This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1761
Commission Implementing Decision (EU) 2024/1761 of 21 June 2024 repealing Commission Decision 2004/905/EC laying down guidelines for the notification of dangerous consumer products to the competent authorities of the Member States by producers and distributors, in accordance with Article 5(3) of Directive 2001/95/EC of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1761 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024 lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/905/CE ón gCoimisiún lena leagtar síos treoirlínte do tháirgeoirí agus dáileoirí chun fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát i ndáil le táirgí tomhaltais contúirteacha, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1761 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024 lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/905/CE ón gCoimisiún lena leagtar síos treoirlínte do tháirgeoirí agus dáileoirí chun fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát i ndáil le táirgí tomhaltais contúirteacha, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2024/4202
IO L, 2024/1761, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1761/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 13/12/2024
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1761 |
25.6.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1761 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meitheamh 2024
lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/905/CE ón gCoimisiún lena leagtar síos treoirlínte do tháirgeoirí agus dáileoirí chun fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát i ndáil le táirgí tomhaltais contúirteacha, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (1), agus go háirithe Airteagal 5(3), an dara fomhír, de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 5(3) de Threoir 2001/95/CE, leagtar amach go mba cheart tairgeoirí agus dáileoirí údaráis inniúla na mBallstát a chur ar an eolas láithreach i gcás gurb eol dóibh nó más ceart dóibh fios a bheith acu, ar bhonn na faisnéise atá ina seilbh acu agus ina gcáil mar ghairmithe, go bhfuil rioscaí don tomhaltóir ag baint le táirge atá curtha ar an margadh acu ar rioscaí iad nach bhfuil comhréireach leis an gceanglas ginearálta sábháilteachta, agus sonraí a thabhairt, go háirithe, faoin ngníomhaíocht a rinneadh chun an riosca don tomhaltóir a chosc. |
|
(2) |
I gCinneadh 2004/905/CE ón gCoimisiún (2), leagtar amach treoirlínte oibríochtúla maidir leis na critéir is ábhartha maidir le fógraí agus gnéithe praiticiúla a bhaineann leis na fógraí. Tá na treoirlínte sin dírithe go háirithe ar chuidiú le táirgeoirí agus dáileoirí maidir lena n-oibleagáid faoi Airteagal 5(3) de Threoir 2001/95/CE a chur chun feidhme. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugtar isteach oibleagáidí nua le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha chun úsáid a bhaint as an Tairseach Ghnó maidir le Sábháilteacht d’fhonn údaráis um fhaireachas margaidh sna Ballstáit inar cuireadh an táirge ar fáil a chur ar an eolas maidir leis na bearta ceartaitheacha arna ndéanamh chun an táirge a thabhairt i gcomhlíontacht ar bhealach éifeachtach. Áirítear ar na bearta sin táirge a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. |
|
(4) |
Ós rud é go n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE le Rialachán (AE) 2023/988 ó dháta a chur i bhfeidhm, agus ós rud é go dtugtar isteach oibleagáidí nua maidir le fógraí ó oibreoirí eacnamaíocha le Rialachán (AE) 2023/988, rachaidh Cinneadh 2004/905/CE i léig agus ba cheart é a aisghairm. |
|
(5) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón dáta céanna le Rialachán (AE) 2023/988, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Cinneadh 2004/905/CE.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 13 Nollaig 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 11, 15.1.2002, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/95/oj.
(2) Cinneadh 2004/905/CE ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2004 lena leagtar síos treoirlínte do tháirgeoirí agus dáileoirí chun fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát i ndáil le táirgí tomhaltais contúirteacha, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 381, 28.12.2004, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2004/905/oj).
(3) Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1761/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)