This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1686
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2024/1686 of 11 June 2024 on the appointment of the EU Force Commander for the European Union maritime security operation to safeguard freedom of navigation in relation to the Red Sea crisis (EUNAVFOR ASPIDES/2/2024) and repealing Decision (CFSP) 2024/644
Cinneadh (CBES) 2024/1686 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 11 Meitheamh 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES/2/2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/644
Cinneadh (CBES) 2024/1686 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 11 Meitheamh 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES/2/2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/644
ST/10513/2024/INIT
IO L, 2024/1686, 14.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1686/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 07/08/2024; Arna aisghairm le 32024D2038
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1686 |
14.6.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/1686 ÓN GCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 11 Meitheamh 2024
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES/2/2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/644
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/583 ón gComhairle an 8 Feabhra 2024 maidir le hoibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/583 lenar bunaíodh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 4(2) de Chinneadh (CBES) 2024/583, d’údaraigh an Chomhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a ghlacadh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar EUNAVFOR ASPIDES. |
|
(3) |
An 14 Feabhra 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/644 (2), lenar ceapadh an Seachaimiréal Stefano COSTANTINO ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ASPIDES. |
|
(4) |
An 29 Bealtaine 2024, mhol údaráis mhíleata na hÍsiltíre an Captaen (Cabhlach) George PASTOOR a cheapadh i gcomharba ar an tSeachaimiréil Stefano COSTANTINO mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ASPIDES (‘an ceapachán molta’) ón 15 Meitheamh 2024. Chuir údaráis na hÍsiltíre in iúl go dtabharfaí ardú céime don Chaptaen (Cabhlach) George PASTOOR go Ceannasóir nuair a cheapfar é ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ASPIDES. |
|
(5) |
An 29 Bealtaine 2024, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh EUNAVFOR ASPIDES leis an gceapachán molta sin. |
|
(6) |
An 31 Bealtaine 2024, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta agus chomhaontaigh sé go gceapfaí an Captaen (Cabhlach) George PASTOOR ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ASPIDES ón 15 Meitheamh 2024. |
|
(7) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ASPIDES a cheapadh. |
|
(8) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2024/644 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Ceannasóir George PASTOOR ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) ón 15 Meitheamh 2024.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2024/644 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An tUachtarán
D. PRONK
(1) IO L, 2024/583, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/583/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2024/644 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 14 Feabhra 2024 maidir le Ceannasaí Forsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES/1/2024) (IO L, 2024/644, 19.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/644/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1686/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)