Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1472

Cinneadh (CBES) 2024/1472 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 maidir le hAcadamh Taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh

ST/9270/2023/INIT

IO L, 2024/1472, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1472/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 05/06/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1472/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1472

22.5.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1472 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Bealtaine 2024

maidir le hAcadamh Taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In 2021, thíolaic Parlaimint na hEorpa tionscadal píolótach dar teideal ‘I dtreo Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú’. Ba faoi bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh 2022 a maoiníodh an tionscadal sin, agus é mar aidhm ag an tionscadal sintacú le cultúr coiteann taidhleoireachta a fhorbairt bunaithe ar pheirspictíocht Aontais agus, ar an gcaoi sin, treisiú le ról an Aontais, go bunúsach, mar ghníomhaí éifeachtach don bheartas eachtrach. Seoladh agus reáchtáladh an chéad chéim phíolótach le linn na bliana acadúla 2022/23 le tacaíocht ó Choláiste na hEorpa. Ba ar Choláiste na hEorpa freisin a dámhadh cur chun feidhme an dara céim phíolótach, le linn na bliana acadúla 2023/24.

(2)

Leis an rath a bhí ar an gcéad chéim de Chlár Píolótach an Acadaimh Eorpaigh Thaidhleoireachta agus le seoladh an dara céim cuirtear i dtreis a thábhachtaí atá sé oiliúint a chur ar fáil do thaidhleoirí náisiúnta maidir le saincheisteanna agus modhanna oibre an Aontais trí bhíthin struchtúr tiomnaithe. Ba cheart d’Acadamh Taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh (EUDA) cuidiú, i ndeireadh na dála, le tairseach chriticiúil taidhleoirí Eorpacha a chur ar bun a mbeadh tuiscint níos fearr acu ar phrionsabail, ar chuspóirí, ar luachanna, ar leasanna agur ar ról domhanda an Aontais, agus a mbeadh ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach cibé an sa Bhruiséil, i dToscaireachtaí an Aontais nó laistigh dá struchtúir náisiúnta atá said ar phostú, agus iad ag plé le cúrsaí Aontais agus aghaidh á tabhairt acu ar dhúshláin straitéiseacha an Aontais.

(3)

Institiúid iomráiteach is ea Coláiste na hEorpa agus tá taithí na mblianta aige ar oideachas agus oiliúint i réimse ghníomhaíocht seachtrach an Aontais, agus is é is fearr chun clár cónaithe cuimsitheach dianoiliúna EUDA a chur i gcrích go rathúil. Le chur chun feidhme rathúil na chéad chéime de Chlár Píolótach an Acadaimh Eorpaigh Thaidhleoireachta, agus ós air a dámhadh cur chun feidhme an dara céim freisin, tá sé léirithe ag Coláiste na hEorpa go gcuireann sé an barr feabhais acadúil agus an saineolas ardleibhéil is gá ar fáil ó chleachtóirí chun caighdeán bairr feabhais Eorpaigh taidhleoireachta a fhorbairt i measc oifigeach ó na Ballstáit agus ó institiúidí an Aontais, agus chun cuspóirí EUDA a bhaint amach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

MISEAN, CUSPÓIRÍ AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Airteagal 1

Misean

Áiritheoidh Acadamh Taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh (EUDA) go gcuirfear oideachas agus oiliúint ar fáil i réimse ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe an comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES), chun comhthuiscint ar ról an Aontais sa domhan a fhorbairt agus a chur chun cinn mar aon le dea-chleachtais a scaipeadh i ndáil le taidhleoireacht an Aontais a stiúradh, agus meon ‘an chóir taidhleoireachta Eorpaigh’ á chur chun cinn ag an am céanna.

Airteagal 2

Cuspóirí

Beidh na cuspóirí seo a leanas ag EUDA:

(a)

ról an Aontais mar ghníomhaí éifeachtach beartais eachtraigh a neartú trí oiliúint acadúil agus phraiticiúil a chur ar fáil do thaidhleoirí na mBallstát agus do bhaill foirne institiúidí an Aontais atá ag obair sa chaidreamh seachtrach, oiliúint maidir le beartais, nósanna imeachta agus cleachtais taidhleoireachta i réimse ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe maidir le CBES; agus

(b)

cultúr coiteann taidhleoireachta Eorpaigh a chur chun cinn laistigh den Aontas i gcomhréir le luachanna, prionsabail, cuspóirí agus leasanna ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar síos sna Conarthaí.

Airteagal 3

Gníomhaíochtaí

1.   Déanfaidh EUDA gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna a eagrú agus a sheoladh i bhformáid chónaithe, i gcomhréir leis an misean agus leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 1 agus 2, ag baint leas as saineolas institiúidí oideachais agus oiliúna agus acadaimh taidhleoireachta sna Ballstáit agus ag comhoibriú leo.

2.   Áireofar an méid seo a leanas i ngníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna EUDA:

(a)

modúil maidir le hábhair bheartais a bhaineann le hábhar i réimse ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe CBES, chomh maith le ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda agus an caidreamh iltaobhach;

(b)

oiliúint phraiticiúil maidir le scileanna taidhleoireachta ábhartha, lena n-áirítear an idirbheartaíocht, an chumarsáid, an cheannaireacht, an chinnteoireacht agus próisis eile, tuairisciú polaitiúil agus prótacal, trí chur chuige i leith na foghlama comhthéacsúla i dtimpeallacht idirghníomhach;

(c)

aistriú eolais agus roinnt taithí ag cleachtóirí, acadóirí agus taighdeoirí i réimse na taidhleoireachta agus i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais; agus

(d)

cuairteanna staidéir ar institiúidí an Aontais, ar ionadaíochtaí na mBallstát, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ar eagraíochtaí ábhartha eile.

3.   Déanfar tréimhse oiliúna laistigh den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a thairiscint mar chuid den chlár oiliúna.

CAIBIDIL II

EAGAR

Airteagal 4

Rialachas

1.   Oibreoidh EUDA faoi fhreagracht fhoriomlán Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’).

2.   Soláthróidh Coiste Stiúrtha treoir maidir le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna EUDA le linn na tréimhse lena gcumhdaítear na 4 bliana acadúla ó 2024-2025 go 2027-2028.

Airteagal 5

An tairbhí deontais

Tacóidh Coláiste na hEorpale EUDA, mar tairbhí deontais, i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 6

Ceann EUDA

1.   Déanfaidh Ceann EUDA (‘an Ceann’) an méid seo a leanas:

(a)

beidh sé nó sí freagrach as bainistiú foriomlán EUDA;

(b)

cuirfidh sé nó sí an dréachtchlár oiliúna faoi bhráid an Choiste Stiúrtha lena fhormheas agus déanfaidh sé nó sí maoirseacht ar chur chun feidhme ghníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna EUDA;

(c)

áiritheoidh sé nó sí go ndéanfar tuarascálacha meastóireacht a bhaineann leis an gclár oiliúna bliantúil agus ar chomhpháirteanna an chláir a tháirgeadh go rialta, agus cuirfidh sé nó sí na tuarascálacha sin faoi bhráid an Choise Stiúrtha;

(d)

tabharfaidh sé nó sí treoir agus tacaíocht d’obair an Choiste Stiúrtha, agus cuirfidh sé nó sí ar an eolas é faoi gach gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann leis an gclár oiliúna bliantúil; agus

(e)

an Coiste Stiúrtha a chur ar an eolas maidir leis an togra buiséid do EUDA, agus maidir le cur chun feidhme an bhuiséid; agus

(f)

oibreoidh sé nó sí i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus coinneoidh i dteagmháil leis na húdaráis ábhartha in institiúidí eile an Aontais agus sna Ballstáit.

2.   Is é an tArdionadaí a cheapfaidh an Ceann i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le poist bainistíochta sinsearaí ag SEGS a líonadh, agus a tiúrfaidh roinn riaracháin SEGS atá tiomnaithe do EUDA faoi údarás Ardrúnaí SEGS.

Airteagal 7

An clár oiliúna

1.   Na gníomhaíochtaí sonracha a chuirfear chun feidhme faoin gCinneadh seo le linn aon bhliain acadúil, déanfar iad a shainiú i gclár oiliúna.

2.   Beidh an clár oiliúna comhsheasmhach leis na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a shainítear in Airteagail 2 agus 3, agus bainfear leas ann as saineolas institiúidí oideachais agus oiliúna agus acadaimh taidhleoireachta sna Ballstáit, agus beidh comhar i gceist leo chomh maith.

3.   Saineofar sa chlár oiliúna na cúraimí a bheidh le cur chun feidhme ag Coláiste na hEorpa, lena n-áirítear:

(a)

forbairt na gcuraclam agus soláthar na ngníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 3; agus

(b)

soláthar na saoráidí oiliúna iomchuí, na bordála iomláine agus na saoráidí maireachtála oiriúnacha do rannpháirtithe le linn an chláir, chomh maith le soláthar lóistín leordhóthanach do na rannpháirtithe le linn a sannacháin do ranna SEGS de bhun Airteagal 3(3).

4.   Saineofar sa chlár oiliúna freagrachtaí fhoireann Choláiste na hEorpa a bheidh i gceannas ar chur i gcrích an chláir, lena n-áirítear Stiúrthóir EUDA a bheidh freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna an chláir oiliúna a chur chun feidhme, lena n-áirítear na cúrsaí a dhearadh agus faireachán a dhéanamh ar an gclár;

(b)

tuairisciú córasach ar gach gníomhaíocht oideachais agus oiliúna de chuid EUDA don Cheann agus don Choiste Stiúrtha;

(c)

an comhar leis an gCeann maidir le cur chun feidhme an chláir oiliúna, más gá sin agus nuair is gá sin; agus

(d)

ionadaíocht do EUDA in ábhair a bhaineann lena chlár oiliúna.

5.   Tar éis don Choiste Stiúrtha an clár oiliúna bliantúil a fhormheas, cuirfidh an Coimisiún an clár oiliúna bliantúil san áireamh sa chomhaontú deontais dá dtagraítear in Airteagal 11(4) mar thuairisc ar an ngníomhaíocht.

Airteagal 8

An Coiste Stiúrtha

1.   Beidh an Coiste Stiúrtha comhdhéanta d’ionadaí amháin arna cheapadh ag gach Ballstát; Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa, an Comhairle agusan Coimisiún Eorpach , araon ionadaí chun páirt a ghlacadh sa Choiste Stiúrtha.

2.   Is é an Ceann a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gCoiste Stiúrtha. Is é a chathaoirleach a chomórfaidh an Coiste Stiúrtha nó arna iarraidh sin do Bhallstát.

3.   Féadfaidh Ceann, Stiúrthóir EUDA, agus na hionadaithe ó institiúidí an Aontais, a bheith páirteach i gcruinnithe an Choiste Stiúrtha ach ní bheidh ceart vótála acu.

4.   Is iad seo a leanas cúraimí an Choiste Stiúrtha:

(a)

clár oiliúna EUDA, agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí eile oideachais agus oiliúna , a fhormheas agus a choinneáil faoi athbhreithniú rialta;

(b)

athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha meastóireachta an chláir oiliúna a cheanglaítear faoi Airteagal 6, mír 1(c), agus moltaí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí EUDA;

(c)

meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an tairbhí deontais gach bliain, chun a áirithiú go gcomhlíonann cur chun feidhme chlár oiliúna EUDA na caighdeáin is gá, arna sainiú go comhpháirteach ag SEGS agus ag an gCoiste Stiúrtha, ar bhonn na dtuarascálacha meastóireachta ar an gclár oiliúna chomh maith leis an bhfaisnéis arna soláthar maidir le cur chun feidhme an bhuiséid mar a cheanglaítear faoi Airteagal 6(1), pointe (e); agus

(d)

cinneadh a dhéanamh maidir le bearta don chomhar le gníomhaithe ábhartha eile, dá dtagraítear in Airteagal 10.

5.   Déanfaidh an Coiste Stiúrtha na critéir rannpháirtíochta agus roghnúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (a), a fhormheas.

6.   Déanfaidh an Coiste Stiúrtha a Rialacha Nós Imeachta a fhormheas

7.   Gníomhóidh an Coiste Stiúrtha d'aontoil na gcomhaltaí. Gníomhóidh sé, áfach, trí thromlach simplí na gcomhaltaí i ndáil le glacadh na Rialacha Nós Imeachta agus ábhair eile nós imeachta.

Airteagal 9

An comhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais

Oibreoidh EUDA i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus bunóidh sé dlúthnaisc le hinstitiúidí eile an Aontais agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe le hInstitiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála agus leis an gColáiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint.

Airteagal 10

An comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le gníomhaithe ábhartha eile

Oibreoidh EUDA i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le gníomhaithe ábhartha eile, mar shampla institiúidí oideachais agus oiliúna agus acadaimh taidhleoireachta na mBallstát agus thríú tíortha.

CAIBIDIL III

MAOINIÚ

Airteagal 11

Socruithe airgeadais

1.   Is é EUR 1 720 432,62 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun caiteachas an chláir oiliúna a chumhdach don tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025.

2.   Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais a bheartófar chun cur chun feidhme an chláir oiliúna a chumhdach maidir le tréimhsí ina dhiaidh sin.

3.   Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

4.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar bhainistiú cuí an mhéid tagartha caiteachas arna mhaoiniú ag an méid tagartha dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé comhaontú maoiniúcháin i gcrích le Coláiste na hEorpa.

CAIBIDIL IV

NA RANNPHÁIRTITHE

Airteagal 12

Rannpháirtíocht in EUDA

1.   Beidh EUDA oscailte do rannpháirtíocht chomhaltaí sheirbhísí taidhleoireachta na mBallstát, SEGS agusbhaill foirne institiúidí an Aontais atá ag obair i réimse an chaidrimh sheachtraigh.

2.   Déanfaidh SEGS an méid seo a leanas:

(a)

na critéir maidir le hincháilitheacht agus roghnú na rannpháirtithe a mholadh, faoi réir fhormheas an Choiste Stiúrtha agus atá dírithe ar an gcaighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais a áirithiú;

(b)

glao ar iarrthóirí ar bhonn bliantúil a sheoladh; agus

(c)

na rannpháirtithe as measc na n-iarrthóirí arna moladh ag na Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais a roghnú.

3.   Bronnfar deimhniú tinrimh ar rannpháirtithe a mbeidh clár oiliúna EUDA comhlánaithe acu.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Athbhreithniú

Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gCinneadh seo roimh an 31 Nollaig 2026. Chun na críche sin, tíolacfaidh an tArdionadaí tuarascáil ar bhonn mheastóireacht neamhspleách sheachtrach roimh an 31 Lúnasa 2026 ar EUDA agus ar fheidhmíocht Choláiste na hEorpa maidir le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna EUDA a chur chun feidhme.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1472/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top