE/TRANS/WP.29/2024/84


Nithe ilghnéitheacha

Teideal na míre ar chlár oibre

Ábhar an Togra

Cód tagartha an doiciméid

Rún

Togra le haghaidh Leasú 4 ar Rún Frithpháirteach Uimh. 1

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, mír 32, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2023/33 arna leasú le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an tuarascáil)

Leis na leasuithe atá beartaithe, tugtar isteach sonraíochtaí maidir le cáiliú samhlacha maidir le corp an duine chun am tionchair cloiginn coisithe a chinneadh mar réamhriachtanas córas cosanta coisithe i gcomhréir le ceanglais RTD Uimh. 9 ón na Náisiúin Aontaithe.

ECE/TRANS/WP.29/2024/86

Doiciméad léiriúcháin

Togra le haghaidh leasú ar an Doiciméad Léiriúcháin le haghaidh Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, mír 52, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2024/5)

Is é is aidhm don togra an doiciméad léirmhíniúcháin a ailíniú leis an togra leasaithe comhthráthach le haghaidh Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe, lena gcuirtear síneadh le raon feidhme an Rialacháin chun gach feithicil de chatagóir L a áireamh.

ECE/TRANS/WP.29/2024/40

Treoirlínte

Treoirlínte agus moltaí maidir le ceanglais sábháilteachta, measúnuithe agus modhanna tástála córas tiomána uathoibrithe chun bonn eolais a chur faoin bhforbairt rialála

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, bunaithe ar GRVA-18-50)

Tá treoirlínte agus moltaí sa togra chun ceanglais sábháilteachta agus modhanna measúnaithe is infheidhme maidir le feithiclí córais tiomána uathoibrithe a bhunú.

ECE/TRANS/WP.29/2024/39

Treoirlínte

Togra le haghaidh leasú ar Threoirlínte Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le nósanna imeachta rialála agus forálacha idirthréimhseacha i Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe

(ECE/TRANS/WP29/1044/Rev.3)

Leis an togra, soiléirítear a thuilleadh cur i bhfeidhm na bhforálacha idirthréimhseacha i Rialacháin ó na Náisiún Aontaithe.

ECE/TRANS/WP.29/2024/76


(1)  Tá na doiciméid uile dá dtagraítear sa tábla ar fáil ag: (WP.29) An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (193ú seisiún) | UNECE


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1775/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top