This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1733
Council Decision (EU) 2024/1733 of 30 May 2024 authorising the opening of negotiations for an agreement between the European Union and the Republic of San Marino on several aspects in the field of border management
Cinneadh (AE) 2024/1733 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne maidir le roinnt gnéithe de réimse an bhainistithe teorainneacha
Cinneadh (AE) 2024/1733 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne maidir le roinnt gnéithe de réimse an bhainistithe teorainneacha
ST/9837/2024/INIT
IO L, 2024/1733, 20.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1733/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1733 |
20.6.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1733 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2024
lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne maidir le roinnt gnéithe de réimse an bhainistithe teorainneacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (c) agus Airteagal 79(2), pointe (c), i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá gá leis an gcomhaontú chun bunús dlí iomchuí a chur ar fáil maidir leis an easpa rialuithe teorann idir an Iodáil agus San Mairíne. |
(2) |
Bheadh sé tairbhiúil an comhaontú sin a thabhairt i gcrích i bhfianaise a ghaire agus atá San Mairíne don Aontas go geografach agus i bhfianaise an idirspleáchais eacnamaíoch atá eatarthu. |
(3) |
Is gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom ag teorainneacha seachtracha an Aontais le náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil ceadanna cónaithe arna n-eisiúint ag San Mairíne acu. |
(4) |
Ní mór eisiúint na gceadanna cónaithe sin ag San Mairíne a bheith coinníollach ar thuairim cheangailteach ón Iodáil bunaithe ar a measúnú slándála. |
(5) |
Leis an gcomhaontú, d’fhéadfaí socruithe riaracháin cur chun feidhme de chineál oibríochtúil a thabhairt i gcrích idir an Iodáil agus San Mairíne maidir le hábhair a chumhdaítear leis an gcomhaontú seo, ar choinníoll go bhfuil socruithe den sórt sin ag luí leis an gcomhaontú agus le dlí an Aontais. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart tús a chur le caibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus San Mairíne. |
(7) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (1). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(8) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leis seo, údaraítear an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú le Poblacht San Mairíne maidir le roinnt gnéithe de réimse an bhainistithe teorainneacha.
2. Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.
Airteagal 3
Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle le Meitheal iomchuí na Comhairle.
Airteagal 4
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. VAN DER STRAETEN
(1) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1733/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)