This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1609
Council Decision (EU) 2024/1609 of 24 May 2024 appointing a member, proposed by the French Republic, of the European Economic and Social Committee
Cinneadh (AE) 2024/1609 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na Fraince, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Cinneadh (AE) 2024/1609 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2024 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na Fraince, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
ST/7562/2024/INIT
IO L, 2024/1609, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1609/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 20/09/2025
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1609 |
31.5.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1609 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Bealtaine 2024
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na Fraince, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 302 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Fraince,
Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(2) den Chonradh, beidh an Coiste comhdhéanta d’ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha. |
|
(2) |
An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1392 (2) lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, agus lena n-aisghairtear agus lena n-ionadaítear an Cinneadh ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025 a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tagtha chun bheith folamh tar éis do Pierre Jean COULON éirí as oifig. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na Fraince Denis JEAMBRUN, Secrétaire fédéral, Confédération Française des Travailleurs Chrétiens (CFTC) (Rúnaí Cónaidhme Chónaidhm na Fraince um Oibrithe Críostaí), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Denis JEAMBRUN, Secrétaire fédéral, Confédération Française des Travailleurs Chrétiens (CFTC) (Rúnaí Cónaidhme Chónaidhm na Fraince um Oibrithe Críostaí), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BROUNS
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/853/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2020/1392 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, agus lena n-aisghairtear agus lena n-ionadaítear an Cinneadh ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025 a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020 (IO L 322, 5.10.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1392/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1609/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)