Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1605

    Cinneadh (CBES) 2024/1605 ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

    ST/9501/2024/INIT

    IO L, 2024/1605, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1605/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1605/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1605

    31.5.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/1605 ÓN gCOMHAIRLE

    an 31 Bealtaine 2024

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1532.

    (2)

    Sna conclúidí uaithi an 21 agus an 22 Márta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl nach mór an rochtain atá ag an Rúis ar ábhair agus teicneolaíochtaí íogaire atá ábhartha don láthair chatha a shrianadh a mhéid is féidir, lena n-áirítear trí dhíriú ar eintitis i dtríú tíortha lena gcumasaítear teacht timpeall ar smachtbhannaí. D’iarr an chomhairle Eorpach ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar an gCoimisiún smachtbhannaí breise a ullmhú, go háirithe i dtaobh na hIaráine. Thairis sin, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go leanfadh an tAontas de bheith ag obair go dian le comhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun aon ghéarú breise a chosc, go háirithe sa Liobáin agus sa Mhuir Rua. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar na gníomhaithe uile, go háirithe an Iaráin, staonadh ó ghníomhartha géaraitheacha.

    (3)

    Sna conclúidí uaithi an 17 Aibreán 2024, cháin an Chomhairle Eorpach go láidir agus go neamhbhalbh, an t-ionsaí a rinne an Iaráin ar Iosrael agus d’athdhearbhaigh sí a dlúthpháirtíocht iomlán le muintir Iosrael agus a tiomantas do shlándáil Iosrael agus do chobhsaíocht an réigiúin. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an Iaráin agus ar a seachfhórsaí deireadh a chur leis na hionsaithe uile agus thathantaigh sí ar na páirtithe uile an-ghuaim a chur orthu féin agus staonadh ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh cur leis an teannas sa réigiún. Anuas air sin, luadh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach gur cheart don Aontas bearta sriantacha breise a dhéanamh i gcoinne na hIaráine, go háirithe i ndáil le haerárthaí gan foireann agus diúracáin. Ar deireadh, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas tiomanta i gcónaí rannchuidiú leis an díghéarú agus leis an tslándáil sa réigiún.

    (4)

    Tá aerárthaí gan foireann a tháirgtear san Iaráin á n-úsáid ag an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i coinne na hÚcráine, rud a sháraíonn ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne sibhialtach agus in aghaidh an bhonneagair shibhialtaigh. Dá bhrí sin, trí chlár Státurraithe na hIaráine chun aerárthaí gan foireann a fhorbairt agus a tháirgeadh, rannchuidítear le sáruithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

    (5)

    Sa chomhthéacs sin, ba cheart seisear agus trí eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/1532 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo í.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO L 186, 25.7.2023, lch. 20.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas ar an liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintitis agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532:

    Daoine

     

    Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ‘7.

    Mohammad-Reza Gharaei ASHTIANI

    محمد رضا قرایی آشتیانی

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: Aire Cosanta Phoblacht Ioslamach na hIaráine

    Dáta breithe: 1960

    Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Eintitis chomhlachaithe: Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL)

    Is é Mohammad-Reza Gharaei Ashtiani Aire Cosanta Phoblacht Ioslamach na hIaráine ó mhí Lúnasa 2021 i leith agus, dá bhrí sin, tá sé freagrach as an Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fórsaí Armtha (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas.

    Tá MODAFL freagrach as pleanáil, lóistíocht agus cistiú Fhórsaí Armtha na hIaráine. Is príomhghníomhaí é freisin i dtionscal cosanta na hIaráine le hilchuideachtaí agus fo-ilchuideachtaí atá gníomhach i dtaighde agus i bhforbairt, i gcothabháil agus i monarú trealaimh mhíleata, lena n-áirítear monarú aerárthaí gan foireann.

    Tá baint ag MODAFL freisin le gléasra comhpháirteach a chur ar bun chun aerárthaí gan foireann a tháirgeadh agus chun aerárthaí gan foireann a dhíol leis an Rúis agus é beartaithe iad a úsáid i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

    Mar Aire Cosanta, tá baint dhíreach ag Ashtiani le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine agus tá baint aige le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

    31.5.2024

    8.

    Gholam Ali RASHID

    ar a dtugtar freisin Gholamali RASHID

    غلامعلی رشید

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: Ceannasaí IRGC ar Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG)

    Dáta breithe: 1953

    Áit bhreithe: Dezful, Iran

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Eintitis chomhlachaithe: Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG)

    Tá Gholam Ali Rashid ina cheannasaí ar Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG) atá liostaithe ag an Aontas ó mhí an Mheithimh 2016 i leith.

    Is é KCHG an t-eintiteas lárnach i slabhra ceannais fhórsaí armtha na hIaráine a dhéanann cinntí míleata oibríochtúla, agus a dhéanann comhordú idir gnáth-arm na hIaráine (Artesh) agus an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), a fhaigheann agus a imscarann aerárthaí gan foireann araon.

    Is é an misean atá ag KCHG maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí ionsaitheacha agus cosanta, lena n-áirítear trína cheanncheathrú réigiúnach agus téamach, mar shampla, na cinn atá i Murascaill na Peirse nó i Murascaill Oman, a thuairiscíonn don phríomh-cheanncheathrú. Tá sé freagrach freisin as comhoibríochtaí míleata a phleanáil agus a chomhordú, lena n-áirítear druileanna.

    Rinne Gholam Ali Rashid maoirseacht ar imscaradh aerárthaí gan foireann agus ar ullmhacht láthair chatha aerárthaí gan foireann i ndruileanna agus i bhfreachnaimh.

    Roimh IRGC agus Artesh sa slabhra ceannais, agus ar an gcaoi sin, ag déanamh maoirseacht ar fhórsaí armtha agus faisnéis uile na hIaráine agus ar Cheanncheathrú Foirgníochta Khatam al-Anbiya atá liostaithe ag an Aontas, tá Khatam al-Anbiya Central Headquarters i gcroílár fhórsaí míleata na hIaráine agus, dá bhrí sin, tá baint aige le haerárthaí gan foireann a aistriú chuig an Rúis agus le grúpaí armtha sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

    Dá bhrí sin, tá Gholam Ali Rashid rannpháirteach i gclár aerárthaí gan foireann na hIaráine agus le haerárthaí gan foireann a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, agus chuig grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

    31.5.2024

    9.

    Hossein Hatefi ARDAKANI

    ar a dtugtar freisin

    Hasan HASHEM; Hossein Hatafi ARDAKANI Hossein Hatfi ARDAKANI

    حسین هاتفی اردکانی

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: cathaoirleach bhord stiúrthóirí Kavan Electronics Behrad LLC; gníomhaire soláthair do IRGC,

    Dáta breithe: 21.9.1985

    Áit bhreithe: Ardakan, Iran

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Pas uimhir: U34290111 (an Iaráin);

    4449916581 (an Iaráin)

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO); Kavan Electroncis Behrad LLC

    Daoine aonair comhlachaithe: Mehdi Dehghani MOHAMMADABADI

    Is é Hossein Hatefi Ardakani cathaoirleach an bhoird stiúrthóirí, agus is scairshealbhóir de Kavan Electroncis Behrad LLC atá lonnaithe san Iaráin agus liostaithe ag an Aontas.

    Agus úsáid á baint as líonra casta cuideachtaí caocha agus cuideachtaí eachtracha, lena n-áirítear Kavan Electroncis Behrad LLC atá liostaithe ag an Aontas, tacaíonn Ardakani le hiarrachtaí IRGC SSJO earraí ríthábhachtacha a fháil do tháirgeadh aerárthaí gan foireann.

    In cháil mar chathaoirleach ar bhord Kavan Electronics Behrad LLC, tá sé freagrach as bord na cuideachta a stiúradh, a cuspóirí straitéiseacha a shainiú agus maoirseacht a dhéanamh ar a gnó, agus dá bhrí sin tá baint aige le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis.

    Dá bhrí sin, tá Hossein Hatefi Ardakani bainteach le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine. Tá baint aige freisin le haerárthaí na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh i gcoinne na hÚcráine.

    31.5.2024

    10.

    Mehdi Dehghani MOHAMMADABADI

    مهدی دهقانی محمدآبادی

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: POF ar Kavan Electronics Behrad LLC

    Dáta breithe: 23.9.1982

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Pasuimhir: 4433172081 (an Iaráin)

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO); Kavan Electroncis Behrad LLC

    Daoine aonair comhlachaithe: Hossein Hatefi ARDAKANI

    Feidhmíonn Mehdi Dehghani Mohammadabadi mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin, mar chomhalta den bhord stiúrthóirí, agus mar scairshealbhóir de Kavan Electroncis Behrad LLC atá lonnaithe san Iaráin agus atá liostaithe ag an Aontas.

    Is cuideachta í Kavan Electroncis Behrad LLC a bhfuil baint aici le soláthar earraí aerárthaí gan foireann don Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organization (IRGC SSJO) atá liostaithe ag an Aontas.

    Ina cháil mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, tá sé freagrach as an gcuideachta a bhainistiú agus a stiúradh. Mar chomhalta den bhord, tá baint aige le gach cinneadh suntasach a dhéanann an chuideachta. Dá bhrí sin, tá baint aige le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú go dtí an Rúis.

    Tá baint ag Mehdi Dehghani Mohammadabadi, dá bhrí sin, le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine. Tá baint aige freisin le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

    31.5.2024

    11.

    Ismail QAANI

    ar a dtugtar freisin Esma’il QANI; Esmaeil GHA’ANI; Esmaeil GHAANI; Esmail QA’ANI; Ismail Akbar QAANI

    اسماعیل قاآنی

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: Ceannasaí IRGC Qods Force

    Dáta breithe: 8.8.1957

    Áit bhreithe: Mashad, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: Fireann

    Grád: Briogáidire-Ghinearál

    Pasuimhir: D9003033; D9008347

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC); IRGC-Qods Force

    Is é Ismail Qaani Ceannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps Qods Force (IRGC-QF) atá liostaithe ag an Aontas.

    Tá IRGC-QF freagrach as líonra mílístí réigiúnacha a eagrú arb iad is cúis le dianmhéadú a bheith tagtha ar thionchar míleata na hIaráine ar fud an domhain Arabaigh le blianta beaga anuas.

    Faoi cheannas Qaani, éascaíonn agus tacaíonn IRGC-QF le hionsaithe aerárthach gan foireann agus diúracán trí airm Iaránacha a aistriú chuig mílístí sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

    Faoi orduithe ó Qaani, cumasaíonn agus tacaíonn IRGC-QF i.a. leis na hionsaithe dróin agus diúracán a dhéanann Houthis.

    Dá bhrí sin, ina cháil mar cheannaire ar IRGC-QF, tá baint ag Ismail Qaani le diúracáin agus aerárthaigh gan foireann na hIaráine a aistriú chuig grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

    31.5.2024

    12.

    Afshin Khaji FARD

    افشین خواجه فرد

    (Litriú Fairsise)

    Post/poist: Ceann Iranian Aviations Industries Organisation (IAIO)

    Áit bhreithe: Abadan, an Iaráin

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: Fireann

    Uimhir aitheantais náisiúnta: 1819457850

    Eintitis chomhlachaithe: Iranian Aviations Industries Organisation (IAIO); Aireacht Cosanta agus Lóistíochta Fhórsaí Armtha na hIaráine (MODAFL)

    Is é Afshin Khaji Fard ceann Iranian Aviations Industries Organisation (IAIO), atá liostaithe ag an Aontas, cuideachta atá faoi úinéireacht stáit faoi údarás na hAireachta Cosanta agus Lóistíochta Fórsaí Armtha (MODAFL) atá liostaithe ag an Aontas chomh maith.

    Tá IAIO freagrach as tionscal eitlíochta míleata na hIaráine a phleanáil agus a bhainistiú, lena n-áirítear aerárthaí gan foireann a fhorbairt.

    Ina cháil mar cheann ar IAIO, tá tionscal aerárthaigh gan foireann na hIaráine curtha chun cinn go poiblí ag Fard agus is minic a luaigh sé go bhfuil baint ghníomhach ag IAIO le nuáil a dhéanamh ar aerárthaigh gan foireann na hIaráine.

    Dá bhrí sin, tá Afshin Khaji Fard ag tacú le clár aerárthaigh gan foireann na hIaráine agus tá sé rannpháirteach ann.

    31.5.2024’.

    Eintitis

     

    Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ‘6.

    Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG)

    ar a dtugtar freisin Khatam al-Anbiye Central Headquarters; KACHQ

    قرارگاه مرکزی خاتمالانبیا (ص)

    (Litriú Fairsise)

    An cineál eintitis: eintiteas rialtais

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

    Daoine aonair comhlachaithe: Gholam Ali RASHID (ceannasaí KCHG)

    Is é Khatam al-Anbiya Central Headquarters (KCHG) an t-eintiteas lárnach i slabhra ceannais fhórsaí armtha na hIaráine a dhéanann cinntí míleata oibríochtúla, agus a dhéanann comhordú idir gnáth-arm na hIaráine (Artesh) agus an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), a fhaigheann agus a imscarann aerárthaí gan foireann araon.

    Is é an misean atá ag KCHG maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí ionsaitheacha agus cosanta, lena n-áirítear trína cheanncheathrú réigiúnach agus téamach, mar shampla, na cinn atá i Murascaill na Peirse nó i Murascaill Óman, a thuairiscíonn don phríomh-cheanncheathrú. Tá sé freagrach freisin as comhoibríochtaí míleata a phleanáil agus a chomhordú, lena n-áirítear druileanna.

    Is é ceannasaí IRCG, Gholam Ali Rashid, atá liostaithe ag an Aontas, atá i gceannas ar KCHG, agus rinne sé maoirseacht ar imscaradh aerárthaí gan foireann agus ar ullmhacht láthair chatha aerárthaí gan foireann i ndruileanna agus i gcleachtaí..

    Roimh IRGC agus Artesh sa slabhra ceannais, agus ar an gcaoi sin, ag déanamh maoirseacht ar fhórsaí armtha agus faisnéis uile na hIaráine agus ar Khatam al-Anbiya Construction Headquarters, atá liostaithe ag an Aontas, tá Khatam al-Anbiya Central Headquarters i gcroílár fhórsaí míleata na hIaráine agus, dá bhrí sin, tá baint aige le haerárthaí gan foireann a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus le grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua. Thairis sin, tá KCHG bainteach le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine.

    31.5.2024

    7.

    Kavan Electronics Behrad LLC

    ar a dtugtar freisin Kavan Electronics;

    Kavan Electronic co. LTD;

    Kavan Electronic Company;

    Kavan Electronic Sadr Aria Engineering Limited Liability Company

    شرکت بامسیولیت محدود

    کاوان الکترونیک بهراد

    (Litriú Fairsise)

    Seoladh: No. 63, Unit 4, Shahrara, Patrice Lumumba St., Abshori Sharghi St., Tehran 144593491, Iran

    An cineál eintitis: cuideachta faoi dhliteanas teoranta (LLC)

    Áit chlárúcháin: An Iaráin

    Dáta clárúcháin: 13.7.2016

    Cláruimhir: 495080 (an Iaráin)

    Uimhir aitheantais náisiúnta: 14005997725 (an Iaráin)

    Príomhionad gnó: an Iaráin

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO)

    Daoine aonair comhlachaithe:

    Hossein Hatefi ARDAKANI (Cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí); Mehdi Dehghani MOHAMMADABADI (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin)

    Is cuideachta atá lonnaithe san Iaráin é Kavan Electronics Behrad LLC a sholáthraíonn agus a dhíolann seirbheamhótair agus comhpháirteanna eile atá ábhartha chun aerárthaí gan foireann a mhonarú don Islamic Revolutionary Guard Corps Research and Self-Sufficiency Jihad Organisation (IRGC SSJO) atá liostaithe ag an Aontas.

    Is é Hossein Hatefi Ardakani, Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí na cuideachta, atá liostaithe ag an Aontas, a dhéanann maoirseacht ar líonra soláthair trasnáisiúnta a chuimsíonn an Meánoirthear agus an Áise Thoir agus a fhreastalaíonn ar tháirgeadh aerárthaí gan foireann a ndéanann IRGC SSJO maoirseacht orthu.

    Dá bhrí sin, tá Kavan Eletronics Behrad LLC bainteach le clár aerárthaí gan foireann na hIaráine.Tá baint aige freisin le haerárthaí gan foireann na hIaráine a aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

    31.5.2024

    8.

    Islamic Revolutionary Guard Corps Navy (IRGCN)

    ar a dtugtar freisin

    Nirooy-e Daryaei-e Sepah;

    NEDSA

    نیروی دریایی سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

    (Litriú Fairsise)

    An cineál eintitis: eintiteas rialtais

    Áit chlárúcháin: Bandar Abbas, an Iaráin

    Dáta clárúcháin: 1981

    Príomhionad gnó: an Iaráin

    Eintitis chomhlachaithe: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

    Is cuid de IRGC é an Islamic Revolutionary Guard Corps Navy (IRGCN), agus áirítear leis rannán aerárthaí gan foireann agus rannán diúracán.

    Tá aerárthaí gan foireann agus diúracáin de chuid na hIaráine ag Cabhlach IRGC agus úsáideann sé modhanna neamhshiméadracha cogaíochta.

    Tá Acadamh Cabhlaigh ag cabhlach IRGC ina gcuireann sé oiliúint ar fáil maidir le diúracáin frithlong a scaoileadh agus aerárthaí gan foireann a oibriú. Cuirtear oiliúint ar mhílístí agus seach-ionadaithe a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin san Acadamh Cabhlaigh.

    Tá baint ag Cabhlach IRGC le hiompar arm na hIaráine a éascú, lena n-áirítear aerárthaí gan foireann agus diúracáin de chuid na hIaráine. Imscarann grúpaí armtha lena n-áirítear na Houthis agus Hezbollah na diúracáin agus na haerárthaí gan foireann sin chun an bonn a bhaint den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

    Dá bhrí sin, tá baint ag Cabhlach IRGC le cláir árthaí gan foireann agus diúracán na hIaráine, agus tá baint aige le diúracáin na hIaráine a aistriú chuig grúpaí agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

    31.5.2024’.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1605/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top