This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1736
Commission Implementing Decision (EU) 2024/1736 of 21 June 2024 laying down the final import response on behalf of the Union concerning the future import of terbufos pursuant to Regulation (EU) No 649/2012 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1736 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024 lena leagtar síos an fhreagairt allmhairíochta chríochnaitheach thar ceann an Aontais maidir le tearbúfos a allmhairiú amach anseo de bhun Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1736 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024 lena leagtar síos an fhreagairt allmhairíochta chríochnaitheach thar ceann an Aontais maidir le tearbúfos a allmhairiú amach anseo de bhun Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2024/4212
IO L, 2024/1736, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1736/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1736 |
24.6.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1736 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meitheamh 2024
lena leagtar síos an fhreagairt allmhairíochta chríochnaitheach thar ceann an Aontais maidir le tearbúfos a allmhairiú amach anseo de bhun Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (1), agus go háirithe Airteagal 13(1), an dara agus an tríú fomhír, de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) agus lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cuirtear Coinbhinsiún Rotterdam maidir leis an nós imeachta um thoiliú feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh ceimiceáin ghuaiseacha agus lotnaidicídí áirithe sa trádáil idirnáisiúnta (‘an Coinbhinsiún’) chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012. I gcomhréir leis an Rialachán sin, tá an Coimisiún le freagairtí allmhairíochta críochnaitheacha nó idirthréimhseacha a chur ar fáil do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin thar ceann an Aontais maidir le hallmhairiú amach anseo na gceimiceán uile atá faoi réir an Nós Imeachta um Thoiliú Feasach a chur in iúl roimh ré (‘nós imeachta PIC’). |
(2) |
Ag an 11ú cruinniú de chuid Chomhdháil na bPáirtithe sa Coinbhinsiún, a tionóladh sa Ghinéiv ón 1 go dtí an 12 Bealtaine 2023, comhaontaíodh tearbúfos a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún agus é d’éifeacht aige gur tháinig tearbúfos chun bheith faoi réir nós imeachta PIC. Seoladh treoirdhoiciméad do chinneadh maidir leis an gceimiceán chuig an gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 mar aon le hiarraidh ar chinneadh i dtaca le hallmhairiú an cheimiceáin amach anseo. |
(3) |
Cuireadh tearbúfos le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún mar lotnaidicíd. Níor formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tearbúfos a chur ar an margadh ná a úsáid mar shubstaint ghníomhach i dtáirgí cosaint plandaí (3). Thairis sin, níor formheasadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tearbúfos a chur ar an margadh ná a úsáid mar shubstaint ghníomhach i dtáirgí bithicídeacha (4). Dá bhrí sin, níor cheart toiliú faoi Choinbhinsiún Rotterdam a thabhairt d’allmhairiú tearbúfos chuig an Aontas amach anseo, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Leagtar amach an fhreagairt allmhairíochta maidir le tearbúfos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 60, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2012/649/oj.
(2) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj).
IARSCRÍBHINN
Foirm le haghaidh freagairt allmhairíochta
|
|
|
Tír: |
an tAontas Eorpach Na Ballstáit: an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn. |
|
|
|
|
|
ROINN 1 |
CÉANNACHT AN CHEIMICEÁIN |
|
|
1.1 |
Gnáthainm |
Tearbúfos |
|
1.2 |
Uimhir CAS |
13071-79-9 |
|
1.3 |
Catagóir |
☒ Lotnaidicíd |
|
☐ Den chineál tionsclaíoch |
|
||
☐ Foirmle lotnaidicíde ghéarghuaiseach |
|
|
|
|
|
||
|
ROINN 2 |
TÁSC MAIDIR LE FREAGAIRT A TUGADH ROIMHE SEO, MÁS ANN DI |
|
||
|
2.1 |
☒ |
Is freagairt allmhairíochta céaduaire é seo le haghaidh an cheimiceáin seo sa tír. |
|
|
|
2.2 |
☐ |
Is modhnú é seo ar fhreagairt a tugadh roimhe seo. Dáta eisiúna na freagartha roimhe seo: … |
|
|
|
|
|
|||
|
ROINN 3 |
FREAGAIRT MAIDIR LE HALLMHAIRIÚ AMACH ANSEO |
|
|||
|
☒ |
Cinneadh críochnaitheach (Líon isteach roinn 4 thíos) NÓ |
☐ |
Freagairt idirthréimhseach (Líon isteach roinn 5 thíos) |
|
|
|
|
|
||||||||
|
ROINN 4 |
CINNEADH CRÍOCHNAITHEACH, DE BHUN BEARTA REACHTACHA NÁISIÚNTA NÓ BEARTA RIARACHÁIN NÁISIÚNTA |
|
||||||||
|
4.1 |
☒ |
Ní thoilítear d’allmhairiú an cheimiceáin |
|
|
|
|||||
|
|
An dtoirmeasctar an ceimiceán a allmhairiú ó gach foinse go comhuaineach? |
|
|
|
||||||
|
|
An dtoirmeasctar táirgeadh intíre an cheimiceáin le haghaidh úsáid intíre go comhuaineach? |
|
|
|
||||||
|
4.2 |
☐ |
Toilítear d’allmhairiú an cheimiceáin |
|
|
|
|||||
|
4.3 |
☐ |
Toilítear d’allmhairiú an cheimiceáin faoi réir coinníollacha sonraithe amháin |
|
|
|
|||||
|
|
Is iad seo a leanas na coinníollacha sin: |
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
An ionann na coinníollacha maidir le hallmhairiú an cheimiceáin le haghaidh gach foinse allmhairiúcháin? |
|
|
|
||||||
|
|
An ionann na coinníollacha maidir le táirgeadh intíre an cheimiceáin le haghaidh úsáid intíre agus na coinníollacha maidir leis na hallmhairí uile? |
|
|
|
||||||
|
4.4 |
An beart reachtach náisiúnta, nó an beart riaracháin náisiúnta, ar a bhfuil an cinneadh críochnaitheach bunaithe |
|
||||||||
|
|
Tuairisc ar an mbeart reachtach náisiúnta sin nó ar an mbeart riaracháin náisiúnta sin: |
|
||||||||
|
|
San Aontas, toirmeasctar táirgí cosanta plandaí ina bhfuil tearbúfos a chur ar an margadh nó a úsáid, ós rud é nár formheasadh an tsubstaint ghníomhach sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1). Thairis sin, toirmeasctar táirgí bithicídeacha ina bhfuil tearbúfos a chur ar fáil ar an margadh nó a úsáid, ós rud é nár formheasadh an tsubstaint ghníomhach sin de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1). |
|
|
|
|
|
||||||||
|
ROINN 5 |
FREAGAIRT IDIRTHRÉIMHSEACH |
|
||||||||
|
5.1 |
☐ |
Ní thoilítear d’allmhairiú an cheimiceáin |
|
|
|
|||||
|
|
An dtoirmeasctar an ceimiceán a allmhairiú ó gach foinse go comhuaineach? |
|
|
|
||||||
|
|
An dtoirmeasctar táirgeadh intíre an cheimiceáin le haghaidh úsáid intíre go comhuaineach? |
|
|
|
||||||
|
5.2 |
☐ |
Toilítear d’allmhairiú an cheimiceáin |
|
|
|
|||||
|
5.3 |
☐ |
Toilítear d’allmhairiú an cheimiceáin faoi réir coinníollacha sonraithe amháin |
|
|
|
|||||
|
|
Is iad seo a leanas na coinníollacha sin: |
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
An ionann na coinníollacha maidir le hallmhairiú an cheimiceáin le haghaidh gach foinse allmhairiúcháin? |
|
|
|
||||||
|
|
An ionann na coinníollacha maidir le táirgeadh intíre an cheimiceáin le haghaidh úsáid intíre agus na coinníollacha maidir leis na hallmhairí uile? |
|
|
|
||||||
|
5.4 |
Tásc maidir le breithniú gníomhach chun teacht ar chinneadh críochnaitheach |
|
||||||||
|
|
An bhfuil breithniú gníomhach á dhéanamh ar chinneadh críochnaitheach? |
|
|
|
||||||
|
5.5 |
Faisnéis nó cúnamh a iarradh chun teacht ar chinneadh críochnaitheach |
|
||||||||
|
|
Iarrtar an fhaisnéis bhreise seo a leanas ar an Rúnaíocht: |
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
Iarrtar an fhaisnéis bhreise seo a leanas ar an tír a thug fógra faoin ngníomhaíocht rialaitheach chríochnaitheach: |
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
Iarrtar an cúnamh seo a leanas ar an Rúnaíocht chun meastóireacht a dhéanamh ar an gceimiceán: |
|
||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
ROINN 6 |
FAISNÉIS BHREISE ÁBHARTHA, LENA bhFÉADFAÍ AN MÉID SEO A LEANAS A ÁIREAMH: |
|
||||||
|
An bhfuil an ceimiceán seo cláraithe sa tír faoi láthair? |
|
|
|
|||||
|
An ndéantar an ceimiceán seo a mhonarú sa tír faoi láthair? |
|
|
|
|||||
|
Má tá an ceimiceán seo cláraithe sa tír, nó má dhéantar é a mhonarú sa tír, faoi láthair: |
|
|
|
|||||
|
An bhfuil sé beartaithe le haghaidh úsáid intíre? |
|
|
|
|||||
|
An bhfuil sé beartaithe lena onnmhairiú? |
|
|
|
Barúlacha eile
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1), lena gcuirtear chun feidhme san Aontas Córas Comhchuibhithe Domhanda na Náisiún Aontaithe um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú, aicmítear tearbúfos mar a leanas: Géarthocsaineacht 2* - H300 – Marfach má shlogtar. Géarthocsaineacht 1* - H310 – Marfach i dteagmháil leis an gcraiceann. Uisceach Géar 1 – H 400 - An-tocsaineach don saol uisceach. Uisceach Ainsealach 1 – H410 - An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha. (* = (Tá an t-aicmiú seo lena mheas mar aicmiú íosta) |
ROINN 7 |
ÚDARÁS NÁISIÚNTA AINMNITHE |
Institiúid |
An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil |
Seoladh |
Rue de la Loi 200 - B-1049 BRUXELLES/BRUSSEL, an Bhruiséil, an Bheilg |
Ainm an duine atá i bhfeighil |
An Dr. Juergen Helbig |
Post an duine atá i bhfeighil |
Ceann foirne Beartais Idirnáisiúnta Ceimiceán |
Uimhir theileafóin |
32 2 298 85 21 |
Facs |
32 2 296 76 16 |
Seoladh ríomhphoist |
Dáta, síniú an Údaráis Náisiúnta Ainmnithe agus séala oifigiúil: ___________________________________
SEOL AN FHOIRM CHOMHLÁNAITHE AR AIS CHUIG AN SEOLADH SEO A LEANAS: |
||||||||||
Fón: (+ 39 06) 5705 3441 Facs: (+ 39 06) 5705 6347 Ríomhphost: pic@pic.int |
NÓ |
Fón: (+ 41 22) 917 8177 Facs: (+ 41 22) 917 8082 Ríomhphost: pic@pic.int |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1736/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)