This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1677
Council Decision (EU) 2024/1677 of 30 May 2024 on the approval of the withdrawal of the European Atomic Energy Community from the Energy Charter Treaty
Cinneadh (AE) 2024/1677 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 maidir le tarraingt siar an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach as an gConradh um Chairt Fuinnimh a fhormheas
Cinneadh (AE) 2024/1677 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2024 maidir le tarraingt siar an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach as an gConradh um Chairt Fuinnimh a fhormheas
ST/6514/2024/INIT
IO L, 2024/1677, 13.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1677/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1677 |
13.6.2024 |
Cinneadh (AE) 2024/1677 ón gComhairle
an 30 Bealtaine 2024
maidir le tarraingt siar an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach as an gConradh um Chairt Fuinnimh a fhormheas
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 101, an dara mír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhphobal’) an Conradh um Chairt Fuinnimh (‘ECT’) i gcrích le Cinneadh 98/181/CE, CEGC, Euratom ón gComhairle agus ón gCoimisiún (1), agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Aibreán 1998. |
(2) |
In éagmais aon nuashonrú substaintiúil ar ECT ó bhí na 1990idí ann, chuaigh ECT as dáta de réir a chéile. |
(3) |
In 2019, chuaigh na Páirtithe Conarthacha in ECT (‘na Páirtithe Conarthacha’) i mbun caibidlíochta arb é ab aidhm di ECT a nuachóiriú, chun é a chur i gcomhréir le prionsabail Chomhaontú Pháras (2), le ceanglais na forbartha inbhuanaithe agus leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, chomh maith le caighdeáin nua-aimseartha maidir le cosaint infheistíochta. |
(4) |
Le linn Comhdháil ad hoc an 24 Meitheamh 2022, tháinig na Páirtithe Conarthacha ar chomhaontú i bprionsabal maidir leis an téacs nuachóirithe, agus ar an gcaoi sin, tugadh an chaibidlíocht chun críche, gan dochar don mheasúnú deiridh a rinne na Páirtithe Conarthacha. Bhí sé beartaithe an toradh a caibidlíodh a ghlacadh ag an 33ú cruinniú den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh (‘an Comhdháil’) an 22 Samhain 2022. |
(5) |
Roimh chruinniú na Comhdhála, níor ghlac an Comhphobal seasamh maidir le nuachóiriú ECT. |
(6) |
In éagmais seasamh ón gComhphobal, ní féidir leis an gComhphobal vótáil i ndáil le ECT nuachóirithe a ghlacadh ag an gComhdháil. |
(7) |
I bhfianaise an mhéid thuas ar fad, ba cheart don Chomhphobal tarraingt siar as ECT. I gcomhréir le hAirteagal 101, an dara mír, den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, tá an cinneadh maidir leis an tarraingt siar le déanamh ag an gCoimisiún faoi réir fhormheas na Comhairle. |
(8) |
Chuir roinnt Ballstát in iúl go dtacaíonn siad leis na leasuithe atá beartaithe ar ECT agus chuir siad in iúl go bhfuil rún acu leanúint de bheith ina bPáirtithe Conarthacha, faoi réir a nuachóirithe. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit sin, trí chinneadh ar leith ón gComhairle, nuachóiriú ECT a fhormheas nó gan cur ina choinne ag an gComhdháil, ar Comhdháil í a ghlacfaidh an nuachóiriú sin. |
(9) |
De bhun Airteagal 47(1) de ECT, is féidir le Páirtí Conarthach fógra i scríbhinn a thabhairt maidir lena tharraingt siar as ECT do Thaiscí ECT, eadhon Poblacht na Portaingéile. De bhun Airteagal 47(2) de ECT, maidir le tarraingt siar den sórt sin, beidh éifeacht aici agus bliain amháin caite tar éis an dáta a bhfaighidh an Taiscí an fógra. |
(10) |
Ba cheart tarraingt siar an Chomhphobail as ECT a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar, leis seo, tarraingt siar an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach as an gConradh um Chairt Fuinnimh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. VAN DER STRAETEN
(1) Cinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom an 23 MeánFómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chonartha um Chairt Fuinnimh agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO L 69, 9.3.1998, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1677/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)