EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1593

Cinneadh (AE) 2024/1593 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027

ST/12129/2023/INIT

IO L, 2024/1593, 5.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1593/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1593/oj

Related international agreement
European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1593

5.6.2024

CINNEADH (AE) 2024/1593 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2024

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Feabhra 2022, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht (2) leis an Íoslainn, le Ríocht na hIorua, le Cónaidhm na hEilvéise agus le Prionsacht Lichtinstéin i ndáil leis na socruithe maidir le ranníocaíochtaí airgeadais na dtíortha sin agus leis na rialacha forlíontacha is gá chun go mbeidh siad rannpháirteach san Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí don tréimhse 2021 go 2027, lena n-áirítear forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus cumhachtaí iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí, atá le tabhairt i gcrích de bhun Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tugadh an chaibidlíocht le Ríocht na hIorua i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 14 Feabhra 2023.

(2)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/2221 ón gComhairle (4), síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027 (‘an Comhaontú’) an 20 Nollaig 2023 faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(3)

De bhun Airteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is iomchuí don Chomhairle an Coimisiún a údarú chun formheas a dhéanamh ar mhodhnuithe ar an gComhaontú a bhfuil gá leo d’fhonn tagairtí do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (an ‘Rialachán Airgeadais’) a choigeartú aon uair a dhéantar an Rialachán sin a nuashonrú.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh sin, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (6); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(6)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027 (‘an Comhaontú’) (7).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) den Chomhaontú (8).

Airteagal 3

Chun críocha Airteagal 2, mír 2, pointe (b) den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, modhnuithe ar Airteagal 2, mír 1, an dara fomhír, pointe (a) den Chomhaontú chun aon leasú, aisghairm, athsholáthar nó athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais a chur san áireamh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Aibreán 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)  Toiliú an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2022/442 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Íoslainn, Ríocht na hIorua, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin d’fhonn Comhaontuithe a thabhairt I gcrích idir an tAontas Eorpach agus na tíortha sin maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IO L 90, 18.3.2022, lch. 116).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).

(4)  Cinneadh (AE) 2023/2221 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le rialacha forlíontacha i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, don tréimhse 2021 go 2027 (IO L, 2023/2221, 19.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2221/oj).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(6)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(7)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe in IO L, 2024/1592, 5.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2024/1592/oj.

(8)  Foilseofar dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag Ardrúnaíocht na Comhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1593/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top