Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1758

Cinneadh (AE) 2024/1758 ón gComhairle an 4 Nollaig 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach, an Chreat Chomhaontaithe Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile

ST/11665/2023/INIT

IO L, 2024/1758, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1758/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1758/oj

Related international agreement
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1758

30.7.2024

CINNEADH (AE) 2024/1758 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Nollaig 2023

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach, an Chreat Chomhaontaithe Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91(1), 100(2), Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 212, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 13 Samhain 2017, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún Eorpach agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála tús a chur le caibidlíocht leis an tSile maidir le Comhaontú Comhlachais nuachóirithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile.

(2)

An 9 Nollaig 2022, tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gCreat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) i gcrích go rathúil.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, agus ba cheart an Ráiteas Comhpháirteach maidir leis na Forálacha maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe atá sa Chreat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile (‘an Ráiteas Comhpháirteach’), mar aon leis an Dearbhú Léirmhínitheach Comhpháirteach maidir leis na Forálacha maidir le Cosaint Infheistíochta atá sa Chreat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile (‘an Dearbhú Comhpháirteach’), atá araon i gceangal leis an gComhaontú, a fhormheas.

(4)

Ba cheart forálacha áirithe den Chomhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

(5)

Ní rud é an Comhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 41.10 de, laistigh den Aontas, lena ndéantar cearta a bhronnadh ná oibleagáidí a fhorchur ar dhaoine, seachas iad siúd a cruthaíodh idir na Páirtithe faoin dlí idirnáisiúnta phoiblí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Creat-Chomhaontú Ardleibhéil idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Sile, den pháirt eile (1) a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích.

Airteagal 2

Déanfar an Ráiteas Comhpháirteach agus an Dearbhú Comhpháirteach atá i gceangal leis an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 4

Go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 41.5 den Chomhaontú, agus faoi réir na bhfógraí dá bhforáiltear ann, cuirfear i bhfeidhm go sealadach na codanna seo a leanas den Chomhaontú idir an tAontas agus Poblacht na Sile (2):

Caibidil 1,

Caibidil 2,

Caibidil 3 — cé is moite d’Airteagal 3.4 (Cosaint chonsalach)

Caibidil 4,

Caibidil 5,

Caibidil 6 — cé is moite d’Airteagal 6.2 (Cúrsaí cánach),

Caibidil 7,

Airteagal 8.5(1), fomhír (b),

Caibidil 40,

Caibidil 41.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

F. BOLAÑOS GARCÍA


(1)  Foilsítear téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2024/1759, 30.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1759/oj.

(2)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna mbeidh na codanna den Chomhaontú dá dtagraítear san Airteagal seo le cur i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1758/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top